Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Spídiughadh Cháit na Troda.

Title
Spídiughadh Cháit na Troda.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SPÍDIUGHADH CHÁIT NA TRODA.



Airiú, a Thaidhg na bPreabán, a chrabhtéilín
ghránna na ngiobal, connus is dóigh leat a
tháinig sé chuige dhod' shéacla mic, an
síománaidhe súghaidh, breith ar chéas cínn
indiu ar mo pháiste agus luighe ar bheith á
léasadh fan bhéil agus fan na gcliathán le
planda cabáiste a thóg sé aníos fé n-a
dhraoíbal a bóthar lathaighe. Airiú, a choín-
cínigh shailligh bhúrdúnaigh, cuirfeadh-sa i
n-umhail duit go ngeóbhaidh t'éan cuaiche an
bóthar ar nós an uain, agus ná cuirfidh sé
speic ná sméid ar leanbh a chómharsan, d'á
mhéad é a bhroiminéis.



Níor dhein do mhac-sa coir gan chúis?
Deirim-se go dtugais t'éitheach agus do
mhíle éitheach. Ní raibh do chúis agad mhac-
sa ar mo mhac-sa, nuair a luigh sé ar bheith
á léasadh leis an seana-strupóig chabáiste,
acht a háiteamh beag eirigh eatortha go
ndubhairt mo mhac-sa le mac Chaillichín na
nGleam-shúl a chlab a dhúnadh.



Loitfead mo gharsún má bhím ag eirghe as
a thóin? Airiú, a lóma ghránna na gcorr-
fhiacal, ní ag éirghe a tóin mo pháiste
atáim-se. Ní headh ná a leithéid, a fhuairth-
néil na liath-bhuidhe. Acht bíodh a fhios agat
ná tabharfainn mar shásamh duit-se ná do
Shaidhbhín Bhuidhe na Mealbhóg go leogfainn
d'bhúr séacla mic gabháil fan phuis ar mo
leanbh caoin deagh-chúmtha go bhfuil a ghaol i
dtaobh athar a's máthar le maithibh na parr-
óiste agus le piaraí na dúithche.



Dá mbeadh ciall agam ní bheinn ag call-
aireacht i dtaobh gnótaí leanbh? Tá ciall
agam agus tá cáil agam, — ná fuil agat-sa
ná ag aoinne bhain leat, a shíolraidh na
caillighe cróine ná tugadh mar annlann leis
an mbrothóig d'á buachaill aimsire i mí
croithte na mealbhóg d'á mhéad é a bólacht,
acht briodarnach bláithche agus sáile bainne
ghéir.



Féach an draid seo air ag drannaireacht
gháirídhe umam. Airiú, a mhic inghine chailli-
chín na bpurt-shúl, tá san ionnat bheith ag
magadh 's ag cnéireacht. B'fhearra dhuit
dul abhaile agus an lomradh tá ar t'athair
nár bearradh le seacht seana-bhliadhnaibh a
chaitheamh anuas de le díos na gcaereach.
Imthigh ort síos go dtí Biní na nGadhar.
Faigh fiacla asail uaidh agus buail isteach, i
ndranndal mhanntach do mháthar iad, féach-
aint an bhféadfadh sí an tseana-phoidhl úd a
marbhabhair, mar dh'eadh i gcómhair na
Nodlag nuair a fuair sí bás leis an ocras,
a stolladh as a chéile idir bhléan agus
féithleóg.



Dúnaim mo chlab agus leogaim duit do
bhóthar a chuir díot? Airiú, doig id chlab
agus tubaist id bhóthar, a spreallairín áir
na mbúrdún. B'fhearra dhuit dul abhaile
agus gabháil do shlait sgeiché gile gan
sgothadh ar do shéacla mic ná bheith id
sheasamh annso i mbóthar an ríogh ag tabhairt
geach re seo dómhsa. Acht dar ndó' ní
gheóbhair mar is feárr leat é bheith, ar nós
a ghaoltha, 'n-a ruidín acharnach bhruigheantach
aimideach, líonta 'sgeachaireacht ó aoís go
sgarfaidh leis choidhche a anam bocht.



Ní'l ionnam acht gaoth? Cad mar gheall
ar Sheághan na gCruiceóg? Airiú, fear a
fearaibh ab eadh mo dhearbhráthair-se, agus
má cuireadh é i gcarcair i dtaobh pléasg
do bhuidéal a bhualadh fan phlatainn ar


L. 148


stráille tuíncéara istigh i dtigh tábhairne,
sin a bhfuil le cuir 'n-a leith, a chliútaigh
dhroch-ghnúisigh na gcor agus na mbothán.
Tarraing chúghat do chómhdhaltaí féin, a
phana. Ní baoghal ná gur b'álainn í a
dteist ag lucht léighte a gcláiríní. Cad
mar gheall ar an síondaire dearbhráthar san
agat ná fágann bainis ná pósadh ar fuid
na logán na himthigheann 'n-a dtreó 'n-a
“chuireadh gan iarraidh.” Nách gairid amach
uait a shín Gáinnéir na nAsal agus Bacaichín
na nDeóiseasaí.



