Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cuan na Mara agus a Mhuinntir.

Title
Cuan na Mara agus a Mhuinntir.
Author(s)
Breathnach, Mícheál,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

"Cuan na Mara agus a Mhuinntir."



MÍCHEÁL BREATHNACH do sgríobh.



Cé an duine nár chualaidh trácht thar tír
áluinn fhraochmhair "Chuan na Mara"? Cé
an duine atá neamh-eólasach ar an gcuma
mhaireann Clanna Gaedheal san gceanntar
garbh fiadháin úd? A léightheóir na gcarad,
tar liom ó smúit agus ó sgamaill na
cathrach; fág id' dhiaidh an torann agus an
fothrum, an gleo agus an plúchadh deataigh,
agus lasgamuís linn go bhfeicfidh tú cé'n
chaoi atá ar na fíor-Ghaedhealaibh i gCuan
na Mara, go bhfeicfidh tú go soiléir an
fíor-idir-dhealbhughadh atá idir fhíor-shliocht
buan chine Gaedhealaigh agus muinntir na
tíre i gcoitcheann, go gcloisfir fuaim shár-
bhinn shuairc na Gaedhilge ar gach taobh
dhíot, agus go bhfeicfir cnuic árda fhraoch-
mhara, gleannta móra leathana, talamh
clochach garbh, agus áilneacht agus uaig-
neas na háite úd.



Sroichfimíd "Cathair na dTreabh" agus
imtheoghaidh sinn siar bóthar breágh mín
comhthrom "Chois-Fhairrge". Dearc uait
amach annsúd agus féach Cuan breágh fair-
sing tonntrach na Gaillimhe fá longaibh
gaile, fá bháid mhóra, fá phúcáin, agus fá
churrachaí; féach an luing ag déanamh
isteach fé gheara siubhail agus fé shiosga
mór, ag cur na dtonntracha bána ar gach
taobh dí, agus í ag trialladh isteach ó'n
Sunda chum na cathrach le na lucht tairbh-
each! Féach an bád mór fé na cuid "seol-
ta móra bocóideacha bacóideacha" ag dul
aniar le na lucht móna go Baile Mheacháin!
Féach anois í ag teacht timcheall sa gcúrsa
agus í ag tabhairt leath-bhórd isteach; nach


L. 295


cliste aibidh é an sean-fhear úd ar an
stiúir! Féach mar tá an holmadóir fé
n'asgail aige le na bhfuil sé ag stiúradh
an bháid, agus an dtugair fé deara chomh
héasga agus d'athruigh an mac na seólta
nuair bhí an bád tar éis a theacht timcheall?
Tá an t-athair agus an mac oilte ar a
ngrathuidhibh. Tá síor-chleachta aca ar a
bheith ag treabhadh agus ag gearradh na
fairrge. Tá siad cleachtach le bliadhantaibh
móra fada ar an anró agus ar an gcruadh-
tan. Tá siad chomh sásta 'na mbád mór
amuigh go doimhin ar mhuir bhaoghalach na
dtonn agus bhíos tusa nuair theidheas tú
amach go sásta suaimhneach id' ghléas marc-
aigheachta tráthnóna. An bhfeiceann tú an
dubhradáinín dubh úd amuigh ar an "meath-
móir"? Is curraichín í sin atá ag iasgach
cholmóirí nó faidhtíní ó d'éirigh lá. Tá
triúr fear neamh-eaglacha dóchasacha innte
atá ó n-a n-óige oilte ar an dorughadh is
ar an mbradóig. An bhfeiceann tú annsúd
mar tá na faoileáin ag cruinniughadh agus
ag bualadh ar an uisge? Sin áit 'na bhfuil
cluiche stuifíní bailighthe anois 'na mílte.
Is gearr go bhfeicfir anois currach as
céard eicínt ag déanamh air go deifreach
sul bhéas sé sgaipthe. Féach! — nár dhubhras
leat? — tá currach ag lasgadh amach sna
feirríbh glinnte ó "Chaladh an Tuinín"
agus ag déanamh air. Nach hiad an fhuir-
ionn atá ag oibriughadh na ngéag go bríogh-
mhar teann agus ag baint fothramáin aiste
ag dul amach! An gcloiseann tú fuaim
na mbuillí agus gíosgán na maidí rámha?
Féach an bhradóig annsúd fá réir i bpus na
curraighe! Tá na faoileáin ag imtheacht.
Tá an currach anois i n-aice an chluiche.
Féach an fear tosaigh ag éirighe 'n-a sheas-
amh. An dtugann tú fé deara chomh hair-
each is tá sé i ngreim sa mbradóig agus
chomh háirdealach is tá sé ar an gcluiche.
Féach é ag síneadh amach na bradóige! Tá
leis anois! Tá aige! Féach iad ag tabh-
airt a n-aighthe amach ar an mulchán le dhul
ag iasgach arís go faoidhcheain. Mo bhrón!
Féach aniar an luing gaile eile! Tá sí ag
déanamh ar "Chathair na dTreabh"; acht,
faríor! ní ag tabhairt luicht ann, acht ag
dul ag tabhairt luicht as, atá sí. Tá sí le
n-ár mbuachaillí breághtha fuinneamhala agus
ár gcailíní sgiamhacha a thabhairt léithi anonn
thar muir na dtonn le oibriughadh go
cruaidh agus go hallusach ar son greama
a mbéil i gcathaireachaibh plúchdacha thar
lear. "Gaduidhe na nGaedhael" is fearr
d'ainmneoghadh í!



