Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Spailpín Fánach.

Title
Spailpín Fánach.
Author(s)
Ó Gríobhtha, Micheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1908
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Spailpín Fánach



MICHEÁL Ó GRÍOBHTHA Do Scríobh.



CAIB. I.



"Thug sé aghaidh soir ó dheas,
'S d'iarr ar Dhia é chur ar a leas."



Tá sean-chabhaill tighe ar thaobh an bhóthair mhóir cúig nó sé de
mhíltibh laistiar de Mhainistir na hInse mar a raibh comhnuidhe ar
Mháirtín Ó Cruadhlaoich tamall dá raibh sé. Fear bocht a b'eadh é.
Ní raibh aige acht leath-acra talmhan, acht thuilleadh sé beagán
airgid san earrach agus sa bhfoghmhar. Ní raibh ceal bíd ná dighe
air nó gur éirigh an mhuirighin chuige, acht do réir mar bhí na
leanbhaidhe ag dul i líonmhaire bhí an biadh ag dul i ngainne.



"Mhaise," adeireadh sé, "dar ndóigh níor chúm Dia béal
riamh, moladh go deo leis, nár cheap sé biadh dhó." Acht an biadh
bhí ceapaithe do leanbhaidhibh Mháirtín bhí sé agá chaitheamh ag dream
ná raibh agá shaothrughadh agus ba bheag ar an dream soin
leanbhaidhe na mbochtán ag béicidh leis an ocras.



"Buidheachas le Dia," arsa bean Mháirtín, "ár ngoile bheith
againn pé áit a ngeobhaimíd rud le n-ithe." Tháinig droch-earrach
agus b'annamh Máirtín ag obair ar a thuarasdal. Bhí an t-ocras
is an gábhatar ag dul i ngéire air agus níor bh'fheas dó cad ba
chóir dó a dhéanamh. Fé dheire dubhairt sé le n-a mhnaoi dá
bhféadfadh sí féin aire thabhairt don áit agus greim le n-ithe do
chongbháil leis na leanbhaidhibh go rachadh sé agus go gcaithfeadh
seal sa mBreathnaisc. Dubhairt sí go ndéanfadh sí a dícheall
acht ná fanfadh sé ro-fhada amuigh uatha. Is goire cabhair Dé ná
an dorus.



Ba ghearr an mhoill ar Mháirtín é féin do chur i gcóir don
bhóthar. D'fhág sé slán aca agus do thug aghaidh lomdíreach ar
Phortláirge. Chuir sé an t-aisdear soin de shiubhlóid coise i
gceann trí lá. Lá'r n-a bháireach bhí long réidh chum dul go
Cardiff agus chuaidh Máirtín ar bord na luinge agus do ráinig
sí calaphort tall gan toirmeasg gan tuisle do bhaint di.
D'imthigh Máirtín fé'n dtír ar lorg oibre. Bhí an t-ádh air;


L. 36


fuair sé obair a dhóthain le déanamh agus tuarasdal maith ar son
a déanta, agus ba é Máirtín a bhí macánta dícheallach agus
luighte leis an obair. Bhí sé chomh aireach ar chuid a mháighistir
agus dá mba leis féin é. I gceann na bliadhna an uair do bhí
Máirtín ceapaighthe ar bhailiughadh leis abhaile do gheall an
maighistir breis tuarasdail do acht fanacht aige bliadhain eile.
Do mheall an t-airgead é agus do chaith sé bliadhain eile
aige; acht sin a gcaithfeadh. Bhí dáfhichid púnt churtha i dtaisge aige
go cruinn baileach, agus dá mbéadh sé féin agus an dalcáinín sin
slán sa mbaile aca beadh áthas an domhain ortha! Chuir sé chuige
an t-airgead i gcoim a bhríste agus do thiomáin leis go Cardiff
agus do chuaidh ar bórd árthaigh seoil a bhí dá hullmhughadh chum
dul go Portláirge. Nuair do bhí sí réidh d'árduigheadh na seolta.
Bhí leoithne maith gaoithe ag séideadh fúithi agus do bhog sí chum
siubhail go caoin cneasda agus do sgeinn abhfad amach ar an
bhfairge gan mhoill.



