Teoir an Ollaimh Suueet.
Is eol do chuid againn um an dtaca so
caidé an rud Ind-Eorpachas. Comhar
teangadh is eadh é, a bhfurmhór san Eoraip
& an chaol-chuid san Ásia. Comhar Eorpach
é gan amhras dá ndeachaidh cuid de, .i. an
roinn de go mbaineann an t-ainm Árianda
ó cheart leis, thar teorainn san Ásia. Seo
é an suidhiughadh do bhí & atá fós ar na
teangthaibh hInd-Eorpacha:
Gearmánta
Lituánda Slabhónda
Cealtacdha Arménda
Albánda
Iodálda Gréagdha Zend Sanscrít
Seo clár iomlán na dteangadh:-
A. Ur-Árianda nó Ásianda:
(a) Teangtha Indiacha: Sanscrít, teanga
naomhtha na hIndia — Pálí, teanga sgriopí-
túr na mBúddhistach, & na canamhaint-
eile Pracríte — Sindhí, Panjábí, Gujarátí,
Hindí (nó Hindústání), Bengálí, agus na
teangtha Gauracha eile, & le ceann aco so
bhaineas canamhaintí éagsamhla na Giofóg-
aise.
(b) Teangtha Íránacha: Zend nó Sean-
Bhachtrais, Sean-Pheirsis na n-insgríbhinn
ndinndealbhach — Pehlebhi — Nua-Pheirsis.
(c) Arméinis, acht tá an teanga so idir-
mheadhónda idir Ur-Árianda & Iar-Árianda.
B. Iar-Árianda nó Eorpach:
(d) Gréigis,'na mbaineann an chuid is
mó is fiú dá canamhaintíbh leis na trí
drongaibh seo: (1) Iónacdha agus Atacdha,
(2) Dóracdha, (3) Aeólacdha — leantar ar
an gcanamhaint Atacdha san Nua-Ghréigis
nó Rómhacdha.
(e) Albáinis.
(f) An drong Iodálda: Oscanda, Um-
branda, Laidin — na teangtha Rómhánda:
Iodáilis, Prouençal, Frainncis, Spáinis,
Portuinéalais, Rúmáinis.
(g) Teangtha Cealtacdha: Gallais. An
drong Ghaedhealach: Gaedhealg na hÉir-
eann, na hAlban, agus Oileáin Mhanann.
Drong na Cuimrige: Breathnais, Córnais,
agus Breathnag na Frainnce (do tháinig ó
Bhreatain).
(h) Teangtha Slabhónda: Sean-Bhulgáiris
nó Slabhónais na hEaglaise — Rúisis, Pól-
áinis, Bóihéimis, Seirbis, Bulgáiris.
(i) Teangtha Baltacdha: Létubhais, Leitis;
[Sean-Phriúisis atá i n-éagaibh le sgathamh].
(j) Teangtha Gearmánta: Gótacdha.
Teangtha Lochlannacha: Tuilis nó Sean-
Lochlannais, Orbhuaidhis, Suainis, Danarais.
Iar-Ghearmánta: Sean-sSacsais, Oland-
aois nó Dúitsis, Pléimis, Frísis, Sacs-
bhéarla, teangtha a bhaineas go huile do
dhruing na Gearmáinise Íochtaraighe; Árd-
Ghearmáinis.
Hannraoi Suueet, The History of
Language, 97, 98.
Labhrann Hannraoi Suueet mar seo ar
cheist na dteangadh so:
“Tar éis ár ndíchill do dhéanamh dúinn,
ag baint beachtaidheachta as na teangthaibh
éagsamhla Ind-Eorpacha, le haghaidh a mbun-
teanga d'fhághail & d'athdhéanamh, 'sé céad
rud eile is indéanta dhúinn iad do chur ar
bun comórtais le comhraibh eile de theang-
thaibh neamh-Ind-Eorpacha. Teangtha mí-
Ghearmánda na teangtha Slabhónda, & má's
eadh féin, tá gaol aca leis na teangthaibh
Gearmánda; ar an gcuma gcéadna, is
féidir go bhfuil teangtha mí-Ind-Eorpacha
ann do bheadh i ngaol do bhun-teangaidh na
nInd-Eorpach tré n-a dteacht araon ó
theangaidh shinnsearachta do labharthaoi na
cianta ó shoin.
'Sé céad rud le déanamh againn chum
fialas teangadh nó comhair theangadh do
shocrughadh ná a bun-suidhe do fhionnachtain.
Badh léir dúinn as fiadhnaise na dteangadh
nInd-Eorpach féin gur dócha gurab é áit
ba chomhnaidhe bunaidh dhóibh meadhon nó
tuaisceart na hEorpa. Ní'l éinní i stair
chainteoirí na dteangadh so do chuirfeadh
'na choinnibh sin.