An bhfeiceann tú a bhfad uait amach trí
oileáin Árann, innseacha ársa na naomh
agus cliabhán oilte na teangadh — an áit is
binne agus is fearr Gaedhilge i nÉirinn
fré chéile. Agus féach cnuic árda Bhran-
dúin i gConndae Chiarraighe go cruinn
glas-ghorm le feiceál a bhfad ó dheas idir
cheann tíre ailltreach leacrach Chinn Caillighe
agus Inis Shiar. Sin é Conndae an Chláir
agat le feiceál taobh ó dheas don chuan,
agus súd iad Cnuic Bhóirne Mhór i lár
báire.



Tóig do shúil anois den chuan agus
dearc ó thuaidh. Nach áluinn garbh fiadháin
an tír í? Féach na réimsí fada talmhna
atá os comhair do shúl. Siubhail agus siudh-
fimíd ar bhárr an chnuic úd thuas go mbeidh
radharc agat le fagháil ar an gceanntar
go léir, ar an sliabh is ar an bhfairrge.
Annso anois leigfimíd ar sgíth ar an
gcúlráid agus san uaigneas. Táir tuir-
seach, is cosmhail, tar éis an cnoc a chur
dhíot!



Mar sin ní rachamuid thairis so go ceann
tamaill, agus anois ó támuid ar ár sóc-


L. 296


amhal tiubharfad cúnntas dhuit i dtaoibh
Chuan na Mara na bhfuilmíd ag dul a thabh-
airt aisdear air.



Is ceanntar é Cuan na Mara nach bhfuil
aon lámh isteach ná baint ná páirt ag
mórán daoine leis taobh amuigh dá theor-
ainn féin. Tá an áit dealuighthe amach ó
gach ceárd eile dhon tír agus go dearbhtha
sin é choimeád an ceanntar riamh chomh
Gaedhealach 's tá sé. Ar fud na tíre i
gcoitcheann tháinig an neamh-shuim, an
sglábhuidheacht agus an truailleachas agus
rug greim cruaidh docht ar intinn na
nGaedheal, acht míle altughadh le Dia,
d'fhan an croidhe folláin gan smál agus go
fíor-Ghaedhealach i measg muinntir Chuan na
Mara riamh. Níor stríocadar don Ghall-
dacht ná dhon teangaidh choigcríche, agus tá
indiu theanga ghlé na Féinne ghá labhairt
is ghá spreagadh 'n-a measg chomh blasta
fuinneamhail agus bhí 'riamh i gCuan na
Mara ó dheas.



