Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



“AG” AGUS “LE.”



Nuair a bhíonn duine ag dul thar sáile anonn
fágann sé a shlán againn & cuiream-na ar mbeannacht
agus ar slán leis.



An té bhíonn ag imtheacht ní “slán leat” ná
“beannacht leat” is ceart dó a rádh acht “slán
agat” nó “fágaim mo bheannacht agat.” Féach cad
deir lucht déirce agus iad ag fágaint tighe feir-
meora — má táid sásta:— “fágaim mo bheannacht &
beannacht Dé agaibh” (ní “libh”).



An té bhíonn imthighthe i bhfad ó bhaile má's beo dhó
“slán beo leis” & má's marbh dó “beannacht Dé le
n-anam.”



Tá eagla orm ná tuigtear an cheist seo i gceart
mar is minic do chím-se “beannacht leat” nó “slán
leat” i leabhraibh i n-áit “beannacht agat” nó “slán
agat.”



Rud eile: ní fhágann duine a shlán na dhiaidh acht
nuair a bhíonn sé ag dul a bhfad ó bhaile & b'fhéidir
gan súil le filleadh aige, cloisim-se daoine anois &
“slán leat” aca díreach mar a bheadh “good-bye”
nó “ta-ta” i mbéal Bhéarlóra.



Sé bheadh i mbéal Ghaedhil annso ná “go dtugaidh
Dia lá maith dhuit” no beannacht éicint eile a bheadh
oireamhnach do'n ócáid.



Is mithid dúinn anois blas & snas ar sinnsear a
chleachtadh agus gan bacadh le Gall-Ghaedhilg.



MADRAMHAIL: Ní maith liom an focal so mar
Ghaedhilg ar “dogged.” Ní dóigh liom féin gur
ceart é. Sé an rud thuigfinn-se ó “madramhail”
ná “doggish,” “beastly,” rud eichint ná beadh ró-
dheas ná ró-ghlan. Bhíos i bhfad ar lorg an fhocail i
sean-leabhar. Bhuail sé umam i Seanmóirí Mhuighe
Nuadhat leathanach 173:



“An rabhadar i n-am ar bith na bréaga níos iom-
adamhla, na mionnaí móra níos minice drúis &
adhaltranas níos madramhla … ná ar
an uair seo.”



URRAMACH: An ceart é seo mar Ghaedhilg ar
Reverend? Ní dóigh liom féin gur ceart. Urraim
is respect paid to a person and duine urramach would
mean a respectful person, one who pays respect or
homage, not one who receives it or who is entitled to
receive it. Here is an answer to a question in the
Irish Catechism as to the duties of a wife towards her
husband: “a bheith lán de chion d'umhalaigheacht &
d'urraim do mar atá an eaglais do Chríost.”



BEIRT FHEAR.



Do bhí máighistir scoile de mhuinntir Annluain
uair, ar an dtaobh thuaidh de Thráighlí. File do b'eadh
é, agus bhí sé ana-thréan chun Gaedhilge. Do thug
cúram éigin go Corcaigh é, agus d'fhág sé a inghean
ag múineadh na scoile 'n-a dhiaidh. Bhí garsún ag dul
ar scoil ann, agus bhí sé 'na dhaoi chomh mór-san ná
féadfadh an saoghal éin-nídh a chur isteach 'n-a cheann.
Bhí an cailín ag múineadh Biseachta dhó, acht ní raibh
aon mhaitheas di ann. Fé dheireadh, dubhairt sí an
rann so leis:



Addition do chealg thu is do chráidh do chroidhe,
Agus Addition nár scaraidh leat go raghair i gcill;
Mar níor dheacra na cairgreacha thabhairt aniar ó'n
dtuinn
'Ná Addition do chur ceangailte it mháinléad chinn.



M. Ó C.



Do bhuail sagart le hEoghan Ruadh, lá, agus níor
thug sé éin-nídh dhó. Bhí sé n-a scoláire age Eoghan
roimhe-sin. “Seadh,” arsa Eoghan:



“Is 'mdhó mac fíor-ghalánta agus stráille gan
bríste,
Do chuireas i gcolláiste i bhfeidhil aráin 's ag ól
fíona,
Ó chasadh i ndán dam na déanfaidís aon díon dam,
'S gan agam dá bhárr súd acht “Good morrow,
Master, how are you, how be you.”



Sé an beannughadh thug an sagart dó, “Good mor-
row, Master, &c.”



M. Ó C.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services