Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oideadh an Rábaire.

Title
Oideadh an Rábaire.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 236


OIDHEADH AN RÁBAIRE.



Tá “Mion-Scéalaidhe” áirithe tar éis gabháil de
“Chlaidheamh Soluis” ar an Rábaire droch-mhúinte.
Ní h-aon dóichín é, mar Mhion-Scéalaidhe. Is fuirist
aithint air gur beag é a bheann ar an Rábaire.
Phreab sé chun comhraic go faobhrach agus gan d'úirlis
cogaidh ná de chóir troda aige acht caol cleite ar
sileadh leis an leibideacht. Rop sé bior a phinn
san Rábaire bocht, agus ní raibh gíocs ná míocs as
giolla na cáinseórachta.



Bíodh a fhios ag an Mion-Scéalaidhe go bhfuil a
mhalairt de “chiall” ag an Rábaire. Ar fhaithche an
IRISLEABHAIR do bhuail sé an chuaille chomhraic, agus
raghadh sé de'n Ghioblachán féin, dá ghiobalaighe é, an
bioránach so do mhealladh chun iomrasgála leis ar
thalamh sléibhe an “Chlaidheamh” ar eagla go dtuitfadh
sé isteach i “bpoll,” nó i dtuinn-ar-bogadh.



Fear ana-líomhtha iseadh mo phreabaire de Scéal-
aidhe agus ní misde a rádh go bhfuil an Ghaedhilg ar a
thoil féin aige; acht is iongnadh leis an gcladhaire
rábach so a rádh ná féadfadh sé míorín beag Gaedhilge
do scríobhadh mar mhaithe liom gan an oiread san
Bhéarla do chur isteach ann. An amhlaidh a theip air
culaith Ghaedhealach d'fhagháil do “critic” bocht, gan
trácht ar “drama of character?” Ná déanfadh
“crítíc” an gnó thar a bhfeacaís riamh?



Tá mo mhion-fhear of a very trusting disposition
amuich 's amach. Ghlac sé le “dráma” go buidheach
beannachtach, agus seo mar a chuireann sé dhe: “An
té do gheobhadh locht ar an bhfocal dráma, gheobhadh sé
locht, is dócha, ar na foclaibh “sagart,” “easbog,”
“aifreann,” “eaglais.”



Cogar, a mhiom-mhic! Bhí saoi áirithe dá mhaoidheamh,
tá tamall ó shoin ann, gurb' é féin do cheap “dráma”
mar fhocal Gaedhilge, deich mbliadhna ó shoin, agus é
ag foghluim ár dteangan. Go mairidh sé é mar
fhocal, adeir an Rábaire. Acht níor airígheas riamh
gurbh é an saoi céadna do cheap “sagart.” Dar
liom go bhfuil na sagairt againn leis na céadtaibh
bliadhan, Dia á mbeannachadh. Isé tuairim taca na
Mion-Scéala gur b'ionann ughdarthás do cheapadóir-
eacht fir áirithe an lae indiu agus do fhriotal ar
sean.



Ní haon “iománaidhe ar an gclaidhe” atá ag
cainnt anois, acht cleasaidhe do fromhadh i gcúrsaíbh
cluicheóireachta. Féach ar sin mar mhustar! Níor
airígheas riamh go dtí so go bhfuil aon chluiche ann ar
dhruím na talmhan, ná tuiteann rud éigin amach ann.
Caithtar san teine leabhair na sean-ughdar feasta!
Tá deire le na riaghlachaibh. Sléachtadh gach “dráma-
thuightheóir” do'n Mhion-Scéalaidhe! Ní foláir nó
tá “dráma trí ghníomh” scríbhte aige gan blúirín
“aicsion” ann ó thúis deireadh. Nár a fada go
bhfeicfam é!



Ní mór dom aguisín do chur leis an gcainnt seo.
Ná creidtear ó éinne go rabhas ag tagairt do'n té
scríobhann “Mion-Scéala” sa Chlaidheamh. Ní
rabhas, acht do “Mhion-Scéalaidhe” bréige, do mheas
croiceann an leómhain do chur air féin agus nár
chuir acht breall.



AN RÁBAIRE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services