Thug Máirtín fé ndeara go raibh fear mór féasógach dubh ag
spaisteoireacht leis féin siar agus aniar ar lár na luinge agus
ná raibh aon bhaint aige le fuirinn na luinge. Ní raibh cuma ná
deallramh mhairnéalaigh air. Cheap Máirtín go raibh sé na thais-
dealaidhe mar é féin agus cé go raibh dúil aige sa gcuideachtain
bhí sgáth air roimh an bhfear mór bhí cuma chomh fiadhain soin air.
Acht tháinig an gruagach chum cainnte leis-sin.



"Cad as do thriall, a dhuine chóir?" ar seisean.



"Ó'n mBreathnaisc," ar Máirtín. "Táim ag dul a bhaile
go Mainistir na hInse. Cá bhfuil do thriall-sa?"



"Go Tiobruid Árann nó geall leis, agus ó thárla go mbeidh
comh-aisdear orainn go Tiobruid Arann bhéadh sé chomh maith
againn bheith i bhfochair a chéile. Acht b'fhéidir go mb'fhearr leat-
sa bheith id' aonar."



"Níorbh' fhearr go deimhin; is fearr an troid ná an t-uaig-
neas, agus giorróchaimíd an bóthar dá céile."



Bhí fear na féasóige go binn-labhartha sleamhain agus sgéalta
iongantacha aige. Do thug sé aoide béil ar ghallaphoic agus
ar sheóiníníbh na hÉireann. Dubhairt sé gurab amhlaidh bhí sé ag
teacht ó Lundain mar a raibh sé le seachtmhain ag pléidh a chod'
talmhan le fear a bhí ag brugh cúngcais air. Dubhairt sé gur
bhochtnuigh sé é féin le neart a dhéirce ar dhaoinibh bochta.


L. 37


Donnchadh Ó Gliasáin a b'ainm do, acht ní raibh d'ainm air 'na
dhúithche féin acht "Donnchadh an Liobair" mar gheall ar bheith chomh
bog soin ag gach amparán a bhuaileadh an treo chuige.



"Is daonna carthanach an fear tú, bail ó Dhia ort," ar
Máirtín. Annsoin do chrom Máirtín ar a sgéal féin d'innsint
agus do gaibh sé tríd síos fé mar dhéanfadh an leanbh. Níor
stad sé go ndubhairt go raibh an t-airgead fuaidhte aige i
gcoim a bhriste. Dubhairt Donnchadh gur mhaith an áit é; ní
fhéadfadh aoinne teacht air i gan fhios do.



CAIB. II.



"Lá na bhfear nuair casadh mé ar an sliabh
'S lá na bhfear do chaithfinn líog mar iad."



Ar riochtain Portláirge dhóibh d'uadhdar béile maith bídh agus
chuireadar chucha flúirse dh'arán i gcóir an bhóthair. Níor ghábhadh
dhóibh bheith ag fiosrughadh an bhealaigh dh'aoinne mar bhí eolus na
háite sin go maith ag Donnchadh an Liobair. Do ghabhadar gach
comhgar agus athgairid dá mb'fhéidir a dhéanamh. Do ghabhadar
siar ó thuaidh láimh deas leis an tSiúir nó go rángadar Carraig
na Siúire. Chuireadar futha annsoin ar feadh oidhche agus ar
mhoch na maidne do ghluaiseadar rómpa arís agus níor stadadar
gur shroicheadar Cluan Meala. Chaitheadar oidhche eile annsain.
Bhí siad tuirseach cortha agus ní raibh deabhadh ortha ag éirighe
lá'r n-a bháireach. Nuair do bhuaileadar amach ar an tsráid bhí
an ghrian go hárd sa spéir. Ní fada chuadar an tan do chual-
adar chúcha glór cluig.



"Cloisim gliogarnach cluig," ar Máirtín, "ní fheadar cad
'na thaobh a bhfuil sé 'á bhualadh?"



"Sin é clog an bhlosgaire," ar Dhonnchadh, "is amhlaidh tá rud
éigin ar iarraidh."



