Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clódhanna Nua.

Title
Clódhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLÓDHANNA NUA.



Ní gábha SÉADNA a mholadh do léightheóiríbh an
pháipéir seo. Tá sé le fagháil anois fé chlúdach
pháipéir righin ar dhá scilling. Ní dheinimíd amhrus
de ná go bhfuil an leabhar mór cheana féin ag urmhór
dár gcáirdibh; acht an duine gur mhór leis trí is
réal a thabhairt air, ní dócha go gcreachfaidh an dá
scilling é — anois, go háirithe, nuair a chuimhnighmíd
ar an leabhar atá ann agus an mhaith atá déanta
aige thoir, thiar, thall, agus theas chun deagh-Ghaedhilg
na ndaoine a chur i dtuigsint do chách. Is maith linn
a fheicsint go bhfuil an chéad tabhairt amach den
leabhar mór imthighthe beagnach. Tabharfar amach don
ath-uair é arís, is beidh sé ar fagháil i gcomh-
nuidhe ar a trí is réal. Bíodh Séadna ag gach duine
de léightheóiríbh an IRISLEABHAIR. Cuiridís fhiachaibh
ar a lucht aitheantuis é bheith aca. 'Sé an máighistir
Gaedhilge is fearr a bhí riamh ag duine é.



Cuireann an trácht so ar Shéadna i gcuimhne dhúinn
go bhfuil againn fé dheóidh MADRA NA nOCHT gCOS,
an scéal breagh úd gur loit Síle Bheag é le n-a cuid
liúighrighe. Mara bhfuair Cáit ná Gobnait ná an chuid
eile aca deire scéal an Mhadraidh, beidh sé go hiom-
lán aca súd agus ag cách feasta, agus soin i
gcainnt shnasta shnuidhte "Shéadna" fhéin. 'Seadh
anois, bíth ná beidh Síle ag gol d'uireasbhaidh
scéalta. Tá chúig cinn de scéaltaibh ó Bhaile Mhúirne


L. 336


sa leabhar so, agus gach scéal aca "ag breith barr
na háille ó chéile." Fuaradar an tarna duais sa
tSean-scéaluidheacht ar Oireachtus bliadhna a 1901.
Tá an leabhar so fé eagar ag an Laoideach, agus
dhein sé a ghnó go cúramach is go beacht féibh mar is
gnáthach leis. Scilling, glan, fiacha an leabhair seo,
agus is maith is fiú an méid sin é.



Fuaireamar an lá fé dheireadh an tarna cuid de
STAIR-CHEACHTA Eoghain Uí Neachtain. Tá tráchttha
ag Eoghan annso ar a lán rudaí a thuit amach i
nÉirinn ó aimsir Thuatha Dé Danann go dtí briseadh
Bheann Borb, agus soin go léir i nGaedhilg chanta
nádúrtha. Molaimíd thú, a Eóghain, is nár gheibhir bás
go mbeidh do leabhar de ghlan-mheabhair ag Clannaibh
Gaedheal. Táid na pictiúirí go háluinn an iarracht
so. Do sháruigh an Fágánach é féin annso, agus, de
réir an fhuadar atá fé, is gearr go mbeifar ag
teacht thar sáile 'ghá lorg. Scilling, glan, fiacha an
leabhair seo leis. Is baoghlach go bhfuil an iomad
annsoin do leanbhaí scoile. "'N-a gcóir" súd do
scríobhadh an leabhar, agus cad do bheir sinn ag
éileamh air rud ná faighfar? Ní haon leath-scéal a
rádh gur fiú an méid sin an leabhar. Tá's ag an
saoghal gur fiú. Acht ar an dtaobh eile dhen gceist,
tá an t-airgead gann i ndúithchíbh na Gaedhilge, mara
ndéanfadh leabhair den tsórd so feidhm.



