An t-Athair Micheál ó h-Iceadha
i nInis Meadhóin
Ó'n gcéad lá cuireadh Craobh de Chonnradh na Gae-
dhilge ar bun ann so, ní fhacas tionól chomh mór a
d-teannta a chéile agus do bhí ann an Dia Domhnaigh so
chuaidh tharainn. Dia Domhnaigh an dara lá d'Iúl do bhí
cruinniughadh mór againn i d-teach na sgoile agus siúd
go mba mhór an teach é ní raibh sé leath sáthach mór le
na gcongbháil ar fad, b'éigean dóibh béith sásta le bheith
taobh amuigh, bhí suas le trí céud daoine ann idir fhir is
mná agus paisdí.
Thóg an t-Athair ua h-Iceadha an chathaoir agus ba
righ-mhaith an cathaoirleach do rinne sé: mhínigh sé dhóibh
ar feadh leath-uaire an obair mhór atá Connradh na
Gaedhilge do dhéanamh ar fud na h-Éireann. Adubhairt
sé go raibh áthas mór air a leithéid de thionól d'fheiceáil
cruinniughthe i dteannta a chéile an lá san agus gur
thaisbeán sin go raibh meas agus grádh aca ar an
dteangaidh bhínn milis, teanga na naomh agus na
n-ollamh. Adubhairt sé mórán eile acht nuair nach
raibh aon duine annsan seomra thógfadh síos a chuid
chainte, caithfimíd beith sásta leis an méid sin.
Thug Peadar Ua Choncheannainn an óid do chum an
Chraoibhín ag an Oireachtas uaidh agus ba rígh-mhaith
adubhairt sé é. Tar éis sin bhí sgathadh damhsa againn
ó Mháirtín Ua Meachair, ó Mháire Ní Mhaoilchiaráin, ó
Phádraic Ua Briain, Ó Mháire Ní Fhlaithbheartaigh agus ó
mhórán damhsóir eile. D'innis Colum Mac Fhualáin
agus Seaghán Ua Meachair dhá sgeul do chuirfeadh bród
ar fhíor-Éireannach, ar bith. Ina dhiaidh sin bhí abhráin
againn ó Sheaghán Ua Coileáin, ó Thomás Ua Flaithbhear-
taigh, agus ó Thomás Ua Conghaile do chuir spórt ar an
tionól. Bhí óráideacha breagha Gaedhilge againn ó
Mhícheál Ua Cúnáin agus ó Mhícheal Ua Maoláin do chuir
áilleacht orainn go léir. Chuir Mícheál Ua Cúnáin
fáilte roimh an Athair Ua h-Iceadha agus d'innis do
na daoinibh cé sibh é féin. Adubhairt Micheál Ua
Maoláin dá mbéadh ceud sagart againn mar é gur
ghearr go mbadh ár dteanga mhilis i mbeeul gach uile
dhuine i n-Éirinn beagnach.
Bhí abhráin bhreágha Gaedhealacha againn tar éis sin ó'n
maighistreás sgoile agus ón mnaoi uasail sin Aigneas
Ní Fhaircheallaigh do chuir rímead orainn agus chuir sin
críoch ar an tionól Dia Domhnaigh an naomhadh lá
d'Iúl thóg an t-Athair Ua h-Iceadha an chathaoir agus
ba breágh an óráid thug sé uaidh. Dubhairt sé dá
mbéadh gach uile áit i n-Éirinn ag déanadh oiread oibre
agus bhíomar i nInismeadhóin nach mbéadh aon bhaoghal
báis ar an nGaedhilge. Ba bhreágh an óráid a bhí againn
ó Ph. Ua Conceannainn agus bhí sgeul breágh againn ó
Stiophán MhacFhualáin. Bhí damhsadha go leór ann tar éis
sin. Agus bhí abhráin againn ó Phádruig Ua Conghaile,
ó Thomás Ó Cuinn agus ó Thomás Ua Congaile. D'innis
S. Ua Meachair sgéal faoi an bhFéinn. Thug M.
Ó Maoláin an t-abhrán sin "Gaodhal Éireann chum Ghao-
dhal Alban" dúinn agus ba rígh-mhaith adubhairt sé é.
Thug an mhaighistreás sgoile abhrán dúinn. "Ua
Domhnaill Abú." Agus thug an bhean uasal A. Ní
Fhaircheallaigh abhrán eile "Eibhlín a Rúin" dúinn. Na
dhiaidh sin leigh an tAthair Ua h-Iceadha "Teanga na
h-Éireann" agus chuir sé sin críoch ar an tionól.
Atá na páistí agus na fir óga ag déanamh stuidéir
mhóir ar an nGaedhilge. Atámaoid ag brath ar Chraoibh
de Chonnradh na Gaedhilge do chur suar do na mnáibh
annso. Ní fhuighidh an Gaedhilge bás i nInismeadhóin fad
is bhéas an spéir os ar gcionn.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11