Triallam Mór-thimcheall Átha
Cliath.
[Aiste do léigheadh os comhair na hÁrd-Chraoibhe].
Da mhéad an sgéal atá le nochtadh agam,
'sé is eagal liom go deimhin nach faghad
éisteacht. Is dócha nach annamh sain duine
'gá rádh leis féin, Baile Átha Cliath, an
eadh? Cloisimíd an iomad den sgéal sain.
Nach fuilmíd 'n-ár gcomhnaidhe sa chathair
seo? Is fada ó chuamar 'na taithighe. An
amhlaidh mheasair-se nach fuil Baile Átha Cliath
siubhalta againn, míle uair ar a laighead?
Ní chuirfeadh sé aon iongnadh orm dá
mbadh mar sin a bheadh duine ag caint
d'éis teidil na haiste seo do léigheadh dhó.
Mar sin féin, b'fhéidir go bhfaghainn-se rud
éigin taitneamhach le n'innsint dó súd i
dtaobh na cathrach so do shiubhail sé go mion
minic, comh minic sin, b'fhéidir, go bhféad-
fadh sé a aithris dam cá mhéid cloch atá sa
pháil a bhíos fá n-a chois i n-a shiubhaltaibh
lae.
'Sé mo thuairim go bhfuil 'fhios ag gach
éinne cad iad na sean-ainmneacha a bhí ar
an áit 'n-a bhfuil cathair Bhaile Átha Cliath
indiu. Áth Cliath Cualann agus Áth Cliath
Duibhlinne bhíodh air. Ní bhaineann an chéad
ainm ó cheart, ámh, acht leis an roinn sin de
atá laisteas de Abhainn Life, agus a rádh
go raibh an abha mar theorainn idir Cuala
de thaoibh agus Fine Gall agus Tuath Éad-
air den taoibh eile. B'é sin dálta ag Áth
Cliath Duibhlinne leis, agus ag Áth Cliath
féin, nó gur cuireadh suas Baile na
nGall agus Ceann Droichid agus na bailte
beaga eile ar an mbruach thuaidh den abhainn.
Is tuigthe as soin, an chéad chathair a bhí ann,
gur i dtaobh theas de Life bhí sé. Cá raibh
sé? An féidir dúinn a mhéad agus a
leithead do chur síos? Is féidir go deimhin.
Bhí sé an-bheag ar fad, & a fhad ó Dhruim Choll
choille go hAchadh an Droma agus a tharsna
ó Dhroichead Dubhghaill go Geata Chaoimhghin.
Ní hiad na Gaedhil do chuir dubhshraithe
cloch bhuinne Bhaile Átha Cliath. Ní raibh a
spéis riamh i gcathrachaibh móra, acht b'fhearr
léo ná rud nach déarfaidís bheith 'na
gcomhnaidhe amuigh ar an dtuaith, áit i
bhfeicfidís bánta míne réidhe agus ba ar
cnoc, agus anál fhíor-fholláin dhá tarraing
aca de aer na tuaithe. Féach a dheise do
cuireadh an smaoineadh sain i n-amhrán
adeirtear go han-mhinic indiu:
Is ró-bheag mo dhúil i gcopán ná i gcárta,
I bhfuinneogaibh gloine nó i rúmannaibh árda;
Níor bh'fhearr liom teach bán ná cábán samhraidh,
Poll a bheith ar an sgraith 's mé 'g amharc ar na gamhnaibh.
Cia chuir cloch bhuinne na cathrach so, mar
sin? Tá, na Lochlannaigh. Sa bhliadhain
841 do chuireadar súd suas daingean Átha
Cliath — na Finngheinte do chuir suas é. Sa
bhliadhain 852 'seadh tháinig na Duibhgheinte
agus do bhaineadar Áth Cliath de na Finn-
gheintibh. Oleifir Hviti, nó Amhlaoibh Fionn
mac ríogh Lochlann, ab' ainm do thaoiseach
na nDuibhgheinte. Do chuir an mac ríogh soin
na Lochlannaigh uile, idir Finngheinte agus
Duibhgheinte, fá n-a smacht, agus is dóigh
liom gur ó n-a aimsir sin do thárla Áth
Cliath 'n-a chathair — ní raibh ann acht daing-
ean roimhe sin. Bhí dúil mhór ag na Loch-
lannchaibh Átha Cliath i gceannaidheacht agus
i dtrachtáil agus, dá n-abrainn, i bhfogh-
luidheacht mara agus tíre, i dtreo, i gceann
suim aimsire, gur éirgheadar an-shaidhbhir ar
fad, ionnmhus agus iolmhaoine aca, ór agus
airgead, saidhbhreas agus sócmhuinní an
tsaoghail ar a dtoil aca ón ló go chéile.