'Sé an chéad rud eile le socrughadh, cad
iad na comhair eile de theangthaibh do bhíodh
riamh ag críochantacht le hInd-Eorpachas
le linn é bheith ina aon teangaidh amháin
gan deighilt.
Úgrachas. Féachaimís soir anois, agus
chífimíd go bhfuil na teangtha Ind-Eorpacha
ag ceart-thórainnteacht leis an gcomhar
mhór Úgardha 'na bhfuil an Fhinnis agus an
Úngáiris mar árd-theangthaibh de. Maidir
leis na teangthaibh eile, ní'l san Éastnais
acht canamhaint de'n Fhinnis, & an Lapais
tá sí i ngaol gairid di. Sain-bhuidhean
Iar-Fhinneanta is eadh na trí teangtha seo.
Iar-Fhinneantas & na dronga eile atá soir
uaidh, .i. drong na Uolga agus drong na
Peirme, sin é an roinn Iar-Fhinneanta. An
mhór-roinn eile, .i. an tÚgrachas nó an
tÚrálachas, 's iad na teangtha bhaineas leis
an Úngáiris, an Ostiac, agus an Uogúl.
Labhairtear na teangthacha is déidheanaighe
dubhradh ar gach taobh de Shliabh Úráil, & dá
bhárr sain théid siad thar teorainn isteach
san Ásia:
Finneanta.
Iar-Fhinneanta:
Finnis, Lapais
Drong na Uolga
Drong na Peirme
Úgardha.
Ungáiris Magiar
Uogúl
Ostiac.
Ní'l aon stair fhada léighinn nó litridh-
eachta i dtaobh thiar de na teangthaibh Úgar-
Fhinneanta. Na sgríbhne is ársaidhe atá i
bhFinnis, ní théid siad níos sia siar 'ná a
dó nó trí de chéadtaibh bliadhan. Is
ársaidhe ná sain sgríbhne na hÚngáirise,
acht má's ársaidhe féin, na cinn is sine
dhíobh ní'l an teanga comh ceart comh neamh-
thruaillighthe ionnta ar an uile shlighe le
Finnis an lae indiu. Tá dearbh-chruthughadh
againn nach deachaidh puinn claochlódha nó
athruighthe ins an bhFinnis le sé chéad déag
bliadhain nó os a chionn — is lugha d'athrughadh
tháinig innti ná mar tháinig ins na teang-
thaibh hInd-Eorpacha ar éin-tslighe. Is
follus sain as an déanamh sean-ársaidh-
eachta do choingibh sí ar a cuid focal
iasachta, go mór-mhór ar an méid do fuair
sí ó'n nGearmántas, m.sh.,
…
[Tá focail sa bhreis annso uaim féin. — S.L.]
Féach an focal kuningas mar shompla,
mar coingbhigheadh a=o an tamhain Ind-
Eorpaigh, & é caillte cheana féin sa teang-
aidh Ghótacdha, an teanga is sean-ársaidhe
de na teangtaibh Gearmánda go léir. Mar
sin fós do'n ghuthaidhe tamhain i de kaunis
= Got. skauns, Gear. schön, coingbhightear
é i gceart-lár an fhocail. Taisbeánaid
cuid de na foclaibh iasachta eile sean-
ársaidheacht is iongantaibhe ná sain go mór.
'S é rud is ionráidhte dhúinn annso, ámh,
gur cosmhail go ndeachaidh an Fhinnis i
dtaithighe chomh-chonsona tosaigh do chasadh i
n-éan-chonsoin amháin i bhfad roimh aimsir
na n-iasacht so, ar chuma gur cailleadh an
t-s tosaigh de'n skaunis bun-Ghearmánta
ar an dtoirt — ní dócha gur de dheasgaibh
aon athruighthe ba dhéidheanaighe ná soin do
cailleadh é.
'S é an bheachtaidheacht is ionbhainte as an
bhfiadhnaise go léir gurab é tuaisceart na
Rúise ba chomhnaidhe bunaidh do na hÚgraibh
le linn iad do bheith ina n-aon chineadh
amháin gan sgapadh ionnta. Má's eadh féin,
is lugha atáid siad sgaptha ó n-a chéile
anois féin ná na hInd-Eorpaigh. Dá dhruim
sin, ní fuláir gur chomharsnach dá chéile
Ind-Eorpachas agus Úgrachas ó'n tosach. An
cineál focal iasachta fuair na hÚgair ó na
Gearmánachaibh, is léir asta gan amhras
go bhfuil a n-urmhór ag baint le smaointibh
miltneachta & córuighthe tíre. Samhluighthear
dúinn go ndearbhuigheann soin, le linn iad
do theacht isteach san Úgrachas, go raibh na
hÚgair fá cheannsmacht na nGearmánach,
cineadh bhí i bhfad ní ba spéiseamhla i
gcogadh ná iad féin.