Sé gairbhtheacht, bochtanas, fiadhantas na
tíre, agus í bheith comh fada ó na cathrachaibh
agus ó na bóithribh iarainn a d'fhág iad chomh
Gaedhealach is tá siad. Le goirid rinneadh
bóthar iarainn ó Ghaillimh don Chlochán siar
bealach Mháigh Cuilinn, Uachtar Árd, agus
an Mháidhm, agus tá a rian ortha
ó shoin. Ní raibh an Clochán le fada
an lá ró-Ghaedhealach go deimhin,
acht ó chríochnuigheadh an bóthair iarainn tá
an baile ghá síor-chiapadh le seóinínteacht
agus le béasaibh an eachtrannaigh — atá na
"buicíní" agus na "daoine móra" a thabh-
airt siar ann. An fhlaitheamhlacht agus an
deagh-chroidhe is dual do shliocht na bhFiann,
an teanga Ghaedhilge, agus go leor dá
bhfuil fighte fuaighte le fíor-náisiúntacht na
tíre, ní mór oibriughadh go díograsach
dícheallach gan staonadh, gan stríocadh ar
a son le 'na gcur i n-uachtar arís i gCuan
na Mara thiar thuaidh, agus le cúis na tíre
agus go háirithe cúis na teangadh a chong-
bháil os cómhair na ndaoine ann. Ag na
sean-daoine tá an Ghaedhilg go cinnte,
gus labhaireann siad í i gcomhnuidhe n-a
measg féin, acht mo bhrón! is gnáthach
gurab í teanga choimhthigheach an chreachadóra
agus an eachtrannaigh a labhaireann siad
leis an aos óg. Is iomdha truisle agus
tuairt a bhainfear as lucht cumhdaig agus
cosanta na teangadh sul bhéas teanga
cheólmhar na bhFiann i n-uachtar in gach clúid
agus ar gach teaghlach sa gClochán agus thart
thimcheall air.



Tá muinntir Chuan na Mara bocht agus
go síoruidhe agá gciapadh leis an saoghal.
Is iomdha bliadhain i mbéal an tsamhraidh a
dtéidheann an sgéal amach go mbíonn
faitchíos roimh an ngorta ar mhuinntir na
háite. Ní hiongnadh ar bith é sin, mar tá
na daoine ag taobhughadh leis an bhfairrge,
iasgairí, go leor aca (go deimhin creidim
nach bhfuil duine ar bith ann nach bhfuil
ionann iasgach a dhéanamh), agus is fior go
bhfuil toradh na fairrge chomh hathruightheach
leis an ngaoith féin. Go deimhin ní chreidim
go mairfidís chor ar bith muna mbéadh an
mhóin agus an bhádóireacht chomh maith leis an
iasgach agus an fheamain. Maidir le móin,
is ann atá sí go fairsing. Tá sé ráidhte
agus le fírinne nach bhfuil áit i nÉirinn ar
fad is fairsinge le móin i gCuan na
Mara. Thuas ar an sliabh tá na portaighibh
daithte le móin 'na guigíní, 'na dubhcháin nó
'na cruacha móra. San samhradh caithtear
an aimsir go gnóthach bruideamhail ag baint
agus ag sábháil na móna. Ar feadh na
laetheannta breághtha gréine d'fheicfeá
thuas ar na portaighibh i gceart-lár na
sléibhte na buachaillí breághtha fuinneamhla,


L. 297


lán de chroidhe agus de spiorad, le n-a
gcuid sleághan agus a gcuid láigheanta ag
gearradh portaigh go dúthrachtach agus
siosga an ghléas gearrtha agat le cloisint
ar nós curraichín ag dul go mear tapaidh
thríd an uisge.



Maidir le obair is ar na portaighibh a
déantar í ar feadh ráithe an tSamhraidh; ag
baint na móna, ghá sgaradh, ghá gróigeadh, ghá
hath-ghróigeadh, ag déanamh dubhcháin dhí, ghá
tarraingt amach de na portaighibh, agus fé
dheire thiar thall ghá hiomchar go dtí caladh
na mbád le na cur chum bealaigh. Is minic
go mbíonn feidheal nó méathal mór ag
baint d'aon bhádóir amháin i n-aoinfheacht i rith
lae nó dhó. Cabhruigheann siad féin le chéile.
Oibrigheann na mná is na hinghineacha gach
ordlach chomh cruaidh leis an dream a bhíos
ag gearradh na móna, mar chaitheann na
créatúir bhochta an mhóin iomchur ar a
gcruit' 'n-a gcuid cléibh phortaigh anuas
amach do na portaighibh go dtí an caladh le
í bheith réidh nuair a bhíos an bád mór ar ais
leis an gcéad lucht eile a thabhairt léithi.



