Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cath Bhéal an Átha Bhuidhe.

Title
Cath Bhéal an Átha Bhuidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CATH BHÉAL AN ÁTHA BHUIDHE.



Seo gearr-chunntas ar chath Bhéal an Átha
Bhuidhe. Do b'é seo an cath ba chródha, ba
thréine, agus ba chomh-chruinne dar buaileadh
idir Chlannaibh Gaedheal agus buidhin namhad-
amhail, neamh-thruaghach na nGall, ó chur
Strongbow, an chéad chaonuidhe dhíobh,
a phearsa thoirmeascamhail mhailíseach
cheithre céad go leith bliadhain roimhe ar
oileán iath-ghlas aoibhinn na hÉireann; do
b'é ba chródha, agus ba mhisneamhla dar
buaileadh ar feadh cheithre mbliadhna déag
agus dá fhichid i n-a dhiaidh-san nuair a bhí
Cromull i n-a ull-phiast árrachtach ar fuid
na mbailte is na ngleann so na hÉireann,
gan croidhe do cheapadh do rás na cine
daonda, acht mar bheithidheach allta, ag
traochadh, agus ag marbhughadh ban agus
daoine aosta, agus ag díol na leanbh i n-a
ndílleachtaíbh gan treó, gan súil le filleadh
go bráth.



Do b'é seo an cath d'réir admhála na
nGall féin, is mó thug cáil do mhuintir na
hÉireann, ó chuir Sasana aithne ar a meón
ar dtúis.



Ba chath é seo i n-a bhfeacathas os cionn
céad agus chúig míle de sna fearaibh ba
chródha, is do b'fhoghlumtha chum cogaidh dar
fhéad Éire chur le chéile; agus iad fá
stiúrathóireacht an phríonnsa ba chliste is
ba neamh-eaglaighe dar aduigh Dia riamh
tír-ghrádh 'n-a chroidhe. Do b'é sin Aodh
Ó Néill.



Ón dtaobh eile (taobh na nGall) do bhí
timcheall céad fear breise, ná raibh ag
Ó Néill, agus bhí an sluagh tar éis a
gcómhacht do chur i n-umhail go sár-mhaith
i dtíorthaibh iasachta. Bhí timcheall chúig
céad díobh gléasta i gcótaíbh iarainn, agus
iad ceartuighthe, le gunnaí móra (nidhthe
ná raibh fagháil ag Ó Néill ortha), fá
stiúrathóireacht Bheagnal. I mí na Lughnasa,
i mbliadhain a 1598, bhí an sluagh so fá
órdughadh na han-chúinse, ba nimhe agus ba
shainteamhla chum Clanna Gaedheal do
chéasadh, dar chruthnuigh Dia riamh chum
coróinn ríoghamhail do chur ar a ceann.



Do bhí an mhaidean go ciúin is go
haoibhinn, arsa Ó Súilleabháin, agus tháinig
an bhuidhean Ghallda ar aghaidh ó Árd Macha
roimh éirighe na gréine a mbratacha dathann-
acha aca dá luascadh, 's dá séideadh go
hárd san aer, a ndrumaí aca dá mbualadh,
agus a ngall-trumpaí ag fuaimniughadh
i ndeallramh áilneacht, agus i bhfuirm
chogaidh; acht níor tháinig a mbuidhean tosaigh
puinn thar leath-mhíle ar aghaidh nuair
thosnuigh mion-dronga de Chlannaibh Gaedheal
ar chaitheamh leó, is ar iad do chéasadh, is
do chrádh, tré sna hóg-choillthibh ar gach
taobh. Ní'l aon chunntas is bríoghmhaire ná
is cruinne dá bhfaighmíd ar na gníomhartha
do deineadh ann, 'ná tuairiscí is fógraí
oifigeamhla na nGall féin.