B'é an rí ba mhó bhí os a gcionn riamh
Amhlaoibh Cuarán mac Sitriucca. Ní
abraim ná go raibh meas mór ar an rígh sin
ag Gaedhealaibh féin, agus a chumhachtaighe
bhí sé tráth.
Níor ghabh na Gaedhil Áth Cliath ar na
Lochlannchaibh acht aon uair amháin. Maol-
finne, rí Breagh, agus Cearbhall mac
Muireagáin, rí Laighean, do dhíbir thar sáile
iad, ar chuma go raibh Áth Cliath i seilbh
Gaedheal ó'n mbliadhain 900 go dtí an
bhliadhain 917, nuair a tháinig Sitruc Caoch
ua hÍomhair as Lochlainn agus loingeas
ádhbhal-mhór uime. Do thángadar i dtír
agus do ghabhadar an dúnphort ar Gaedheal-
aibh arís. D'fhan an chathair ar sheilbh ag
Lochlannchaibh go teacht do Strangbó agus
dá arm Normánach go hÉirinn. Do theich rí
Lochlannach Átha Cliath .i. Asculbh nó
Asgadal, thar sáile, agus do tháinig thar
n-ais le congnamh ó Innsibh Orc agus taois-
each dár bh'ainm Seaghán Geilt os a gcionn,
acht do bhris Strangbó an cath ortha, agus
do mharbh iad araon. Fuair riaghaltas
Shasana seilbh ins an gcathair agus ins na
dúithchíbh do bhain léi. Cár bh'iad sain? arsa
duine éigin, b'fhéidir. Inneosad iad anois.
'Sé ainm do thug Lochlannaigh Átha Cliath ar
a ndúithchíbh as a dteangaidih féin Duflinnar-
skíri .i. sgíre Duibhlinne .i. dúthaigh nó contae
Átha Cliath nó, mar adéarfaidhe as Béarla,
Dublinshire. Deirtear go raibh an Anaigh
mar theorainn ar an dtaobh thuaidh, gur
shroich an teóra go Léim an Bhradáin
ar an dtaobh thiar, agus go raibh
seilbh aca mar an gcéadna i gcrioslach
an chuain ó Inbhear Life go dtí an tInbhear
Mór. Is fearr go mór, ámh, an tuarasgbháil
do-gheibhtear air sin ag sgríbhneoiríbh Gaedh-
ealacha adeir go raibh teóra dúthaigh nó trí
dúithchí ag Lochlannchaibh Átha Cliath, .i. Tuath
Éadair, Fine Gall agus Asgall Gall. Is
ar an gceann déidheanach is mó bheas
sgéal na hoidhche anocht agam. Bhí trí
dúithchí eile ann i dtaobh theas de Life, .i.
Uí Bhriuin Chualann, Uí Ghabhra agus Uí
Dhúnchadha. Na sé dúithchí sin le chéile, is
ionann líomatáiste dhóibh agus do Chonntae
Bhaile Átha Cliath mar tomhaistear ag Gall-
aibh Shasana fá láthair.
Maidir le Tuaith Éadair, is tuigthe as
an ainm féin go raibh Beann Éadair agus
Sean-mhagh Ealta Éadair innti, acht is ar
éigin do chreidfidhe uaim go raibh Cluain
Dolcáin ar cheann de na bailtibh a bhí ann.
Dá réir sin, bíodh go raibh an chuid ba mhó
de Thuaith Éadair lastuaidh de Life idir
Fine Gall agus Muir Meann, bhí cuid eile
dhi laisteas den abhainn timcheall Chluana
Dolcáin.