Do sheasaidh fear an chluig agus chuir an bheirt cluas ortha
féin. Seó é an fuláramh chuir fear an chluig as:



"A dhaoine chóra, seo dhíbh comharthaidhe ar chapall chómharsan
atá ar stray nó stolen le coidhcidheas: gearán dubh ceannfhinn,
loirgní bhreaca fé, cruidhte ar a dhá chois tosaigh, agus coiscéim
bacaighe ann; an té thabharfaidh a thuairisg damh-sa nó a bhéarfaidh
'dtí an pónta é gheobhaidh sé leath-shabhairn óir go cruinn."


L. 38


Do ghluais an bheirt rómpa arís. Ní rabhadar trí míle ó'n
mbaile an uair do chonnaiceadar an capall dubh ceannfhinn agus
é ag inghilt le taobh an bhothair.



"Chuirfinn geall," ar Máirtín, "gurab é seo an capall atá
ar iarraidh."



"An capall ceannfhinn céadna," ar Donnchadh. "Capall
dubh agus ceannfhinn ann, 'seadh, go deimhin; loirgní breaca fé,
tá loirgní bána fé seo acht is dócha gur cuma breac nó bán iad.
Tá cruidhte ar a dhá chois tosaigh (agus ní fada beidh mar tá
siad araon ar bogadh); heip annsoin, deisigh, feach arú, tá
coiscéim bacaighe ann. Bhí an t-ádh orainn, a Mhártain, is linn
an leath-shabharn."



Rugadar ar an gcapall agus d'fhilleadar leis go Cluan
Meala. Thug fear an phónta an leath-sabhairn dóibh agus do
sgoilteadar eatortha é.



"Cá raghaidh sibh?" ar fear an phónta.



"Ó thuaidh," ar Donnchadh, "go Lios na Sop."



"Go Lios na Sop?" Is le Domhnall beag Ó Riain i Lios na
Sop an capall so. Dá mbéadh deimhin agam ná bainfeadh aon
rud don chapall sgaoilfinn libh é chum a thabhairt abhaile go dtí
Domhnall.



"Ní fhéadfaimís slán do thabhairt duit annsoin," ar Donnchadh,
"mar níl aithne orainn annso, acht ó thárla go bhfuilmíd le dul
go Lios na Sop anocht tabharfaimíd linn an capall má's maith
leat é. Donnchadh Ó Gliasáin m'ainm agus táim im' chomhnuidhe
thiar i mBuaile na bhFód seacht míle ó Lios na Sop."



"Bíodh sé agat," arsa fear an phónta, "acht mara mbeidh an
capall ag an té ar leis é anocht nó go doich ar maidin a
mbáireach beifear ar bhúr dtóir. Ná téidheadh ar marcuigheacht
air acht duine agaibh agus bíodh gach re seach agaibh air."



D'eirigheadar amach ar an mbóthar annsain agus an capall
aca. Bí Máirtín go fuadrach faobhrach deabhthach agus Donnchadh
go leibideach leisgeamhail righin. Do sgeinn Donnchadh isteach
go tigh tabháirne agus do cheannuigh luach leath-choróineach d'uisge
beathadh. Do shín sé an t-searróg chuig Mháirtín agus do bháin
Máirtín lán a bhéil aisti. Ní raibh taithighe ag Máirtín ar an
mbraon ngarg agus d'éirigh an gal 'na cheann. "Nach leor
dam," ar seisean, 'na aigne féin, "marcaigheacht iasacht bheith


L. 39


agam de bhárr bheith i bhfochair an fhir seo gan a bheith ag ól a choda?
Ní raibh coinne agam leis an gcoróin seo agus níl braith ar
bith agam uirthi. Sgéal beag uirthi mar choróin, ní chuirfinn
m'ainm i gceist léithi. Ní bheidh sé ag aoinne le casadh liom
choidhche go rabhas spriúnlaighthe, béad im' fhear chomh maith le cách."
Do sgeinn sé anuas de'n chapall agus chuaidh agus cheannuigh
luach leath-choróineach d'uisge beathadh. Bhí sé neamh-spleadhach
annsoin. Chuaidh an bheirt anáirde ar an gcapall agus do
chromadar ar an ól. Bhí Máirtín ar chúlóig agus greim aige ar
Dhonnchadh. Nuair chuirtí an gearán ar sodar chuirtí Máirtín ar
sodar chomh maith agus bhaintí a leithéid sin de phreabadh as ná
féadfadh sé focal cothrom cainnte do chur as. D'óladar gach re
deoch as searrógaibh a chéile nó go raibh an bheirt aca súgach go
leor.



