Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1907
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Tosach againn duit-se, a Bhuachaillín Bhuidhe, a
shuairc-dhuine luath-mhire bhuan-mhisnigh ghrinn. Is
breagh agus is dathamhail a fhéachann FÉILIRE NA
GAEDHILGE an iarracht so, a bhuidheachus-san duit-se
agus a mhéid a bhír n-a chúram. Ag dul chun chinn atá
gach bliadhain dá dtagann. Is mór an deis air i
mbliadhna pictiúir an Fhágánaigh, agus beam ag súil
le ceann nuadh uaidh gach bliadhain feasta. Ná bíodh
aon Gaedhilgeóir i nÉirinn nó thar lear gan Féilire.
Tá eólus ann d'oireann do gach n-aon; eólus cruinn
beacht soléir; eólus i dtaobh na gréine; eólus i
dtaobh an Phuist; eólus i dtaobh Connradh na Gaedh-
ilge; eólus i dtaobh ár n-ughdar léighinn. Is maith is
fiú leath-thuistiún é go háirithe. Molaimíd thú, a
Bhuachaillín Bhuidhe; molaimíd Seoirse Ó Fágáin, is
molaimíd An Cló-Chumann a chur go piocaithe slacht-
mhar i gcló é.



Is fada dhúinn ag feitheamh ar BHODACH AN CÓTA
LACHTNA. Tá tagaithe fé dheoidh, is ní miste linn
fíor-chaoin fáilte d'fhearadh roimhe. Mar le Bodach
féachann go taidhseach triopallach is go piocaithe
bearrtha. Is maith linn a fheicsint go bhfuil muinn-
tir na leabhar Ghaedhilge a chur amach ag féachaint
chuige go mbeidh slacht nó deiseacht éigin ar na
hearraidhibh a chuirid ar an margadh. Tá pictiúir
deas i mbrollach an leabhair ó láimh Sheáin Mac Cath-
mhaoil, agus, gan dabht ar domhan, má bhí an giolla
úd na Féinne comh gránda is atá tairicthe annso ag
an gCathmhaolach, níor miste bodach a thabhairt air.
Tá Gluais agus Foclóir ag gabháil leis an scéal,
agus is mór an truagh gan a thuilleadh dhá shórt
againn. Ar an dtaobh amuigh de “Lomnochtán” agus
den “Giolla Deacair,” ní'l fagháil fós ar aon earr-
aidhibh eile den tsaghas so. Badh cheart dosaon leabhar
den tsórd so a bheith againn; agus b'fhéidir ó tá
tosnuighthe ag an bPiarsach ortha go leanfaidh sé air.



Tá an dara cuid d'ANNÁLA NA TUATHA d'éis
teacht amach i bhfuirm leabhair, agus cuirimíd Fáilte
Uí Cheallaigh roimis. Is beag scéalta sa Gaedhilge
is dílse do ghnáth-shaoghal na tuaithe 'ná na hiarrachtaí
seo ó'n nGruagach. Ta scéal an “Chairiúin” ar
fheabhus an tsaoghail, ní hamháiin i dtaobh an scéil
féin, acht mar gheall ar an gcuma i n-a gcuireann
an t-ughdar i n-umhail dúinn, i gan fhios dó féin mar
adéarfá, simplidheacht na sean-daoine. Ní'l puinn
de shaghas Dhomhnaill againn anois, foríor! Tá an
macántacht imthighthe agus móréis agus mise-mé-féin
tagaithe in' ionad. Táthar ag éileamh leath-réalach ar
an leabhrín seo. Tá soin ro-dhaor do mhuinntir na
tuaithe, an dream go dteastuigheann uainn iad a
chur ag léigheamh na Gaedhilge, agus ná féadfaidhe
earra a b'fhearr 'ná é seo d'fhagháil chuige sin. Geibh-
míd drabhfhuigheal saor, is ní fuláir fíneáil a chur
ar mhuinntir na tuaithe. Níor mhór don Ghruagach
ceann dá “x-anna” a tharrac chuige chun comharthughadh
na leathanach d'fhagháil amach. Cad n-a thaobh nár
féachadh chuige sin? San IRISLEABHAR do cuireadh An
Tórramh i gcló ar dtúis. Níor miste linn an méid
sin dá rádh sa leabhar féin.



