Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Fuaireamar ó Mhuinntir Ghill an lá fé dheireadh
“THE HUMOURS OF SHANWALLA”
leabhar aistí grinn i mBéarla do scríobh ár gcara
is ár gcomh-dhraoi Mac Fhingeall .i. Pádraig Mac
Árdghail. Fíor-mhac de mhacraidh Fine Gall is eadh
Pádraig, Dia á bheannachadh. Ní'l leathanach sa
leabhar so ó thúis deireadh gan ádhbhar gáire is grinn.
Do thaithn an “General” linn go seóidh. Ní dócha go
raibh riamh ar thalamh na hÉireann seódh ná seóid dá
shamhail. I n-éaghmuis an ghrinn go léir is féidir
ceachta fhoghluim a sbhóidsitheóireacht draoitheamhail
Phádraig. Chítear sa leabhar so muinntear Fhine
Gall fé mar bhíd cois baile. Táid Gaedhlach; táid
fial; tá meas aca ortha féin. Tá árd-dhúil aca i
ngreann; níor mhiste le duine aca cleas a imirt
ar an bhfear thall gan díoghbháil a dhéanamh dhó. Tá
breac-aithne againn féin ortha, agus féadam a rádh
nach mó meas an Mhic seo dá macraidh ortha 'ná ár
meas féin ortha. Leath-chóroinn fiacha an leabhair
seo, agus chomhairleóghaimís do gach fiór-Ghaedheal
é cheannach is é léigheamh. Ní bheidh uaigneas air le
linn a leighte, pé scéal é.



Leabhairín eile Béarla do cuireadh chughainn is eadh
“THE WOOING AND WEDDING OF MARY
MAC ARDLE OR THE NEW IRISH NATIONAL
COSTUME,” leath-thuistiún a fhiacha. Tá a lán
cunntuisí ann i dtaobh sean-éadaighe na nGaedheal,
agus an iarracht atáthar á dhéanamh chun iad
d'aithbheódhchant. Tá aistí ann ar sheanchus an tsean-
éadaigh agus ar gach nídh a bhaineann leis. Badh mhaith
linn féin go ndéanfaidhe aithbheodhchant air, acht is
baoghal linn ná beidh soin amhlaidh go dtí go bhfaghfar
a lán daoine a theacht le chéile is tosnughadh air. Ná
féadfaidhe soin a dhéanamh ag an Oireachtus?



Aimsir na Nodlag do fríth SLOINNTE GAEDHEAL
IS GALL ó láimh an Athar Pádraig de Bhulbh. Muinn-
tir Ghill atá gá chur amach; scilling a fhiacha.


L. 288


Fáilte ó chroidhe roimh “Shloinnte Gaedheal is Gall;”
Tá gan díth gan fuigheall gan bhéim gan cham;
Áis do fríth ag daoinibh é gan dabht;
Sás a shnaidhm a scaoile 'on té bheadh dall.



Táinte Muimhneach chím le chéile ann;
Bláth na buidhne ó Chríochaibh Mhéidhbhe anall;
Ál na míleadh bhíodh i nÉamhuin ceann;
Fáil na Midhe agus príomh-scoth laoch na lann.



Thárla tríd an ngníomh so i nÉirinn sonn
Áthus aoibhe is suim i léigheann na seann;
Fásfa arís, nó bím-se 'om bréagadh i dtreall,
Grádh na saoithe is claoidhe le saothar peann.



Áilim fhín ar Rígh na raon 's na reann,
Tré bhás a Bhuidheanaigh síneadh tréith i gcrann,
An lámh a scríbh do thigheacht sa Naomh-bhrogh thall;
Pádraig croidhe d'fhuil aoird Bhulbh é gan meang.



TÓRNA.



AN BEALACH BUIDHE.



“Ar lí ní breitheamh fear gan súile.” Is fad ó do
ceapadh is do chuireadh i bhfeidhm an sean-fhocal úd
agus ghéill gach éinne dho. Nuair a bhítí chun moladh
beirte dhéanamh, cuirtí fios ar dhuine go raibh eólas
a chéirde aige. Gréasuidhe dob' fhéarr chun bróga
mheas.



Tá atharrach saoghail ann fé láthair. I gcúrsaí na
Gaedhilge ní dhéanfaidh éinne ár ngnó chun breithe
thabhairt uaidh acht an té is lugha eólas uirthi. Bíonn
an dall mar cheann-riain ar an sluagh, is a agaidh ar
bhealach a mbasctha. Ní h-iongnadh gúr minic dóibh &
n-eibear na líobóide dá bhárr.



Cá mbaineann soin leis an mBealach Buidhe, atá
thuas mar theidiol ar an ngreas so? Ní annsa.
An té atá ar fán gan fios a threó gabhadh sé
“Bealach Buidhe” an Athar Peadair Uí Laoghaire is
ní fada go mbainfidh sé amach iath na h-árd-Ghaedhilge.
Ur-chluiche iseadh an “Bealach Buidhe” (i gcead don
tsiollaire mhion-scéalaidhe do ghaibh de “Chlaidheamh
Soluis” orm). An briseadh do chuir Aodh Ruadh ar
Clifford Gallda adhbhar ar scéil agus ní gabhadh
dhom a rádh gur maith an díol ar an Athair Peadair
é. Níl de locht agam ar an gcluiche acht amháin go
bhfuil breis “radharc” ann. Tá deise is snas na
sean-Ghaedhealtachta ar ghnáth-chainnt an Athar
Peadair, is éinne go dteipeann air an “Bealach
Buidhe” do léigheamh go fonnmhar, mise fé go scaoil-
fidh sé soghluist thairis. Tuistiún a fhiacha.



AN RÁBAIRE.



Ní fios cá stadfam. Níl aon teora linn acht an
fhairrge — agus Coiste na Leabhar.



Seo chughainn AN TREAS LEABHAR i gcomhair na
bpáistí agus ar ndóigh is fada sinn ag fuireach leis.
Má's maith é is mithid é. Is maith an leabhar é i
gcomhair na sgoileanna. Tá na sgéalta ann go
deas simplidhe & níl aon pháisde dá léighfidh iad ná
beidh sásta leó. Acht cé sgríobh iad? Sin ceist.
Mheasas féin ar dtúis gurab é “Tórna,” acht ar n-a
sgrúdnghadh dom ba léir dom gur dhein duine éigin
eile nó b'fhéidir beirt lapadáil ortha. Is dóigh gur
“ceartughadh” a dhéarfadh lucht na lapadála.



Chím go bhfuil “bualadh bas” mar Gaedhilg ar
“applause.” Mura bhfuil mearthal orm-sa is ionnan
“bualadh bas” & “olagóntacht,” nó “lógóireacht.”
Níor mhisde an focal so do sgrúdughadh feasta.



Tá an breall ar na pictiúirí atá sa Roinn
Gaedhealach de acht na cinn atá sa Roinn Bhéarla
táid go ró-dheas. Ó thárla gurab é an t-aon-fhear
amháin a dhein iad Seoirse Ó Fágáin, ní cheapfainn
gur ar sin atá an locht; acht cé eile is cionntach
leis? Coisde na Leabhar nó diabhal an chlódóra —
ciaca? Gráin ar an té is cionntach leis!



Tá blúiríní filidheachta ann ó “Thórna,” & táid ar
deise an domhain. Tuigeann sé do na páistí & ní
hiongnadh iad buidheach de dá bhrígh sin.



CÚL-LE-hÁDH.



A Sceilg, bíodh súil agat le tagra ar Bhrian,
Impire na nGaedheal, i nIRISLEABHAR an mhí seo
chughainn.






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services