Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



TEOIR AN OLLAIMH SUUEET.



A Eagarthóir,



Seo chugat as an Independent cuid de mheas Eoghain
Uí Neachtain ar mo sgríbhinn-se. Truagh nach féadaim
an chuid eile chur chugat, acht tá an iomarca molta
tabhartha aige orm sa méid sin de. Deir sé gur
“teoiriceacht” an focal a chonnaic sé ar “theory.”
Má tá sé ar fághail, is ró-bheag mo spéis-se ann. Ní
binn an focal é & an son neimh-bhinn -ic—& an garbh-
shon gránna úd -eacht le chéile ann. Ó's binn le gach
duine a theoir féin, teastuigheann focal binn ó'n
smaoineadh chum a nochttha. Badh dheacair “teoir” do
shárughadh le binneas, & rud eile, sin é an focal atá
sa tSean-Ghaedhilg ar n-a airbhirt ó'n nGréigis féin.
Is do-aithriste an focal é “teoir” anois sa bhrígh
“trí.” “Teora” (“trí lá & teora oidhche”) a mhair-
eas anois i leabhraibh lámh san úsáid sin. Fágann
sain nach aon díoghbháil atámaid do dhéanamh ag aith-
bheodhchain “teoir,” “theoria” dhúinn.



Iarraim d'athchuinge ar gach n-aon, cibé focal nua
a ceapthar é bheith lán-bhinn ar dtús. Ná déanaimís
aithris ar na Gearmánachaibh 'n-ar dúthchas dóibh
Dampfschifffahrt (-mpfsch—!) & a leithéidí. Is fearr
dúinn sompla na Finnise “nach leigeann acht aon
chonsain amháin tosaigh sa bhfocal.”



“FOCLÓIRIDHEACHT.”



“I gcead duit-se, a Fhir an Irisleabhair, & i gcead
duit-se a Laoidigh, bhéarfaidh mé cúpla focal annso
as an Tagra tá le “Teoir an Ollaimh Suueet.”
Sgaoilfidh mé tharm cóir ainmneacha na dtíortha & na
ndaoine. Ní thiubhraidh mé acht fó-fhocal:



Tamhan, stem. Comh-chonsona, consonant groups.
Áirleagadh, borrowing [“foreign” an ciall ata le
“iasacht” aige] Iarmbunudhas, derivative. Foclóir-
idheacht, vocabulary, i.e. the words of which a language
is made up, as found after philological examination.
[Bhéarfainn “foclaidheacht” air seo; foclóiridheacht,
dictionary-making (?)]. Dligheadh sonaidheachta, phone-
tic law. [Fear sonaidhe .i. fear ádhamhail.] Saoiltíní,
hypotheses. [Cuir i gcás, suppose.] Rudamhail, con-
crete. [Focal maith, leoga.] Prímheachaibh, roots, be-
ginnings. [Fréamh, root, & príomh, beginning; níl aon
locht air.] An tásgach láithreacht, the present indica-
tive. Bun-déidheanach, original ending. I saothar
leis, compounded with. [Comhshuidhte le? — ainm
comhshuidhte, a compound noun?] An gheinide, the geni-
tive. An t-áinsidh, the accusative. Aon alt deimhne,
any definite article. [Seadh, go deimhin.] Plainéad,
plain. [Pláinéid Mhuigheó, the plains of Mayo.]”



“Acht tigim le Seosamh nuair adeir sé go gcaith-
fear focla nuadha a chumadh agus sean-fhocla d'aith-
bheodhchain le haghaidh gnótha ealadhanta. Go cinnte.
Agus rud eile dhe: tá mianach ár ndóthain sa litridh


L. 287


eacht againn, dá gcuirthi an litridheacht i gcló. Agus,
a Fhir an Irisleabhair, b'éidir dhuit féin corr-ghiota
de'n litridheacht so a thabhairt dúinn anois agus arís
dá dtiocfadh leat a dhéanamh. Níl féidir le Gaedhilg-
eoiríbh a theacht aníos ó'n tuaith & suidhe i mbun na
sean-leabhra 'ghá léigheadh; acht, dá dtugthá-sa corr-
ghiota dhóibh de'n teangaidh líomhtha bhí ann céad nó sé
chéad bliadhain ó shoin, ní bheadh aon doithcheall mór
aca roimh focla nuadha a bhfuil ughdarás maith ag An
Laoideach & ag á n-a leithéid leo.”



Tagra.



Áirleagadh: lán-bheó fós i nGarmna, acht “áir-
leacan” (chmh. leagan = leagadh, comhairleachan = comh-
airliughadh, &rl.) an chuma atá annsúd air. Iasacht
= loan, iasachta = foreign. Foclóiridheacht = dictionary-
making, lexicography: tá an ceart ag Eoghan annso;
do smaoineas ar “fhoclaidheacht,” acht níor sgríobhas
é mar gheall ar é bheith i n-úsáid cheana ag Tadhg
Ó Donnchudha mar Ghaedhilg ar “spelling” (An Chéad
Leabhar, Cuid II), acht ó's fearr “litriughadh” ar
“spelling,” geobhad feasta le “foclaidheacht” ar
“vocabulary,” i gcéill na sanasaidheachta. Dligheadh
sonaidheachta: Is dócha gur bh'fheárr dam “dligheadh
sonóireachta” do sgríobhadh. Créad é do mheas air
sin, a Eoghain? Saoiltíní: Lán-bheo sa Mhumhain, acht
is dóigh liom gur le droch-mheas adeirtear é go
minic. “I saothar leis”: ó Thadhg Ó Coindealbháin.
Pláinéad: Is deas binn an focal é seo, agus cé go
bhfuil “clár” maith go leor, tá an iomad brígh leis
.i. (1) a board, (2) a plank, (3) an index, (4) a table of
contents, (5) a plain, (6) a level surface, (7) a table,
(8) a lid, (9) a catalogue, (10) a programme, (11) a
glossary, (12) a country, &rl.! Ní fhaca riamh samhal-
tas le Zug na nGearmánach (Mark Twain) acht é!



Gluais.



Son, sound. Ar n-a airbhirt, derived; airbheart,
s.f., derivation. Do-aithriste, obsolete (Seandún). I
leabhraibh lámh, in manuscripts (Carswell).



Seosamh Laoide.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services