Chuir muinntir an Agadaimh Ríoghdha ag triall
orainn “THE DEATH-TALES OF THE ULSTER
HEROES,” ó láimh Chúno Meidhear. 'Sé seo an
ceathramhadh leabhar déag den Todd Lecture Series,
agus scilling is réal a fhiacha. Is mór atá muinntir
na Gaedhilge fé chomaoin ag Cúno Meidhear i dtaobh
a bhfuil déanta aige ar son na Sean-Ghaedhilge, ní
hamháin i measc mór-scoláirí Shasana is na Roinne
Eorpa acht annso i nÉirinn leis. Comaoin eile ortha
an leabhar so a chur amach. Tá súil againn go ndíol-
faid muinntear na Gaedhilge an comhar leis. Ní
iarrann sé d'fhádhbhar acht tamall a chaitheamh ag déan-
amh stuidéir ar an tSean-Ghaedhilg. Agus is ró-mhaith
an áise chuige sin an leabhar so uaidh féin. Éinne a
thuigeann Gaedhilg na litridheachta, gheobhaidh sé
treabhadh tríd-seo go hoireamhnach, is tá aistriughadh
Béarla le cois gach aiste ann ón bhfear eagair. 'Sé
earra atá ann ná cunntus, as na sean-leabhraibh, ar
bás Chonchubhair mhic Neasa, Laoghaire Bhuadhaigh, Cheal-
tchair, Fheargusa mhic Róigh, agus Cheit mhic Mhágach.
Badh cheart go mbeadh eolus againn go léir ar na
nidhthibh seo.



Ní fios dúinn cadé an moladh is cóir a thabhairt
ar “THE FAIR HILLS OF IRELAND,” leabhar
a scríbh Stiophán Mag Fhinn. I dtúis an leabhair tug-
ann an t-ughdar dhúinn ceathramha as “Bán-chnuic
Éireann Ó” Dhonnchadh Ruaidh, agus cromann annsoin
ar sheanmóinteacht i dtaobh cnoc is gleann, lochán


L. 272


is bailte cuain, abhfus is thall ar fuaid na hÉir-
eann. Is fada nár léigheamar aon leabhar Béarla
ba thaithneamhaighe linn 'ná é seo. Nuair shroiseamair
a dheireadh, 'sé dubhramair linn féin: “Uch! gan
tamall eile againn it fhochair, a Stiopháin, ar bhán-
chnocaibh Éireann Ó.” Tá seódh eoluis i dtaobh Éir-
eann sa leabhar so, agus ní dearnadh dearmad ar
an iascach. Iascaire lán-fhoirbhthe lan-fhromhtha, lán-
oilte iseadh an t-ughdar. Badh cheart an leabhar so
a bheith i ngach leabharlainn i nÉirinn. Muinntear
Mhánsel i mBaile Átha Cliath atá gá chur amach.



Leabhar eile le Muinntir Mhánsel atá ar fagháil
ón lá fé dheireadh iseadh ECONOMICS FOR IRISH-
MEN, by Pat. Is greannmhair an saghas duine é Pat.
Cnáimhseáluidhe géar is eadh é. Dá mbeadh Éire ar
muin na muice fé láthair, bheadh cúis éigin gearáin
ag Pat. Tá sé ag gearán na cléire is lucht Párli-
mint, Sinn Féin is Connradh na Gaedhilge, le muinn-
tir na hÉireann. Faghann sé locht ar gach aicme is
treibh i nÉireann. N-a dhiaidh-san is uile, taithneann a
sheanmóinteacht linn. Dá ndéintí rud air, ní baogh-
al ná go raghaimís chun cinn go maith. Ceist tréan
is eadh ceist na “nEconomics,” agus is beag duine
i nÉirinn a thuigeann í nó a chuireann suim innti. Ní
fuláir nó beidh éileamh fada ar an leabhar so.



