Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XV.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XV.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seán Ó Gadhra, File. — XV.



18.



Tá an giota beag so againn á chur i
gcló dhon iarracht so. Ar leathanach a 62
de leabhar Ruaidhrí Mhic Diarmada do
fuarthas é. Tá S. Mc. D. fá bhun an chéad
rainn, agus siad-san cinn-leitreacha ainm
is sloinnidh an duine do cheap an rann —
fear de mhuinntir Mhic Dhiarmada, b'éidir.
Deallruigheann sé gur ceist a chuir sé ag
triall ar Sheán Ó Gadhra, acht ba mhaith an
díol ar Sheán a leigheas a chur i n-umhail
dó. Cá bhfuil na filidhe d'fheadfadh
cuimhneamh ar a leithéid anois? Is minic a
bhímíd á cheapadh gur baoghlach go bhfuil
seana-chiúta na filidheachta imthighthe thar
fóir. Guidhmís go bhfillfeadh arís.



CHUIR TAIDHBHRE MÉ.



Chuir taidhbhre mé i n-amhgar aréir dom
chrádh,
Is dá hannsacht ní'l amhras nach n-ég-
fuidh tráth;
An bantracht rug deallradh a sgéimh
tar mhnáibh
Fádh bhalsuim gan ainbhfios do leighios
mo chneádh.



S. Mc. D.



FREAGRA SHEÁIN UÍ GHADHRA.



5. Aithnidh dhamh-sa gan amhrus an pérla
mná
Do scannruigh do leannta do chéim
an bháis;
Plannda beag geanmnuidhe na mbaéth-
chocán
De bhantracht na hEamhna, mar
Dhéirdre, lá.



Mall-ruisc ar dheallradh na gréine i
gcáil,
Is do bheir balsuim a labhra na cédtha
slán;
Taoi ball den elephanta 'n-a déd mar
bhláth,
Gan allta gan aidhbhse gan bhéim gan áird.



Bí deallradh gan amhgar 'n-a haél-tor
brághad
Do mheallfadh neach feardha dhá naémhtha
tásc;
Is na seang-chnuic gan aibhse n'n-a taébh
atá,
Dar leam-sa gan amhrus, ní léar a
mbárr.



Taoi rabhra na mbeann-chrot i bhféidhm
a lámh,
Cíodh thairngeas daimh allta 'na- grés
go bláith;
Is fann lag an plannda gach méar ag
fás,
Cíodh cheanglas i slabhra gach baéth-
mhacámh.



A seang-chorp gan an-toil, is séimhe
d'fhás
Os gleannta nach labhraim go hég a
gcáil;
Gach aimsir is fann leat a bhéis 'do
dháil,
Is 'n-a teannta taoi balsuim do
chréachta ghradh.



25. Is dearscnaidh gan amhrus do shnaédhm
an Ceard
Gach ball di gan ainmhe, ó thaébh go
sáil;
Ní'l sean-reacht ná ainbhreith na Féinne
áird'
Fád fhaill dheas, is daingnigh leat féin
a páirt.

Ná sanntuigh an saidhbhreas ná an
scéim amháin;
30. Ná plannda beag crannda, ná baéth-
mhacámh;
'S is scannrach an fhailmhe go léir, a
ghrádh,
Má cheanglair bí an an slabhra ag an
méin is fearr.



Bíodh leannta agus damhsa maraon
'n-a dáil,
Is na caintidh 'n-a teannta acht ar
théxa ghrádh;
35. Tairbhir go feardha na céada páx;
Is dearbhaim, má's faill dhuit, go
mbéir-se slán.


L. 333


19.



Nach iongantach an feabhus a thagadh ar
fhilidhibh na Gaedhilge nuair a bhídís ag cur
síos ar scéimh mhná óige. Mara mbeadh
"an Spéirbhean," ní dócha go mbeadh a
leath-oiread filidheachta againn is atá. Tá
cuid den fhilidheacht so gan bheith ar fheabhas
acht ná bíodh a mhilleán soin ar an mBan-
tracht. Bhí na filidhe ró-thugaithe do
dhéanamh aithris ar a chéile, is d'fhág soin an
breall ar a lán aca. An uair is mó
an spórt seadh is cóir stad de. Nuair a
bhí deireadh ráidhte ag na filidhibh ar scéimh
na mban, dá mb'áil leó stad annsoin níor
bh'fhéidir locht d'fhagháil ortha.