Is dóigh liom gur bh'ionann méad d'Fhine
Gall agus do'n chuid eile den roinn thuaidh
de Chontae Bhaile Átha Cliath. Sórd Choluim
Chille an baile ba mhó bhí ann. Ceapaim go
raibh áirdmheas ag na Lochlannaigh ar an
mbaile sin, agus a rádh gur chuir sé fearg
mhór ortha aon uair amháin tráth chreachadar
Gaedhil é.
Tháinig sé chum baile dham anois an
treas dúthaigh bhí ag Lochlannchaibh d'ainmn-
iughadh. B'í sin Asgall Gall. Is ionann
asgall agus cúinne páirce, .i. asgall bheag
talaimh. Mé féin do aimsigh ciall na
hainme sin, ag baint baramhla as cainnt an
leabhair úd "Cogadh Gaedheal re Gallaibh"
ag cur síos dó ar chath Ghlinne Máma.
Níor thuig an t-Ollamh Henthorn Todd an
sgéal i gceart, agus gur shaoil seisean gur
i gContae Chille Dara bhí Asgall Gall.
'Sé an chiall a bhí leis dúthaigh bheag na
Lochlannach, .i. an preabán sain talmhan ar
a raibh cathair Bhaile Átha Cliath i n-aimsir
na nGall. Bhí leithead beag talmhan aca
timcheall na cathrach dalta mar atá ag
Hamburg, ag Brémen, ag Monacó, agus
ag cathrachaibh neamhspleádacha eile san
Eoraip indiu.
Nuair a fuair Rí Hanrí seilbh na cathrach
do chuir sé faisnéis fá n-a críochaibh nó a
tórainntibh. An méire nua de bhunadh
Shasana, do chuir sé fios ar na sean-chath-
ruightheoiríbh Lochlannacha, agus do fhiosruigh
sé dhíobh cad iad na tórainnte agus na
saoirseannta ba ghnáthach leo do chleachtadh.
Do innseadar sain dó agus do cuireadh i
sgríbhinn. Do sgríobhadh i gcairt annsoin
sean-tórainnte Átha Cliath ar fhuráileamh
Ríogh Seagháin, sa mbliadhain 1192, mar
leanas:
"Johannes, dominus Hibernie, comes
Moretoni, omnibus hominibus et amicis
suis, Francis et Anglicis, Hyberniensibus
et Walensibus, presentibus et futuris, sal-
utem.
"Sciatis me dedisse et concessisse et
hac mea charta confirmasse, omnibus meis
de Dublin, tam extra muros quam infra
muros manentibus, usque ad metas ville,
quod habeant metas suos, sicut proalate
fuerant per sacramentum probarum viror-
um de ciuitate ipsa per preceptum regis
Henrici, patris mei, scilicet, ex parte
orientali de Dublin, et australi parte past-
uram que durat usque ad partam ecclesie
Keiuini, et sic per viam usque ad Kilmere-
caregan, et sic per diuisam terram de
Duuenolbroc usque ad Dother, et de
Dother usque ad mare, scilicet, ad Clarade
iuxta mare, et de Clarade usque ad Ren-
niuelain.
"Et in occidentali parte de Dublin ab
ecclesia Sancti Patricii per vallem usque
ad Karnanclonengunethe, et exinde usque
ad diuisam terram de Kylmenan, et ultra
aquam de Kylmenan iuxta Aueneliht,
usque ad vada de Kilmehauoc, et ultra
aquam de Aueneliht versus boream per
Ennocneganhoc et deinde usque ad orrea
Sancti Trinitatis et de orreis illis usque ad
Furcas. Et sic per siuisam inter Clun-
lith et Crinan usque ad Tolekan. Et
deinde usque ad ecclesiam Marie de
Houstmanebi."
"Beatha agus sláinte ó Sheaghán, tighearna
na hÉireann, agus Iarla na Mortáine, chum a
charad agus chum a dhaoine féin i gcoitchinne,
Franncaigh agus Sasanaigh, Éireannaigh
agus Breathnaigh, fá mar atáid anois, agus
mar a bheid feasta.
