Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Triallam Mór-thimcheall Átha Cliath.

Title
Triallam Mór-thimcheall Átha Cliath.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Triallam Mór-thimcheall Átha
Cliath.



[Aiste do léigheadh os comhair na hÁrd-Chraoibhe.]



Do thúirling an Méire de mhuin eich, mar
nár bh'intsiubhalta do mharcraidh an Phodal
do bhí de bhun an Ubhallghuirt sin, agus
do chuaidh cách ar marcaigheacht timcheall
Sráide Chaoimhghin go dtí an cúm i gcoinn-
ibh an Mhéire, agus an Méire, na Sirriaim,
an Sgríbhneoir, na Sinnsir, agus Fear
Iomchartha an Chlaidhimh agus mórán eile
i n-éinfheacht leo, do chuadar trís an
ngarrdha soin agus anonn leo trasna na
Podaile ar chlárachaibh adhmaid in dhá áit
éagsamhla, agus mar sin dóibh trís na
garrdhaíbh. Tháinig cuid de mhuintir na
comhursanacht i gcoinnibh an Mhéire, agus
do chuireadar fáilte roimhe féin agus roimh
a mhuintir agus thugadar braon le n-ól
dóibh. Agus annsain do chuadar tré thigh
do bhí i bhfíor-ghar do'n taobh thuaidh de thigh
mhór eile ar a nglaodhtar Teach Uí Dhubhdáil,
agus sgathamh ó shoin do chomhnuidheadh duine
éigin dar bh'ainm Seón Artúir ann, agus
mar sin dóibh isteach ins an tsráid agus
taobh ó dheas trís ansráid anonn go dtí
an taobh ó dheas trís ansráid anonn go dtí
an taobh thall de'n tsráid agus isteach leo
i dtigh go nglaodhtí air i bhfad ó shoin Teach
Uilliam Inglis, atá ar an dtaobh theas
den tigh nua do chuir an Ridire Sir Tomás
le Stróinse suas agus tré thigh Uilliam
Inglis dóibh, go dtí n-a gharrdha soin, agus
annsoin d'iompuigheadar ar a láimh chlé
taobh ó dheas ag gabháil tré gharrdhaíbh na
dtighthe ar fad do bhí sa treó sain. Dubhar-
thas, agus b'fhíor ansgéal, go raibh cloch
mhór i ngarrdha dhíobh sain agus í i dtalamh,
agus gurabh í bhíodh ag taisbeánt na saoir-
seann san áit sin agus sa gharrdha ba shia
ó dheas uatha go dtí an Cúm agus comh fada
le Cloich na Saoirsinne a tá 'na seasamh sa
tsráid. Annsoin do chuaidh an Méire ar
mhuin capaill agus do ghluais de bhun


L. 380


na dtighthe trís an gCúm agus tré Gheata
an Uaiseamaigh go póna an mhuilinn ar
an dtaobh theas de'n gheata bheag laistiar
de'n Chúm, a threoruigheas go Clós Shan
Tomás. Do chuir muintir Sir Éamonn
Brabson cláracha adhmaid thar an Lochán
sain sa cheann toir den inse go nglaodhtar
air Inse an Aba tuairim a láir, ar chuma
go bhféadfadh an Méire agus a chuideachta
teacht anall. Chuaidh an Méire anonn, é
féin agus Fear Iomchartha an Chlaidhimh
agus mórán eile dá mhuintir, agus do
ghluaiseadar trís an inse agus i lár na
hinse sin iseadh bhí sean-spreasadán de
chrann droighin duibh ag críochantacht na
saoirseann. Thárla gur gearradh anuas
é, acht má gearradh féin, bhí an bun agus
na fréamhracha fós i dtalamh. Annsain do
chuadar trís an gceann tiar den inse
agus amach leó tré bhearnain do hosgladh
dóibh ar thaobh an bhóthair móir. D'ionn-
tuigheadar taobh ó dheas annsoin go
dtí an bóthar eile do bhí ag treorughadh
ó Chroimghlinn go Teampall Phádraig
agus mar sin dóibh siar ar an mbóthar
mhór sain go Cárnán Cloch Uí Dhúnchadha,
atá le hais an bhaile bhig go nglaodh-
aid cuid de mhuintir na cathrach air
Sgioból an Dulpínigh, agus as soin do
dhruideadar buille beag ní ba ghoire leis an
áird thiar go dtí an taobh thuaidh de'n bhóthar
mhór sain, áit ar hosgladh bearna dhóibh ar an
gcloidhe, agus annsoin do chuireadar
páirc bheag díobh 'n-a dtugtar air Fear-
ann an Talbóidigh. Thiomáineadar leo thríd
sin siar agus annsoin ó thuaidh do dtí an
léana mhór go bhfuil Dama an Iarainn mar
ainm uirthi. Thugadar an lámh dheas di sin
agus chuadar timchioll go dtángadar ar
bhóithrín beag do bhí caoch agus é ceaptha
an uair sin le cloidhtheachaibh. Do leagadh
na cloidhtheacha so anois ar an dtaobh thuaidh
de Dhama an Iarainn réamhráidhte. An
bóithrín sin adubhramar tá sé os cionn dhá
phéirse ar fhad ar an dtaobh thiar de
bhóithrín nó de bhóthar mhór eile atá ar an
dtaobh thuaidh de Dhama an Iarainn agus é
ag déanamh síos ar Chill Maighneann. Mar
sin dóibh trís an mboithrín bheag soin go
díreach ó thuaidh go dtí an bóthar mór atá
ag treórughadh ó Chill Mhaighneann go Baile
Átha Cliath agus trasna an bhóthair mhóir sin
leo taobh ó thuaidh comh fada le bóithrín
árd leathchaoch doimhin idir na páirceannaibh
cloidhe agus 'sé ainm do thugaid sean-
daoine na háite sin air acht Lána an Mhur-
dair (.i. bóithrín an dúnmharbhtha). Síos
leo an bóithrín sin go hAbhainn na Cam-
óige go ndeachadar fá shúil thiar an
droichid go nglaodhtar Droichead an
Bhogha air. D'iompuigheadar ar a láimh
chlé ag bun árdáin Chille Maighneann
agus d'aimsigheadar áth doimhin ann-
súd san áit i dtigeadh Abhainn Life fad
ó. Dob' fhéidir dóibh dul ní ba shia ó thuaidh,
acht do bhrígh nár bh'ionghabhála do mharcraidh
an áit ar cheart dóibh dul trasna, do
chuadar anonn ar an áth ba ghoire do'n
droichead agus mar sin dóibh go hinse
mhóir Theampaill Chríost, agus 'na dhiaidh
sain ar an gceann tiar de'n inse i n-aice
Abhann na Camóige. Do suidheadh roinnt
puibleacha nó cábán fá chomhair an Mhéire,
na Sirriaim, agus na mBárd, agus annsoin
do thúirling an Méire agus a mhuintir
agus do rinneadar a meadhón lae.



