DUALGAS AN AMHRÁIN I bhFILIDHEACHT
NA GAEDHILGE.
Sidí an aiste a bhuaidh an chéad duais i nIomaidheacht
a Dó san Oireachtas i mbliadhna. Piarus
Béaslaoi do bhuaidh.
1. — SEAN-GHAEDHIL NA hÉIREANN.
Chomh fada siar is a théidheann stair agus
seanchus na nGaedheal bhíodh flúirse amhrán
agus lucht a gcanta age Banbain. 'San
tsean-aimsir ní raibh a sárughadh de thír
i nIarthar na hEórpa ar fheabhas a ceóil
agus a filidheachta. Níor bh'fheárr de mhaise
dhi gníomhartha gaisge a cloinne ná léigheann
agus éirim, clisdeacht agus binneas a bárd
agus a lucht seanma. Gach cleas agus
ealadha, uaim agus siansa, nod agus cor,
amus agus deise, a bhí ar eólas ag filíbh na
haimsire sin, chuiridís na Gaedhil i bhfeidhm
iad. Deirtar gurb' iad fé ndeara do
mhuinntir na hEórpa a mhalairt de chrot do
chur ar a bhfilidheacht thar mar bhí. B'iad do
chuir i dtuigsint d'éigsibh eile na hEórpa
slacht do chur ar a rannaidheacht. B'iad ba
bhun le deisiughadh agus feabhsughadh filidhe-
achta na hEórpa!
Ní bladhmann na mustar atá agam dá
rádh acht lom na fírinne. Gaedhil na
hÉireann do mhúin “comh-fhuaim” do rann-
airíbh na hEórpa. Cá beag san mar theist
ortha? Is mór an ceann suas do Ghaedheal-
aibh a fhios a bheith aca go bhfuil litridheacht
na hEórpa fé chomaoin mhóir aca. Dá
ngeóbhainn de chúram orm féin tuairisc
chruinn do thabhairt uaim ar a ndeárna ár
sinnsir chun léigheann agus creideamh do
sgaipeadh ar fuaid na hEorpa ní baoghal
go gcuirfinn leis an sgéal, mar raghadh sé
dhíom a leath ná a thrian d'áireamh.
Is é tá uaim ná a chur i n-umhail go raibh
an fhilidheacht ar na healadhantaibh ba mhó le
rádh age sna sean-Ghaedhealaibh agus gur
saothruightí go dian dícheallach í mar chéird.
Is mdhó saoi agus ughdar eagnach do thug a
théarma ag grafadh 's ag romhar, ag cartadh
's ag síoladóireacht i n-ithir na teangan
agus is mdhó barra foghanta filidheachta do
bhaineamair de thoradh a saothair. Is mdhó
sáir-fhear tréitheach do chuir díograis a
mheóin agus teasaidheacht a chroidhe i dtuig-
sint dúinn tré rannaibh líomhtha briocht-
shnuighte Gaedhilge. Ní haon iongnadh rann-
aidheacht na Gaedhilge a bheith go slachtmhar
'na ndiaidh.
As a gustal féin iseadh d'fhás agus
d'aibidh ár bhfilidheacht, gan taobh le haon
teangan eile ar dhruim an domhain. Ní
fhágann san ámhthach ná go raibh eolas maith
ag sgoláiríbh na hÉireann ar an Laidin
agus ar an nGréigis gan trácht ar chúrsaíbh
léighinn sgol iasachta. Bhíodar oilthe ar an
Eabhrais, agus bhí caidreamh agus comh-
luadar aca le hollamhnaibh iasachta, agus
“comhar na saoithe” mar adubhairt sean-
Chathal Mac Réamainn. Pé smut de'n
iasacht do bhí aca dá bhárr san, níorbh' aon
chomaoin ortha é. D'fhéadfaidís a dhá
oiread do thabhairt uatha agus gan easbha
bheith ortha dá bhárr.
II. — AMHRÁIN ÁR SEAN.
Dubhairt an “Craoibhín” tráth, agus
daoine nach é leis, gur gein nódhachta an
t-amhrán i litridheacht na nGaedheal. Dear-
mhad iseadh é sin. Tá dréachta ann ar
a bhfuil dul agus imtheacht an “amhráin”
san tsean-Ghaedhilg féin. Tá dánta le
fagháil san teangain ársa gur féidir iad
do ghabháil ar fhonnaibh áirithe. Thug Eoghan
Ó Comhraidhe soluídí ortha súd dúinn i n-a
aitheasc ar Ghnáth-bhéasa na Sean-Ghaedheal.
Ag seo ceann ó láimh Cormaic Uí Chuill-
eanáin:—
"In tóceb mo churchan ciar
"For innocian nuchtlethan nán
"Inraga rí richid réil
"As mo thoil féin ar an sal
"Imba sessach, imba seng
"Imba freassach torgib drong
"A Dhe an cuingene frim
"A thí oc teht for lind lond?"
