Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XVI.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XVI.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seán Ó Gadhra, File — XVI.



20.



Sidé an chéad adhmud eile i leabhar
Ruaidhrí Mhic Dhiarmada. Is cosmhail gur
freagradh é a chuir Seán ag triall ar
dhuine éigin eile — ar "amas óigfhir chaoin".
Giota deas taitneamhach is eadh é ar shon
go bhfuil an file ag maoidheamh as a ghaisce
agus as a fhoghluim féin. Tá féith ana-láidir
filidheachta á nochtadh féin dúinn ann; féith
a chuireann Seán ar áireamh na bhfilidhe a
b'fhearr ón Iarthar. 'N-a fhochair sin is
féidir a thabhairt fé ndeara san amhrán so
go raibh Seán i n-a fhear léigheanta, go
bhfuair tabhairt suas fóghanta, agus nár
ghábhadh dhó ceann fé pé áit n-a mbeadh sé.
Chuir Ruaidhrí "Mr. Gadhra" fé n-a bhun so
'n-a leabhar á chur i gcéill gur bh'é Seán
Ó Gadhra a cheap é. Níor chuir sé teideal
air.



-



Beir Scéla, a Theachtaire.



Beir scéla, a theachtaire, ar amaz an
óigfhir chaoin,
Nach féidir Flaithios a thagra le glór
gan caoi;
Gurab éigin peacadh do seachnadh, mar
d'órduigh Críost,
Do réir na n-aitheanta i gcartachaibh
móra an dlíghe.



Do thréigeas aiceacht na malairt, an
óige bhaoth;
Ós léi do mealladh na fearchoin ba
bheódha i dtír:
Féachtar Aicil is Eachtor na slógh mac
Phrím,
Caesar is Alasdrun, do smachtuigh go
leór dhen tsaoghal.


L. 348


Céile chealgach charthannach cheólmhar
chaoin;
Méirdreach mhalairteach mhaiseach mhear
mhórdha mhín,
Léimneach leabharchas leathanbhras lógh-
mhar Lí,
Bhrégach bhagarthach bharrfhionn bhog bheó-
dha bhaoth.



Fách mar ghlacas a haistear go seól-
ta an ghrian
Ón gcéim sin Airctic go bhaicthear an
pól deas mín;
Gach réalta i bhflaitheas bí sealad i sógh
mar rígh,
Bheir féar is gainne, bheir teasbhach is
reótha arís.



Na céadtha scathmhair ón theagasc i
bhfoghluim bíd
Do réir na leabhar ón bPaidir go
Pórt na Naomh;
Léighim caismeart na ceasta go seól-
ta síos;
Ní tréith mo laidean i bhreagarthaibh
scótuis chaoil.



Gach éácht dar aithris ar Earcuil mhear
Hómer caoch,
Ar Theseus ghasta, 's ar Chastor bheith
beó mar bhíos,
Ar ghréin 's ar Atlas 's ar chathaibh na
slógh san Traoi,
Bhí Béarla is Laidean dá gascairt sa
ló mar mbím.



Dréacht de rannaibh ar amus is comh-
arda faoi,
Do réir gach aiste dar scagadar
eólcha an dlighe;
Na sméara gealaim is daithim an rós
mar dhaol,
An daél mar eala, 's bí Peadar 'n-a
Phól ag díol.



Ar mhéd an tarta bheir Pallas tráth-
nóna arís
Do ghlésfainn baraille raca nó beór
gan díol,
Trénphuirt fhada dá spreagadh 's a
módhanna [fuinn]
Go cléith-chas caismeartach, ceathann-
ach, ceólmhar, caoin.



Léigim tharm, acht sealad, gach spórt
sa tsaoghal,
Na réidh-chnuic fhada dá dtreabhadh
chum eórna bhím;
Is trén 's is tapaidh sa mbranar mó
dhóide síos,
Cídh caél-cheart snasta le peannaibh
mo stróic arís.



Is trén mo thagra ag an mbarra 'mo
chomhairleach dlighe;
Bí Céres bhlasta agus Baccus dhamh
fós 'n-a ndíol;
A sé do ghlan-uisce m'ainm is eo sa
daol,
Is gérghadh ar ailm do smachtaidh na
hóigfhir faoi.