Acht bhí an t-áirleagadh ar uairibh ar an
dtaobh eile. Tá sé dearbh ag Anderson
(Studien zur Vergleichung der Indoger-
manischen und Finnisch-Ugrischen Sprach-
en, Dorpat, 1879) go bhfuair na hInd-
Eorpaigh focail ó na hÚgraibh foth-uair, go
mór-mhór ainmneacha arm, m.sh., Slabh.
toporu, “tuagh,” Finn. tappara, iarmbun-
udhas díreach ó tappaa, “bualadh,” marbh-
adh.”
An té chuireas an Fhinnis & an Úngáiris i
gcoimhmeas le n-a chéile, ní léir dó ar an
gcéad amharc mórán cosamhlachta bheith
eatortha; agus chífidh sé gan amhras gur
mó ná sain go mór de dheifridheacht nó de
shaine atá idir na teangthaibh éagsamhla Ind-
Eorpacha. Ó tá sain amhlaidh, is follus gur
mó ná an méid sin ar fad an deifridh-
eacht badh bheithte idir Ind-Eorpachas agus
Úgrachas san iomlán, ar chuma nach fuláir
gur beag an méid focal is usa do haith-
neóchfaidhe do bheith i ndearbh-ghaol dá
chéile, agus amhras áirleaghtha ortha i gcomh-
naidhe.
Acht nuair do-gheibhmíd focal isna teang-
thaibh oirthearacha & iartharacha le chéile de'n
chomhar Úgar-Fhinneanta, & a rádh gurab í an
chiall atá leis ná smaoineadh nach iarr-
fadh focal iasachta chum a nochttha, is ceart
dúinn annsoin cur suas de gach aon
tuairim i dtaobh áirleagtha ar cheachtar
de'n dá thaobh, nó ar a laighead tamall do
thabhairt ag machtnamh sul a gcuiream suas
de'n tuairim gurab é an bun céadna atá
fútha. 'Sé céad fhear do sgrúduigh an
cheist seo go healadhanta neamhchlaon ná
Anderson. Do chuir sé seo cuid de
fhoclóiridheacht an dá thaobh i gcomhar le n-a
chéile go mion, ar mhodh gur dhearbhuigh sé
gan amhras go dtagann an tInd-Eorpachas
& an tÚgrachas le chéile i n-uimhir d'áirithe
fréamhacha. Cuir i gcás, an focal coit-
cheann úd na Finnise sanakirja, “foclóir“
nó mír ar mhír, “focal-leabhar,” tá sé
curtha le chéile as fréamhachaibh de'n
tsamhail sin. Cuirtear i gcoimhmeas le
sana an focal Sanscríte svana, “fuaim,”
i Sean-Ghaedhlg “son,” “focal.” Tá iar-
mbunudhas eile againn ó'n bhfréimh swa san
tSanscrít, .i., svara, “fuaim,” Sean-
tSaxbh. andswaru, “freagra”; sa sgéal
so arís gheibhmíd samhaltais Fhinnise,
.i. sorina, “fothram,” saarna, “seanmóir,”
& mar sin dóibh. An focal kirja, “leabhar”
tá ciallta eile leis fós, .i. “comhartha,
eitre, gearradh,” rud do thaisbeánas
dúinn gurab í bun-chiall a bhí leis
greanadh litreacha i n-adhmad, dálta
mar is ionann book i Saxbhéarla & bóc sa
tSean-tSaxbhéarla 'na raibh dhá bhrígh leis, .i.
“leabhar” & “fáighbhile,” & a rádh gurab í a
bhun-bhrígh sain smut fáighbhile do greanadh
i litreachaibh rúnda. 'S é is gléas cumtha
dó an fhréamh Úgar-Fhinneach k-r, “gearr,”
atá i ngaol do'n fhréimh Ind-Eorpaigh ker-
tá sé seo ar fághail san Nua-Shaxbhéarla
shear, score, plough-share = Sean-tSaxbh.
sceran, scoru, scaru, 'n-ar'b ionchoimhmeasta
leo na focail Finnise koro, “sgor, eag,” —
kara i n-aurankara, “soc céachta. Tá an
fhréamh Ind-Eorpach ar fághail leis i n-éag-
muis an s., m.sh., an focal Gréigise …,
“bearraim,” [& b'fhéidir “ciorraim” =
gearraim i nGaedhilg].