Nach deas a thiocfadh an fonn gleóite úd
"Ar Éirinn ní 'neósainn cé hí" don dán
úd? Ag seo ceann eile :-
"Canas tic mac legind?
"Ticim ó Chluain Celbínd;
"Lar legad mo legind
"Tegim sis co Sord.
"Indis scela Cluana
"Indisfet - na cuala
"Sinnaigh Ima Nuada
"Etait bruana bolg?"
Thiocfadh fonn “Sheán Ó Duibhir an
Ghleanna” dho siúd go deas agus níor
dheacair an rócán so leanas do chur i
n-oireamhaint d'fhonn “An Buachaill Caol
Dubh”:—
"A druith na nDéisi, a cloícennd céisi
"Ní bia dar ndeisi, a muig og na buaibh
"A druim re seisi, nocho dum réir si
"Nocho fom cheilsi do chuadh do chial;
"Imthigh a dhuini'; ith im is uidi
"Rioth uidi iar nuidi, adiu coróimh;
"A lorcan luigi, a bolcain buidhi
"For tolclar tuighi, ria nóin a niar."
“Nach iongantach an sgéal é,” arsa Eoghan
Ó Comhraidhe, “amhráin a bheith ar fagháil i
láimh-sgríbhinn na bliadhna 1150 agus dealbh
agus déanamh na nódh-amhrán ortha. Ní
hé sin amháin acht d'oireamhnóchaidís na
hamhráin so go maith d'fhonnaibh áirithe athá
coitchiannta i mbéalaibh na ndaoine fós,
dá ársaidhe iad. Dar liom na fuil a oighre
siúd de sgéal le hinnsint ar aon chineadh
eile i Roinn na hEórpa.”
Dubhairt an t-ollamh sár-léigheannta úd
leis go mbíodh amhráin agus filidheacht dá
sadhas dá gcleachtadh san linn is sia siar
de stair na hÉireann.
Tar éis ar thug Eoghan Ó Comhraidhe de
sholuídíbh dhúinn, ní fhéadfadh éinne beó
a rádh ná raibh an ghné filidheachta ar a
dtugtar “amhráin” ar eólas agus ar
taithighe age sean-Ghaedhealaibh na hÉireann.
III. —RÉ NA nAMHRÁN.
Acht níorbh' í an tsean-aimsir ré na
n-amhrán. Nuair a bhí creideamh agus
riaghlughadh léigheann agus oideachas dá
mbaint dá mbonnaibh ag cruadhtan an
tsaoghail, annsan iseadh luigheadh ar amhrán-
aibh i ndáiríribh. Ba mhór an tsuim do
cuirtí san amhrán i rith na hochtmhadh aoise
déag. B'é crích an sgéil, ámhach, ná bíodh
aon ghné filidheachta eile dá sgríobhadh ná
dá chleachtadh ag éinne, agus ní deirim nach
truagh san. Acht ní raibh léigheas air, mar
sgéal. Bhí deireadh le sgoileannaibh na
mbárd. Bhí tobar an fheasa ag dul i
ndísc. Bhí “na seabhaic ná ceileadh ar
fhile gach suim seóide” imthighthe thar lear
nó ag tabhairt an fhéir. Chuaidh an “dán
díreach” i n-éag. Tharraingeadar na filí
chucha an t-amhrán mar chóir troda, agus
ba mhaith an díol ortha é.
Tá faghálthas againn de bhárr a saothair
nár sáruigheadh fós i bhfios damh-sa ná
d'éinne eile.
San chéad dul síos níorbh' fholáir dóibh
earraí do sholáthair do thaitnfeadh leis an
bpobal. Ní dhéanfadh an dán díreach an
gnó dhóibh i n-ao' chor. B'fhusa do lucht
tuaithe binneas ceóil do thuiscint ná aon
mhaise eile. Rud eile dhe, ar chaint na
ndaoine a bhí seasamh na teangan, tar éis
dos na flathaibh agus na huaislibh imtheacht
uatha. Ghéilleadar na filí do'n atharrach a
bhí tagatha ar an saoghal.
Bhí a gcás dona go leór agus ghriog sé
iad chun amhránaidheachta. Chuireadar a
bhfonn 's a ndúthracht is na hamhránaibh.
Chuireadar i n-umhail do'n tsaoghal na
smaointe a bhí ag déanamh buadhartha dhóibh.
An dóchas agus an mhuinghín a bhí aca as
Dia, an tsúil a bhí aca le teacht an
Stíobhardaigh, an cion do bhí aca ar a dtír
féin agus a mhéid do ghoill a cruadh-chás
ortha — tá a rian sain ar a bhfuil againn 'na
ndiaidh. Gheibmíd a lán eólais ar ghnáth-
shaoghal agus ar mheón Gaedheal na
hochtmhadh aoise déag as na hamhránaibh úd.
