Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Faoistin Naomh-Phádraig.

Title
Faoistin Naomh-Phádraig.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FAOISTÍN NAOMH-PÁDRAIG.



San saoghal so an díthcreidimh againn
anois cár mhisde dhúinn leabhar dá shamhail
seo thuas do léigheamh & ceacht do bhaint as.
Níl aon amhras ná gur beacht & gur pras
an chaint atá ann.



Innsean an leabhar so cérbh' é Pádraig,
& an áit ó dtáinig & cionnus mar a ghabhadh
'na bhraighid é & mar a chaitheadh sé a chuid
aimsire. Cionnus mar chuala sé guth na
nGaedheal ghá éigheamh go dian air teacht
dá bhfuasgailt as an dorchadas. Bhí an
guth chomh dian san ar ndóigh go dtánaig
sé, & meireach go dtánaig cá fios d'éinne
cad é an chríoch a bheadh ar Ghaedhil indiu?
An mbeidís ann ar aon chor? Nó an
mbeidís ag adhradh déithe admhaid nó déithe
cloiche? Nó an mbeidís gan éan chreideamh
ná aon Dia i n-éan-chor?



Naomh-Phádraig féin do scríobh an sgéal
so. Agus is mór le rádh é bheith againn i
nGlan-Ghaedhilg feasta. Ní baoghal ná go
léighfear go fóir-leathan é. Tá sean-
daoine fós i nÉirinn atá ionnán Gaedhilg
a léigheamh & thabharfaidís a bhfuil aca de


L. 279


mhaoin tsaoghalta ar an leabhar so d'fhagháil.
Nach iongantach an dúil a bhí aca i bheith ag
seanchus ar Phádraig. Bhí mar bheannughadh
aca “go mbeannuighidh Dia is Muire duit,
Colmcille is Pádraig.” Bhí tobar Pádraig
aca & Dún Pádraig & Ráth Pádraig. Bhí
Pádraig i mbun is a mbárr is i lár gach
uile rud aca. Níor chosamhail iad lé
Filistíní gallda an lae indiu atá ar beagán
de chreideamh ná do chonnsias do réir mar
adubhairt dochtúir diadachta le déideanaighe.



Molfainn do gach éinne cóip de d'fhagháil
& gan dearmhad do dhéanamh ar é do
léigheamh do na sean-daoine. Is ortha san
do bheadh an t-áthas é chloisint. Shiubhloghadh
seanchaidhe de'n tsean-aimsir ceitre mhíle
bóthair oidhche cruaidh-sheaca chum an leabhar
san d'aireachtaint dá léigheamh. Ná ceil-
tear ortha é ar son Dé is Muire.



Locht dá laigheadh ní gheibhim ar Gheadhilg
an Athar Pádraig agus an té do chainfeadh é
is baoghal ná sásófar coidhche é. Má tá
locht ar bith air sá seo é: go bhfuil an
Gheadheal atá ann ró-léigheanta do n-a lár
daoine. Tá beagán “cruaidh-Gaedhealg”
ann, mar ba ghnáth leis na sean-daoine a
rádh nuair ná tuigfidís an chaint.



Molaim go hárd saothar an Athar
Pádraig an feacht so. Rug an leabhar so
buaidh go bog ó éan-cheann dár chuir i
n-eagar fós. Gura fada buan é.



AN PÍOBAIRE POLLTHA



Do chailleamair Dáithí Ó Coimín, an Gaedheal
breagh briocht-snoighte agus an scoláire cliste
foirbhhe Gaedhilge. Bhí, ar feadh tamaill fhada, n-a
fhear eagair ar an IRISLEABHAR, nuair a bhí fá
chúram “Aondacht na Gaedhilge.” Ar dheis an
Coimhdhe go raibh a anam geal. Amen.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services