Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tagradh ar "Aistigheacht."

Title
Tagradh ar "Aistigheacht."
Author(s)
Ó hÓnáin, Tomás, Donn na Daibhche.
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Tagradh ar "Aistigheacht".



I.



Deireann "Liúdaidhe Óg" gur "follus
do chách ná fuil líomhthacht ná clistacht ná
deagh-labarthacht" aige: acht is ró-mhór is
baoghal liom nách gcreideann sé féin an
teist seo a thugann sé air féin. Pé ar bith
é, is deimhneach nách gcreideann éinne eile
a bhfuil eólas aige ar a aicillidheacht i noch-
tadh smaointe gur fíor so, óir is baramhail
liom gurab é tuairim cháich a léigheann a
chuid siúd briathar pinn nach mór scríobhnóir
ar mharthain d'fhéadfadh Gaedhilg níos
líomhtha, níos cliste, is níos briocht-shnuighthe
'ná saothar an "Liúdaidhe" céadna so a
chur de. Go deimhin, má tá locht ar domhan
ar a scríobhnóireacht, is amhlaidh go bhfuil
sí ró-urlabharthach, ró-ghreanta, is b'fhéidir
an iomarca de bholadh na leabhar is na
ngramadach innti.



Faghann sé locht ar an bhfocal úd,
"dráma," is aontuighim-se leis annso, óir
is léir nách bhfuil ann acht lom an Bhéarla.
Deir sé, ámhthach, "nuair a bhíonn guth ar
ghach taobh de'n "m" ní mór an chéad ghuth do
ghiorrughadh." Anois, féach ar na foclaibh seo:
"máma," "ríméad," "fámaire," "súmaire,"
"súmóid," "sómas," "plámás," &c. Tá
guth ar ghach taobh de'n "m" i ngach focal
díobh so, is ní heolach dam go bhfuil an
chéad ghuth díobh giorruighthe i gcor ar bith.
Ní beacht gur feas dom ciaca "Aistidheacht"
nó "Cluiche" chuirfeadh sé i n-ionad
"Dráma," mar deir sé "Cluiche" = play,
a's "Aistidheacht" = dramatic composition.
A bh'feadar éinne cé'n deifridheacht atá
idir "play" a's "dramatic composition"?
Sér'd is glan-Bhéarla do "Cluiche" ná
game; a's maidir le "húr-chluiche," sé


L. 315


chuirfeadh i dtuigsint do duine ná new or
original game. Ar an ádhbhar san nár
bh'oireamhnaighe "Cluich'-aiste" nó "Cleas-
aiste" thabhairt ar "play"? A's badh
snuighte an focal "Aistidhe" ar actor.



Tugann sé comhairle chiallmhar uaidh —
nách bhféadfadh éinne cur 'n-a choinne —
nuair a deireann go mbadh cheart do ghach
duine thabharfadh fé chleas-aiste do
scríobhadh, togha eólais do bheith aige ar
a chéird, is a bheith lán-oilte ar ghach nídh
a bhaineann le hamharclann, le léiriughadh
cluiche, &c. Deir sé, "níor cheart go
mbeadh fó-scéalta 'san úr-chluiche ná bain-
eann le na bhun-chúis." Ní fheicim i n-aon-
chor, cad chuige seo. Ní dóigh liom go
ndéanfadh beagán fó-scéal is fo-chleas-
aidheacht — bheadh toghtha le géar-ghliocas — #
pioc dochair ná díoghbhála d'úr-chluiche, acht
measaim gurab amhlaidh mhéideóghadh sé
spéis an phobail innti. Ambasa, sílim gur
beag úr-chluiche nó "cleas-aiste" léirigh-
tear i n-aon teangain, nách mbíonn fó-
scéalta is goithidhe ann nách bhfuil aon
dlúth-bhaint aca le príomh-ádhbhar scéil an
chluiche.