Agus nach breágh croidheamhail aoibhneach
mar théidheas siad don obair gan diúlta
gan spadántas, go minic ag caibhlint le
na chéile ag dul agus ag teacht! Is minic
a chloisfeá an t-amhrán binn ghá ghabháil aca
sa tsean-slighe Ghaedhealach nó port croidhe-
amhail mear ghá chasadh, nó b'fhéidir go
gcloisfeá "Só-ró, — mó-ró," dhá ghabháil aca,
agus gach duine ag cur a cheathramha féin
leis: —



"'Só-ró,' a mhíle grádh!
Tá teach mor geal i lár an bhaile
'G cómhnuidheann ann mo ghrádh"



Déantar suas 'n-a dubhcháin bheaga an
mhóin i ngar don áit i mbíonn na báid
feistighthe nó go mbíonn an luchtughadh le
déanamh. Is deas pointeáilte mar chuir-
eann siad os cionn a chéile í sna báidibh.
Shaoilfeá gur greamuighthe nó fásta isteach
'na chéile a bhíos na fóide. Is breágh an rud
a bheith ag féachaint ar na báidibh móra ag
imtheacht le na gcuid lucht mhóna maidin
ghaothmhar, gaoth dtuaidh, ag dul soir
go díreach gan call aon leath-bhórd
amháin a thabhairt go stríoctar talamh.
Agus ní breaghtha é 'ná bheith ag breathnughadh
ortha ag dul i n-aghaidh na gaoithe, ag
tabhairt leath-bhóird isteach's amach ag
iarraidh a bheith ag fagháil buntáisde ar an
ngaoith, agus ar na tonntrachaibh; acht i
gcomhnuidhe go haireach ar na carraigreach-
aibh baoghalacha a mbíonn na fágaí móra
cubharacha ag síor-bhriseadh agus ag pléasgadh
ós a gcionn le fothram is le tadhad agus
ag cur cátha mór sna spéarthaibh. Is ins na
bádaibh móra a thugtar anoir an plúr, an
té, agus b'fhéidir nár mhisde a rádh, an lionn-
dubh, a hóltar i gCuan na Mara Shiar; agus
is ionnta a thugtar soir go Gaillimh na
"spailpíní" a théidheas don Each-Réidh, agus
deóraidhthe bochta dubhacha a bhíos le seoladh
ó "Chathair na dTreabh" "ó Bhán-Chnuic
Éireann Ó!"



Déantar iasgaireacht go leór i gCuan
na Mara, agus gan amhras is maith saoruigh-
tear an méid buntáisde a d'fháighthear as.
Is minic le héirighe na gréine a d'fheicfeá
na currachaí, ag lasgadh amach sna feirribh
glinnte os gach caladh, ag deánamh amach ar
an "mulchán" is mó cáil le na chuid éisg.
Ar dtús caitheann siad dul ar thóir síl,
agus is minic a chaithtear ó éirighe gréine
go taca 'n tráthnóna gan a fhagháil. Is
minic nach mbíonn aon chluiche le feicsint
ag dorchadas an uisge nó atharrughadh na
haimsire, agus is minic nuair a bhós féin,
go mbíonn na muca-mara go gnóthach ag


L. 298


caibhlint leis na hiasgairibh bochta ag
déanamh air, agus a bhíos an cluiche go léir,
gan oiread b'féidir 's aon stuifín amháin
d'fhagháil, sluigthe siar na gcraos mór
fairsing aca sul bhíos sé i gcumas fhir
aireach árdealach na bradóige a bheith go
dtí é. Nuair d'éirigheas leó an síol a
thógaint sgaoileann siad futha ar ancuire,
agus tosuigheann ortha ag iasgach, gach
iasgaire ag oibriughadh péire dorughanna.
Ní'l cineál buíte ar bith le haghaidh an
dubháin is fearr ná an stuifín. Marbhuigh-
tear gach cineál éisg: an chadóg, an
bulmán, an bran, an rannach, an crúdán, an
trosg, an fuítín, an glasóg, an mangach,
an ballach-muire, agus go leór cineáil eile.
Is minic gó mbíonn na currachaí bog-luchtaigh
aca ag teacht isteach tráthnóna, acht is
minic freisin a chaithtear oidhcheanta agus
laetheanta garbha anróidhteacha amuigh ar
an muir bháidhte gan aon tairbhe, is
gan oiread 's ceann a mharbhughadh. Trá
mbíonn an t-iasg go fairsing fantar go
minic amuigh i rith na hoidhche 'n-a n-éadan,
agus ar maidin nuair a bhíos na currachaí
le linn theacht isteach feicfidh tú asal an
tighe ghá thiomáint chum an chladaigh, ciseán
mór nó cliabh portaigh ag crochadh ar gach
taobh do'n tsrathair, agus é arís ag teacht
aníos chum an bhotháin ag lúbarnaighil faoi
na shean-ndeire éisg. Glantar, sáilltear,
agus triomuightear iad, agus ithtear agus
díoltar cuid díobh úr.