A Dhé na n-aingeal, a Chara na n-ógh 's
na naomh,
Ná léig-se m'anam i bpeacadh go
bhfóiridh díbh;
Do Chré na nAbstol do phearsa, cídh
mór an ghníomh,
'S má thréigeas h'aithne beidh aithreachus
'n-a dheóidh arís.


L. 349


Líne.
1. Ar amas, towards, Amhas, MS.



2. Flaithios a thagra, to pursue or gain heaven.
Teagra, MS.



4. Cartacha, charts, books.



5. Aiceacht na malairte, the changing rule.



6. Fearchoin, warriors. Beódha, spirited; beóga, MS.



7. Aicil, Achilles; Eachtor, Hector, a thoroughly
Irish setting of the name.



11. Leathanbhras, very active; leathan is intensive. Lí,
complexion, gen.sing.



13. Ghlacas, "behold now the sun goes on its journey."



14. Céim, zone, belt. Pós deas, South Pole.



15. Gach rélta, all the stars, every star. Bí .i. bíonn.



16. Gainne, scarcity. Teasbhach is rótha, heat and
frost, summer and winter.



17. I bhfoghluim .i. ag foghluim.



18. Ón bPaidir, from the very beginning to the end.
Pórt, a haven.



19. Léighim síos, I discourse on(?). Caismeart, dis-
putation of the question, logic.



20. Scótus, John Scotus Erigena, summoned from
Ireland by Charles the Bald to translate the
Greek text of the pseudo-Dionysius, is referred
to here.



21. Homer, nom. to aithris.



24. Dá gcascairt (gcoscairt), being slaughtered (!)
Its is pretty certain from this stanza that SEán
was a teacher of the classical languages.



25. Dréacht, a poetical composition. Amas, comharda
two of the requisites of an Irish stanza.



26. Eólcha an dlighe, the learned in laws of versifica-
tion).



27. Daithim, I colour. He must have thought much
of his powers of persuasion.



28. Daithim understood before an Daél. Bí, .i. bíonn,



30. Raca seems to be some sort of drink. Beór, gen.
of beóir (?).



31. There is a word missing in MS. after modhanna,
Cliath a part of the harp.



33. Léigim tharm, I give up.



37. Ag an mbarra, at the bar (?). Comhairleach, a
counsellor.



39. We leave it to the bards to unravel the enigma
hidden in this line and the next.



42. Go bhfóiridh dhíbh, may it suit you.



44. Thréigeas, if I have forsaken Thy Law. Thréigis,
MS.



-



21.



Amhrán grádh is eadh é seo, agus dar
liom go bhfuil sé ar na hamhránaibh is deise
dár chúm Seán. Tá againn annso iarracht
ar shlighe a bhí coitcheanta an taca soin,
agus roimhe sin féin. Somplaí eile is eadh
"Do charas tar aon an Déirdre dheagh-
ghnúiseach" an Chéitinnigh, "A Naoidhe bheag
neartmhar do leathnuigh an ciach fám chlí"
Uí Eóghusa, agus "Mo chlódh ó thárla i ndán
dom mhúirnín féin" Chearbhaill Uí Dhálaigh.
As an saghas so amhráin s+eadh d'fhás an
Aisling, agus ní dócha gur ar mhaithe dhon
teangain Ghaedhilge é. Ní fuláir a admháil
gur dhein dála na tíre a chion chun an Ais-
ling a scaipeadh. Tá an t-amhrán so ar
fagháil ar leathanadh a 66 i leabhar Ruaidhrí
Mhic Dhiarmada, agus, féibh mar ba ghnáthach
leis siúd, chuir sé Mr. Gadhra fá n-a bhun:



Ní Súgach Mise.



Ní súgach mise da guineadh gach lá ag
dul síos,
Is, cé bún mo thinneas, ní thigim gur
sláinte a chríoch;
A chúl-chas mhilis is gile 's is ailne
gnaoi,
Mo shnúdh do mhillis, gur guineadh go
lár mo chroidhe.



