Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocal. XVI.

Title
Seanfhocal. XVI.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ua Cadhlaigh, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANFHOCAL — XVI.



Ó CHUILINN UÍ CHAOIMH.



183. Tuiteann an tÉireannach 'n-a chod-
ladh leis an ocras, agus goileann an
Sasanach.



184. Neart do ritheann agus mire do
léimeann.



185. Faolchoin géara nuair ná tathuighid
fiadhach
Caonach le héigean go mbeathuigh-
eann iad.



186. Tagann casadh ar an obair.



187. Is mairg a mhairfeadh le hearrach
an deigh-gheimhridh,
Dhá dtrian oibre gothaí.



188. Ba scoirn le Mac Cártha ciall bheith
aige gan bodach de mhuinntir Shúileabháin
bheith hiomchar i n-aoinfheacht leis.



190. Lomadh an Luain nó scrios na
hAoine, ní fhuil aon rath ortha.



191. I ndeireadh gach scéil a bhíonn a
bhrígh.



192. Níor cailleadh riamh fear na céad
coda, ní mó 'ná fuair sé a dhóthain.


L. 231


193. Chomh glic leis an madadh ruadh,
Chomh sleamhain leis an eascú,
Chomh milis le siúcra.



194. Pé duine ólfaidh é, 'sé Domhnall a
dhíolfaidh as.



195. An t-ualach is mó ar an gcapall is
míne.



196. Imthigheann an tuirse agus fanann
an tairbhe.



197. Má's fada an lá tig an oidhche,
Má's fada an oidhche tigh an geimh-
readh,
Má's fada an greann tig an mí-
ghreann.



198. Is fearr lán duirn d'fhear ná lán
gaid de mhnaoi.



199. Tosach coille nó deireadh féithe.



200. Meanaithidhe reamhra, iall chaol,
gréasuidhe caoch agus leathar lobhtha.



201. Ding den leamhán a scoiltheann é
féin.



202. Gach aon rud i n-a n-uadh féin.



203. An iomarca chainnte ag neach ar bith
a bheir neamh-chion ar a chéill.



204. Mar a chéile dhaoibh 'ndubhart an
gabhar le n-a chosaibh.



205. Níor bh'fhearra do dhuine bheith ró-
dheas ná bheith 'n-a chleasuidhe margaidh.



206. Ní call móna i bProthus é.



207. Mara mbeidhir i mbaile an bhídh bí
sa bhaile le n-a thaoibh.



208. Gheobhfar thíos é mara b'ionann as
bainne na gamhnaighe.



209. Ní bhíonn tréan buan agus ní sheas-
uigheann rith maith do neach i gcomhnuidhe.



210. Is fuirist' breith ar fhéasóig an
leomhain nuair a bhíonn sé marbh.



211. Is é an báille an fárdorus.



212. Tá sé d'fhaid ar a' lá go n-íosadh
mná min.



213. An fear láidir nuair is maith leis é
agus an fear lag nuair fhéadann sé é.



214. Buaidheann an síor-thathant cian
radharcach.



215. An tAibreán bog braonach do
chuirfeadh brígh i gcluais na seana-chaorach.



216. Dá dtagadh Bealthaine méith-fhliuch,
ní chásóchainn mo cheasna le h-aoinne.



217. Is gnáthach ceathanna sneachtaidh i
mBealthaine
Agus cailligh ar leabaidh a' srann-
tarnaigh
Agus mairbh a tarrac ar theampoll-
aibh.



218. Lá buidhe Bealthaine na mbuachaillí
Agus lá buidhe Bealthaine Domhnach
na h-eadarthuighe.



219. Díogha gach dighe an meadhg má's
sean,
Agus díogha gach nídh an chárthainn
ghlas,
Agus a ndíogha go léir droch-bhean.



220. Is é an t-ochón é agus an greim
mór.



221. Is mór an nídh é crathadh na h-ithreach.



222. Is mó rud a chuimhnigheann an t-é a
bhíonn díomhaoin agus neamh-chodladh air.



223. Nuair is cruaidh le duine a bhróg,
is cumhang leis an saoghal.



224. Ól an deoch 's is beag an díth dhuit é,
As gur chuir an deoch so tart ar
dhaoinibh aréir.



225. Bidheann deithneas ar gach aoinne
ag dul a bhaile.



226. Lá sa tábhairne agus lá sa tsúsa
Agus an chuid eile den tseachtmhain
a' bailiughadh chúcha.



227. Seacht an mádh agus bíonn sé
ádhmharach.



228. Gach cártaí go muileat.


L. 232


229. Is mairg a n-imireochaidh a mháthair
ortha.



230. Téidheann an mianfuidheach ó bhéal
go béal.



231. Ciúiniughadh na hoidhche buanughadh na
síne.



232. Tá trí saghas ban ann — bean chomh
mí-náireach leis an muic, bean chomh cros-
táltha leis an gcirc & bean chomh mín leis
an uan.