Do fuarthas an giota so ar leathanach a
63 de leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada. Tá
"Mr. Gádhra" aige fá bhun na duaineóige
seo féibh mar is gnáthach aige fá gach nídh
de chuid Sheáin sa leabhar.


L. 334


IS BUIDHE-CHAS BACHLACH.



Is buidhe-chas bachlach an falach a córn-
fholt dlúith;
A braoithe tana, 's a leaca gan chlódh
sa dún;
Is righin a dearca nach glaise dhuit
deór den drúcht,
'S a grís-ghob meala do chanas an
glór go ciúin.



A píb mar eala nár cheangail i seód-
aibh dúil,
'S a cích mar shneachta, nach bhfacas-sa
pór is lugha;
Is mín a glaca cíodh fada 'n-a meóir
ar lúith,
Is síthbhra fhalcmhar a ghaideas a gceólta
rúin.



Maoth-chorp cailce, nach tana 's nach
mór a chlú,
Gach taobh dhe seachtair go rachadh mo
dhórn go dlúith;
An ríogan mhaiseach dhá dtugas go
leór mo dhúil,
Is fíor-chat-mhara nach ndeachas 'n-a
heólus súd.



Ní'l gnaoi ar easnacha ar alta ná fós
ar ghlún'
Ná ar throighthe tana, má meastar go
cóir an chúis,
Nach daoire a maise 'ná chanas mo
ghlórtha súd;
Is fínit agad, ná hathruigh go deó mo
dhúil.



AN RANN:



A spéirbhean úd na gcrúbfholt bhfáin-
neach dtais,
'S a dhéidghil dhlúith mar chubhar ar
sáile ag teacht,
Má thréigir dhamh-sa cúis mo pháirte
leat
Valeto ar tús ní thú chuir an báire
amach.



Tagra.



1. Falach, .i. folach, covering. Cornfholt, .i.
carn-fholt, the hair tied up.



2. Clódh, the act of overcoming. Dún, probably for
domhan; "one to beat it cannot be found in the
world."



3. Nach glaise dhuit, it is not more sparkling (for
you).



4. Grís-ghob meala, a honey red mouth. Gríos, re
embers.



5. Nar cheangail, which did not fix its desire in
jewels.



6. Nach bhfacas-sa, where I have not seen the least
stain; pór, a crack, crevice.



7. Cíodh fada, though long her fingers and active;
lit. in her finger.



8. "It is a pampered sprite, which steals their
choicest airs." Díthbhruith alcmhuir, MS.



9. Nach tana (é), how slender.



10. Seachtair, respectively, independently.



12. Is fíor-chat-mhara, a great piece of ill-luck. N-a
heólus, make her acquaintance.



13. Gnaoi, shape, make, beauty. Easnacha, ribs, the
body. Alta, ankles.



14. Má meastar, if one look properly into the mat-
ter.



15. "But their grace is less than I make hers."



17. Crúbfholt, branching hair (? craobhfholt).



Ag tagairt do Chaoineadh Mhic Pilib deir an
tAthair Seaghán Mac Diarmada i leitir a chuir sé
chugainn: "I must direct your attention to a note you
give on the burial place of Mac Pilib, Baile an
Dumha. That place is not to be confounded with
Baile an Dúin (Ballindoon) which you have correctly
described. This latter is always spelled Baile an
Dúin in the "Annals of Loch Cé," and never Baile an
Dumha." Badh mhaith linn a thuilleadh eóluis d'fhagháil
ar an gceist seo.





Cuir do shúil don chrú badh chóir dhuit
D'éis tSaerbhreathaigh éachtaigh do leónadh
Mo chrann bagair ar Ghallaibh na Fódla
Mo churadh caomh mo laoch mo leógan.





Cím-se is ní fheicir-se,
'S is goire duit-se 'ná dhamh-sa é.
Do shrón.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services