Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Filidhe na Máighe.

Title
Filidhe na Máighe.
Author(s)
Ó Duinnín, An tAthair Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FILIDHE NA MÁIGHE.



Leis an Athair Pádraig Ó Duinnín.
M. H. Gill & Son, Ath Cliath. Dhá Sgilling glan.



Ní náir mar theastas ar shliocht Gaedheal
an teastas do bheir a gcuid filidheachta
ortha; óir ní móide go dtáinig le haon
chineadh ar dhruim an domhain, agus cinidheacha
an léighinn mhóir d'áireamh, filí na nGaedheal
do shárughadh ar bhinneas. A leithéid de
chasadh ar fhocail, a leithéid de sheóladh is de
leagadh, a leithéid de tháthadh is de
shnadhmadh, a leithéid de cheól is tá ionnta,
níor bh'iongnadh liom mar eachtra ag lucht
léighte filidheachta & lucht ceoil ar fuaid na
cruinne.



An leabhar so atá ós mo chomhair, “Filidhe
na Máighe,” tá sé tuilte de cheól ó thosach
go deireadh. Nuair a bheitheá 'ghá léigheamh,
dá madh duine le cluais tú, is amhlaidh
mheasfá go rabhais taréis slán d'fhágáil ag
an domhan beag buadhartha so, & gurab í an
áit a rabhais ná i nGáirdín Parrathais.
Seaghán Ó Tuama an Ghrinn, Aindrias Mac
Craith, an bheirt seo do sgríobh furmhór na
ndánta atá ann.



I lár na hochtmhadh aoise déag do mhair an
bheirt seo; & níl éinne a thug a aghaidh ar
fhilidheacht ná déarfaidh gur iomdha dán
bríoghmar do cheapadh an tráth san. Céard
ab eadh an fhilidheacht ag filí na haimsire
sin acht níor chóir gur lugha ár meas ortha
san, óir bhí fios a ngnótha aca. Maighistrí
sgoile ab eadh a bhfurmhór, & mar ba ghnáthach
aca féin dá rádh, b'fhollamh an chéard í; mar
cé gur dona an dáil é ag maighistrí sgoile
an lae indiu, ba mheasa an sgéal aca an
uair sin. Mar is minic ná coimeádthaí
an sgoil ar siubhal acht leath-bhliadhain; &
nuair a theipeadh ar an sgoil sin, ní raibh le
déanamh ag an bhfear a bhí ghá seóladh acht a
aghaidh do thabhairt ar áit éigin eile & iarracht
eile do dhéanamh.



Ag seo casadh ar fhocal do dhein Ó Tuama
uair & ar ndóigh tá rian a láimhe air.



“Mo mhuireann-sa Muireann tar
Muirnibh áilne críoch,
Mo mhuireann do Mhuirinn do mhuirinn
ag tál na dighe.
Cé muireann le Muirinn mo mhuireann
chum cláir ag suidhe,
Ní muireann le Muireann mo mhuireann
gach tráth gan díol.



Muireann a bhí mar ainm ar a mhnaoi & is
ionann “muireann” & cuideachta, & tá
brígh eile leis fós, is ionann é & grádh. Is
léir a thuigfear as an rann so cad é an
saghas mná í Muireann. Dá mbreacfá
acra páipéir le peann & dubh ní fhéadfá
innsint ní b'fhearr do dhéanamh ar thréithe
Muirinne.



Dá mbeadh sé de mhian agam trácht ar na
hamhráin go léir, ní bheadh sé de shlighe agam.
Is amhlaidh is deacair ceann aca a mholadh
thar an gceann eile. Acht ní fhéadfainn gan
luadh do dhéanamh ar na ceannaibh seo
leanas mar “tá fuinneamh na cainnte ag
rinnce im' chluasaibh.”



1. “Mo mhileadh truagh, mo bhuadhairt, mo bhrón.”



2. A chuisle na héigse éirigh suas.



3. 'Im aonar seal ag ródaidheacht.



22. A dhalta dhil an daithnid libh mo chás
anois.



28. Slán is céad ó'n dtaobh so uaim.



48. Cé fada mé follamh gan costas gan
cíos ar bith.



Amhrán do dhein an tAthair Nioclás Ó
Domhnaill nuair a ghoin síobhra cnuic a
chapall is eadh an ceann deireannach, & an
té ná bainfeadh sé gáire as, ní misde


L. 202


dhuit a rádh ná go bhfuil sé tabhartha, nó go
bhfuil sé gan tuigsint ar ghreann. Agus
tá a lán suilt ins na dánta do sgríobh
Seaghán Ó Tuama & an Mangaire Súgach
dá fhreagairt.



