Freagra an "Liúdaidhe Óig".
A Thórna, a Ridire na Bachaille, innis do 
lucht na mbreath do thabhairt ná fuilim 
buidheach dhíobh.  Thug beirt Chláirinneach 
fém chuid "aistidheachta" agus níorbh fholáir 
le sna "hiománuidhthe ar an gcloidhe" a 
mí-fhoirtiúin duaise do roinnt ar an ndís. 
D'fhág sin orm freagra thabhairt ar chúpla 
scafairí, agus díol fir i gceachtar aca. 
Bíodh aca.  Thugas fiadh agus fiolar ná 
deaghas riamh i ndiaidh mo chúil agus ní 
bhfaghainn ionnam fhéin an lá leigint leó. 
Nár dhóich le duine ortha go raibh cúis 
ghearáin age sna Chláirinnigh orm!  Ní cuimhin 
liom gur dheineas éin-nídh as an tslighe ar 
aon Chláirinneach beo (?).  Bhínn-se ana 
cheanamhail ar dhuine aca agus níl cur síos 
ná innsint scéil ar an aoibhneas a gheibhim 
as dréachtaibh Bhriain éigin Mhic Giolla 
Mheidhre as Conndae an Chláir.  Dáiríribh 
anois.  Dá mbéinn-se im bhreitheamh agus 
aistí Thomáis is "Donn na Daibhche" le 
scrúdughadh agam, ní bheadh aon bhlúirín 
mearthail orm cé gheóbhadh an duais.  Mhol-
fainn an duais do "Dhonn na Daibhche" 
gan aon agó, ós follus go bhfuil machtnamh 
déanta aige ar chúrsaíbh úr-chluichidheachta. 
Níl de thuiscint age Tomás ortha acht 
oiread is tá agam-sa ar shreathannaibh Rígh 
Shasana.  Bhaineas a lán suilt as "tagra" 
Thomáis.  Mar mhagadh bhí sé ó thúis deir-
eadh acht bhí Gaedhilg ghleóite agus flúirse 
grinn i n-a aiste.  "Ní fiú liom freagra 
freastail do thabhairt air."  Fear grinn 
ceart iseadh Tomás, agus racaire cliste 
leis, agus dá chomhartha soin fhéin, nach deas 
an "tagra" do fríth uaidh ar cheist nár 
thuig sé. 
Táim-se beagnach ar aon intinn le 
"Donn na Daibhche" san méid adubhairt sé 
i dtaoibh úr-chluichí.  Ní ghéillfinn dá 
thuairim i dtaobh na Gaedhilge ámhach.  Deir 
sé gur cirte "i gcaitheamh na céad míre" 
ná "i gcaitheamh an chéad mhíre."  Ar airigh 
éinne riamh a leithéid?  Cuirfad-sa geall 
le "Donn na Daibhche" nár chualaidh sé 
"scéal na céad mná" as béal Gaedhilg-
eóra ar feadh a shaoghail, i n-ionad "scéal 
an chéad mhná."  "An chéad," "an tarna," 
adeirtear i gcomhnuidhe is cuma caidé an 
focal a bheadh na ndiaidh. 
Dubhart-sa gur ceart do scríbhneóir 
"eachtra do thuit amach" a tharrac chuige 
mar adhbhar úr-chluiche.  "Eachtra dh'fhéad-
fadh a thuitim amach" a déarfadh "Donn". 
Siné mheasas a rádh leis.  Tá an ceart ag 
"Donn" san méid sin. 
Tá an oiread soin le rádh agam i dtaobh 
na "nGréagach" agus na "Spáinneach" 
ná faghainn de shlighe é rádh i nIRIS-
LEABHAR an mhí seo.  Tabharfad fé arís, 
le congnamh Dé agus b'fhéidir go raghadh ár 
ndíospóireacht chun tairbhe do scríbhneóiríbh 
eile.  Ní raibh uaim acht daoine chur ag 
machtnamh agus is follus gur éirigh liom. 
LIÚDAIDHE ÓG.
            
                   
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11