Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuaird i n-Aisdear.

Title
Cuaird i n-Aisdear.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Cuaird i n-Aisdear.



Do chuamar ár dtriúr ar cuaird go Ceann Trágha i gCorca
Dhuibhne. Ní fheadar an maith an tosach é sin ar mo sgéal nó
nach maith. Is dócha go bhfuil éinne amháin ann, 'pé sgéal é, nach
maithfidh go deó dham an triúr do chur roimh na pearsanaibh féin.
Acht bíodh aige; caithfear níos mó ná an méid sin atharruighthe
do chur i gcaint ghabhtha na Gaedhilge, sul a bhfaghfar í d'aith-
bheodhchan 'na ceart — tá lá na sean-sgéalaidheachta ag imtheacht
uainn, agus ní mór dúinn úrnuacht éigin do chur i ndéantúsaíbh
sgríbhneoireachta.



Acht chum filleadh ar mo sgéal, dubhairt Carl Reuning nach
beadh sé sásda choidhche, muna bhfaghadh sé caoi éigin ar dhul go
Tiaracht, an áit is sia thiar i nÉirinn nó i nEoraip, b'fhéidir, agus
bhí sé ag baint teineadh riamh agus choidhche ar a aintín bhocht go
dtí gur thoiligh sí chuige dul chum an Oileáin Tiar acht go
háirighthe. Níor mhisde liom-sa bheith 'na theannta sa chuaird sin,
mar nach rabhas riamh roimhe ar an oileán, agus an áit nár leagas
cos riamh air, is ann is éasgaidhe agus is aoraighe bheadh fonn orm
bheith ar cuaird éan-uaire. Ní i gcoinnibh mo chos do rachainn
ann, go deimhin.



'Seadh, do bhí sé socair againn ar maidin an bóthar do bhualadh
comh fada leis an bport nua ag Dún Chuinn, go bhfuil an
tOileán Tiar os a chomhair amach.



Do chuireamair chum bóthair annsain agus ní ar maidin é.
Do bhí gach aon tsaghas moille orainn go dtí gur éirigh linn
gluaiseacht, agus is dóigh liom go raibh sé a dó a chlog nó geall
leis sul ar imthigheamair.



Is éachtach an bealach é bóthar Dhúin Chuinn. Téidheann sé go
hárd os cionn an tsléibhe ar an mádhm atá idir Sliabh an Iolair
agus Cnoc an Mhárthainn. Is an-árd mar bhóthar é, agus is fada
le duine go sroichidh sé an mádhm. Thimcheall is leath-slighe suas
an cnoc atá sruthán agus droichead air, agus is uathbhásach a
dhoimhne atá an ghlaise fá'n ndroichead. Alt fíor-dhoimhin a bhí
annsúd agus gach aon tsórt glasraidhe agus lusraidhe ag fás
ann, ar chuma gurab an-álainn an deallradh bhí air.


L. 59


Nuair a shroichtear an mádhm, is fada an tslighe bhíos roimh an
taistealach, sul a mbeidh sé ag Dún Chuinn, agus cé gur ag dul
le fánaidh bhíos sé, is dóigh liom gur ar éigin do thaidhbhreochadh
éinne é go dtí go mbeadh sé ag druidim le comharsanacht Dhúin
Chuinn. Ní léir do dhuine ar gach taobh de acht an sliabh, agus ní
mór dam a rádh gur tré chúm an tsléibhe nó tré n-a cheartlár a
théid an bóthar soin.



Acht dálta súd, bhí cúigear againn le cois a chéile 'san toisg
sin, agus is dócha gur mithid dam cur síos ortha. Do bhíos féin
ann, mar tá fhios agaibh cheana. Do bhí Carl Reuning agus a
aintín ann. Cé hé Carl Reuning, arsa tusa, a léightheoir.
Inneosad soin duit, nídh nach do-inniste. Almáinneach óg is
eadh é, agus é 'na shanasaidhe chríochnuighthe — cé go n-abraim sin,
ní curtha i gcrích atá sé fós i n-éan-chor; tá tuilleadh le foghluim
aige ar an iolsgoil, má tá go bhfuil seacht dteangthacha na
hEorpa agus na hÁsia le chéile aige cheana féin nó geall leis
an méid sin. Sin mar a théidheann an t-oideachas agus an
múineadh do'n duine 'san Almáinn. An fear gur leis an chairt
do thugadh marcaigheacht dhúinn — uaireanta! — ní haon iongnadh
go raibh seisean i n-ar dteannta, agus do shaoil deirbhshiúr a
mhná soin nár mhisde léithi dul ar an gcuaird sin leis agus
gurab annamh a bhí sí riamh ar an Oileán Tiar. Each Spáinneach
nó ginit (mar is mó deir an Gaedhilgeoir indiu) a bhí fá'n gcairt,
agus cé nach raibh sí mear, bhí sí láidir a dóithin agus í lán-
fhoidhidneach, mar is gnáthach le na leithéid a bheith. Go deimhin
féin, níor ghábhadh do'n fhear gabháil de'n eachlaisg uirthi chum a
díchill a bhaint aisti.