233. Tá trí saghas fear ann — fear graftha,
fear fiadhaigh & fear gaoithe.



234. An saoghal go léir ag lorg céirde
agus ní rachainn tar díomhaointeas.



235. Bí choidhche a' faire agus gheobhair
uair na faille.



236. Galar fada ní abrann síoruidhe
bréag.



237. Ní cortha riamh fear bróige agus
leath-stoca.



238. Airgead, nó an bhairlín ón dtóin
agat.



239. Ní fearra dhuit cáthadh it
mhála agat ná min.



240. Gach síon go Nodlaig, acht ní thagann
fuacht go Lá Fhéile Brighde.



241. Níor theip an tuathal riamh ar aonne
acht an té nár dhein é.



242. An té ná cuirfidh ní bhaineann sé
aon rud.



243. Beidh tú ar do thúirín teamhrach.



244. Bí bagarthach agus ná bí buailtheach.



245. Dul a chodladh leis an uan agus
éirghe leis an riabhóig.



246. Ba mheasa dhuit aon nóimit amháin i
dtosach dinnéir ná uair a chluig i dtosach
bruighne.



247. Tuata tuigsionnach is buadhartha
beatha dhó.



248. Ná bí abhfus agus bheith thall,
Ná bí thall as bheith abhfus;
Mar má bhíonn tú abhfus as bheith thall,
Ní bheidh tú thall ná abhfus.



249. Tadhg an dá thaobh.



250. Rith madra idir an dá cháis.



251. Tugann an aimsir cómhar dá chéile.



252. Is maith é an cómhar do'n t-é
gheobhadh a thosach.



253. Dá mbeidheadh ba ag an gcat is
maith do pósfaidhe é,
Is an cat ná beidh is fada seol-
faidhe é,
Inghean na caillighe bradaighe pósta
ó 'réir
'S an cailín deas ní fios cá ngeobh-
far léi.



254. Béarfaid a gceann slán ón Inid
leo.



255. Oscailigheann Dia béal na huaighe
chum naoidhe na truaighe leogaint isteach.



256. Mar a chéile é den ghé an t-earball.



257. Ní buan sneachta ar chraoibh ó Lá
Fhéile Bríghde amach.



258. Ní cheannuigheann aoinne an suaimh-
neas acht an té ná faghann é.



259. Lá idir dhá shín.



260. Domhnach Cásga is mor an náire
bheith gan feoil,
Aoine an chéasta is mór an céasadh
bainne d'ól,
Céadaoin an Luaithrigh go mbain-
tear na cluasa den té íosaidh
feoil.



261. Ceann cíortha dhíolann cosa.



262. Ólann sé féin a chéile.



263. Do dhíolfadh amadán agus ní cheann-
óchadh ughdar.



264. Bean nó muc ist oidhche.



265. Is dána bean ná muc agus is
dána muc ná an diabhal.



266. Is é theacht an tseagail agat é,
Is é an mhoill ar dhá dheabhadh é.


L. 233


267. Nígheachán riabhach an tSatharainn
beidh sé geal Dia Domhnaigh.



268. Crúidhtear bó an tsneachtaidh agus
suaidhtear bó an tseaca.



269. Deireadh fir a shuan agus bean á
faire féin suas.



270. Ní bheireann an gruth ar an meadhg
aige.



271. Bidheann an gamhain ithte agus é í
mbolg na bó.



272. Ní hé an sclábhuidhe is fearr is mó
rath.



273. Ní raibh rath riamh ar dhuine go dti
go mbeidheadh an obair agus an scéal ag
leathadh air.



274. Is maith an reathaidhe an t-iomaire
tanaidhe.



Den ghlóire an ghlaine.



275. Laetheannta na riabhaiche, lae-
theannta na rógáidí agus scairbh-shíon na
gcuach.



276. Is uasal gach fear ar muir.



277. Is mairg d'aoinne do dheineann
sméide ar chrann ró-árd,
Faid do gheobhadh sé géigín íseal do
shroisfeadh a lámh,
Dá aoird' é crann caorthainn
bidheann searbhus n-a bhárr,
Is go bhfásann sméara 'gus súbh
chraobh ar an gcrann is ísle bláth.



Gluais.



127. Cearc na n-éan, the hen hatching and rearing
a brood. The proverb means that she does not eat
enough in her efforts to provide food for the young
birds. It is used in reference to any mother.