Is iomdha contabhairt mhór 'na dtéidheann
na hiasgairí bochta, agus is iomdha droch-lá
agus oidhche a gcaitheann siad fulaing leis
ar mhuir bhaoghalach na dtonn. Ní féidir
do dhuine ar bith nac bhfaca iad, neart agus
fiadhántas na dtonnta móra uathbhásach a
bhíos ag teacht isteach, agus ag pléasgadh i
n-aghaidh na n-ailltreach annsúd a mheas.
Tagann siad isteach go minic na bhfágaí
chomh mór le cnocáin sléibhe, ag cuipeadh
agus ag fiucadh go huathbhásach, ag teilgeadh
clocha móra troma rómpa na gcúrsa, ag
bualadh i n-aghaidh na gcarraigreacha go
millteach teann, ag treabhadh agus ag ithe
isteach faoi íochtar na dúirlinne, agus ag
fágáil na feamaine na ndiaidh na srath'
tráth n-éaluigheann siad amach leis an
taoile trágha!



Is daoine breághtha bríoghmhara iad
muinntir Chuan na Mara. Tá siad croidhe-
amhail misneamhail agus ní mórán aca a
bhfuil blas leisge nó spadántas ionnta.
Tá rian na gaoithe agus na gréine ortha.
Is féidir a rádh le fírinne gur daoine
glan-shaoghaltacha, neamh-urchóideacha, fiala
flaitheamhla iad. Is deacair daoine níos
boichte ná iad d'fhágháil agus mar sin ní
hiongnadh nach bhfuil aon díthcheallacht
ionnta. Ó nádúr, is daoine macánta,
ciúine, ceannsa iad, acht ní hiongantach an
rud é agus fuil the na nGaedheal ag síor-
rith agus ag cuipeadh 'n-a gcuisleachaibh go
n-éirigheann acharann nó searbhas beag ar
uairibh idir chómharsannaibh mar gheall ar
bhraduighil bó nó asail, leagan balla, nó
díoghbháil bheag shuarach eile acht mar sin
féin is furas réidhtiughadh eatortha i gcomh-
nuidhe, gídh go dtéidheann sé i gcluasaibh an
dlighe go minic.



Gach Domhnach agus lá saoire ar an
bhfaithche i mbéal an tséipéil agus ar na
sgonnsaíbh thart thimcheall is féidir leat
muinntir an cheanntar d'fheiceál i dteannta
chéile ó gach ceáird roimh am Aifrinn agus
i n-a diaidh. Sin é an áit a mbíonn an sios-
ga agus an chaismirt i dtaoibh gach rud faoi
luighe na gréine, agus iad 'na luighe ar an
bhféar glas nó 'n-a seasamh 'n-a bhfainníbh ag
fagháil agus ag tabhairt na nuaidheachta i
dtaoibh chúrsaidhe an tsaoghail.


L. 299


Ins an séipéal féin i n-imtheacht an
Aifrinn bíonn iomchar na ndaoine diadha
deagh-mhóideach, agus fá am na coisreaga
briseann a n-urnaighe amach 'n-a chrónán
íseal; árduightear na súile le diadhacht;
buailtear an t-ucht agus iarrthar maith-
eamhnas ar Thighearna na Trócaire i
nGaedhilg bhinn aoibhinn ar son na bpeac-
aidhthe. D'fheicfeá na paidríní tarraingthe
amach agus an chrois bheannuighthe go geanamhail
ghá phógadh ag gach duine i gcuimhne ar pháis
ár dTighearna. Gach Domhnach bíonn sean-
móir Ghaedhilge in gach séipéal a chuireas go
minic na daoine ag silt na ndeór, agus is
minic i rith na seachtmhaine a cluintear
trácht uirthi ag muinntir na háite. Tar
éis an Aifrinn feicfidh tú roinnt de na
sean-daoine ag tabhairt Turas na Croiche
sa séipéal agus na malraigh óga, idir
bhuachaillibh is chailíníbh na mbuidheantaibh i
dteannta chéile ag foghluim an Teagasg
Chríostaidhe, ar feadh uaire tar éis an
Aifrinn.