"Bíodh a fhios agaibh-se go dtugas-sa
uaim agus gur bhronnas, agus gur dhearbh-
uigheas an méid seo trém' chairt, dom'
mhuinntir uile atá i nÁth Cliath, idir a
bhfanann laistigh de na fallaíbh agus a
bhfanann lasmuigh de na fallaíbh, go
tórainntibh na cathrach, go mbeadh a gcuid
tórainnte aca, fá mar do socruigheadh iad
roimhe seo ar mhionna fear n-ionnraic den
chathair féin ar fhuráileamh Ríogh Hanrí,
m'athair, mar atá, ón taobh thiar de Áth
Cliath agus ón taobh theas den pháirc a théid
chomh fada le geata Theampaill Chaoimhghin,
agus mar sin ar an mbóthar chomh fada le
Cill Mhuire Cairrgín, & mar sin ar thórainn
Dhomhnaigh Broc chomh fada le Dóthair, agus
ó Dhóthair go fairrge, mar atá, go Clárada
i n-aice na fairrge, agus ó Chláradaibh go
Rinn na bhFaoileann.
Agus i dtaobh thiar de Áth Cliath ó Theam-
pall Phádraig tríd an gCúm comh fada le
Carnán Cloch Uí Dhúnchadha, agus as sain
go tórainn Chille Maighneann, agus thar
sruth Chille Maighneann i n-aice Abhann Life,
comh fada le hÁth Chille Móshámhóg, agus
thar sruth Abhann Life taobh ó thuaidh tré
Chnoc na gCuinneóg, agus as sain chomh fada
le Cill Dúiligh, áit a bhfuil Sgiobóil na
Tríonóide Naomhtha agus ó na sgiobólaibh
sin chomh fada le Croich Ua Róraic, mar a
bhfuil croch na cathrach indiu. Agus dá réir
sin as thórainn Chluana Life agus Chríonáin
comh fada le Tulcain. Agus as sain comh
fada le Teampall Mhuire i mBaile na
nGall."
Sin mar do chuir Rí Seaghán tórainnte
agus saoirseannta Átha Cliath i gcairt.
B'éigin do chathruightheoiríbh Átha Cliath aire
mhaith do thabhairt do na háiteannaibh seo ar
eagla go gcaillfidís aon chuid dá gceart.
Tá a fhios againn go léir go dtig athrughadh
ar ainmneachaibh na n-áiteanna go minic,
agus mar sin de go gcailltear cuimhne ar
an mball 'na mbíodh ainm eile ar fad air i
n-allód. Cionnus do fuair muinntir Átha
Cliath cuimhne chongbháil ar na ballaibh seo
ó chéad go céad ar chuma go bhfuil fhios
againn indiu féin cad is treó do na háit-
eannaibh úd 'n-a dtáinig ath-ainm ortha ó
shoin. Inneosad sain anois. Ba ghnátach
leo, nuair a thigidís i n-a siubhaltaibh go
háit ar bith dá short sain, breith ar gharsún
óg, agus cad do dhéanfaidís annsain acht
gabháil air de shlait go dian dícheallach gan
truagh gan taise gan trócaire nó go
mbeadh sé ag béicigh le méad na péine.
Deiridís leis, annsain, cuir i gcás, gur i
gCill Mhuire Cairrgín do tugadh an cór-
ughadh sain dó. Nuair a bheadh seisean 'na
dhuine aosta, b'fhéidir go mbeithí ag cur
faisnéise air fá Chill Mhuire Cairrgín, cá
raibh sé i n-éan-chor? Déarfadh seisean
annsain, "Ó, tá fhios agam-sa go maith cá
bhfuil sé? Nach ann do ghabhadh orm le slait
agus mé go han-óg? Ní maith liom cuimh-
niughadh ar a leithéid, acht níor fhéadas riamh
é chur as mo cheann, agus an córughadh
uathbhásach do fuaras annsain."
Acht ní dhéanfadh sain an gnó dhóibh ar
fad, arsa duine éigin; cá bhfios dóibh cá
dtéidheadh réim na teórann ó'n áit go
chéile dhíobh sain. Bhíodh slighe aca chuige
sin leis. A leithéid seo, do théidís amach,
.i. an méire, na sinnsir agus trí chéad
marcach dhá dtionnlac i n-éinfheacht leo,
agus do shiubhlaidís an teora ó cheann ceann
na cathrach, gach éinne aca ar mhuin a
chapaill, nó go mbeadh gach aon áit siubhalta
aca fá mar a bhí sé thíos ins an tsean-chairt.