Seo chughainn an trímhadh cuid d'ANNÁLA NA
TUATHA .i. trí cinn de scéaltaibh beaga ó láimh
Ghruagach an Tobair. Is beag duine ar ár scríbh-
neóiríbh is fearr 'ná an Gruagach chun scéal d'inn-
sint, agus is iongnadh linn gan a leithéidí uaidh
nísa mhinicí. Tá's againn go mbíonn sé bruideamhail
i bhfeidhil an Tobair; acht, mar sin féin, do b'fhéidir
leis ár gcathughadh a leigheas an fhaid do bhíd na
beacha ag bailiughchán. Is measa na hAnnála so 'ná
an t-ólachán. Deirtar go mbailigheann tart tart.
Máiseadh tá tart do-mhúchta orainn go léir chun a
thuilleadh de sna hAnnálaibh seo, agus mara bhfagh-
am iad is baoghalach don Tobar. Déanfar Spá
ghátair (nó Spa water) dhe. Ní mhaithfam go bráth do
Dheamhan beag an Chlódóra i dtaobh an dearmaid a
dhein ar leathanach a ceathar déag, líne a 11. Cadé
an bhrígh atá le "duine eile" annsoin, fiafraighmíd-
na dhe? A Ghruagaigh na n-árann, is truagh linn 's is
náireach, ó luaidhir-se na sáir-fhir do ghluaisfadh sa
bhearnain, a dtuairisc nár fhágais sa mhuar-ionad
áluinn 'n-a bhfuairis a gcáile. Leath-réal fiacha an
leabhrín seo. Tá tagra an-áiseamhail i ndeireadh an
leabhair i gcóir daoine ná fuil ró-oilte ar an
nGaedhilg, is go háirithe ar Gaedhilg bhríoghmhair an
Ghruagaigh. Tuilleann sé árd-cheannach a bheith air sa
tuaith. Is ann is fearr a thuigfar na scéalta.



Chuir Micheál Ua Flainn a SHEANCHUS ag triall
orainn, agus go deimhin is fiú é Seanchus a thabhairt
air, mar is beag rud fé luighe na gréine ná bíonn
pas seanchuis ag Micheál is agá bhuidhin air. Do
b'árd-mhaith an congnamh an leabhar so do mhúinteóir
a bheadh ag claoidhe le leabhraibh Uí Ghramhnaigh.
Múinteóir cliste is eadh Micheál, is tuigeann sé go
maith cá mbíd na féitheanna is na thuinneacha báithte i
gcúrsaíbh foghluma na Gaedhilge. Dhá cheann aca súd,
gan aon mhearaidhe, iseadh "is" agus "tá". Tá
cleachtadh maith déanta ortha súd sa tSeanchus so.
Tá súil againn go mbeidh an leabhar so feasta ag
gach múinteóir Gaedhilge i nÉirinn. Réal, a fhiacha.
Is féidir é fhagháil ó'n People Printing Works, i Loch
gCarmain.



Do cuireadh ag triall orainn "The Facts and
Principles of Irish Nationality". Éireannaigh Éigin a
scríbh é. Is maith an comhartha go bhfuiltar ag aigh-
neas is ag caitheamh i ndiaidh fineachuis na hÉireann.
Chítar dúinn go bhfuil a filleadh dár gcéill is dár
n-onóir dhúthchuis, rud do scaoileamair uainn go
bog os cionn céad bliadhan ó shoin. Ní dhéanfar
puinn go dtí go mbeidh eólus beacht ar Stair na
hÉireann ag Gaedhlaibh go fóirleathan. 'Sé an
t-eólus a chuireann blas ar an ngníomh. Ní gear-
ánta ar an eólus atá ag lucht scríobhtha an leabhair
seo ar Stair na hÉireann. Réal a fhiacha.



Do cuireadh ag triall orainn uimhir nua den
Shanachie. Tiocfaidh sé amach uair sa ráithche feasta.
Tá roinnt rudaí deasa ann, acht ní aontuighmíd le
n-a lán dá chainnt. Is oth linn é fheicsint gan
Ghaedhilg an iarracht so, acht ní fuláir nó socróghfar
soin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services