"An rud ná baineann liom bíonn sé ar sileadh liom."
Fuair an aiste seo an chéad duais ar Iomaidheacht
a 7 (a), i nOireachtus bliadhain a 1903. "Faill
Dhomhnaill" .i. Diarmaid Ó Cathasaigh, ó Choláiste
Phádraig i Muigh Nuadhad, a bhuaidh í. Molaimíd thu,
a Dhiarmaid.
Is minic do chonnaicís gan amhrúis sean-
bhacach agus na bailcaisí ar sileadh leis.
Ní gádh a fhiafruighe dhe cia an táilliúr thóg
a thoise. Gabhann an bochtán an bóthar
agus ní shéideann aon ghaoth aniar ná anoir
gan cuardach le cruinneas gac ball dá
bhallaibh beathadh. Measann sé 'na aigne féin
agus measann gach éinne leis gur mó go mór
d'oirfeadh dhó culaith deas a luighfeadh is-
teach go hoireamhnach le n-a chabhail ná na
giobail a caithfidhe chuige pé áit a ngeobhadh
iad. "An rud ná baineann liom, bíonn sé
ar sileadh liom."
Is minic a thug duine fé rud a dhéanamh
gan an t-eólas aige chuige. Teipfidh sé
glan air agus scairtfidh ar na daoinibh 'na
thimcheall. Thabharfaidh sé fé, an t-athuair,
gan a thabhairt le rádh d'éinne go mbeadh
buaidhte air; ní éirigheann sé leis acht go
haindeis mí-shlachtmhar an t-am so acht an
oiread. Tá duine eile do láthair go bhfuil
"eólas a chéirde" aige, agus iarrthar air
an oiread chéadna do dhéanamh. Tugann
seisean fé agus le stuaim is le cruinneas
ní bhfaghann sé de dhuadh ann acht mar a
bheadh duine ag ól tobac. Chíonn an pobal
an bheart agus tugaid siad árd-mholadh
don laoch, agus ar thabhairt strac-fhéachaint
dóibh siar ar an bhfear meathta deirid siad
'na n-aigne féin "an rud ná baineann
liom bíonn sé ar sileadh liom."
Ní hannamh do dhuine gan leogaint dá
bhladaireacht scéitheadh ar a eólas. Tá an
saoghal lán suas de glaigíníbh, a bhíonn ag
trácht ar gach rud fén ngréin; acht cuir-
eadh fear léigheanta ceist ortha agus féach
mar thairngeóidh siad chucha a n-adharca!
Is cuimhin liom fear léigheanta 'ghá aithris
cionnus mar airigh sé duine den aicme úd
lá agus seódh cainte 'ghá dhéanamh aige ag
cur síos ar an leictreachas. Ní raibh an
tarna focal as a bhéal nuair thuig an saol
ná raibh an oiread eólais aige ar an eal-
adhain sin agus bhí ag an bhfear gorm san
Aifric Theas. Ba dheacair leis gan scéith-
eadh air. Níor scéidh acht do rith chuige an
sean-fhocal "an rud ná baineann liom
bíonn sé ar sileadh liom."
Fágann feirmeóir a chuid talmhan, anois
is arís, agus ceannuigheann sí siopa. "Sé
dlighe an tailimh é shaothrughadh acht is beag
air saothrughadh. Ó's tuatach é, ní'l aon
taithighe aige ar shiopaidheacht ná ar na
cleasaibh a bhíonn 'ghá gcleachtadh ag lucht
siopaí. Téidheann gach aon rud trí n-a
chéile air, ní nách iongnadh, agus ní fada go
bhfaghann sé amach go mbadh thairbhighe dhó dá
bhfanfadh sé mar a raibh sé, dá ndéanfadh
sé mar a dhein a athair roimis. Ní'l leabhar
an éilimh i n-eagar agie. Iarann sé fiacha
na scadán ar mhnaoi tighe éigin os comhair
daoine eile. "Ná bíodh peacadh an tomhais
ort" adeir fear glic, agus tugann sé
tuilleadh maith dhó annsan. Deineann sé
suas na birtíní earraidhe go haindeis agus
cromann na páistí ar gháiridhe, mar "an
rud ná baineann liom bíonn sé ar sileadh
liom."