Is baoghal liom gur tearc Gaedhilgeóir
coitcheann do thuigfadh an focal úd "eibear"
(denouement). Ní fheadar cá'r sholáthair
sé é. Ní'l sé i bhfoclóir Uí Dhuinnín; acht
tá "eibir" (a report, a calumny, topo-
graphy) ann. Ba dhóigh liom go mb'oireamh-
naighe, "rinn-iongnadh," "léir-iongnadh,"
"bárr-spéise," nó focal éigin mar sin a
mbeadh blas Gaedhilge air. Agus i dtaobh
an fhocail "mír" (act), nár bh'oireamhnaighe,
so-thuigsionta, i bhfad an focal, "gníomh"?
Mheasfainn go bhfuil sé ró dhian-chúiseach
is ró-dhíoghraiseach nuair a deireann sé nách
bhfuil "blúire maitheasa i mbriarthaibh dá
líomhthacht ná i gcleasaidheacht dá chlisteacht
mara mbainid le bun-chúis is le bun-eachtra
an chluice." Shílfinn go mbadh sár-mhaith
ann na tréithe seo, pé aca a mbainfeadh
siad leis nó nách mbainfeadh.



Is mór an greannmhaireacht a chuireann
sé orm nuair a deir sé nách bhféadfadh an
"Fear Mór", is Shakespeare a chur leis,
úr-chluiche fóghanta do cheapadh ná beadh ann
acht dhá mhír." Ó deir sé go bhféadfaidhe
cleas-aiste aon ghníomha amháin, nó cleas-
aiste trí ghniomh do cheapadh, ní fhéadfadh
an Fear Mór céadna, is Aristotel do
hur leis, a chur i dtuigsint dom cionnus
nách bhféadfaidhe cleas-aiste dá ghníomh a
cheapadh chomh maith. Ní mórán nách ionann
so is a rádh gur airgead maith aon ghiní
amháin, is gur airgead maith trí ghiní, acht
nách airgead i n-aon chor dhá ghiní! Ó
mhuise, Dia go deo linn! Deir sé nár
tomadh Coiste an Oireactais i dtobar an
fheasa; acht is eagal liom gur tomadh
duine áirithe chomh doimhin sin i dtobar
éigin gur bádhadh cuid dá mheabhair ann,
cé bríoghmhar í an chuid eile dhi.



Sé'n rud is aisteamhla ar fad liom ná
go n-abrann sé go mbadh cheart an
"fhuireann" ar fad a thabhairt isteach san
gcéad ghíomh de'n chluiche. Is baoghal liom
gur chaill sé an chuid is géire dá ghliocas
annso. Cad chuige an riaghlughadh so i
gcuma ar bith? Nár chirte is nár bh'oireamh-
naghe na daoine thabhairt isteach do réir
mar d'oirfeadh siad, nó mara bheadh gádh
leó, chum eachtra na haiste do mhíniughadh
go nádúrtha? Sé mo chruinn-thuairim nách
bhfuil an giota is lugha de chéill ná
d'éifeacht leis an gcomhairle, nó an
teagasc so thugann sé dhúinn. Cuir i gcás
go dtosnóchadh an chluich-aiste le mnaoi ag
cásamh a fir, nó a mic, a bheadh i gcéin nó
i bpríosún, is nách mbeadh sé seo sa bhaile


L. 316


go tráth láir nó b'fhéidir deireadh an scéil.
Cionnus d'fhéadfadh an fear so teacht
isteach 'san gcéad ghníomh, cuir i gcás go
mbeadh trí nó ceathair do ghníomhaibh san
aiste? I nós éigin mar sin b'fhéidir nách
mbeadh gádh ná oireamhntas acht an oiread,
le cuid mhaith den fhuirinn — de réir ealadhan
is nádúire an eachtra — san gcéad roinnt
de. Ar na h-ádhbhraibh seo déarfainn-se,
tagadh na daoine isteach fé mar atá
riachtanas dlisteannach leó — pé aca i
dtosach, i lár, nó i ndeireadh na dála é.



Pé fo-locht atá ar shaothar "Liúdaidhe
Óig" is dearbhtha gur bríoghmhar, spéis-
eamhail, glic, léigheannta, urlabhartha an
aiste í seo ar "Aistigheacht"; is gura
minic a shuidhfidh an t-úghdar gaoismhear
céadna ar dtaobh thiar de chaol-chleite ag
teilgean snas-Ghaedhilge chughainn.



TOMÁS Ó hÓNÁIN.
Libherpúl.



II.