B'iongantach an cion a bhí ag na filí seo
ar cheól. Ba chuma aon nídh eile puinn.
Sháróghaidís a dtiocfaidh is a dtáinig ar
bhinneas. Is baoghal liom gur mó de cheól
ná de chiall a bhí 'n-a gcinn. Acht bhí an
Ghaedhilg aca ar fheabhas, & tá sí ins an
leabhar so fá mar a bhí sí ag a sinnsear gan
locht ná salachadh, gan milleadh gan lot. An
té is measa Gaedhilg, níor bh'iongnadh liom
é go cliste taréis leabhar nó dhó dá shaghas
so do léigheamh go mion & go minic, ag
sgrúdughadh gach abairt, agus gach focail,
ag tabhairt fá ndeara an seóladh atá ar
gach líne, an uaim &rl. Agus níor cheart
go mbeadh sé mar leath-sgéal ag éinne nach
cumas dó an leabhar seo do léigheamh i
dtaobh a chruadhacht, mar tá aguisín ag á
dheireadh & gheobhfar míniughadh na cruaidh-
Ghaedhilge go léir ann. Is cruinn a dhein
an fear eagair a ghnó & tá lucht léighte na
Gaedhilge go huile fá chomaoin aige & lucht
léighte filidheachta go sonrádhach.



Tá reamhrádh ag an eaghartóir & ní dóigh
liom gur léigheas riamh aon trácht ar na
filí Gaedhealacha is mó a thaithnigh liom 'ná é.
Innstear an fhírinne ann dom' dóigh-se &
ní dhéantar go droich-mhúinte é mar
tuigeann an té do sgríobh é do fhilí bochta
na haimsire sin agus is cruinn an tuisgint atá
aige ar dhálaibh Éireann & ar staid shliocht
Gaedheal le linn na bhfilí seo. Níor mhór
d'éinne an dá thuisgint seo do bheith aige
chum a cheart féin do thabhairt do gach file.
Seo sliocht nó dhó as:





B'in é a ndálta go díreach & bheirim
m'aonta leis an eagarthóir. “Níl binneas
id laoi ná id shean-dán,” arsa an Mangaire
Súgach ag tabhairt freagra ar Sheaghán Ó
Tuama. Binneas a bhí uatha & ar ndóigh dhá
gcoiméadfadh binneas 'na mbeathaidh iad,
bheidís beó fós! Níor chuala riamh go
ndubhairt file Geadhealach le file eile,
“Níl ciall id laoi.” Acht pé sgéal é, is
maith an mhaise orainn na dánta so & badh
dhaithnid dúinn iad do chailleamhaint.
Léirighid dúinn go beacht an saghas saoghail
a bhí ann le n-a linn, & canfar cuid aca go
deó na ndeor ag na Gaedhil maran rud
é go múchfar an treabh.



Is iongnadh liom cionnus a sheasuigheann
a tAthair Pádraig an síor-obair seo. Ní
mór gur luaithe leabhar amuigh aige ná go
mbíonn leabhar aile agá shálaibh go dian.
Ní fheadar an dtéidheann sé chum suain i
n-éan-chor?



Mholfainn le fonn do gach Gaedheal an
leabhar so d'fhagháil; & na Gaedhil sna
ceanntair Ghaedhealacha, ba cheart dóibh
siúd na hamhráin do léigheamh cois teineadh
istoidhche do na sean-daoine. Raghad fé


L. 203


gur bh'fhearr do'n Ghaedhilg é & gur mhór an
congna chum a buanaighthe é.



BEANN NA LIAG.



Gluais.



Ní náir, it is no bad (shameful) testimony.



Ní móide, not the more .i. they scarcely ever excelled.



Casadh, twisting, weaving.



Seoladh, style of composition.



Táthadh, joining together, putting an idea into as
few words as possible.



Níor bh'iongnadh liom, I should not wonder if they
came as a surprise to, etc.



Tuilte, overflowing with.



Níor chóir gur lugha, we should not respect them
the less.



Dona an dáil, a hard state, condition.



Ná coiméadthaí, the school was not kept; past hab.
auton.



Gá seóladh, directing it, in charge.



Dá mbreacfá, if you were to use up with writing
on.



De mhian, as a wish, “even though I wished, etc.”



Síobhra, a fairy.



Tabhartha, “done up,” spun out.



Ba cuma aon nídh, nothing else mattered much.



A dtiocfaidh, all that will come.



Salachadh, act of staining.



Is measa Gaedhilg, who has the worse Irish.



Go mion agus go minic, “often and often.”



Abairt, a clause, sentence.



An uaim, the sound, vowel-rhyming.



Nach cumas dó, that he is not able.



Aguisín, an addition.



Go sonrádhach, especially.



Dom dhóigh-se, in my opinion.



Sliocht nó dhó, one or two quotations.



M'aonta, I agree.



Is maith an mhaise orainn, it is well that we …



Badh dhaithnid, it would be a loss to us.



Maran rud é, if the tribe does not become extinct.



Raghad fé, I go bail.





Do cailleadh duine de sna Husseys ón nDaingean
i dTráighlí uair. Do chuaidh bean chaointe leis go
Tráighlí chun é chaoineadh. Nuair a tháinig sí os a
chionn, dubhairt sí:



Dá mbeitheá — sa agam ag baile
I ndoirín glas an Daingin,
Gheobhainn mná donna deasa —
Mná finne geala —
A dhéanfadh creidhil dá mbasa
Anuas os cionn do mhairbh.



M. Ó C.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services