An t-s nach bhfuil ar fághail isna foclaibh
Finneacha, b'fhéidir gur bhain sain riamh leis
na bun-fhoclaibh, acht b'fhéidir eile, an
dligheadh sonaidheachta réamhráidhte úd nach
leigeann acht aon chonsain amháin tosaigh
sa bhfocal, gur dá dhruim do thárlaidh dhó
bheith amhlaidh. Dá dheasgaibh sin, na focail
iasachta úd ó'n nGearmántas go bhfuil
an déanamh so ortha san tSean-tSaxbh.
dryhten, “tighearna,” & san Nua-Shaxbh.
strand, 's é an chuma chuir an Fhinnis ortha
ná ruhtinas, “flaith,” & ranta, “tráigh.”
An sainreadh so atá isna teangthaibh Úgardha
ar fad, & 'na chuideachtain sin an neamh-
idirdhealughadh bunaidh idir stadanna anáile
& gotha & a rádh nach fuil isna litreachaibh g,
b, d acht athchumaí ar k, t, p, & fós an
easbhaidh choitcheann do gheibhtear i
bhfeistiughadh conson na nÚgarach, is mór a
chuireas sain uile coimhmeas an dá chomhar
i n-amhras & i n-éigcinnteacht.
An docamhail & an chontabhairt atá ann i
dtaobh ceiste na hiasachta, ní'l aon chumhacht
aca sain ar cheist ghramadaighe an dá
chomhar, óir, cibé rud adéarfaidhe mar
gheall ar a shár-usacht do theangthaibh cumasg
le n-a chéile, ní léir dúinn aon fhiadhnaise
adéarfadh go bhfuil cumhacht ag allmhuracht
ar bhun-ghléas gramadaighe theangadh ar bith.
Is eol dúinn, an fhaid a bhí sgoláirí ag cur
foclóiridheachta na dteangadh n-éagsamhail
nInd-Eorpach i gcoimhmeas le chéile, nár
fhan ina n-iosgadaibh gaoil seo acht buille
fá thuairim. Nuair thosnuigh Bopp & a
chomharbaí ar fillte na dteangadh do chur i
gcoimhmeas feistighthe go ceart cruinn, &
ní go dtí sain, 's eadh do fionnadh an fíor-
ghaol & an fialas a bhí eatorra, chum gur
cuireadh ar bun go fíor-ealadhanta ealadha
na sanasaidheachta coimhmeasta (nó na
comhshanasaidheachta). Is suaichnidh le rádh
é, díreach mar dob' fhearr leis an sean-
dream fionntóirí saoiltíní ró-dhochreidthe i
dtaobh iasachta ná admháil go cneasta go
raibh léir-fhiadhnaise ann fá'n mbun céadna
do bheith fá Ind-Eorpachas & Úgrachas, b'é
an dálta céadna freisin do lucht coimh-
measta na Laidne & na Gréigise leis an
nGearmántas & leis na teangthaibh nInd-
Eorpacha eile roimh aimsir na healadhán, .i.
ní dheachadar súd ní ba shia ná a rádh go
mb'fhéidir go raibh iasacht nó áirleagadh
ann, agus fiú an dreama ba dhánaidhe dhíobh, is
amhlaidh chuadar chomh fada le n-a chur i
gcead go bhféadfaidhe go bhfuair an
Ghréigis agus an Laidin cuid bheag dá bhfoc-
lóiridheacht ó threabhannaibh borba an
tuaiscirt i n-ionad an taoibh eile de'n
sgéal a bheith ann.
Is fusaide go mór comórtas crotha an
Úgrachais agus an Ind-Eorpachais do dhéanamh
na teanga Úgardha bheith fillteach, dálta
mar do bhí na sean-teangtha Ind-Eorpacha.
Dar ndóigh, maidir le hurnochtadh na
dteangadh nIar-Fhinneanta (nó mar do
thángadar chum críche), táid siad ar mhodh
níos beacht-fhilltighe & níos sia ó stáid an
iomtháithte ná an tSanscrít féin. Acht is
follus go bhfuil fillte na Finnise i n-iom-
lán, fá mar atáid fá láthair, níos seanda
& níos céadtúsaighe ná na cinn is sine dár
bhain riamh leis na teangthaibh hInd-Eorpacha.
Is líonmhaire go mór is riaghaldaidhe cruth
agus is rudamhla céadtúsaighe brígh iad ná
fillte an Ind-Eorpachais. Cuir i gcás
anois, tá chúig thuiseal déag ar an ainm,
agus is so-thuigsinte as gach ceann aca so
caidé an bhun-bhrígh áiteamhail do bhí sa
tarmoir-cheann; dar ndóigh, maidir le fill-
tibh na Finnise, is iad féin an bheachtaidh-
eacht dob' ionbhainte dhúinn as prímheachaibh
bun-teangadh na nInd-Eorpach mar dháil
réamh-aimseardha dhi.
