Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XIV.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XIV.
Author(s)
Ó Gadhra, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seán Ó Gadhra, File. — XIV.



17.



Sidé an chéad adhmud eile de dhéantús
Seáin sa leabhar úd Stowe, I. V. I. Tá a
thosach ar leathanach a 57, agus a dheireadh
ar leathanach a 61. De réir mar ba ghnáthach
ag Ruidhrí Mac Diarmada, scríbhneoir an
leabhair úd, gheibhmíd "Mr. Gadhra" agá
bhun, gá chur i n-umhail dúinn gur bh'é Seán
a cheap an aiste seo.



Is dóigh liom féin gur fearr a chuireann
an caoineadh so i dtuigsint dúinn godé an
sórt duine é Seán, ná aon amhrán dá raibh
i gcló uaidh go dtí so. Ní'l aon chaitheamh
i ndiaidh an chruadhais aige annso. Do
labhair sé ó n-a chroidhe amach, agus ní
fuláir nó do ghoill bás an tsean-laoich air.
Nach áluinn an radharc do-gheibhmíd annso
ar an saoghal a bhí i nÉirinn i ndeireadh na
seachtmhadh aoise déag?



D'éag Uatér Caoch, mac Maoilir Mhic
Philip ón Leitir, i mbliadhain 1691, agus tá
sé curtha i reilig Bhaile an Dumha i gCo.
Shligigh. Bhí sé n-a Mhaior nó n-a cheannport
fá Eoghan Ruadh Ó Néill sa Spáinn, agus
sa bhFrainnc. Tá tagra annso agus ann-
súd nach féidir a dhéanamh amach anois;
agus is baoghlach gur mar sin a bheidh an
scéal go dtí go scríobhfar Stair na
hÉireann ag Gaedheal a thuigeann an
Ghaedhilg is a chuirfidh síos ar ghníomharthaibh
na nGaedheal.


L. 309


Lá Dá nDeachas.



Tuireadh an duine uasail ró-oirdheirc
Uatér Mac Philip.



Lá dá ndeachas ar Mhalaidh na Síthe,
Is mé go brónach breoidhte claoidhte;
Tar éis mo ghalair níor fhagus damh
faoiseamh;
An tan do chualas fuaim na gaoithe,
Ler ghluais Tonn Tuaighe is Tonn Chlíodhna,
Is Tonn Rudhraighe na murthaighe do
scaoileadh;
Do árduigh a ghuth ag gach sruth dhá
ísle,
Do chongnamh deór don bhóchna bhaogh-
laoigh;
Do líon an ceó le deóraibh dhíleann;
D'éag an teine gan drithle sa ngríos-
aigh;
Do bhí coin allta i ngleanntaibh fíodh-
bhach;
Fir is mná go hárd ag caoineadh.
Is é bás mhic Philip is ciontach don
taoim seo,
Uatér Caoch an laoch, mac Maoilir;
Dhá shúil ghlana, leas-ainm dhó caoiche;
Oscar i gcruas is Guaire i ndaon-
dacht;
Is tu an Máior fuair cáil agus
aoibhneas,
I n-aice Eoghain Ruaidh rug buaidh gach
tíre,
Ag déanamh creach, ag treascairt
bíodhbhadh,
Ag córughadh catha 's ag faire na
hoidhche.
Seal sa Spáinn i bpáirt an ríogh-fhlaith,
Do fuair tú sochar is dochar leis
sínte,
Seal sa bhFrainc i gcampa bhaoghlach,
Seal arluisge 's i gcuisne na hoidhche.
Ní facus gunna, claoidheamh ná píce,
Mainnle granada ná craosach,
Gunna mór do strócfadh aoltor,
Muc na céis, bréch ná míonach,
Bumba is cairt, ná cleas an spíce,
Lúb ar sconnsa, treinse ná díogach,
Ná cleas dar mhúin Pallas do
Mhíleadh,
Nár chuiris a gcumus go fínit.
Do thug Lorén duit céim nár bh'íosal,
Is Glócester lér thógais do dhaoine;
Le prionnsa Sacsan do cheangail tú
síth-chur,
Go bhfuair Rú Séarlus géill a thíre,
Arís fá onóir 's a choróin ríoghdha
Anall thríd Bhreatain go talamh mheic
Mílidh,
Mar bhfuairis fáilte i lár do daoine.
Do fuairis spré do bhréig an tsaoghail
Holond, céimric agus lítis,
Satín, Scarlet, Ueluet, síoda —
Airgead agus ór le n-a mordaibh
sínte.
Isé do threallamh an t-arradh ba
dhaoire
Ó bhaithis go barraibh do throighe.
Dar Pádraig, ba lán-mhaith and díol
ort,
Ba tu an farránach glac-láidir
sgiamhach,
Cú bunna do gach curadh do thaobh-sa;
I mian na bantracht ceannphort
buidhne.
Tá Cluan Mór go brónach claoidhte,
Is Baile an Dumha go dubhach gan
aoibhneas:
Halla na gcliar, do riaradh mílte,
Aibhseach, arrsach, áluinn, aolta,
Beorach, béasach, béarlach, bíomhar,
Cuacach, cáirdeach, clárach, cíorach,