129. Searraidh is adj., from searradh, a stretching,
i.e., every morning has a black or bitterly cold
appearance, but the days are stretching, or lengthen-
ing and improving, afterwards.



130. A poor man must be out in wet and cold, and
has not any protection from the inclemency of the
weather, but the rich man (fear an sé & an seacht)
has servants or he has overcoats, &c., so that he does
not suffer from wet or cold.



137. Is fearr cóir 'ná dá gcuirimís dlighe =
justice and honesty are better than going to law.



138. Ní bhíonn siad buan.



140. Níor bh'fhearr riamh iad ná deoch. This is a
cómhrádh dighe, a saying of a son of Baccus that no
joys excel those of the cup.



141 = Ní féidir d'éinne rud a dhéanamh ar dhá
mháighistir.



144. Saor sár-bhualach = a workman working too
energetically, and therefore easily or soon exhausted.



146. Dia = Duine mór; an dá aspal déag =
his confidential servants. The meaning is that it
is as effectual for the gaining of a fight to have the
confidential servants of a great man pleased with you
as the great man.



148. Fala feidín = a mud wall. I can't find a
satisfactory explanation of feidín, but one authority
= feadh dín, and is derived from it. The proverb
means that a mud wall lasts as long as its covering of
thatch, or as long as it is kept covered with thatch.



151. This seems to refer to a time when pipers were
respected and had an attendant. Dailtín = puppy.



154. This should be Is fuar gach fliuchair (fliuchra)
acht deineann gach moch a gnó = all moisture is cold,
but the early bird catches the worm.



155. = An t-é d'ísleochaidh é féin ardóchar é.



160. = Déanann seilbh sásamh.


L. 234


163. Ní thig cogar gan focal nó dhó i n-á chrích =
a word or two is spoken aloud in the end of whisper
by which listeners may gather its import.



164. Cú thruagh = a famished hound, one not properly
fed.



174. Frigheadóir, one who picks fleshworms, an un-
usual calling for a man; and raégheadóir, one who
judges the weather from the appearance of the moon,
an unusual thing for a woman. The proverb is used in
the same sense as “a crowing hen or a whistling
woman.”



176. Athghamhna = a cow not in calf for two years in
succession, a two years' stripper. Gráineach, ground
corn of the first grinding; athghráineach, the large
grains of the first grinding reground, the fine meal
being set aside. Raitheacha = rightheacha, the thighs or
quarters — the “round” in a cow from which steaks
are cut. The meaning of the saying is that these are
the best or most substantial foods.



185. = No. 35 of this collection — nuair is cruaidh
do sna mactíribh, &c.



187. If the winter is fine and soft the spring follow-
ing is inclement. Another saying bearing on this —
Nodlaig Glas, reilig méith, = soft wet weather at
Christmas, the country looking green, causes disease
and many deaths.



190. Lomadh = scrios = bearradh.



201. Leamhán, elm. “Set a thief to catch a thief.”



202. Uadh = time, season.



205. Cleasuidhe margaidh, the fun of the market
said of a homely-looking person. It is as well to be
homely or plain-looking as too beautiful.



211. Refers to a tradesman who does not give
credit. The fárdorus collects for him.



221. Crothadh na h-ithreach = turning up the soil,
Cultivation is advantageous.



227. Hart an mádh & bíonn sé ádhmharach or hart an
mádh is maith an drá an spéarthaid. When hearts
are trumps spades are useful in the “draw.”



233. Fear graftha, a man whose pleasure is work
or having a capacity for hard work. Fear fiadhaigh,
one given to amusement. Fear gaoithe, a boaster.



236. Sé sin, nuair atá duine ag trácht tar an nídh-
céadna i gcomhnuidhe go dtiocfaidh fírinneach sa
deireadh.



243. = Beidh tu ar mhuin na muice, ar do thoil féin.
Túirín Seabhrach (?)



250. Cáis seems to be a form of cás, a sad plight,
strait. Go mbíonn madra go minic ag rith idir dhá
thigh a d'iarraidh a dhinnéir agus ní bhfaghann sé i n-aon
áit aca é. Nos. 248, 249, 250 have the same force as
ní féidir leis an ngobadán an dá thráigh do fhreastal.


L. 235


262.= An té is mó ólann is é is mó dúil ann.



275. Laetheannta na rógáidí or rogáidí, rogation
days.




Seaghán Ua Cadhlaigh.



Do brughadh amach an mhí seo Tagra aistí Piaruis
Béaslaoi is "Sceilg". Bítar ag súil leó an mhí seo
chughainn.



Druí og iar dtiachtain isind Locc Socuir! Deich
gcéd míle bendacht, a Sceilcc nanscél!!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services