Tháinig ranng tosaigh na buidhne ríogh-
amhla ar aghaidh go croidheamhail cródha,
agus tar éis troda go dian neamh-eaglach,
thógadar seilbh ar na clasachaibh ba ghiorra
dhóibh, mar a raibh beagán den tsluagh
Gaedhealach cóirighthe chum catha. D'oibrigh-
eadar a slighe i n-a dhiaidh-san ar aghaidh
gur shroicheadar árdán mar thug na slóighthe
Gaedhealacha cath dhóibh go neartmhar
namhdamhail, agus thiomáineadar thar n-ais
thar na clasacha arís iad.



Do b'é Beagnal an t-árd-stiúrathóir do
bhí ar na slóighthe Gallda an lá so, agus ní
raibh i n-a stiúrathóireacht ná i n-a riaghlacha
acht obair gan bhrígh. Do dheighil sé na
sluaighthe 'n-a dtrí ranng, acht d'fhág sé ró-
fhadha ó n-a chéile iad, chum cabhrughadh le
n-a chéile i n-am an ghábhaidh.


L. 182


Do b'é an ranng tosaigh an ranng ba
thréine do bhí aige, acht do bhí sé sin briste
gearrtha 'n-a smúdar sula raibh uain ag an
ranng ba ghiorra dhó ar theacht chum é
fhuascailt.



Tháinig an Gall-stiúrathóir féin ag ceann
a bhuidhne catha, agus d'oibrigh le misneach
éachtach. Thóg sé seilbh na claise an tarna
huair. Do bhí an bhuidhean Gaedhealach san
am so, ag oibriughadh go dian ag troid
camthaí an ríogh, agus bhí an cath chomh dian
chomh te mar a raibh Aodh Ruadh Ó Domhnaill
agus Maguibhir ag coimheascar leis an
dtreibh Gallda is nár bh'fhéidir an aicme
a bhí coingibhthe ar gcúlaibh aca chum iad do
neartughadh i n-am an ghábhtair do chur ag
cabhrughadh leis an mbuidhin tosaigh.



D'árduigh Beagnal an cathbharra dá
shúilibh chum infhiúchadh níos géire ar imtheachta
an chatha, nuair a chuaidh piléar ghunna bhig
go cruinn trí lár a éadain, agus do thuit
sé go lag-bhríoghach chum tailimh. San am
chéadna do thóg cart phúdair teine i measc
na nGall, agus do scaip, is do mhairbh, is
do leóin mórán dá raibh timcheall air.
Chuaidh ceann de sna gunnaíbh móra isteach
i dtrínse, nó i bpoll portaigh agus do
theip ortha é réidhteach.



Dubhairt Ó Néill go raibh an lá ar a
dtaobh. Do bhí scannradh i gcroidhthe na
buidhne Gallda um an dtaca so, agus do
dhein Ó Néill suas le caogad marcach, is go
comhgarach 'n-a dhiaidh camtha d'fhearaibh
gléasta le sleaghthacha. Le liúgh árd do
léim sé 'n-a gcorp-lár, agus do chuir
briseadh agus teicheadh ar an namhaid.



Ar feadh na haimsire seo go léir, do bhí
an cath chomh dian, chomh te 'n-a measc 's
nár fhéad an bhuidhean Ghallda, do réir a
gcunntas féin, dul ar aghaidh ceathramhadh
mhíle i n-uair go leith a chluig, agus ní raibh
fhios aca ar mharbhughadh an árd-stiúrathóra
san áit nuair a thosnuigh an cath.



Do dhein Maolmhuire Ó Raghallaigh, an té
ar a nglaedhtí Ó Raghallaigh na Banríoghna
(do thoisc bheith dílís don choróinn) a lán
dícheall ar an mbuidhin Ghallda do ghríos-
ughadh níos géire, acht do torchradh é féin
gan moill i measc na ndaoine marbha.