Is fada nár léigheas i n-éin-teangain
aiste do thaithin chomh maith liom agus do
thaithin aiste an Liúdaidhe Óig i nIRIS-
LEABHAR an Mhárta. Dá mba ná beadh
ann acht feabhas na haiste féin do thuill an
té do sgríobh í gach aon mholadh. Acht tá
rud eile ann chun áthais a chur ar an
nGaedheal a léigheann í. Tasbáineann sí
go solusmhar gur féidir ceisteanna
leitiridheachta do chur trí chéile i nGaedhilg
chomh maith le haon teangain eile. Is fada
támaoid ag éisteacht le daoine go bhfuil
Gaedhilg acu ag cur síos ar neithe dhen
tsórt san i mBéarla, agus is maith an
sgéal é go bhfuiltear ag tosnú' ar an
nGaedhilg bhocht a chur chuig an ghnótha sa
deireadh. Deir an sean-fhocal go mbíonn
gach tosnú' lag, acht má bhíonn neart sa
chuid eile den obair againne do réir an
nirt a bhí sa tosnú' do dhein an Liúdaidhe,
níl baoghal ná go ndéanfamaoid gnó.



Tá an ceart ar fad ag an Liúdaidhe sa
méid adubhairt sé i dtaobh an fhocail sin
"dráma". Ba dheachair focal a chumadh
a bheadh níos aindeise 'ná é. Tá go leór
focal Gaedhilge ann, ámhthach, go bhfuil "m"
ionnta agus guth fada roimhe agus guth
eile 'na dhiaidh. Féach "lóma," "súmaire,"
"fámaire," "fráma," agus "Séamus".
Ní fhágann san ná gur gránna an focal é
"dráma," go mór-mhór nuair atá focal
breágh Gaedhealach againn a dhéanfadh an
gnó go háluinn.



Maidir le riaghlacha Aristotail agus le
cluichidheacht na nGréagach, na filí do bhíodh
ag cumadh cluichí san nGréig fad ó, is ar an
aon chuma amháin nách mór do dhealbhuighdís
go léir a gcuid saothair. Do sgrúduigh
Aristotal na cluichí do bhí sgríobhtha acu
san, agus thug sé fén' aire na nósa do
bhídís a chleachtadh. Sgríobh sé leabhar
annsan ag léiriú' na nós san don phobal.
Sé mo thuairim nár thug sé féin "riaghlacha"
ortha i n-éan-chor, agus ní call a rádh nách
a d'iarraidh riaghlacha do leanmhaint a bhíodh
Aeschilus nó Sophoclés nuair a bhídís ag
sgríobh cluichí. Ní raibh ós na filí sin acht
an phuiblidheacht a shásamh, agus do cheap-
adar a gcluichí ar an gcuma is feárr a
thaithin le muintir na haimsire agus na
dúithche sin. Ní dóigh liom go mba mhaith an
rud dúinne dul ag déanadh aithris ar a
mbéasaibh sin. Ní mar a chéile an Gréagach
agus an Gaedheal, ná ní mar a chéile an
saoghal atá ann anois agus an saoghal a
bhí ann cheithre céad bliadhain roim Chríost.
Caithfimíd ár gcluichidheacht a chur i


L. 317


n-oireamhaint don tsaoghal agus do'n
phuiblidheacht atá i nÉirinn fé láthair. Dein-
eam ár gcluichí do dhealbhú' as ár meabhair
chinn féin, gan aon chabhair choigchríche do
lorg. Sin é thug an buadh do chluichidheacht
Shasana agus na Spáinne. Tógaimís-ne
pátrún leótha san agus ná bacaimís leis
an aithris. Ag déanadh aithris a bhí muinntir
na Rómha agus na Fraince nuair a loit-
eadar a gcuid cluichidheacht ortha féin.