I dtaobh bréithre na Finnise, is dáidhbhir
rae-dhealuighthe í, acht is saidhbhir modha in-
finide, & rannghabhála í; &, dá n-abrainn,
is saidhbhir míre iarmbunudhais leis í, & is
féidir a mheas gurab asta sain do cumadh
uaireanta na modh-dhealuighthe. Ta trí
pearsana agus dá uimhir inntí, dálta na
bréithre Ind-Eorpaighe, & 'na theannta sain
tá an déidhe ar fághail i gcuid de na
teangthaibh. Is léir gur forainmneacha iar-
suidhighthe déidheanaigh phearsanta bréithre
na Finnise. Táid na tarmoirchinn agus na
forainmneacha so féin comh mór sain i
gcosamhlacht leis na ceannaibh hInd-Eorpacha
chomhfhreagras dóibh gur cuma sain nó ion-
anntas corr-uair. Cuir i gcás, seo mar
réimighthear an tásgach láithreach de'n
bhréithir sanoa, “rádh” — cmh. sana, “focal.”
[Cuirim féin briathar chomhfhreagarthach na
Gaedhilge ar a aghaidh sin:]
…
Dá gcuirfidhe an clár so i gcoimhmeas,
agus sin go mí-aireach, ní hé amháin leis an
Sanscrít bhavámi, “bím,” iol. bhávamas
(bímíd), 2p. iol. bhavatha (bíthí), acht leis
na fuirmeachaibh comhfhreagarthacha do
gheibhtear i dteangthaibh mar an Nua-Iodáilis,
badh leor an méid sin chum a rádh gurab
aon bhun amháin atá fútha. Is léiride dhúinn
an chosamhlacht sain beachtaidheacht do bhaint
as fuirmeachaibh na Finnise, ag dul siar
dúinn & na teangtha Úgardha eile ag
cabhrughadh linn sa sgéal.
Cuir i gcás, b'é bun-déidheanach ná céad
phearsan uathaidh -m, & tá so ar fághail fós
san Lapais i n-a ndéin -b de do réir
chanamhna, & i bhfurmhór na dteangadh eile,
agus an Fhinnis féin ní'l sí i n-éagmais a riain
uirthi. 'Sé an déanamh atá ar an bhfras-
fhorainm de'n dara pearsain (sinä) i
Lapais ton, don, & léirighid na teangtha eile
dhúinn gur t—tosaigh bhí ann ar dtús.
Innseann an fhiadhnaise chéadna gurab é an
bhun-chuma bhí ar hän, “sé, sí,” ná sana, &
cuma eile sawa nó sawan le n-a chois,
n-ar cosmhail go bhfuil gaol aige leis an
bhforainm bhfrithfhillteach Ind-Eorpach sewe,
sewo, i Laidin suus. Tá tarmoircheann
eile ag an bhFinnis, .i. -pi, -vi na treas
pearsan uathaidh, 'n-a samhluighthear 'na thaobh
gur ceann de na p—fhorainmneachaibh bunaidh
é, agus 'na theannta sain an tarmoircheann
-sen, 'n-ar féidir go bhfuil an dúil fhor-
ainmneach chéadna ann atá sa tarmoir-
cheann Ind-Eorpach, .i. -ti. Sa treas
pearsain iolraidh ní'l san h acht nua-chaoi
ar s, mar atá san uimhir uathaidh. Is léir
gur tarmoircheann ainmneach an ceann so
na bréithre, agus a rádh nach fuil ann acht
an t-uathadh -vi i saothar leis an iolradh
ainme -t, cmh. kädet, “lámha.” Ní lom-
áirleagadh ná aithris atá annso acht saor-
thoghadh as taisgidh choitchinn de adhbhar
forainmneacha.
Ní beithte dhúinn súil leis an oiread
sain cosamhlachta idir na hainm-fhilltibh.
Tá aon docamhal mór amháin ann, .i. an
rud 'n-a bhfuil deallradh air nach fuil ann
acht aon tuiseal amháin, b'fhéidir gurab é
rud é ná dhá thuiseal i gcumasg.
Cuir i gcás, in -n a théid an
gheinide & an t-áinsidh uathaidh araon
i bhFinnis, acht i gcuid de na teangthaibh eile
tá an tsean-fhuirm -m nó -me ar coimeád
m. sh., i dtaisbeántach na Lapaise tam
'n-ar'b ionann fréamh, filleadh & ciall dó &
do tam na Sanscríte. Ar mhí-ádhmharaighe
an tsaoghail, ní thugaid úsáideacha an
áinseadha Úgardha éan-tóir dúinn ar an
mbun-bhrígh bhí ann, acht an úsáid Ind-
Eorpach, .i. a t-áinsidh ag ciallughadh
cuspóra an tsiubhail, is dócha gurab é bun-
úsáid an Úgrachais leis é.
