Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gramadach Dhá-theangthach.

Title
Gramadach Dhá-theangthach.
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 180


GRAMADACH DHÁ-THEANGTHACH.



Bhí sagart de sna Gearaltaigh fad ó, ón áit go
nglaodhtar Cúl na bhFlann air i n-aice Céidh Breann-
dáin, agus i n-aimsir na géar-leanamhna do gabhadh é.
Do chaitheadh gach éan-tsagart dearbhughadh éigint a
thabhairt ar taobh na Sasanach an uair úd. Bhí sé seo
gabhtha go háirithe, agus iad chun a cheann a bhaint de
nuair a fiarfruigheadh de mar leanas:



A Ghearaltaigh d'fhuil ceannasaigh ó Chúil na bhFlann
'S gurab ar an bhfaithche glais do chleachtadar do
mhuinntir ann,
Innis anois cad é an caibideal dá bhfuarthas cam
Cead dearbhuighte 'g an Eaglais le taobh na nGall.



Do fhreagair an Sagart:



Mo chumha 's mé i dteannta, is mo cheann atá fuirbhthe
liath,
mo dhranndal maol manntach nár chruinnig fós cíall;
Dar an leabhar díbh a Ghall-shliocht, cé gur gann é
mar scéal
Do mheasas ná raibh de ceann ar an dteampall acht
Muire is Dia.
Do scoileadh amach saor é.



M.O.C.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services