(Ní Críoch.)



Tagra.



Clárada, now Irishtown, but it no doubt included
the long flats (extending thence to the Poolbeg) of
sand there from which the name may be derived.
Corrupted by 1603 A.D. into "Clear Roads"! Later
forms: Clar Rade ('clere rode').



Rinn na bhFaoileann, tha sandy point on which the
Poolbeg Lighthouse is built. Later forms: Renny-
velan, Ranielean.



An Cúm, the Coombe, often named in the older
documents "the Vale", "vallis".



Carnán Cloch Uí Dhúnchadha, Carna Clogh, in Dolph-
in's Barn. Later forms: Carnaclongynethe (1488).
Carnoclohoyunaghe (1603).


L. 381


Áth Chille Moshámhóg, the Fords of Kilmehaíoch (as
the name appears in the London copy of the Charter
of Dublin). pron. Kilmahavock. These fords are near
Island Bridge; they cross the Liffey over to and
into the grounds of Liffey Bank House, and there
appears to be a franchise-stone still standing there
close to the gate of that place though it is probably a
stone of later placing. At Cill Moshamog Niall
Glundubh fell in battle when fighting against the
Norsemen.



Abhainn Life, Avenlyf (1324), Amplyffy (1488),
Annylyffe (1603), the river Liffey, still occasionally
called Anna Liffey.



Cill Mhaighneann, Kylmaynan (1324), Kilmaynnan
(1488), Kilmaynehame (1633), Kilmainham.



Cnoc na gCuinneog, Ennocnegannoc (1324), Henok-
makenok (1488), Hennocke Magynnocke (1633), the
rising ground in the Phœnix Park beside the Park
Gate (Parkgate Street).



Cill Dúiligh, Grangegorman.



Sgioból na Tríonóide Naomhtha, the Barns of the
Holy Trinity, afterwards Grangegorman House,
which appears to have been situated where the rope-
walk now is.



Croch Ua Róraic, Crohuroric (i.e. O'Roric's Gall-
ows), the ancient name of a spot of land in the
grounds of the King's Inns. In this name we very
probably have embedded the name of the Norse hang-
man of Dublin. Ua Róraic is, in origin, a Norse sur-
name, from the Scandanavian forename Hrödhrekr.



Cluain Life, Clonliffe, which, in ancient times ex-
tended to the Liffey.



Críonán, Crinan, that portion of the north side which
is enclosed between O'Connell Street, Summer Hill,
the Liffey and the North Strand.



Tulca, dat. Tulcain (also Tulcaidh), the river
Tolka.



Geata an Dama, Dame's Gate, at the City Hall.



Muileann an Dama, DAme's Mill, near the present
Dame Street.



An Rinn, Ringsend.



An Poll Beag, Poolbeg.



Bun an Bharra, the Barfoot.



Séipéal Mhuirbhthean, Merrion Chapel.



Réabóg, Roebuck.



An Bhearna Dhearg, the Red Shard, which was
evidently not far from Donnybrook.



Droichead Chluana Sgiach, the bridge of Clonskeagh,



Baile an Mhuilinn, Milltown.



Baile Chaoimhghin, St. Kevin's Gate, at the present
Kevin Street.



Lána an Ime, Butter Lane.



Fir Chualann, Fercuolen, i.e. the barony of Rath-
down, especially the Wicklow portion of it.



Teampall na Sabhaltaire Naomhtha, St. Sepulchre's.



Ubhallghort na Séamsúirí, the Chauntor's Orchard.



An Phodal, the Poddle.



An Cúm, the Coombe.



Geata an Uaiseamaigh, Washame's Gate; "Wey-
cesthame Gate" in 1324 A.D.



Inse an Aba, the Abbot's Meadow.



Croimghlinn, Crumlin.



Fearann an Talbóidigh, Talbot's Land.



Dama an Iarainn, the Iron Dam; it goes from
Dolphin's Barn to the Grand Canal in James' Street
direction.



Lána an Mhurdair, the Murdering Lane, going
towards Kilmainham.



Abhainn na Camóige, the Camac River.



Droichead an Bhogha, Bow Bridge.



-



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services