An chéad bhraon de'n bhiotáille d'ól Mártín is amhlaidh do
chuir sé brostughadh meanman agus meamhrach air. D'éirigh a
chroidhe agus a mheisneach leis an tarna braon, agus nuair bhí an
tríomhadh braon istigh aige bhí fonn lúthgháire agus súgraidh ag
teacht air. Acht 'na dhiaidh sin do réir mar bhí na braonacha dá
sgaoileadh siar aige bhí a mheamhair dá dalladh agus dá múchadh,
agus ní raibh sé 'na chumas smaoineamh do dhéanamh ar aon rud.
Ní fhulanguigheann meisge trom-mhachtnamh acht bíonn na nidhthe
go léir dá gcur i n-aimhréidh tré-n-a chéile san aigne, agus cé
go mbíonn an teanga beo-ghlórach ní bhíonn sa nglór soin acht
gliogar na baoise. Bhí an bheirt aca ag saobh-mholadh a chéile nó
gur cheapadar ná raibh aon bheirt fhear chomh maith leotha féin le
fagháil i nÉirinn. "Cruadhlaoich abú!" arsa Máirtín, "buachaill
d'aon bhuachaill ar Bhóthar na Sop!"



Dheineadar athgairid tré sna páirceannaibh isteach agus do
ghabhadar casán lom ar feadh míle nó dhó. Ní raibh bearna shingil
cloch ná cladh ná fál nár chuireadar an capall de léim tharsta
anonn gan túirlingeadh dhe. (Bhí taithighe bradghala ag an
gcapall soin). Fé dheire thángadar go dtí áit mar a raibh
coiléar gainnimhe sé nó seacht de throighthibh ar dhoimhne agus deich
dtroighthe ar leithead. Bhí fhios ag an gcapall ná raibh sé 'na
chumas an léim sin do chaitheamh agus meathchant beirte anuas
air, agus do loc air. Thugadar atha-reatha dho, acht do loc air
arís. Chuireadar chuige an tríomhadh huaire é agus iad ag


L. 40


gabháil de bhataíbh air. Thug sé iaracht chrodha fé'n léim. Do
bhog Máirtín a ghreim de Dhonnchadh chum go mbeadh caoi ní
bfhearr aige chum an capall do bhualadh. Do ráinig dá chois
tosaigh an chapaill ar an bport thall agus annsoin — do leagadh
Máirtín agus buaileadh a leithéid sin de thuairt d'á cheann fé
thalamh gur baineadh an mheamhair de. Thuit sé i laige agus
d'fhan 'na luighe annsain mar bhéadh sé i riocht an bháis.



CAIB. III.



"A Dhé na mbuadh, dein dam truagh
'Gus réidh mo ghuais anbhuain."



Nuair do tháinig Máirtín chuige féin d'éirigh sé aniar ar a
leath-láimh, agus é ar bhailli-chrith. Bhí réiltíní dearga agus
réiltíní gorma ag rinnceadh ós comhair a shúl. Bhí meidhean 'na
cheann, agus bhí sé i n-an-chruth. Tar éis tamaill, thug sé fé
ndeara go raibh capall caithte le n-a ais 'n-a chonablach fhuar
mharbh. 'Seadh, go deimhin, do tháinig a chuimhne chuige annsoin.
Thug sé speach d'á chois ann, acht bhí an capall marbh.



"Is dóigh liom," ar Máirtín, "gurab amhlaidh tá a dhrom
briste. Beifear ar ár dtóir; acht, buidheachus le Dia! gurab
air do chuaidh an crann. Nár chaillimíd choidhche acht é! Acht ní
fheadar ar thalamh cá bhfuil Donnchadh. Is mor an iongna liom
go n-imtheochadh sé uaim agus mé caithte annso i riocht an bháis."