Ar feadh na seachtmhaine bíonn na mal-
raigh seo ar scoil acht anois is arís coinnigh-
tear ag baile an chuid is láidre aca, ag
cuidiughadh le na muinntir nuair bhíos siad
an-chruthógach. Níl duine beag nó mór aca
nach bhfuil an Ghaedhilg aige mar theangaidh
nádúrtha, agus is fíor-chorrdhuine aca nach
bhfuil an-eaglach ar iarracht a thabhairt a
smuainte a chur ag obair sa mBéarla
gallda. Sí an Ghaedhilge labhrann siad i
gcomhnuidhe ins gach ít agus gach tráth. Is
fíor go raibh an Ghaedhilge go dtí le goirid
féin faoi tharcuisne i gcorr sgoil annso
is annsúd agus go mbíodh múinteoirí
ghá dtabhairt isteach san áit gan focal
Gaedhilge 'na bplucaibh le oideachas (mar
dheadh) thabhairt do pháistí nach dtuigeadh
oiread is focal uatha, acht, míle buidheachas
le Connradh na Gaedhilge, tá atharrughadh
mór curtha air sin go léir anois. Tá meas
ar an nGaedhilge ag na múinteóiribh agus
an chuid aca nach bhfuil 'na nGaedhilgeóiribh
nádúrtha táid ag foghluim go díograsach.
Tugtar go leór don oideachas sna sgoltaibh
annsúd anois thríd an nGaedhilge, an chaoi
is fearr agus is ealadhanta mar d'admhóchas
gach duine bhfuil éirim nó tuigsint ar bith
ann, agus tá na páisdí ag fágháil eolais ar
an nGaedhilge féin, — ar a sgríobhadh is ar
a léigheadh — freisin. Acht faghaim locht mór
ar an gclár oibre atá leagtha amach le n-a
haghaidh 'sna sgoltaibh annsúd, mar sin
féin. Tá na múinteóirí féin leath-shásta go
leór le bhfuil socruighthe dhóibh le múnadh
'sa nGaedhilge agus ní théidheann siad
thairis. Mar sin bíonn na malraighe ó thús
go deire na bliadhna ag léigheadh ráidhte
beaga suaracha ós leabhra an Athar Uí
Ghramhnaigh, — a ceapadh ar dtús le n-aghaidh
daoine nach mbeadh ionánn an teanga a
labhairt agus a chaithfeadh í fhoghluim gan
aon mhúinteoir — agus thairis sin ní théidh-
eann siad go ceann dhá bhliadhan nuair
a chuirtear iad ag léigheadh "Tóruidheacht
Dhiarmuda agus Ghráinne" — sgéal breágh,
ar ndóigh, acht sgéal a bhfuil snódh & dreach
ró-arsa air, do réir mar cuirtear ós
cómhair na ngasúr e. Tá an Ghaedhilge ann
ró-chruaidh is ró-ársa, agus i leabaidh maith-
easa a dhéanamh, is amhlaidh a dhéanann sé
dochar, mar baineann sé an dúil i léigheadh
na Gaedhilge asta; mar bíonn eagla ortha
go mbíonn gach rud sa nGaedhilge chomh
cruaidh céadna. Dhá gcuirtí ialach atharr-
ughadh a chur air an gclár ba mhaith an sgéal
é, nuair nach bhfuil na múinteóirí féin ghá
dhéanamh. Dhá dtugadh Connradh na Gaedh-
ilge bronntanas beag leabhra mar
"Cheithre Sgéalta," nó leabhra ar bith eile
mar sin atá simplidhe, do na sgoileannaibh
le haghaidh na malraighe, nó dhá bhfághadh na
múinteóirí féin iad le díol agus a gcur
ós cómhair na bpáisdí is cumasach an lán
maitheasa a dhéanfadh sé. Ba mhaith liom go
mbeadh "An Claidheamh Soluis" le fágháil


L. 300


ag na páistíbh tráthnóna Dia hAoine sa
sgol, agus go gcuirfidhe ós a gcomhair
níos fearr is níos mionca é. Dhá ndéan-
taí seo rachfainn i mbannaí gur gairid go
mbeadh sgoláirí cliste Gaedhilge go fair-
sing againn annsúd.