Bhíodh fuineadh néal nóna ag druidim leo
i ndeireadh an lae.
Is dócha gur ghnáthach leo an siubhal so
dhéanamh ar dtúis uair sa mbliadhain, ann-
sain gach ré mbliadhain, agus fá dheireadh
thiar gach tríomhadh bliadhain (sin é an sgéal
atá thíos ag Muinntir an Bháird i n-a
leabhar).
Ní'l acht trí cinn de na siubhaltaibh seo
indiu againn i gcairt. B'fhéidir gurab
amhlaidh do chailleadh cuid díobh, agus an
chuid eile aca, is dócha nár bh'fhiú le
cléireach na cathrach a bhí ann san aimsir sin
iad do chur i sgríbhinn. An comhshiubhal ba
dhéidheanaighe dhíobh, .i. an ceann do bhí aca
sa mbliadhain 1603, 'sé an sgéal is fearr
eolas aca ar fad, agus go bhfuil cur síos
ann ar gach aon áit díobh go mion. Sin é
an fáth go n-innsim-se anois é.
"Marcaigheacht do rinneadh ar Saoir-
seanntaibh agus líobartaíbh Bhaile Átha
Cliath, do réir an tsean-ghnáis, agus iad
siubhalta le déidheanaighe i mbliadhain
mhéireachta Sir Seón Tirial, .i. 1603 d'aois
ár dTighearna, mar atá: —
Ar dtús, i n-ainm Dé, d'imthigh an Méire,
na Sirriaim, an Sgríbhneoir agus na Sinnsir,
agus thugadar a mbóthar ortha ag marcaigh-
eacht tré Gheata an Dama agus suas le trí
chéad marcach nó os a chionn de chathruigh-
theoiríbh Bhaile Átha Cliath le n-a gcois. Fá
cheann tamaillín do iompuigheadar idir
Muileann an Dama agus fallaí na cathrach
agus mar sin dóibh síos go bruach Abhann
Life nó go dtugadar aghaidh soir go díreach
ar an Rinn, agus as soin do chuadar go
dtí na Clárada agus an Poll Beag agus
as sain arís go Rinn na bhFaoileann ar a
nglaodhaid dream do mhuinntir Bhaile Átha
Cliath Bun an Bharra. Do séideadh an
buabhall anois agus tháinig an chuideachta i
gceann a chéile, agus ag leanamhaint luirg
a sean agus a sinnsear dóibh do glaodhadh
ar Risteárd Mac Síomoinn, duine de na
báirseoiríbh, agus do horduigheadh dó dul
ar marcaigheacht chomh fada soir agus thioc-
fadh leis isteach ins an bhfairrge, mar do bhí
an trághadh ann an uair sin, agus sleagh do
chaitheamh fad a urchair ins an bhfairrge.
Do rinne sé amhlaidh, agus a fhad sain a
théidh saoirseannta na taoibhe theas de'n
abhainn agus de chaladhphort Inbhir Life.