An bhfeacaís riamh duine agus gnó fir
eile ar láimh aige? Féach an imtheacht atá
fé agus an déanamh atá air. Ní gádh a
innsint gur beag atá an gnó soin ag
déanamh buadhartha dhó. Níor mhaith leis
mar obair é, acht ní raibh dul as rud a
dhéanamh ar an bhfear thall. Tá an gnó ag
baint codladh na hoidhche de'n bhfear eile
agus is dóigh leis nách fuláir nó tá an
galar céadna ar a theachtaire. Tá breall
ar ámhthach, mar chíonn an saoghal má bhír ag
braith ar an bhfear thall chun do ghnó a
dhéanamh go mbeidh an gnó soin díreach mar
bheadh sean-cheirt ar sileadh leis.
Tá adhbhar grinn ar gach taobh dhínn acht is
baoghalach go mbíonn an greann caillte ar
a lán daoine. Ba dheacair aon nídh
d'fhagháil a bhuadhfadh ar spreallairín ag
déanamh a chroidhe díchill chum brat na
huaisleachta do chur uime. Bailigheann fo-
dhuine anois is arís roinnt airgid agus ní
túisce soin 'ná siúd é ag déanamh aithris
ar nósaibh is ar bhéasaibh go mb'fhéidir go
bhfeacaidh sé 'ghá gcleachtadh ag duin' uasal
éigint iad. Ritheann sé i ndiaidh lucht an
airgid agus an tabhairt suas agus ní beag
de sheódh dá bhárr é. Ní bhíonn greann i
n-easnamh orainn mar ní féidir gan an
duthchas do bhriseadh amach ann in' aimhdheoin;
agus deineann an fear bocht fíoradh ar an
sean-fhocal: "an rud ná baineann liom
bíonn sé ar sileadh liom."
Acht dá mbeifidhe ag caint go lá an
Réitigh ní tuigfidhe i gceart brígh an tsean-
fhocail muna mbeadh ceist na dteangthacha.
Oireann sé le fíor-chruinneas do dhuine a
chaitheann a theanga féin uaidh agus a
chromainn ar theangain iasachta do labhairt.
Ní éireóghthá tuirseach de Fhranncach ag tabh-
airt dian-iarrachta ar chúpla focal de'n
tSacs-Bhéarla do chur i ndiaidh a chéile.
Mara mbeadh agat acht aon gháire amháin,
ní fhéadfá é choimeád istigh ag éisteacht le
Gearmánach ag tabhairt fe'n fhuaim chirt do
chur ar fhocalaibh Béarla go bhfuil an leitir
"R" 'na gceart-lár nó 'na n-erball. Tá
breall ar an té a shílfeadh go n-oirfeadh
teanga iasachta do dhuine chomh maith leis
an dteangain a cheap Dia féin dó. Aithris-
tear gur mhair Gearmánach áirithe ann suim
bliadhanta ó shoin. Do thréig sé a tír is a
theanga agus do chuir fé i bPáiris. Ba
dhóigh leis go ndéanfadh dlúth-charadas leis
na saoithibh i bPáiris agus gnáth-labhairt na
Frainncise í bheith aige chomh ceólmhar agus
bhí sí ag aon Fhranncach aca. Cionnus
d'éirigh leis? D'éirigh gur minic a bhíodh
lúb-ar-lár 'na chaint a chuireadh garsúin
na bpáipéar ar scairteadh gáiridhe. Bhí an
Fhrainncis ar sileadh leis.
Agus má's mar sin atá an scéal ag na
teangthachaibh go bhfuil gaol gairid eatortha
cad badh chóir a thabhairt ar an nGaedheal
agus saothar an domhain air ag cleachtadh
an Bhéarla — creatúirín an-leice iol-dathach
de theangain a rugadh cúpla céad bliadhain
ó shoin, agus atá chómh fada ó n-a theangain
ársa bhinn-bhriathraigh féin agus tá an réilthín
ón mbán. Féach ar na páipéaraibh suilt!
Pádruig agus a Bhéarla briste! Bítear
ag cnáid fé Phádruig i ngach crích, agus ní
hé a mhalairt atá tuillte aige, agus druim
láimhe thabhairt leis an nGaedhilg. Bíonn an
Béarla crochta 'na bhéal. Cuireann an
chaochshrónaighe barraicín deas ar an scéal,
agus oireann an sean-fhocal dó ó thalamh:
"An rud ná baineann liom bíonn sé ar
sileadh liom."
FAILL DHOMHNAILL.
-
Sé fichid spéir-bhruinneal bhláth-úrlach
Shaor-shingil mhaordha oinigh mnámhail mhúirneach
Gan éibirt an éadaigh re scáthaghadh a gcuirp
Chun an té chuir ag béicigh na mná chugham-sa.
-
Muna bhfuil mo chreideamh cóir,
Ar thaobh an óir is mé is lia;
Is duine dona atá mar atáim,
Gan an saoghal im láimh ná Dia.
-
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11