Maidir le sgéalta Gaedhilge, amhráin
bhinne is laoidhte fianaidheachta tá siad
annsúd go fairsing. Ar feadh oidhcheanta
fada sultmhara an áirneáin caithtear an
aimsir go súgach is go meidhreach ag innsint
sgéalta, ag gabháil fhuinn, agus ag fianaidh-
eacht. Is ós na sgéaltaibh d'fhághann siad
cuid mhór dá n-eólas. Gheóbhaidh tú ar
a laighead, sgéalaidhe ar gach baile. Bíonn
na sgéalta so ag cur síos ar gach cineál
rud — ar na Sluagh-Sidhe, na Taidhbhsí, na
Púcaí, mná sidhe na bruighne, ar dhraoid-
eóireacht, ar phisreógaibh, ar aislingíbh, ar na
Fiannaibh móra, na fathaighibh chumasacha,
agus mórán neidhthe eile. Creideann a
mbunáite go bhfuil taidhbhsí agus taisí ann.
Tugann cuid aca creideamhaint do chomhar-
thaibh, agus bheidís an-mhí-shuaimhneach dá gcas-
taí "bean ruadh" leó agus iad ag dul ag
iasgach nó 'na bhóthair. Measann cuid aca
go bhfuil leigheas ar thinneas ag daoinibh
seachas daoine eile, agus déarfaid leat
go bhfuil baint ag a léithid seo nó a léithid
súd leis na "daoinibh maithe." Creideann
cuid aca go bhfuil an "mhaighdean mara"
ann agus déarfaid leat go bhfaca a léithid
seo í i gCaladh Riocaird le ciúin-tráth na
hoidhche. Gach áirneáin bíonn na daoine
cruinnighthe i dteannta chéile ar na teagh-
laighibh timcheall na dteinte móra soill-
seacha móna. Tosuigheann an sgéalaidhe
ag innsint i dtaoibh na bhFianna móra. Ní
bhíonn focal dá ndeirtear nach mbíonn
creidthe ag gach duine dá lucht éisteachta —
na gníoma áidhbhéil a bhídís a dhéanamh, an
sult agus an greann a bhíodh aca, na catha-
cómhraic bhíodh idir iad féin is a námhaid,
an turas thug cuid aca go Críoch Lochlainn,
an cómhrádh agus an díospóireacht bhí idir
Oisín is Pádruig: iad so go léir ag an
seanchuidhe gá gceartughadh go cúramach
agus ag cur mór-iongnadh ar a chuid éist-
eoiríbh. Mo bhrón! tá na seanchuidhthe ag
fagháil bháis i leabaidh a chéile annsúd, agus
tá na sgéalta greannmhara, na laoidhte
cumasacha, agus na hamhráin chroidheamhla
ag dul uainn gan filleadh — go doimhin faoi'n
bhfód i n-aoinfheacht leó! Tá cuimse sean-
chuis annsúd nach bhfuil fós sgríobhtha ag
aon nduine, agus go leor de i ndaimhséar
a chailleadh muna ndéanfar iarracht ar a
shábháil gan mhoill.



Is gnáthach le na mnáibh bheith i gcómhnuidhe
go gnóthach i rith an gheimhridh ag cárdáil na
holna agus ag sníomhachán. Feicfear an
mháthair i ngreim i n-a cuid cárdlaíbh, an
cailín óg d'inghin ag casadh an rotha is ag
baint fothromáin as, ag cur suas na
dtuintí go beó deifreach, agus amhrán binn
ghá ghabháil nó port mear croidheamail ghá
casadh aice san am céadna.



Gheóbhaidh tú annsúd gach cineál ceárd-
aidhe beag nach: an táilliúr, an gréasaidhe,
an spealadóir, an tuigheadóir, an caol-
adóir, an siúinéar, &c.



(Ní chríoch.)



"CARRAIG ÁINE".




Cuirfead mo dhruim ris an dtír,
Tuirseach mise go dtí an bhráth,
Le méid mo thoile do mhnaoi
Ní feas damh nach oidhche an lá.



Ní thuigim téada ná puirt,
Ní fhaighim mo guth go sámh;
Díoghbháil gotha is cumhgrach cléibh
'S tríd nach gabhaim féin dán.



Greannmhar an ghabháil dána
An bhúirtheach árd arránda,
Do-ghní tinn an uile fhear,
A Mhuire, is binn an bhéiceach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services