Annsain, do thugadar a mbóthar ortha, ag
dul ó dheas comh díreach & tháinig leó, go
dtí an Chloch Dhubh do nglaodhtar anois uirthi
an Charraig Dhub, atá ar aghaidh na háite i
mbíonn cúirt ar siubhal ag Sirriamaibh
Bhaile Átha Cliath ar an dtalamh atá ar an
dtaobh thiar de Bhaile Nua na Trágha. Do
séideadh an buabhall anois & do tháinig an
chuideachta i gceann a chéile agus do chuadar
siar ar marcaigheacht ar fhad an bhóthair
mhóir go Séipéal Mhuirbhthean. Do séideadh
an buabhall annso agus do tháinig an
chuideachta i gceann a chéile agus do
chuireadar a gcomhairle fá chéile i dtaobh
an bhóthair dob' ionbhuailte dhóibh ann, agus
'sí comhairle ar ar chinneadar dul ar
thórainn féir agus acra talmhan d'fhágbháil
idir iad féin agus Séipéal Mhuirbhthean, ó
thárla go n-abairthí an t-am sain gur chuid
de thalamh Réabóige an t-acra sain. Mar
sin dóibh tamaillín siar go ceann na
teórann gur iompuigheadar ó thuaid fá
dhéin na hasgaille [atá i dtaobh] thiar theas
de chloidhe ubhallghuirt Mhuirbhthean, mar
dubhairt sinnsir na cathrach go dtéidís trís
an asgaill sin i n-allód. Acht anois, ó
thárla go raibh an asgall chéadna 'na fál
bhreagh láidir agus í tiugh reamhar le
crannaibh agus le droighneánaibh, agus gur
leasg leó bearna do dhéanamh ann, do
bhrígh gur thionónta ag an gCathair, .i. Sir
Tomás Mac Uilliam, do bhí 'na chomhnuidhe
annsúd, do chuadar tamaillín do leathtaoibh
na láimhe clé trís an gceann ba ghoire dhóibh
den pháirc agus d'ionntuigheadar annsoin
ar an láimh dheis ag déanamh ar chloidhe
teorann 'n-a raibh saileacha dubha agus
sgeacha ag fás 'na mhullach. Siar leo
annsain gur fhágadar an cloidhe sin ar an
láimh dheis go dtángadar go Tobar Mhuire
mar ar stadadar. Do séideadh an buabhall
annsoin, agus do chuadar as soin síos ar
theorainn ghirr & siar ó thuaidh go dtí an
pháirc fá n-a bhun soin. Mar sin dóibh
trasna na páirce go tórainn bhreagh leathain
taobh thiar thuaidh di sin, agus ar fhad na
teorann soin go geata Chúirte an Smotaigh,
ag marcaigheacht i bhfíor-aice do'nghort le
taoibh na faithche úd go dtí an Bhearna
Dhearg agus mar sin dóibh ó dheas chun na
roinne ba shia uatha den bhfaithche i bhfogus do
thalamh Réabóige. D'iompuigheadar siar
annsain agus do thugadar aghaidh ar phóna
mhuilinn Dhomhnaigh Broc i n-Abhainn Dóthair.
Agus do bhrígh nár bh' intsiubhalta dhóibh an t-áth
agus a dhoimhne bhí an abha, do thionntuigh-
eadar taobh ó thuaidh tamaillín ar fhad
locháin an mhuilinn do bhí ar thalamh Dhomhnaigh
Broc agus tríd sin. D'ionntuigheadar
taobh ó dheas annsoin ar fhad locháin an
mhuilinn ar thalamh Dhomhnaigh Broc an
fhaid a threoruigh sé i n-aice Dhroichid
Chluana Sgiach, agus d'iompuigheadar siar
annsain ar theorainn chóir Dhomhnaigh Broc
atá ag roinnt Domhnaigh Broc agus Baile
an Mhuilinn ó n-a chéile, agus do leanadar
ortha dá réir sin ar fhad na teorann dobh'
fhuide uatha de Dhomhnach Broc, ag tabhairt
na láimhe deise d'á raibh de thalamh na háite
sin idir iad féin & an chathair, & iad ag
bualadh ar aghaidh taobh an bhealaigh mhóir a
threoruigheas go Baile Átha Cliath, go
dtángadar chum na teorann ba shia uatha
de thalamh Dhomhnaigh Broc 'san áird thiar.
Annsain do thugadar aghaidh taobh ó thuaidh
ar mhóinfhéar go bhfuil a leath ag baint le
talamh Dhomhnaigh Broc agus chuadar tré
lár an mhóinfhéir sin soir ó thuaidh chum na
hasgaille atá i dtaobh thoir thoir theas de
phreabán talmhan ar a nglaodhtar Cill
Mhuire Cairrgín atá go díreach i bhfíor-ghar
don mbóthar mór a treoruigheas ó Dhomhnach
Broc go Baile Átha Cliath; agus annsoin
do iompuigheadar ar a gcúlaibh agus do
thugadar aghaidh ar an áird thiar thiar thuaidh
agus do chuadar mór-thimcheall an talaimh
úd Chille Muire Cairrgín agus d'fhágadar
ar a láimh dheis é idir iad agus an bóthar
mór adubhramar agus do bhuaileadar amach
ar an mbóthar mór réamhráidhte tré
bhearnain do bhí ar an asgaill thiar de Chill
Mhuire Cairrgín, agus d'imthigheadar ortha
ar fhad an bhóthair mhóir sin comh fada le
Faithche San Stiofán, agus do ghabhadar an
taobh theas de'n bhfaithche agus mar sin dóibh
ar a n-aghaidh go díreach go dtángadar go
Geata Chaoimhghin, agus d'iompuigheadar
taobh ó thuaidh sa lána go dtángadar go
dtí an ceann toir de Lána an Ime. Bhí
bearna annsoin agus isteach leó tríthi, agus
sa lána soin atá sean-chros cloiche, agus
dubharthas go nglaodhtí Cros an Ime ar an
gcrois sin do bhrígh go ndíoltaoi annsoin
an lón ime do thagadh go Baile Átha Cliath
i n-allód ó thóraitnnibh Asgaill Ghall agus
ó Fhearaibh Cualann .i. críoch Ua dTuathail.