L. 310


Duantach, dántach, dáltach, díonmhar,
Eangach, éigseach, aerach, aoibhinn,
Farsaing, Fuinneógach, friothólach,
Fíontach,
Glaineach, gléigeal, grésach, gníomhach,
Paidreach, péarsach, péatrach, píosach
Fá'n gcúla nach ndiúlta roimh
aonnach.
Gáir bhráthar le n-a dtrátha naomhtha;
Gáir shagart le heasport na hoidhche;
Tighearnaí móra is cóip de ríoghnaibh;
Beóir is brandí, leannta is fíonta;
Lucht freastail, mar thapa na gaoithe;
Imirt ar tháiplis, cárda, is dísle;
Dailtíní ag cur daibíní ar gríosaigh;
Cuirn mhóra ag geócaigh dá líonadh;
Is mise féin do réir mo mhíona,
Ag cur mo phléidhe ar gach aen-chuid
díobhtha.
Do b'eólgach me ar chomhfhogus do
ghaolta
I leith Chuinn is fá Leith Mhogha na
míleadh;
Síol gCárrthaigh, Síol nDálaigh, Mac
Suibhne,
Ó Néill, Síol gCéin is Ó Díomsaigh,
Barraigh Róistigh, Nóglaigh Rísigh,
Le bhfuair do sinsear fuinn sa chrích
seo.
Le Rígh Séamus, do ghléasas daoine
Gur chaill Éire tar éis a shaothair,
Níor bhuailis béim i gcéin ná i dtíortha
I n-aghaidh do chreidimh go deireadh do
shaoghail.
Tá Úna fá smúit is ní hiongnadh,
I ndiaidh a céile ler chéimnigh tíortha:
An ghéag Choisdhealbhach fhoistineach
aobhdha,
Gheanmnaidhe chráibhtheach, lán den
daondacht.
Foighid is fearr sa chás do dhéanamh;
Beidh do chlann mhac le smacht ar
dhaoinibh,
'S do chlann bhan ag scaith na laochradh;
Beidh an scológ atá dileóir 'n-a
thaoiseach;
Is rath ó Dhia i ndiaidh do dhaoine.
Do bhí do dhóchus i Ríghe na ríghthe,
Et in Iesum Christum Filium.
Tá Muire is a guidhe mar aon leat,
San Doimnic ag a bhfuil do thiomba
déanta.
Níor chreachais baintreach ná dílleacht.
Cill ná cliar ná liath-bhoacht aosta.
Nochad a haon sé céad is míle,
Ó thigheacht Chríost i gcolainn daonna,
Go bás Mhic Philip an curadh nár
chlaoidhte.
Uch mo léan, is déarad fínit.



An Rann.



Ó d'éag na curaidh mic Uisneach sa
mBán-chraéibh Ruaidh,
Nó tréan-chlann Tuireann ó dtuigthear
an bárr-scél truagh
I dtréithe i n-oineach, i gcumus i gcáil
fae bhuaidh
Níor éag cinn-bhile dar imthigh mar
Uátér uainn.
Déigh-mhac Philip ó'n Litir, do b'fheárr
fae chnuas
Ó thaebh na Sionna go hIorrus na
mbád lé cuan;
Ní féidir cuimios a dtugais de bhláth
an tsaoghail uait
N-a braenaibh uile go siltear an
áibhéis fhuar.
Féinnidhe fuilteach an siollaire d'fhág
sé i mbuaidh
An Péarla Philip dá bhfuilim mar ta
sé thuar;
Rélta a chinidh nár goineadh ar sráid
lé cruas;


L. 311


Féach do chluithche, agus imir mar tá
sé uait.



Tagra.



