Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teagasg na Gaedhilge - Litir

Title
Teagasg na Gaedhilge - Litir
Author(s)
Ó Dálaigh, Seaghan,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Teagasg na Gaedhilge
Meitheamh an 20 lá, 1899



D'fhear-eagair an Chlaidhimh
A Shaoi Ionmhain



Cuirim chugat, leis an bport so leabhar beag nuadh
curtha amach le "Connradh na Gaodhailge" Chathrach
Bostúin, agus d'á ngairthear "Eochair Mhúinte Na
Gaodhailge." Tá an leabhar beag so d'á úsáid anois
i sgoil na Gaedhilge, agus tá áitheas mór ar lucht
Chosanta na Gaodhailge 'san chathair so a fhusaide don
sgoláire coimhthightheach an teanga d'fhoghlaim ó leathánaibh
Eochrach Mhúintir na Gaodhailge. Do réir an Eolais atá
agam-sa agus ag na daoinibh is fearr teist i gcúis
chosnaimh na Gaodhailge, is an dúthaigh seo, tá dhá chineul
sgoláireadh ann; mar atá: an sgoláire tíordháchais
agus an sgoláire coimhthigheach; agus is lia go mór na
sogláiridhe coimhthigheacha ná na sgoláiridhe tíordhachais. Is
é beus na sgoláireadh dtíordhachais so luadhaim go bhfuil
an-deithneas orra an teanga Ghaodhailge d'fhoghlaim
agus dá bhrigh sin ní'l aon duadh-croidhe ná brionglóid-
aigne chastar 'na slighe ag stuideur theangan a sinsear
na go dtógaid orra a chur díobh go fonnmhar ionnas
go dtigthear leo, b'é luath nó mall é, máighistrigheacht
d'fhághail ar theangam chian-aosta so na h-Éireann.



An dara cineul sgoláireadh d'á dtráchtaim shuas .i.
na sgoláiridhe coimhthigheacha. Ní mian leo so aon chosg
do chur na slighe i bhfoghlaim na Gaodhailge níos mó ná
chastar na slighe ag foghlaim teangthadh coigcríoch eile
na h-Eorpa. Adeir siad linn - "Cad d'á thaobh nách
sgríobhann sibh-se bhúr dteanga dúchais féin - 's í sin
an Ghaodhailge - is na leitreachaibh coitcheanna - 's iad
sin na leitreacha Rómánacha - fá mar do sgríobhaid
cineadhacha eugsamhla eile na h-Eorpa mar atá, na
Sasanaigh, na Spanaigh, na Francaigh, na h-Iatáiligh,
agus tuille?" Agus fós adeir siad, ag diosbóireacht
linn, go mbeadh an Ghaodhailge níos coitchinne andiugh
ná mar atá sí dá ndéintidhe úsáid, leis na h-Éirean-
nachaibh fad ó, de'n leitir fhóir-leathain, shár-áitheanta
so na dtíorthadh eile - 's í sin an leitir Rómhánach.



Ní thógaim-se orm féin, an taca so, aon nídh do rádh
i n-aghaidh nó i bhfábhar baramhla na muintire labhras
mar so. Acht atá an méid so agam le rádh - agus is


L. 275


í an bharamhail is réasúnta am thuairim féin í, eadhon.
Níor cheart do lucht chosnamh na Gaodhailge aon
toirmeasg ná seachrán do chur i slighe na ndaoineadh
óg thógas orra an teanga Ghaodhailge d'fhoghlaim trés
na leitreachaibh Rómhánacha. Má shaoiltear leo-san
(cuir i gcás nach saoiltear leat-sa ná liom-sa sin) gur
fusa go mór Gaodhailge do mháighistriugadh is na leit-
reachaibh Rómhánacha ná is na leitreachaibh Gaodhlacha,
badh chiallmhar an bheart dúinne gach aon chabhair in ar
gcumas do thabhairt dóibh, seachas bheith ag cur 'na
n-aghaidh, mar ataimíd ag deunadh go laetheamhail.
Agus ó's iad na leitreacha Rómhánacha is fóirleithne
andiugh 'san domhan, agus ó's ionnta do sgríobhthar
teangtha mórdhálta na h-Eorpa agus na h-India-Móire,
is éigean dúinn a admháil gur dúchaisidhe go mór d'
fhor-mhór d'ógaibh sibhialta na cruinne na leitreacha
Rómhánacha ná na leitreacha Gaodhlacha gidh go mbh'
éigean dúinn admháil, ar an am gceudna, gur
dúchaisidhe go mór dos na h-Éireannachaibh na leitreacha
Gaodhlacha. Agus ó tá sé suidhte linn gurab an-fhusa do
lucht na dtíorthadh gcoigcríoch Gaodhailge d'fhoghlaim
is na leitreachaibh Rómhánacha, cad d'á thaobh nach
dtugaimíd leabhartha Gaodhailge dhóibh is na leitrea-
chaibh sin? Cuir i gcás go mbeadh fonn ar na Sínigh, atá
'san Aisia shóir, Gaodhailge d'fhoglaim, agus nach cas-
faidís le h-í fhoghlaim acht muna bhfaghaidís í sgríobhtha
is na leitreachaibh in a sgríobhthar a dteanga féin - 's iad
sin na hieroglyphics - is dóigh liom go mbadh cheart
agus go mbadh chóir d'eolgachaibh na h-Éireann "seifd"
éigin do dheunamh ar Ghaodhailge do thabhairt dóibh is
na leitreachaibh sin. Nuair a chuir eolgaigh na Breatan-
Móire rómpa, i n-allod, an creideamh gallda do
fhreumhughadh agus do bhuanughadh i dtalamh na h-Éireann
do cheapadar gurbh iomchuidhe dhoibh, chuige sin do
dheunamh an Scrioptúir Gallda d'fhagháil sgríobhtha
'san teangain Ghaodhailge agus is na leitreachaibh Gaodh-
lacha, mar gur mhó an meas agus an tuigsin do bhí ag
Éireannachaibh an uair sin ar Ghaodhailge ná ar Bheurla.
Ní mar mhaithe leis an dteangain Ghaodhailge ná leis
na leitreachaibh Gaodhlacha do rinn lucht na Breatan-
Móire so ar aon chor, acht mar mhaithe leis an gcrei-
deamh Protastúnt, noch do shaoileadar do bhuanughadh
i n-Éirinn.



D'á bhárr sin, agus d'á bhrígh sin, ní mar mhaithe leis
an dteangain Bheurla na leis na leitreachaibh Rómhán-
achid do cuireadh i gclódh, le lucht Connartha na
Gaodhailge chathrach Bhostúin an leabhar beag so, chuirim
fa d'bhreathnughadh - 's é sin "Eochair Mhúinte na Gao-
dhailge." Is féidir liom a rádh go bhfuil an leabhrán
so ag deunamh oibre maithe a's ag leathnughadh eolais
na teangan 'san tír so na h-India-Móire. Agus d'á
bhrígh sin, tá súil agam go dtabharfaidh fear eagair an
Chlaidhimh - an t-aon chlaideamh atá againn - breathnughadh
maith air, d'á léightheoiribh, ní h-amháin i nGaodhailge acht
i mBeurla leis.



Leat-sa go fírinneach,
Seaghan Ó Dálaigh
734 Harrison Avenue, Boston, Mass. U.S.A.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services