Timcheall a haon a chlog bhí an teicheadh
go hiomlán ins gach áit, agus ba mhó de
thrúigh mí-áidh agus aicíde do sna heach-
trannaibh na puill is na clasacha a bhí feadh
na slighe 'ná fiú mar a dheineadar ar a
dteacht ó Árd Macha ar maidin. Do chaith
an lucht cabhartha nua a n-airm uatha, agus
mara mbeadh go rabhadar chomh comhgarach
d'Árd Macha, ní raghadh fear innsithe scéil
saor. Féibh mar bhí, ní raibh an cath ró-
fhada.



Bhí stór púdair is piléar na nGaedheal
nach mór caithte, agus do dhún an roinnt
fear leóinte dár mhair den arm Ghallda
iad féin suas san cheall-phort daingean.
D'fhágadar a gceann-uraid, triúr oifigeach
ar fhichid, agus míle is seacht gcéad fear
marbh ar an bpáirc, i dteannta a ngunnaí
móra is ullmhaitheas, is mór-chuid dá
ngunnaí beaga, a mbratacha dathannacha is
a ngléas ceóil i seilbh na nGaedheal. Sé
ar áirímheadh gur marbhuigheadh ar an dtaobh
Gaedhealach, ó n-a seacht go dtí ocht gcéad;
agus riamh roimhe sin, ó shealbhuigh an
Sasanach talamh tirm na hÉireann ní
bhfuair sé a leithéid de bhrúth ná de chur
faoi chois.



MAOL-LOCH.



Gluais.



Cath Bhéal an Átha Bhuidhe, the battle of the Yellow
Ford.



Ba chomh-chruinne, most decisive.


L. 183


Caonuidhe, a solitary individual.



Toirmeascamhail, interfering.



Ull-phiast arrachtach, a gaunt monster.



Gan croidhe, without pity.



Dílleachtaí gan treó, wandering orphans.



Admháil, confession, admission.



Do b'fhoghlumtha chum cogaidh, most expert in war.



Ba neamh-eaglaighe, most fearless.



Aduigh, kindled.



Céad fear breise, one hundred men in excess.



I dtíorthaibh iasachta, in foreign countries.



I gcótaíbh iarainn, in coats of mail.



An-chúinse, a monster. Sometimes masc.



Ba nimhe, most deadly and vengeful.



Dar chruthnuigh, dar chruthuigh, of all that God created.



Ó Súilleabháin, .i. A.M. Sullivan.



Gall-trumpaí, war trumpets.



Deallramh, splendour, sheen.



A mbuidhean tosaigh, their foremost company.



Mion-dronga, small companies.



Óg-coillte, young woods.



Fógraí oifigeamhla, official commands.



Thógadar seilbh, they seized the trenches which were
nearest to them.



Cóirighthe, dressed, ready.



Mar ar thug, where the Irish hosts gave battle to them;
mar do thug, as they gave.



Árd-stiúrathóir, chief commander.



Do dheighil sé, he divided.



Smúdar, dust, powder.



Camthaí, companies, hosts.



Coinghibhthe ar gcúlaibh, kept behind them.



Cathbharra, helmet. Pron. Cafara.



Imtheacht an chatha, the progress of the battle.



Lag-bhríoghach, powerless, faint.



Cart púdair, a powder waggon.



Poll portaigh, a bog hole.



Do dhein Ó Néill suas, O'Neill came up.



Go comhgarach, soon.



'N-a gcorp-lár, right into their midst.



Ar a nglaedhtí, who used to be called. Imperf. auton.



Ó Raghallaigh na B., the Queen's O'Reilly.



A lán dícheall, his level best.



Do torchradh, he was slain.



Go hiomlán, complete.



De thrúigh mí-áidh, a greater cause of confusion.



'Ná fiú mar, than even what they made.



Fear innsithe scéil (innste), a narrator of the tidings.



Féibh mar bhí, as it was.



San cheall-phort daingean, in the stout stronghold.



A gceann-uraid, their commander. Also ceann úird;
cf. fearr, fearra; párthas, parathas, etc.



Ull-mhaitheas, wealth, treasure.



Ar áirímheadh, all that was reckoned.



Cur fé chois, trampling, beating.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services