An chéad adhmud eile, the next composition.
Caitheamh i ndiaidh an chruadhais, straining after
difficult language.
Tagradh, reference.
3. Nír fhagus damh faoiseamh, I was far from getting
a respite.
5. Tonn Tuaighe, in the North of Dál Riada.
Tonn Chlíodhna, in Glandore Harbour, S. of Co.
Cork.
6. Tonn Rudhraighe, in Dundrum Bay, Co. Down.
These three famous "waves" or surges of Ire-
land were said to roar on the death of a dis-
tinguished person. Murthaighe (?) múrtha, ram-
parts, billows.
7. "Every stream, however small, raised its voice."
8. Do chongnamh deór, to join in weeping.
10. Drithle, pl. -leanna, a spark.
11. Fíodhbhach, wooded.
14. Maoilir,(?) Maolmhuire, Myler.
15. Caoiche, dimness of vision. Caoch often means
blind in one eye. Caoidhche, MS.
16. Cruas, cruadhas, hardship, difficulty.
17. Máior, a Major.
19. Ag treascairt bíodhbhadh, slaying enemies.
20. Ag córughadh catha, dressing ranks, arranging for
battle.
21. I bpáirt, in company with.
22. "You shared in his triumphs and defeats."
24. Cuisne, a frost.
25. Ní facus, auton.past, there has not been seen.
26. Mainnle, (?) knapsack. Granada, grenade.
27. Aoltor, a turret.
28. Muc, céis, some military terms. Bréch, a breach
in a wall. Míonach, mianach, a mine, scarp.
29. Bumba, a shell. Cairt (?) gun-carriage.
30. Sconnsa, a breast-work. Treinse, a trench. We
have here a number of military technical terms
in Irish dating back to the time of the William-
ite War. It would be interesting to have their
correct equivalents in English.
31. Míleadh, míle, an ancestor of the Gael. Fig. a
warrior.
32. "but you tried their capabilities to the full.
Finít = end.
33. Lorén, the Duke of Lorraine. Céim, rank.
35. Síth-chur, a treaty of peace.
36. Géill, submission.
39. Mar bhfuairis, where you found.
40. Do (de) bhréig an ts., of the most flattering
kind.
41. Lítis, some white-coloured fabric.
43. "Embroidered in silver and gold."
44. Treallamh, -aimh, m., apparel. Note that arradh
is masc. here.
46. Bha lán-mhaith an díol ort, you well deserved (it).
Deir P. MS.
47. Farránach, a resolute person.
48. Cú bunna (buinne), a stout champion.
50. Cluan Mór, Cloonmore, about five miles north
of Bealach an Doirin.
51. Baile an Dumha, Ballindoon, E. of L. Arrow.
53. Aibhseach, vast, immense.
54. Bíódhmhar, biadhmhar, food-giving.
55. Cíorach, tidy, neat.
56. Dáltach, generous.
57. Eangach, voiceful. Éigseach, of poets.
58. Friothólach, tending.
59. Glaineach, of glass. Grésach, of embroidery.
60. Péarsach, of forms.
61. Nach ndiúlta(nn), who refuse not.
62. Trátha, canonical hours.
63. Easport, vespers.
66. "Attendants as quick as the wind."
67. Táiplis, draughts. Dísle, dice.
68. Daibín, dim. of daba, a small heap or quantity of
something soft.
69. Cuirn mhóra, large goblets. Cuin, M.S.
70. Míona, .i. miana, as I wished.
71. Pléid, a joke, jest.
74. Note the eclipsis after síol.
75. Síol gCéin, the descendants of Cian, son of
Oilioll Óluim, King of Munster in the third
century. Cormac Gaileang, a grandson of
Cian, settled in Luighne, and was ancestor of
the families of O Hara, O Gara, &c.
76. Nóglaigh, Rísigh, Nagles, Rices.
77. Fuinn, lands. Funn, MS.
80. "You struck no blow, abroad or at home."
83. Ler chéimhnigh tíortha, with whom she travelled
many countries.
84. Choisdealbhach, of the Mac Costelloe's. Gois-
dhealbhach, MS.
86. Sa chás, in the circumstances.
87. Le smacht, a ruler of people.
88. Scaith (scoth), the flower of warriors, the best.
89. Dileoir, (?) direóil, weak, wretched.
90. I ndiaidh do dhaoine, on your people.
94. San Doiminic, St. Dominick. The Abbey of
Ballindoon, where Walter Mac Philip is buried,
was built in 1427 by Mac Donnchadha an Chor-
ainn agus Tír Oiliolla in honour of the Blessed
Virgin, for Dominican Nuns.
96. Cill ná cliar, the Church, the clergy, or the
poor.
101. Mic Uisneach, the tragical face of the children of


L. 312


'Usna. Craobh Ruadh beside the palace of
Eamhan Macha.
102. Ó dtuigthear, which was the chief of the sorrow-
ful stories. The three tales of the Children of
Lir, the Children of Usna, and the Children of
Tuirenn, are called "Trí Truaighe na Scéal-
uidheachta," the Three Sorrow Stories.
103. Oineach, generosity.
104. Cinnbhile, a chieftain.
107. Cuimios, enumeration. Bláth an tsaoghail,
worldly substance.
108. "Until the cold ocean be all counted out in
drops."
109. Feinnidhe, a warrior; i.e. his son.
110. Dá bhuilim, whom I mention.
112. "Try your luck, and play as you have need to."




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services