Iompuigh an bhileóg go bhfeicfir an fhuil
uasal a ritheann id éan cuaiche ó chómh-
dhaltaíbh cheann-árda Shaidhbhín Bhuidhe na
Mealbhóg. Nách pratainneamhail í, n-a
thosach, Máirín Smúchail, an chiaróg shúghaidh
sin do dheirbhshiúr céile agat a shiúbhlaidh an
domhan 'n-a “Matias na Farraige” ar lorg
saidhbhris gur theip uirthi. Shiní anois í 'n-a
gliobóig sa chúinne agat faoi bhláthbán an
bháis agus ná fhéadfadh sí glór a bhaint a
cloich le pinginín airgid. Féach anonn ar
chliathán an chnoic go bhfeicfir Biní na
nGadhar, an samhairle beag cráidhte sin do
dhearbhráthair céile agat. Ochón! nách gal-
ánta í a cheárd ag rith i ndiaidh sálaibh
gadhar dón rudaire camánach, agus 'n-a
theannta san ag faire na n-oidhcheannta cois
na gclathach ar philibíní míog agus ar naos-
gachaibh do —



Ná himthigh, a shocaire. Iompuigh i leith
orm go bhfeicead an bhfuil lasadh id
leacain le náire; acht ní'l an náire ionnat,
a bhodaichín na mbúrdún. An fada ná
rabhais thall ag an rudaire camánach agus
sgéilín beag gránna i mbarra do ghoib
agat?



Ní mór leat dam bheith ag cainnt go
dtuitfidh sine-seáin agam? Airiú, a
shodamáin na mbothán, níor tháinig sé chun
baile dhuit go mbeinn-se ag lot mo chainnte
leat acht do shéacla mic, nára dé 'n-a
bheigheas, a thug indiu cúis chuige dham.



Ní bheidh aon troc agad mhac a thuilleadh
lem' mhac-sa? Bíodh a fhios agat gur maith
an bhail sin air, mar dá bhfaghainn-se go
sínfeadh mac inghine Bhearbóirín na gCearc
lámh ná ladhar arís chun mo leinbh-se do
chuirfinn-sé i n-úmhail do nách siúicire an
baitín.



CONCHÚBHAR Ó DEASMHÚMHNA.



Gluais.



Crabhtéilín (fr. crabhtéal) duine beag suarach gan
tabhairt amach. Connus a tháinig sé chuige dhó é dhéan-
amh? How did he bring himself to the pitch of doing
it? — implying inferiority in the attacking party.
Siománaidhe, an indolent, good-for-nothing sneak. Fé
n-a draoíbhal, full of its (wet) muc. Coínchíneach, one
having a very uncommon nose. Búrdún, a tale-
bearer's story. Éan cuaiche, sometimes applied to an
only child. Broiminéis, (manifestation of) the quality
of being overbearing. Gleam-(sh)úilí, small red-
bordered eyes. Ag éirghe as a thóin, partaking in his
quarrel, making his quarrel her own, backing him up.
Corr-fhiacal, tooth fixed above the edge of the upper
gum. Fuairthnéal, duine fuar faillítheac leisge-
amhail. Séacla, a spare person. Mí chroithte na
mealbhóg, July. Sáile, dip. Purt(sh)úilí, large
heavy-lidded eyes. Seana-bhliadhnaibh, long years.
Díos, shears. Na gcor, of the crooked tricks. Pana,
duine aindeis. Lucht léighte a gcláiríní, people of
the reading of their characters. Síondaire, síomán-
aidhe. Gáinnéir, dealer. Nách pratainneamhail, nách
mór le rádh (ironically). M. Smúchail, M. of the flat
turned-up nose. Gliobóg, woman having a soc or pro-
tuberance of the lips: one having an expression of
great eagerness to hear what is being said, perhaps
with the intention of reporting it. Sodamán, one of
slow pace. Níor tháinig se chun baile dhuit, you did
not get it from parents. Nára dé 'n-a bheigheas, nára
dé 'n-a bheatha. Troc, dealings of any sort. Sín; is
gearr amach uait a shín sé, he is very near related to
you.



File éigin cct.:



A Ridire an Chéime! ná háirimh níos mó,
Mar do cailleadh na céadtha de dheascaibh ban óg':
Herculos éachtach is Salaman i gcoróinn
Is Samson ba thréine do cheap Dia na gcómhacht.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services