Ag cur tarmoirchinn áinseadha an
Úgrachais & an Ind-Eorpachais -m i n-ion-
anntas dúinn, caithfear aon rud amháin
do chongbháil siar. Is de'n fhirinsgne gan
amhras tam na Sanscríte & é ar aghaidh na
baininnsgne anonn, & tá an tarmoircheann
-m mar chomhartha ar ainmnidh uathaidh
na neimhinnsgne nó an neodair leis. Ní
mar sin do'n Lapais, ní'l teora ar bith le
tam na teangadh sian, óir, an Lapais,
dálta na dteangadh nÚgrach eile, ní heol
di aon innsgne ghramadamhail ag baint léi
féin. Acht cé go ndubhradh gurab é seo
argúint is treise i n-aghaidh ionanntais an
dá chomhar, ní'l ann acht fíor-dhearbhadh ar
na teangthaibh hInd-Eorpacha bheith i n-éag-
mais aon innsgne bunaidh san tosach.
Tar éis an méid sin, ní haon iongnadh,
leis, iarmír dheimhne -sa do fhághail i gcuid
de na teangthaibh hÚgracha, cé nach fuil aon
alt deimhne aca. Sin é an fáth gur coing-
bhigheadh -s isna foclaibh iasachta ó'n nGear-
mántas, .i. “kuningas,” “kaunis,” &rl.
Deir Anderson agus Suueet leis gurab
ionann tarmoircheann roinnteadha na Finn-
ise, .i. -ta, agus an déidheanach neodair agus
fóxladha so atá ag na teangthaibh hInd-
Eorpacha, .i. -d bunaidh. Sompla air sin
kaukaa, “i gcéin” kaukata & i Sanscrít
acvád Laid. equó(d), i Saxbhéarla it, that,
what. Dá shiocair sin is dóigh leo gurab
aon fhocal amháin roinntidh na Finnise tätä
& thata na Gótaise, that i Saxbhéarla — ó'n
bhfréimh chéadna thig tam na Lapaise & na
Sanscríte, mar adubhramar romhainn.
Deir Suueet, muna bhfágaidh an méid
sin & cosamhlachta eile go bhfuil an bun
céadna fá'n dá chomhar, nach fágfaidhe bun
ná bárr ar an sgéal atá dearbh anois go
bhfuil comhar Ind-Eorpach ann, sin é, nár
cheart do na sanasaidhthibh a rádh, d'éis
beachtaidheacht do bhaint as na teangthaibh
hInd-Eorpacha go léir, gurab aon bhun-
teanga amháin dob' athair dóibh. “A rádh,”
ars' eisean, “nach iontuigthe dhúinn as an
gcosmhaileacht ghramadamhail atá idir na
teangthaibh seo go raibh Ind-Eorpachas
aondachta ann tá tuairim le deich míle
bliadhain ó shoin.”
“'Sé an bac is mó le n-a mheas gurab
aon teanga amháin is bun do'n Ind-
Eorpacas & do'n Fhinnis, go bhfuil fiadhnaise
chinidh i n-aghaidh fiadhnaise teangadh. Ar
fionnadh de ársaidheacht an tsaoghail le
déidheanaighe, taisbeánann sé gur d'aon
chlódh amháin na hInd-Eorpaigh roimh aimsir
a sgaptha, & go rabhadar éagcosmhail ar
fad leis na Mongólaibh ceannchora (brachi-
cephalda) buidhe, agus go bhfuil an príomh-chlódh
Ind-Eorpach ar coimeád fós isna rannaibh
tuaithe de'n tSuain; na hInd-Eorpaigh
bhunaidh, ba chineadh árd ceannfhada
(dolichocephalda) iad, a súile gorm, folt
fionn ortha agus a n-éadan bán-dearg. Ní hé
amháin nár chineadh Ásianda iad, acht deall-
ruigheann an fhiadhnaise go léir gur bh'iad
ba shinnsir dóibh fir fhiadhaina aoise na
cloiche, .i. céad fhuireann áitreabhtha na
hÉorpa.
Ní dócha gur bh'é an tInd-Eorpachas a
dteanga dhúthchais féin. Ba theanga ias-
achta é, teanga Ásianda do réir bhunaidh.
I n-ionad na hInd-Eorpaigh do theacht ó'n
Ásia Mheadhóin & na Finnigh do ruagadh as
an Eoraip, mar do cheapadh go dtí so, is
amhlaidh do rinne na Finnigh gabháil nó
cunncais ar an Eoraip & d'fhág a dteanga
ar labhairt ag cineadh eachtrannach.