D'éirigh sé 'na sheasamh, agus do chroith agus do dhírigh é féin.
Thúg sé fé ndeara go raibh rud éigin ar liobarnaigh leis. Do
chrom sé síos agus do rug air. Cad bheadh ann acht crios an
airgid. D'fhéach sé póca an chreasa, agus bhí an póca follamh.
Chuardaigh sé an t-airgead i ngach póca dá raibh aige agus ar
an dtalamh, acht ní raibh a thásg ná a thuairisg le fagháil aige.
Fuair sé leath-choróin i bpóca a chasóige, acht sin ar fágadh
aige d'airgead ruadh ná d'airgead gheal. Fiú an píopa agus
an tobac agus an braon biotáille, bhíodar imthighthe. Do shuidh
Máirtín ar an gcapall; bhí a aigne i leithéid sin de chíor-
thuaithill ná raibh fhios aige cad a bhí 'á dhéanamh aige.



"A Dhia mhóir," ar seisean, go héagcaoineach, "ní ag cur
ana-cheist ort é, acht cad a dhéanfaidh mé i n-aon chor? Mó dhá
fichead punt imthighthe! Nach mé an seó-bóthair ar a leithéid seo
(de) chuma! — mo cheann bocht agá sgoltadh le tinneas, mo
chroidhe bocht geall le bheith briste — Ó! nach mé atá creachta ar


L. 41


fad! A Mhuire mhúirneach, nár eitigh aoinne riamh, go bhfóiridh
tusa orm. Féach orm, arú! — táim chomh cráidhte dealbh ana-
chruthamhail ar mo theacht ar ais dam agus do bhíos an lá d'fhágas
slán ag mo mhuinntir, gan chlú gan cháirde. Is mé an truaghán
bocht, go bhfóiridh Dia orm! Mo mhallacht-sa agus mallacht —
acht ní dhéanfaidh mé eascaine ar bith. Ó! an bitheamhnach gránda
— cé cheapfadh go ndéanfadh sé an creach soin ar an ndeoraidhe
mbocht? Crochadh árd as gad chuige lá gaoithe, an meabhlaire
bradach. Acht bíodh aige go fóill go bhfaghaidh mise greim píobáin
air, agus, mara ndíolaidh sé as an lag-bheart soin, tá breall
orm-sa. Stad staonadh ná comhnuidhe ní dhéanfadh go mbain-
fead díoghaltas as a chnámhaibh. Nárbh' é an sleamhnánaidhe é,
agus nár mhilis, agus an feall agus an ghaduidheacht istigh 'na
chroidhe. Acht cá bhfaghaidh mé an cladhaire? Ní fuláir nó chuaidh
sé i bhfolach. Go ndeinidh Dia mé sheoladh ar mo leas!"



Do ghluais Máirtín bocht roimhe go trom tuirseach. Thug sé
aghaidh go díreach ar Lios na Sop agus do chaith an oidhche sin ag
tigh Dhomhnaill bhig Uí Riain acht níor leig sé faic air i dtaobh an
chapaill. Bhí sé ag braith le teacht Dhonnchaidh feadh na hoidhche
acht níor tháinig Donnchadh. Ar maidin lá'r n-a bháireach d'fháisg
Máirtín air i gcóir an bhóthair arís agus do thug aghaidh ar
Thiobruid Árann. Bhí sé ag siubhal go dtáinig an tráthnóna agus
gach áit dár ghaibh sé dh'fhiosruigh sé an bhfacthas "fear mór-
chnámhach féasógach buidhe" ag gabháil an bhealaigh soin? Fuair
sé a thuairisg fé dheire. "Tá a shamhail-sin romhat ar an
mbóthar," ar fear leis. "Dubhairt beirt nó triúr eile an rud
céadna leis. Acht chaill sé an lorg tamaillín 'na dhiaidh sin.
Tháinig sé go sráid-bhaile acht ní fhacthas samhail Dhonnchaidh ann.
Do shíl Máirtín annsoin gurab amhlaidh bhí curtha fé aige i n-áit
éigin agus ná raibh aon mhaith dhó bheit agá lorg an oidhche sin acht
fuireach leis ar maidin go moch ar thaobh an bhóthair. Chuaidh
Máirtín go teach feirmeora agus tugadh eisteas na hoidhche
dhó annsoin gan doicheall, agus béile maith bidh. Ní fada tar éis
caithte an bhidh dhó go raibh sé 'na chnap codlata ar an gcathaoir.
I gcionn tamaill d'osglaigheadh an durus agus do bhuail fear
isteach.