Níl pioc dá mhearthal orm-sa ná go
n-oirfeadh ionad dualgais árd-réimeach
d'amhránaibh Bhanban, ní hé amháin i bhfilidhe-
acht na hÉireann acht i litridheacht na
hEórpa.
IV. — LUCHT CÁINTE NA nAMHRÁN.
San chéad dul síos tá orainn tábhacht
agus tairbhe amhrán na nódh-Ghaedhilge do
léir-mheas agus do mhion-sgrúdughadh. Cad
is fiú iad? Caidé an maitheas atá ionnta?
Cá feárrde sinn iad?
Ní fhéadfadh éinne beo a bhréagnughadh go
bhfuil amhráin na nGaedheal go ceolmhar,
milis, binn-ghlórach, blasda. Níorbh' fhéidir
iad a shárúghadh ar dheise fuama agus ar
ghontacht cainnte. Acht ní leor san do
lucht na mbreath do thabhairt. Is é an
feall é go bhfuil a lán aca ann do tógadh
leis an nGalldachas agus do fuair a thoradh
mar bhainne cíche; agus tá a rian san ortha.
Ní binneas ná ceólmhaireacht, doimhneas ná
dlúth-chiall atá uatha, acht filidheacht tuilthe
d'fheallsamhnacht i dtreo 's go mbainfí
ceachta aisti. Is é tá uatha ná bréag-riocht
filidheachta do chur ar aitheasc ar lúbaibh
croidhe an duine. Ní thuigid siad do
bhréaghthacht ár n-amhrán.
“Dream na Gall-Gaedhilge” do thabhar-
fainn-se ortha dá mbeadh orm a mbaisdeadh.
Daoine de'n tsadhas chéadna díreach a
bhíonn beag-bheann ar pheictiúir mara
mbíonn “innsint sgéil” ann. Dá gcuir-
fidhe “Leabhar Ceanannais” os a gcomhair
amach, bheidís dall air. Ba bheag an
tairbhe dhóibh amharc ar na leitreachaibh
snuighte snasta, an deagh-dhathughadh is an
chlisdeacht phinn. Ní bheadh blúirín measa
aca ar a leithéid. “Ar lí ní breitheamh
fear gan súile.” Déarfaidís ná raibh
ionnta súd acht gáitsí tarraiceóireachta
gan bun gan bárr.
Fágaim le hudhacht ná feaca oighre riamh
ar mo dhream Gall-Ghaedheal acht na
bioránaigh úd. Tá an bhreághthacht chéadna i
sgríbhneóireacht ghleóite ár sean agus i
n-amhránaibh na nódh-Ghaedheal.
V. — TUAIRIM NA nUGHDAR.
Ní feárr freagra do thabharfainn ar
lucht cáinte go bhfuil a n-éirim 's a
meabhair chinn tuilthe de Ghalldachas ná
stair a léigheadh dhóibh as dornlach deagh-
eolais ná luadhfar annso. Sid é é:—
“Tá a lán dánta ann ná fuil ionnta
acht amháin siansa fuama. Spriocaid san
an léightheoir nó a lucht éisteachta chun
dian-mhachtnamh; bainid siad preab as a
chroidhe; léirighid siad fios fáth an sgéil do
le neart a mbinnis. Tá dréachta ann
gurb' iad a mbuadh ná a gceolmhaireacht;
ar nós Phindar agus Sapphó, cuir i gcás.
Tá dréachta ann gurb' iad a mbuadh ná a
ndathadóireacht, ar nós filí d'fhilíbh na
Péirse. Níl aon toradh mhachtnaimh dá chur
'na luighe orainn ag na dréachtaibh úd; ní
deirtear aon-nídh go lom-díreach ionnta;
acht ar a shon san féin, is féidir do dhuine
an oiread smaointe agus sásamh croidhe
do bhaint asta agus a mbaintear de
dhathannaibh ar liathróid gloine acht é
shuathadh mór-thimcheall.”
A thuille dhe: “An dian-ghrádh agus an
doilghéas croidhe a bí ag brúth ar Shapphó,
chuir sí i bhfeidhm iad le neart fuama. Tá
a rian ar a dántaibh. Níl agat le déanamh
acht ceann dá haisdibh do bhéal-aithris do
dhuine a bheadh aineólach ar an nGréigis
agus gabhaim-se orm go dtuigfeadh sé dhá
púir ó'n méid aireóchadh sé. Tá solaoidí
de'n tsórt chéadna le baint as Hómer agus
Bhergil, &rl.”