Cionnus a thárla annsain do na Suain-
eachaibh, Ind-Eorpaigh atá chomh glan d'fhuil
& de theangaidh le cách, go bhfuil clódh fíor-
Eorpach nó fíor-Chaucasach ortha?
Is furus an cheist sin do réidhteach.
Neart an aeir fhuair fá ndear é. Táthar
ar éan-fhocal anois gur cineadh bánuighthe
nó tuartha na Caucasaigh — go dtáinig
finne an chinidh sin ó bheith leis na ciantaibh
fá ghreim an fhuachta fhír-ghéir do bhí ann le
linn na n-oighreagán mór, fuacht d'fhan
sgathamh fada eile, nídh nach iongnadh, d'éis
teora na n-oighreagán do dhul i ndiaidh a
cúil síos go leithinnse Lochlann.”
“Rud eile atá i bpáirt Lochlann do bheith
i n-a bhaile céad-chomhnaidhe & altroma ag
an gcineadh Ind-Eorpach, gaol canamhna an
Ind-Eorpachais dá chomhgusaibh. Dá mbadh
i n-éan-áit ar an dtaobh theas de Lochlann
do thiocfadh an tInd-Eorpachas chum críche —
dá mbadh ar chlár nó i bpláinéad na
Létubha, (Liotubháine), an tuairim eile is
mó is inchreidthe, do gheobhmaois mórán
nasganna ann idir Úgrachas & Ind-Eorpach-
as, .i. a lán de chanamhnaibh idirmheadhónda.
Acht ní hamhlaidh atá an sgéal; tá an dá
chomhar deighilte ó n-a chéile comh beacht
comh bithchinnte & is féidir dóibh a bheith i n-a
ngléas crotha, siúd & gurab aon bhun amháin
atá fútha. Cuireann sain i léire dhúinn
tonn fhada aonracánaighe & uathadh ar gor,
mar adéarfaidhe, do dhul ar an gcanamhaint
úd de'n Úgrachas dá ndearna céad dáil
theangadh na nInd-Eorpach; & ní féidir an
dáil seo do shásamh, do réir a bhfuil d'eolas
againn, acht ar an gcuma so, a ghabháil
chugainn de theoir & de thuairim gurab í
Lochlainn ba bhaile dúthchais bhunaidh do
chineadh & do theangadh na nInd-Eorpach.
Sin é teoir Phenca do bhailigh le chéile
mórán de dhearbhthaibh troma i dtaobh na
teora so ó stair & ó bhéal-oideas na
gcineadh n-éagsamhail nInd-Eorpach féin.”
Deir Suueet mar an gcéadna gur ó'n
Ásia do tháinig sean-tsíbhialtacht na
nEorpach, & dá bhárr sain gurab inmheasta
na Finnigh do thabhairt a dteangadh i n-éin-
fheacht le n-a síbhialtacht isteach san Eoraip.
Tagra.
Words explained in a previous article (G.J. No.
183) are not included.
Teoir, theory. Gearmánta, Germanic. Cealtacdha,
Celtic. Lituánda, Lithuanic. Slabhónda, Slavonic.
Iodálda, Italic. Albánda, Albanic. Gréagdha, Hel-
lenic. Arménda, Armenic.
Ur-Árianda, East-Aryan. Ásianda, Asiatic. Indiach,
Indian. Giofógais, Gipsy language. Íránach, Iranian.
Sean-Pheirsis, Old Persian. Nua-Pheirsis, New Per-
sian, or Modern Persian. Arméinis, Armenian. Iar-
Árianda, West-Aryan. Albáinis, Albanian. Oscanda,
Oscan. Umbranda, Umbrian. Rómhánda, Romanic,
Romance. Gallais, Gaulish. Cuimrig, Cymric.
Sean-Bhulgáiris, Old Bulgarian. Rúisis, Russian.
Póláinis, Polish. Bóihéimis, Bohemian. Baltacdha,
Baltic. Létubhais, Lithuanian. Leitis, Lettish. Sean-
Phruisis, Old Prussian. Gótacdha, Gothic. Tuilis,
Icelandic. Sean-Lochlannais, Old Norse. Orbhuaidhis,
Norwegian. Suainis, Swedish. Danarais, Danish.
Iar-Ghearmanta, West-Germanic.
Mí-Ghearmánda, non-Germanic.
Úgrachas, Ugrian, i.e. Ugrian family, grammar or
usage. Ag ceart-thórainnteacht le, exactly marching
with, “in direct contacht with.” Úgardha, Ugrian or
Ugric. Finnis, Finnish. Úngairis, Hungarian, Éast-
nais (nó Estóinis), Esthonian. Lapais, Lappish.