"Bail Dé annso," ar seisean.



"Dia 's Muire dhuit," ar siad-soin.


L. 42


"An bhfágfaidh sibh istigh anocht mé?"



Do bhíodhg Máirtín as a chodla agus do phreab 'na shuidhe.



"Nára Dé do bheatha," ar seisean," a sgudalaigh ghránda
bhradaigh, tá béartha agam ar mo shionnach fé dheire. Do chroidhe
an diabhal, a bhuidheacháin; acht cá bhfuil mo bhata?"



Dar ndoigh, 'sé Donnchadh bhí ann. D'fhill sé ar a sháil agus
do ghaibh béal an doruis amach go tapa. Seo Máirtín amach 'na
dhiaidh, agus madraidhe agus mion-daoine an tighe i ndiaidh na
beirte, agus chuireadar pililiú asta gur éirigh a raibh de bhuachaillí
agus de mhadraidhibh sa sráid-bhaile amach sa dtóruidheacht. Ba
mhór an sult a fuair na buachaillí beaga ann. Cheapadar go
raibh na fir siubhail as a gcéill agus gur le corp doichill roimh
Dhonnchadh do chuir Máirtín an tóir air. Acht níorbh fhada go raibh
an bheirt sin imthighthe as a dtuairisg, bhí an choisidheacht chomh dian
soin.



Fear mór creat-lom buidhe ba eadh Donnchadh. Bhí imtheacht
leisgeamhail fé de ghnáth agus ní raibh fuinneamh ná fasga air acht
'na shúmaire liobarnach gan luth gan mheann. Firín caol socach
a b'eadh Máirtín agus bhí sé preabach lúthmhar faobharach. Dá
bhíthin soin ba dhóigh le duine gur gairid go mbéarfadh sé ar
Dhonnchadh, agus cheap Máirtín féin nár mhoill do breith air acht
ar a shon soin do theip ar Mháirtín giorrughadh ar an atha-reatha.
Suas leotha i n-aghaidh na gcnoc agus gan seacht slat eatortha.
Théidheadh Donnchadh de léim thar na cladhthachaibh go han-aicillidhe,
agus Máirtín go dian le n-a shálaibh ag éirighe san aer mar an
éan. Leagadh Donnchadh le túrtóig agus cuireadh Máirtín ar
bhiorr a shróna thairis amach, acht do rug Donnchadh na cosa leis.
Bhí an cnoc an-árd agus bhí na fir dá dtuirsiughadh go mór.
B'amhlaidh bhí an sgéal aca ná raibh sé i gcumas d'aoinne aca
buadhchant ar an nduine eile, acht ní ghéillfeadh ceachtar aca.
Righinigheadar leotha mar sin é go ceann a bhfad. Bhíodar chomh
tnáidhte sin go rithfeadh cearc ar leath-chois leotha. Do bhí
faitchíos ar Mhairtín go raghadh Dhonnchadh i bhfolach uaidh fé scáth
an dorchadais agus bhí faitchios ar Dhonnchadh go dtuitfeadh an
t-anam as bhí oiread soin séideáin air. Do mhothuigh sé é féin ag
meath. Chuir sé a mhéar 'na bhéal agus do leig fead.



"Congnadh is eadh atá uaidh," ar Máirtin, 'na aigne féin;
"acht bainfead-sa cúla srathraighe dhíot."