A crúbhfholt fighte, do filleadh go sála
síos,
Is dlúithe finne dar cuireadh ar mhnáibh
an tsaoghail,
Gan rúinne tuitim ar imioll i n-áit a
braoidh
Is lugha 's is duibhe 's is giorra 'ná
snáithe caol.



A ciúin-rosc criostail nach dtuitfe
gan cháirde mí,
'S nár mhúscail sise as a dtighthe feadh
ráithe arís;
A gnúis is gile mar nix, is a lár i
ngrís;
An chrú 's an lile is ag cuimeas san
áit seo bhíd.


L. 350


Ag súd mar theinidh a bile 's a bláth-
ghuibín,
'S a cúl-sa is gile 'ná an chuid sin is
bán den aol;
Is cumhang gan giorra do rinne an
Ceárd a píb,
Is úire thruime 's is fuide 'ná lámh gach
laoch.



An lúth-chrobh cliste do sheinneas ar
chlársaigh scaoth,
'S gach músic mhilis dar cumadh o
Ádhamh aríamh;
Do chumhduigh Cupid, mar ionad a
ghárda, a cích,
Nár smúinidh duine go bhfuilid san áit
i mbíd.



Urchorp cnisgheal nár chionntuigh an
grádh do bhaois,
I snúdh 's i ngile 's i ruimhe do sháruigh
ní;
Ní bún an tslighe do dhuine ar bith an
áit seo thríd
Gan lut an churaidh, le dtuiteadh ar áth
gach laoch.



Cúpla rinneadh gan chuisle gan chnáimh
gan bhrígh,
Nach lúthmhar imirce ar leithne na
sráide mí;
A cliú go deimhin, ní'l file ná fáidh sa
tír
Fuair striúr a chumuis go huile len'
áireamh síos.



Gach dúil dar milleadh le hiomad a
grádh san tsaoghal,
Mar rún di furtacht a dtinnis i
sláinte arís;
Medúsa dhi-se go ngeintear i gcáil 's
i ngnaoi;
Conclúsum leigin, ó's mithid go
dtráth-sa scíth.



Tagra.



Líne.



2. Bún, .i. buan. The reader will notice that even
Seán Ó Gadhra confounds ia with í and ua with
ú. This seems to be due to the fact that in the
West the first vowels in these dipthongs are
dwelt on in pronunciation. Thinnis, MS.



3. Cúl-chas, a person having curling hair.



4. Snúdh, .i. snuadh.



5. Fitidh, fiolliodh, sálauibh, MS.



6. Is dlúithe finne, of the fairest beauty; fhinne, MS.



7. Rúinne, ruinne, a hair, rib. Tuitim, .i. ag
tuitim.



9. Mídh, MS.



11. Nix, .i. sneachta. Gríos, red embers.



12. Ag cuimeas, contending.



13. A bile, .i. a béal (?)



15. Is cumhang, As - g(an) giorra, MS. An Ceard,
An Cruthuightheóir, the Creator.



17. An lúth-chrobh, the active hand.



19. Ionad a ghárda, his sentry-station.



20. Nár smúinidh duine, may nobody think.



21. Nár chionntuigh, which never inclined to fo



22. Ruimhe, plumpness; from reamhar.



23. Slighe is here a word of two syllables.



24. Le dtuiteadh, by which heroes were overcome.
Tuitim ar áth, to fall crossing the ford. Per-
haps the correct reading is ágh, success.



26. Imirce, removing, journeying.



28. Stiúir, &rl., the guidance (power) with all his
faculties.



29. Dúil, creature.



30. Mar rún di, let her wish to.



31. Go ngeintear, may there be born. Medúsa, one
of the Gorgons, celebrated for her personal
charms and the beauty of her locks.



32. Go dtráth-sa, henceforth.



-



An tamall im ghlaic do mhair an ghlé-phinginn
Ba ghreannamhar gart, dar leat, mo thréith-se;
Do labharainn laidean gasta is Béarla glic,
'S do thairnginn dais badh chleas ar chléireachaibh.



-



Má bhraitheadar na hAlbanaigh, gan dúil n-a bhás,
Carolus do Shasanaibh ar chonnradh an stáit,
Maithim-se agus maididh-se an chúis sin dáibh
Ó ghlacadar go ceanamhail ár bprionnsa in 'áit.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services