Leasmuich den méid sin, b'ana-thuis-
geanach an chomhairle thug an Liúdaidhe
dhúinn ar cionnus is ceart an obair a
dhéanadh. Dubhairt sé focal ámhthach, agus
ní réidhtighim-se leis. Sé sin gurab éigean-
tach don sgríbhneóir "eachtra do thuit amach"
a tharraingt chuige mar ádhbhar cluiche. Ba
dhóigh liom riamh ná raibh de dhualgas ar aon
ealadhntóir acht aiteas a thabhairt do
dhaoine le breaghthacht a chuid saothair. Dá
ránguigheadh ná beadh fírinne na staire
oireamhnach chuige sin, tá ceaduighthe dhon
ealadhntóir an sgéal a dh'athrú' chun a thoile
féin. An té bíonn ag sgríobh staire is
deacair dhó, maise ealadhntóireachta chur
ar a chuid saothair, óir tá d'ualach air
leanamhaint go cruinn den fhírinne. "Beatha
an staraidhe an fhírinne," acht sé beatha an
ealadhnnóra an bhreaghthacht. Ná lorgam
eachtra do thuit amach air, acht eachtra
dh'fhéadfadh tuitim amach. "Ní hí an
fhírinne atá uainn," a ndubhairt an Francach,
"acht an rud is cosmhail leis an bhfírinne."



Táim ar aon intinn ar fad leis an
Liúdaidhe nách féidir cuma na maitheasa do
bheith ar chluiche do bheadh ar dtaobh leis an
dá mhír. Ní mór tosach agus meadhon agus
deireadh do bheith ins gach aon obair
leabhardha. Níor bh'fhuiriste na trí codcha
san a chuimsiú' nó a chur isteach i ndá mhír,
ar aon tslacht.



Maidir le Gaedhilge an Liúdaidhe isé
locht is mó bhraithim air ná an iomarca dhe
sna focail chruadha bheith aige. Cá bhfuil an
Gaedhilgeóir tuaithe anois do thuigfadh
"iath," "go nuige seo," nó "is annsa leó?"
Ní fheaca tú riamh acht an mí-mhisneach a
chuireann focail den tsórt sin ar mhuintir
na tuaithe nuair a théigheann siad ag léigheamh
Gaedhilge, agus níl rud is mó dh'oirfadh do
Chonnradh na Gaedhilge anois 'ná na caint-
eóirí atá n-a mbeathaidh do chur ag léigheamh
na teangan as leabharthaibh.



Tá locht nó dhó eile ar chaint na haiste.
Ba cheart "Gaedhealaibh" a chur i n-inead
"Gaedhilibh" sa cheathramhadh líne 's trí
fichid. Deir sé "ar thaisbeántaibh na
n-amharclann" sa líne 'na dhiaidh sin. Sé
brígh atá le "taisbeánadh" i nAmhráin
Phiarais Mhic Gearailt ná "ticket" mar
adéarfá — "gan permit, gan pas, gan
teasbánadh ar bith eile." Deir sé "cluiche
gan beárnadh gan scoilteadh" i líne a
seacht déag is cheithrre fichid is céad. Ní
fhéadfá rud a bheárnadh mara mbainfá
greim as. Sé an chiall a bheadh le trí
sgair a dhéanadh de rud ná é roinnt idir
thriúr. Badh cheart "dheireadh an tarna
míre do chur i n-inead "deireadh an tarna
mire," agus "i gcaitheamh na céad míre"
i n-inead "i gcaitheamh an chéad mhíre."
B'fhearr liom "nochtadh" nó "radharc" go
mór 'ná "amharc." Tá an deifiríocht
chéadna idir "amharc" agus "radharc" 's
atá idir "féachaint" agus "feiscint".
Badh cheart "is Éireannaigh do scríobh iad"
a chur in-inead "is iad Chireannaigh do
scríobh iad."



D'indheóint na locht mbeag san ní fhéad-
fadh éinne a rádh ná go raibh an aiste ar
fheabhas. Tá súil agam go leanfaidh cách a
lorg as so amach, agus ná feicfimíd lucht


L. 318


Gaedhilge ag déanadh meastóireacht ar
leabhartha nó ag cur síos ar leitiridheacht i
dteangain na nGall. Pé leath-sgéal a bhí
acu go dtí so, níl faic le rádh acu anois ó
dhein an Liúdaidhe an gnó chomh maith sin.



DONN NA DAIBHCHE.



[Níor shroich aon aiste a b'fhiú duais sinn an mhí seo,
agus is mór an náire dár scríbhneóiribh soin. Bros-
tuighdís ortha agus ná téidheadh na duaiseanna i
bhfásach. Do roinneadh an duais eile idir an dá
aiste thuas. Ní baoghal ná go mbeidh rud éigin le
rádh ag an Liúdaidhe n-a dtaobh. — F. an I.]



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services