L. 43


Ar-n-a rádh soin do Mháirtín, do stad sé go hobann agus
do chuir é féin i dtaca, do rug ar chois an bhata, do tharraing
agus do chaith urchar ceart láidir le Donnchadh. D'aimsigh sé sa
chúl é agus do leag. Rug sé ar sgórnaigh air, agus do chrom
ar a thachtadh le díocus. Annsoin do chuarduigh sé a phócaidhe go
bhfuair sé an sparán agus a chuid airgid ann. D'éirigh sé 'n-a
sheasamh annsoin, acht ní raibh cor ag Donnchadh á chur as féin.
Cheap sé go dtiucfadh sé chuige féin i gcionn tamaill. Bhí sé
féin snaidhte go leor, agus do shuidh sé síos ar an bhfraoch. Do
ghlaodhaidh sé ar Dhonnchadh, acht níor chorruigh sé. Annsoin do
gheit croidhe Mháirtín.



"Comaraighe m'anma ort, a Dhia," ar seisean, "an amhlaidh do
thachtas é?"



Do rug sé air agus do chrith é. Ní raibh húm ná hám ann.



"Ó bhó, nach mé an truagh Mhuire. Dia 'á réidhteach ó's leis
is féidir."



Níor airigh Máirtín faic gur rugadh ar bhaic an mhuinéil air
agus gur caitheadh de thuairt fé thalamh é. Bhí an sparán 'na
ghlaic aige agus do sgiubadh uaidh é. D'éirigh sé 'na sheasamh
agus colg air agus caitheadh ar lár arís é. D'fheach sé ar an té
bhí ag gabháil do. Fathach a bhí ann; bhí sé 'na shean-fhear árd
chnáimhreamhar, chliabhleathan doidhealbhach, agus cheap Máirtín go
mbfhearr leigint dó.



"Seo anois, a chulamóirín," ar seisean, "ceap do shuaimhneas
duit féin go ceann tamaill nó is duit is measa."



Do chroith sé Donnchadh annsain agus do chomuil agus do
bhuail le n-a bhais é agus do ghlaoidhaidh air, agus do tháinig
Donnchadh chuige féin. Do dhein sé gearán ar Mháirtín annsain
leis an bhfear mór agus dubhairt gurab amhlaidh do bhuail
Máirtín pléasg d'á bhata air agus do bhain a chuid airgid aníos
as a phóca. Do chrom Máirtín ar an sgéal annsain agus d'innis
na heachtra ar fad do'n sean-fhear díreach mar do thuiteadar
amach ó thúis go deire. Do thug an bheirt an t-éitheach d'á chéile
agus do bhréagnuigheadar a chéile go nimhneamhail agus b'éigean
do'n sean-fhear dul eatortha nó bheadh sé i n-a ár aca.



"Leigidh dhe," ar seisean. "Ní fheadaraim féin cia agaibh a
bhfuil an fhirinne aige má tá sí ag ceachtar agaibh, acht 'sé an
rud is dóichighe nach le ceachtar agaibh an t-airgead so. Tá sé


L. 44


agam-sa anois go háirighthe agus caithfidh sibh araon é phléidh
liom mar tá an oiread cirt agam chuige agus tá ag aoinne
agaibh-se. Siubhailidh araon liom-sa anois agus déanfad-sa
fuasgladh ar an gceist." Ní raibh Máirtín sásta acht ní
raibh aon leigheas aige air. Bhí a bhata go coimeádtha fé osgail
an tsean-fhir. Shiubhail siad leotha nó go rángadar bothán agus
chuadar a dtriúr isteach. Bhí spóirseach de theine bhreagh mhóna
ar an dteallach agus bhí cuma sheasgair go leor ar an áit. Do
shuidheadar síos agus do thosnuigheadar ar a chéile do bhreath-
nughadh go géar. Bhí an sean-duine chomh mór fiadhain sin agus a
dhá láimh chomh leathan ingneach soin gur bhaist Máirtín "an
Crobhaltach" air. Níorbh fhada gur chuir an Crobhaltach gáire as.
Bhí smeigín féasóige ar Mháirtín agus do bhain an Crobhaltach
stracadh beag aisti agus adubhairt.



(Ní chríoch).



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services