Ní beag son. Ughdar Gallda a bhí lán-
oilthe ar chúrsaidhibh filidheachta do sgríobh
an méid sin. Nach follas go raghadh an
chaint sin i n-oireamhaint do'n Ghaedhilg tar
a bhfeacaís riamh? Má léightar “An tÉag
Togarach” Sheáin Chláraigh do Bhéarlóir go
bhfuil aon chluais air i n-ao' chor, ní baoghal
ná go mothóghaidh sé an fuinneamh fiadhain
fíochmhar garg atá leis. Tabharfaidh fé
ndeara míne agus mánlacht an mharbhna úd
Aodhgáin Uí Rathaille ar thriúr Cloinne
Thaidhg Uí Chróinín. Tógfaidh sé a cheann go
mórdhálach tréis do “am 'sceól ar árd-
mhágh Fáil” do chloisint. Cuirfidh “Mac
an Cheannaidhe” ag machtramh ar sgéalthaibh
bróin é. Brosdóghaidh “Tá Sgéal Beag
Agam” e chun aoghair agus aoibhinis agus
súgradh. Ní ag dul thar fóir é a rádh gur
féidir meón agus driuch aigne agus croidhe
an fhile do thomhais ó'n bhfuaim féin.
Tagra
Ní raibh a sárughadh de thír = it was excelled by no
country.
Lucht seanma = minstrels
Ealadha, art.
Uaim, alliteration.
Siansa, melody, melodiousness.
Amus, a kind of correspondence of words in dán
díreach.
Deise, artistic dexterity, execution.
A mhalairt de chrot do chur ar a bhfilidheacht, to
alter the form of their poetry.
Slacht do chur ar rannaidheacht, to adorn their
versificaton or metre, to make it neat, regular and
elegant.
Deisiughad agus feabhasúghadh filidheachta na hÉ.,
the improvement in execution and matter of the poetry
of E.
Chomh-fhuaim, vowel rhyme, assonance.
Go saothruightí go dian dícheallach í mar chéird,
that the art was assiduously cultivated.
Saoi agus ughdar eagnach, savant and literary man.
“Ughdar” does not mean “author” in the English
sense of the term.
Díograis a mheóin agus teasaidheacht a chroidhe,
his passion of mind and fervour of heart.
As a gustal féin iseadh d'fhás agus d'aibidh sí, it
grew and developed independently.
Cúrsaí léighinn sgol iasachta, the learning of foreign
schools.
Caidreamh agus comhluadar, society and intercourse,
Caidreamh usually is followed by ar.
Comhar na saoithe, reciprocal interchange of ideas
between learned men.
Gein nodhachta, an offspring of novelty, a modern
development.
Dréachta ar a bhfuil dul agus imtheacht an
“amhrán.” poems showing the style and construction
of the “lyric.”
Aitheasc ar, lectures upon.
An rócan do chur i n-oireamhaint do'n fhonn, to fit
the song to the air.
Dealbh agus déanamh na nódh-amhráin, the form and build
of modern lyrics.
Gné filidheachta, species of poetry.
Riaghlughadh, order, regular government.
“Na seabhaic ná ceileadh ar fhile gach suim seoide,”
the heroes who would not hide from or deny a bard
every store of treasure. This is a quotation from
Seán na Raithíneach.
An dán díreach, poetry in the old Irish syllabic
metres.
Earraí do thaithnfadh leis an bpobal, popular
matter.
Go n-oirfadh ionad dualgais árd-réimeach dóibh,
that they are entitled to a lofty place.
Gontacht cainte, beauty of language.
Tuilthe d'fheallsamhnacht, loaded with philosophy.
Bréag-riocht filidheachta do chur air, to clothe it in
a false garb of poetry, to disguise it in the form of
poetry.
Aitheasc ar lúbaibh croidhe an duine, psychological
probings.
Ní thuigid siad do bhreághthacht ár n-amhrán, they
do not appreciate the beauty of our lyrics.
Bheidís dall air, it would be lost on them.
An deag-dhathughadh is an chlisdeacht phinn, the beau-
tiful colouring and caligraphy.
Gáitsí tarraiceóireachta, artistic tours de force.
Stair a léigheadh dhóibh, to read a passage to them.
Dornlach deagh-eolais, a 'well' of useful knowledge.
Siansa fuama, beauty of sound, harmony.
A mbuadh, their strength, forte, excellence.
A ndathadóireacht, their colouring.
Chuir sí i bhfeidhm iad le neart fuama, she gave
expression to them by means of sound.
Go dtuigfadh sé dhá púir, that he would fell for her
trouble.
Ughdar Gallda, an English literary man. Theodore
Watts-Dunstan, the well-known critic and literary man
is referred to.
An fuinneamh fiadhain fíochmhar garg atá leis, its
wild, savage, rough rhythm or swing.
—
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11