Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XII.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XII.
Author(s)
Ní fios, Ó Gadhra, Seán
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Seán Ó Gadhra, File. XII.
15.



Marbhna dhon Athair Grioghóir Maighniallus
an chéad earra eile de chuid Sheáin Uí
Ghadhra i leabhar Ruaidhrí Mhic Dhiarmada.
Tá so ar fagháil ar leathanach a 55 ann.



Aiste Deibhidhe is eadh, acht ní'l an
mhéidireacht go cruinn aige i gcomhnuidhe.
Sa chéad leath-cheathramhain féin ní'l comhar-
dadh slán idir “cláire” agus “taoighbhéime,”
de bhrígh nach d'aon bhuidhin i measc na
gconson “r” agus “m.”



MARBHNA AN TSAGAIRT RIAGHALTA
FHOGHLUMTHA GRIOGHÓIR MAIGH-
MHALLUS.



Dursan dúinn díth na cléire,
dan Bhanbha is tuar toighbhéime;
gur damhna mór chiaigh don druing
gan liaigh an anmhuin againn.


L. 200


Níor chás dúinn geimhiol na nGall,
fá'n gcorp gur chlis an t-anam;
ó na mbeith fá bhaoghal dó,
bheith dhá shaoghal i n-iarghnó.



Úird crábhaidh dá gcur a gcúil,
do scrúdadh sailm 's an Scrioptúir;
ag súd na leathchuin gan locht,
dár rún diamhair na diadhacht



Mairidh fós fiorchú abhfus,
móradh na naomh Maighniallus;
fiallach chuir foghluim i gcóir,
an lóchrauinn grianmhar Grioghóir.



Srotha fíoraon, tobar tréan,
orthóir fromhtha na n-úr-scéal
gríobh geanmnach nach bris móid;
níor dhearmuid cnis don chanóin.



Aiceacht Ghrioghóir an bhéil óir
i gceann 's i bpéin an phrideóir;
diadhaire, file, feallsamh,
bile iath-mhaighe Éireann-sa



Féineachus, féilire naomh,
Béarla teibidhe bláth-chaomh,
follus focal, táin amhra,
mar ollamh áigh ealadhna.



Laoidhe suairce, seal oile,
Béarla foirthche filidhe;
ughdar, gach am ó dtig,
do scrúdadh rann sa Scoitic.



Srotha meala is soitheach óir
fuaim a shéise sa tseanmhóir;
dá lámhadh ag labhairt gan on
malairt na dála is dursan



d-u-r-s-a-n.



An Rann.



Is é Grioghóir an séanmóntuidhe seólta
séimh
An phrideóir nach dileóir faoi stór an
tsaoghail
Scribhneóir is dlightheóir is órtha béal
Fileóir na Trionóide is Pól na
nGaedheal.



GLUAIS.
líne
1. dursan, grief, pity
2. tuar toighbhéime(toibhéime), an omen of loss,
blemish.
3. Damhna, a great cause of sorrow.
4. An anmhuin, thus R.McD. It may be i n-a
anmhuin, “remaining,” or a n-anmann, “of
their souls,” Damhna mhur chiaigh, MS.
5. Geimhiol, fetters.
6. Gur chlis, “till the soul failed (left) the body.”
7. “For their being through danger on his ac-
count.”
8. Iarghnó, distress, lament.
9. A gcúil, ar gcúl, backwards: or i gcúil, in a
corner, difficulty.
10. This line qualifies úird crábhaidh.
11. liathchuin, liath-chuin (?) Fiorchú, a hero, fear-
chú, perhaps fíor-chú.
14. Móradh, majesty.
15. Fiallach for fialach, a generous person.
16. Lóchrainn, metric for lochrann, a torch, light.
17. Fíraon, the faithful. Saoraon(?) MS.
18. Orthóír, a gilder, refiner.
19. Gríobh, a griffin, hero; graobh (?) MS.
20. Cnis, attachment; the extreme peg in a warping
frame.
21. Aiceacht, a lesson, teaching. Aicidheacht MS.
22. Prideor, pridieu, pulpit (?); preacher (?).
23. Diadhaire, a theologian; feallsamh, a philo-
sopher.
25. Féineachus, acquaintance with the old laws.
26. Béarla teibidhe, the language of poetry.
27. Follus focal, probably for forus focal, know-
ledge of the meaning of words. Amhra, goodly,
excellent.
30. Foirthche, foirbhthe (?), experienced, perfected.
32. Soitic, an Ghaedhilg.
34. Dá lámhadh, in all he tried, dared. Gan on,
without fault, blemish.
36. Malairt na dála, a different set of circum-
stances. Mailair, MS.
37. Seanmóntuidhe seolta, an exact preacher.
38. Dileóir, a lover of wordly goods.
39. Órtha, gilded, polished.
40. Fileóir, a lover, protagonist. Pól, Paul; this
is probably the same as the word polla, a prop,
support, which occurs so frequently in Southern
poetry.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services