Annsoin do chuadar siar go ceann an lána
a threoruigheas ó Shráid Chaoimhghin ar an
dtaobh thoir de Theampall na Sabhaltaire
Naomhta agus trís an lána soin, ag tabháirt
na láimhe clé agus na taoibhe thiar do
Theampall na Sabhaltaire Naomhtha agus
do Chlós Phádraig do dtángadar go sean-
lána bhí i bhfíor-aice dhóibh ar an dtaobh
theas de thigh na mbocht úd do chuir an
Sinnsear Maighistir Risteárd Róinséal
suas le déidheanaighe agus ar an dtaobh
theas de Ubhallghort na Seamsúirí ar a
nglaodhtí do réir na seansgríbhinn Ubhall-
ghort Sir Tomás Sútrabí.
(Ní Críoch).
Tagra.
Baile na nGall, Oxmantown, in its oldest form
Houstmanebi (char. of King John), an Anglo-Norman
spelling of O. Norse Austmannabyr = the town of the
Ostmen (eastmen) or Norsemen. Ostmenstown is
intermediate between that and the present form.
Ceann Droichid, the part of Dublin next Church
Street bridge, on the north side of it.
Druim Chollchoille, Cork Hill, the hill on which
Dublin Castle and the City Hall are built. Cork Hill
is merely a corruption of the latter part Collchoille,
the first ll having become r through the influence of
dissimilation, which always makes a word easier to
pronounce, thus: Colkill, Corkill, Cork Hill. No
doubt this corruption began with the Ostmen, cp.
O. Norse Hlymrek (whence Limerick) from o. Ir.
Luimneck in which we have r from n, which is closely
related to l. It is also possible that "Hill" assisted in
the loss of Druim which would be felt by a bilingual
person to be superfluous in an Anglicised form. Q.
Why have the Corporation Cnoc Corcaighe on the
name plate?
Achadh an Droma, later Sráid Shan Tomás, Thomas
Street.
Droichead Dubhghaill, also called Droichead Átha
Cliath, the bridge at Church Street. It was the first
bridge built over the Liffey.
Geata Chaoimhghin, afterwards translated into Kevin's
Port. It corresponded, as a street name, to Kevin
Street and Camden Street.
Finngheinte, Norwegians, as commonly explained,
lit., fair gentiles.
Duibhgheinte, Danes, lit., dark gentiles.
Amhlaoibh Cuarán mac Sitriucca, Olaf Cuarán
(Oleifr Qvaran), son of Sitric (Sygtryggr).
Ua hÍomhair, the granson of Ivar (Ingvar).
Asculbh nó Asgadal, Hasculf or Asketill.
Innse Orc, the Orkney Islands.
Seaghán Geilt, John Wode, i.e. John the mad.
Muir Meann, the Irish Sea.
Mortáin, Mortain, a place in Normandy.
Cill Mhuir Cairrgín, in later forms Kilmerecare-
gan (1324), Kylmagergan, Kilmagergan, situated
approximately between Leeson Park Avenue and
Upper Leeson Street, i.e. Harryville?
Domhnach Broc, Donnybrook.
Dóthair, River Dodder; also Abhainn Dóthair (pron.
aidhin dóthair); an older gen. was Dothra, but this was
sometimes nom.
Seosamh Laoide.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11