Iar-Fhinneanta, West-Finnic. Iar-Fhinneantas, West-
Finnic (family, language or usage). Drong na Peirme,
the group of Perm, the Permian group.
Tamhan, stem. Comh-chonsona, consonant groups.
Bun-Ghearmánta, original or primitive Germanic.
Úgraibh, dat.pl. of úgar, an Ugrian; úgair, n.pl.
Áirleagadh, borrowing; gen. áirleagtha. Iarmbun-
udhas, a derivative.
Úgar-Fhinneanta, Ugro-Finnic. Foclóiridheacht,
vocabulary, i.e. the words of which a language is
made up, as found after philological examination.
Ciallta, senses, meanings, Rúnda, runic. Ionchoimh-
measta, to be compared.
Dligheadh sonaidheachta, phonetic law. Sainreadh,
peculiarity. An neamhidirdhealughadh bunaidh, “the
want of any original distinction.” Feistiufhadh con-
son, “consonant system.”
Fillte na dteangadh, the inflexions of the languages.
Comhshanasaidheacht nó sanasaidheacht choimhmeasta,
comparative philology. Fíonntóirí, investigators.
Saoiltíní ró-dhoichreidte, “the most improbable
hypotheses.”
Borb, rude, barbarous. Comórtas crotha, “morpho-
logical comparison.” Urnochtadh, development. Níos
beacht-fhilltighe, “more rigorously inflexional.” Ó
stáid an iomtháithte, “from the agglutinative stage.”
Níos céadtúsaighe, “more primitive.” Is rudamhla
céadtúsaighe brígh iad, they are more concrete and
primitive in meaning. Tarmoircheann, termination.
Prímheachaibh, roots, beginnings. Dáil réamhaimseardha,
“prehistoric stage.”
Rae-dhealuighthe, “tense distinctions.” Rannghabhála,
participles. Míre iarbunudhais, “derivative ele-
ments.” Modh-dhealuighthe, “mood distinctions.” An
déidhe, the dual. Forainmneacha iarsuidhighthe, suf-
fixed pronouns. Déidheanaigh phearsanta bréithre na
Finnise, “the personal endings of the Finnish verb.”
Tarmoirchinn, terminations. Gur cuma sain nó ion-
anntas corr-uair, “that it amounts to identify in
some cases.” Seo mar réimighthear an tásgach láith-
reach de'n bhréithir sanoa, “rádh,” “thus the present
indicative of sanoa, ‘to say’, is conjugated.” Iol. =
iolradh, plural. 2p. iol. = an dara pearsa de'n iol-
radh, the second person plural.
Bun déidheanach, original ending. Na céad phear-
san uathaidh, of the second person singular. Fras-
fhorainm, independent pronoun. Frithfhillteach, reflex-
ive. I saothar leis, compounded with. Lom-áir-
leagadh, blind borrowing.
Ainm-fhilltaibh, noun-inflexions.
An gheinide, the genitive. An t-áinsidh, the accusa-
tive.
Firinnsgne, masculine gender. Baininnsgne, fem-
inine gender. Ainmnidhe uathaidh, nominative singular.
Innsgne ghramadamhail, grammatical gender.
Iarmír dheimhne, a definite suffix. aon alt deimhne,
any definite article.
Roinntidh, gen. -teadha, partitive (a case of the
Finnish language). Fóxlaidh, gen. -adha, ablative.
Ceannchor, round-headed. Brachycephalda, brachy-
cephalic. Príomh-chlódh Ind-Eorpach, primitive Aryan
type. An tSuain, Sweden, apparently borrowed from
A.S. Sweon. Ceannfhada, long-headed. Dolicho-
cephalda, dolichocephalic. Fir fhiadhaine aoise na
cloiche, “the savages of the stone period” (stone age).
Suaineachaibh, Swedes. Fíor-Chaucasach, pure Cau-
casian.
Caucasaigh, Caucasians. Oighreagán, a glacier.
Pláinéad, plain. Létubha or Liotubháine, Lithuania.
Aonracánaighe, isolation. Uathadh ar gor, “solitary
incubation” (Prof. Sweet here, through originality,
uses “incubation” in a way that it was probably
never used before in English; I have followed him
by translating “ar gor” —“Béarlachas!” some per-
son may say. Nevertheless, the metaphor un-
doubtedly belongs to Irish:
An Chloch 'na mbí an ghorta ar gor!
‘The stone-fortress (Cloghastooken) in which famine
is hatching!’
— The Tribes of Ireland, p.40, l. 16.
Tá an ghorta riamh ar gor san gCill,
‘Starvation is ever hatching in the Church.’
—lb., p.54, l.2.
…
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11