Fuaireamar leis ó Mhuinntir Mánsel CRITICISM
AND COURAGE, and Other Essays, by Frederick
Ryan, agus CALENDAR OF THE SAINTS:
PATRIC, by Seaghán Mac Cathmhaoil. Baineann an
chéad leabhar aca so leis an bhFeallsamh, agus, ó's
rud é gur ró-bheag an t-eólus atá againn ar an
ealadhain sin, scaoilfeam tharainn é, acht a rád gur
leabhairín é a fhéachann go deas.



Acht i dtaobh “PATRIC” beidh fáilte is céad ag
gach éinne roimis. Is maith an sás Seaghán chun tarr-
aictheóireacht is tá na pictiúirí sa bhFéilire seo tar
bárr. Tá féilire ann is pictiúir i gcóir gach mí sa
bhliadhain. B'an-dheas an tseóid Nodlag é seo le cur
ag triall ar dhuine mhuinnteardha. Is fada ná feac-
amair leabhar is deise cló ná is taithneamhaighe cruth
'ná an leabhar so. Scilling, glan, a fhiacha.



Tá alt fóghanta ó láimh Sheáin Uí Bheoláin, Feisire,
i dtaobh an “Irish Trade Mark” i n-uimhir na Nodlag
den DRAPER'S ASSISTANT. Ceist ar ár léigh-
theoiribh: Cad do chialluigheann “Déanta i nÉirinn,”
an chainnt atá ar an dTrade Mark seo. Tá teipithe
orainn-na aon chiall a bhaint as.



San NEW IRELAND REVIEW i gcóir na Nod-
lag tá aiste fhóghanta eile ó láimh Eóin Mhic Néill
ar “The Irish Synthetic Historians.” Tá córughadh ar
lucht an tseanchuis á dhéanamh aige chun go 'reamh-
nómhaidís i n-a “Theóir” i dtaobh na nGaedheal.



Tá FAOISTIN NAOMH-PHÁDRAIG fachta againn.
Féachann go deas. Tráchtfar n-a thaobh an mhí seo
chugainn.



Tá faghta againn AN BEALACH BUIDHE, úr-chluithche
nó dráma ó láimh an Athar Peadar Ó Laoghaire
Canónach. Ní'l uain againn chun éin-nídh a rádh n-a
thaobh an iarracht so. Ní déanfam dearmad air an
mhí seo chughainn, ámh.



I n-aimsir na smugléireacht fad ó, bhí táillilúir ó
Scairt a Glin ag dul go Corcaigh le hualach tobac.
Bhí ana-chontabhairt ann mara mbeadh pas age duine
mar bhí a lán spídhéirí amuigh ag faire ar a leithéidíbh.
Bhí an táilliúir seo go háirithe ag dul ann, agus do
bhuail Aodhagán Ó Rathaille leis. D'fhiafraigh Aodh-
agán de an raibh pas aige. “Dhon riabhach é,” ar san
táilliúir, “b'fhearra dhuit ceann a scríobhadh dham.”
“Táim sásta,” ar san fear eile, agus seo mar scríbh
sé:



Permit ceart i nglaic an táilliúra
Fear fada lag stráisiúnta
Ní bhfuadhann pras is ní ghearrann bláth ciumhsach,
Scríobhaim leis pas go Droichead Árd Lunndain
'S ar a chasadh thar n-ais go dtige lá an cunntais.



Ní rabhthas ábalta ar í leigheamh ar dtúis, acht nuair
a léigheadh í, scaoileadh leis.



M. Ó C.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services