I gceann tamaill bhíomair ag druidim le Dún Chuinn agus
Baile na Rátha. Ag féachaint uaim dam, cad do chonnac acht
triúr gearrchailí agus iad ag gabháil na slighe tamaillín romhainn
amach. Ní'l aon rud ar domhan is fearr a thaitneas liom ná
caint a dhéanamh leis na gearrchailíbh Gaedhealacha. Cé go mbíd
siad so cliste cabanta ionnta féin, bíd siad múinte banamhail
san am chéadna — bíonn a lán le rádh aca, acht má bhíonn féin, ní
go dána adeirid é. Bhí fhios agam gur ghnáthach dá leithéidíbh bheith
an-sgáthmhar roimh duine iasachta, agus dá rithfinn nó dá siubhail-
finn go mear, gurab amhlaidh d'imtheochaidís uaim 'na lán-rith.
Cad do rinneas annsoin acht a leigean orm go rabhas ag siubhal


L. 60


ar mo shocracht agus mé ag déanamh an oiread deabhaidh agus
dob' fhéidir dam, acht amháin nár thugas le feicsint do'n triúr
so go rabhas ag brostughadh orm i n-éan chor, ar chuma go bhféad-
fainn teacht suas leo i gan fhios dóibh, agus iad féin nach mór 'na
rith ag imtheacht uaim! D'éirigh liom go geal. Nuair a bhíos
buailte leo do labhras leo i nGaedhilg:



"Dia 's Muire dhíbh, a ghearrchailí," arsa mise.



Is iongantach an t-atharrughadh tháinig ortha. Ar ndóigh, do
chuir sé árd-iongnadh orm féin, mar ní raibh aon choinne agam go
dtabharfaidís toradh ar mo ghlór. Ní túisge chualadar an
Ghaedhilg ná do stadadar suas agus d'fhanadar liom, ag casadh
ar a sáil agus ag tabhairt aighthe orm.



"Dia 's Muire dhuit is Pádraig," ar siad-san, agus mise i
n-a lán istigh um an dtaca so."



"Cionnus tánn sibh?" arsa mise arís.



"Táimíd go maith," ar siad-san.



Ní fada go rabhamair an-pháirteach le n-a chéile. Agus nár
dheas an triúr gearrchailí iad, beirt aca fionn agus an duine
eile donn, comh donn le Giofóig, b'fhéidir? Is dócha gurab í an
Ghaedhilg a chuir i dtuigsint dóibh nár bhaoghal dóibh mé. Thuig-
eadar annsoin ar aon chuma nach beithidheach allta bhí ionnam do
alpfadh siar iad, mar is mór ar fad an ionntaoibh a thugadar
liom d'éis an fhocail Ghaedhilge úd do chlos uaim, agus iad 'na
seasamh ar gach taobh díom.



"Cá gcomhnuidheann Seaghán óg Ó Ciabháin?" arsa mise.



Bhí coinne déanta againn le Seaghán óg roimh ré, go raibh
seisean chum naomhóige agus foirne d'fhághail dúinn, i gcóir an
mhuir-thaistil seo chum an Oileáin Tiar.



"I mBaile na Rátha," ar siad-san.



"Cá bhfuil sé anois?"



"Tá sé aige baile," arsa duine de'n bheirt go raibh an ghruag
fhionn ortha.



"Agus cad is ainm duit féin, a ghearrchaile?"



"Máirghréad Ní Chiabháin," ar sise.



"An deirbhshiúr do Sheaghán óg thú?"



"'Seadh go deimhin," arsa Máirghréad.



Fuaras amach annsoin gur Eilís Ní Chiabháin ab' ainm do'n
duine fionn eile agus gur colceathar do Sheaghán óg í. Chuala


L. 61


ainm na Giofóige Gaedhealaighe leis, acht ní cuimhin liom anois é.
Ní fada mhair an chaint a bhí eadram-sa agus an triúr so,
fóiríor. Má ba ghearr féin é, is mór an sult agus an sásamh
aigne fuaras ann, mar ní dóigh liom gur féidir aon rud
d'fhagháil badh dheise ná gearrchailí deasa Gaedhealacha agus iad
ag spreagadh Gaedhilge go blasta.



Bhí an chuid eile d'ár mbuidhin tagtha suas liom um an dtaca
so. Do labhair fear na cairteach leis na gearrchailíbh agus
dubhairt:



"Faigh Seaghán óg dúinn gan mhoill. Rithid! Deinidh deabhadh!
Brostuighidh oraibh!"



Ní túisge chualadar san chéad fhocal uaidh ná ritheadar go
han-mhear ar fad, acht má ritheadar féin, nuair a chualadar an
focal "rithidh!" cad do rinneadar acht breis luais do chur ortha
féin; ba mhar sin dóibh leis t'réis "deinidh deabhadh!" do chlos,
agus is dóigh liom, nuair a bhí "brostuighidh oraibh!" ráidhte aige,
go rabhadar ag rith i mbarr an anma! Ní hag cur an sgéil seo
i bhfeabhas atáim i n-éan-chor, mar do thugas féin fá ndeara an
bhreis deabhaidh aca dá dhéanamh d'éis gach focail. Deirim féin
gurab iongantach dúthracht na gearrchaile Gaedhealaighe, go
háirighthe san am i mbíonn teachtaireacht le tabhairt aici. Nach
mór an truagh go dtéidheann an dúthracht soin sa mhuileann
orainn agus méad agus minice na himirce bhíos ann?



(Ní críoch).



SEOSAMH LAOIDE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services