Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocail. XI.

Title
Sean-fhocail. XI.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-FHOCAIL — XI.



SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh.



172. Cailín ag Mór agus Mór ag iarraidh
déirce.



173. Níl bog de acht a phluca.



174. Ní fiú mórán beagán d'aon rud,
acht is fiú mórán beagán céille.



175. Ní raibh an chathair mar a tuairisc.



176. Amadán iarainn 'seadh é.



177. Cleamhnas an chairn-aoiligh agus
cáirdeas críostaighe i bhfad amach.



178. Ní bhíonn fear sásta ar chailín
chómharsan a phósadh, óir tá a fhios aige
lurga dhóighte a bheith aici agus b'fhéidir go
mbeadh dhá lurga dhóighte ag an gcailín i
bhfad uaidh.



179. Ní scéal rúin é nuair bhíonn fhios ag
triúr é.



180. Tá sé ag tochras ar a cheirtlín féin.



181. Tabhair-se damh-sa agus bí féin it
óinsigh.



182. Beireadh gach éinne a lá leis.



183. Roineann Dia an subháilceas.



184. Níor chualaidh tú aon fhear mhaith
riamh dhá mholadh féin.



185. Sinn féin sinn féin amháin.



186. B'fhearr bheith ag scúbhadh brobh 'ná
rud i n-aghaidh do leasa.



187. Teine dhá fhadughadh fé loch nú fál
bhuinne dhá chur le cuan.



188. Cómhairle a thabhairt do mhnaoi
buile nú buille dhuirn an iarann fhuair.



189. Idir Nodlaig agus Féil Bríghde
teagann dúluachair na bliadhna.



190. Ciall agus gan chéill, ní theagann
siad-san le chéile, agus is dóigh le fear
gan chéill gurab é féin fear na céille.



191. Ní dhíolann fiacha fiacha eile.



192. Feóil capaill an fheóil is daoire.



193. Is maith ann an baile.


L. 137


194. Dá mbeitheá ag roinnt na gcúig
n-ubh leis.



195. I dtosach an mhála a bhíonn an
bhainistighe.



196. Bíonn blas ar an mbeagán.



197. Nuair is mó an t-anfa 'seadh is
giorra an chabhair.



198. Sé an ghlóire an ghlaine.



199. Breabtar an chloch.



200. Is mairg a bhíonn droighean roimh
deacair aige.



201. Maith i n-aghaidh an uilc.



202. Is fuar clú gan ciste.



203. Ní thig ciall roimh aois.



204. Tabhair do ghrádh dot mhnaoi agus
do rún dot mháthair.



205. Má's maith leat aon nídh d'fhógradh
innis do mhnaoi mar rún é.



206. Má bheireann tú ar mhuic beir ar
chois uirthi.



207. Ná bí ag cainnt leis na cosaibh an
fhaid a bheidh an ceann agat.



208. An té a bhíonn ainm na moch-éirighe
air ní miste dhó codladh go headartha.



209. Is olc an rud a bheith ró-sho-ghluaiste.



210. Is olc an rud a bheith ró-sho-chómhair-
leach.



211. Is 'mdhó croiceann a chuireann an
óige dhi.



212. Is breágh an rud an óige dhon té a
chaithfeadh mar is cóir í.



213. Ní'l aon namhaid agat is measa 'ná
thu féin.



214. Ní buan cogadh na gcarad.



215. Is fuar an rud clú gan caraid.



216. Is úr stiall de leathar dhuine eile.



217. Dearmad an chléirigh ar a chlog.



218. Is fearr greim de choinín 'ná dhá
ghreim de chat.



219. An rud is giorra don chroidhe is é
is giorra don bhéal.



220. Stocaí bána ar shálaibh dóighte.



221. Bíonn cluas ag an gclaidhe.



222. Seasamh ar mhaide lobhtha.



223. Is olc an ghaoth 'ná séideann do
dhuine éigin.



224. Níor tháinig olc i dtír nár
bh'fhearrde dhuine éigin é.



225. Nuair is gainne an biadh 'seadh is
cirte é roinnt.



226. Nuair a bhíonn an ghloine lán 'seadh
is fusa í dhortadh.



227. Nuair is mó an spórt 'seadh is cóir
stad de.



228. Bhásóchadh sé na Lochlannaigh.



229. Is searbh í an fhírinne.



230. Níl nídh is géire 'ná teanga mná.



231. Is measa thu ná Pól.



232. “Gach uil' (?) á lá óm lá-sa amach,”
dubhairt Naomh Brighid.



233. “Gach uile lá óm lá-sa amach,”
dubhairt Naomh Pádraig.



234. Galar gan náire seadh an tart acht
bhain an tochas an bárr de.



235. Deireadh óil tart.



236. Ní fuacht é go hEarrach.



237. Níl agam acht an beagán agus is
folláin dom féin é.



238. An té ná téidheann ag marcaigheacht
acht go hannamh bíonn a spuir ag iarraidh.



239. Is fearr leath 'ná meath.



240. Tá gach uile dhuine go lághach go
dtéidh bó 'na gharraidhe.



241. Nuair a labharfas an chuach ar chrainn
gan duille,
Agus thuitfeas Domhnach Cásga ar
Lá 'Fhéile Muire,
Díol do chuid stuic agus ceannuigh
lón.



242. Teanga liúm (liom) leat.



243. Is geall le hÉire a luach.



244. Seal síos, seal suas.


L. 138


245. Ní bhíonn ar aon rud acht seal.



246. Ag déanamh fuineadh d'íochtar an
mhála.



247. Bíonn gach aon tosnuidhe (nú
tosnughadh) lag.



248. Ag ceannach meala agus ag díol
milseán.



249. Arán a dheineann rinnce.



250. Deoch roimh an tart, deoch i ndiaidh
an tarta agus deoch i n-aghaidh an tarta.



251. Scéal thairis.



252. Scéal an chaipín deirg.



253. Cómharthaí na doininne an oidhche a
bheith soininn.



254. Súil, glúin nú uille.



255. Ciall cheannaigh.



256. Soineann an t-ádh é féin (?) uair
agus dhá uair agus muna nglactar é im-
thigheann sé.



257. Cómh cliste le fear dhá choise (chos?).



258. Is fearr paiste 'ná poll, is feárr
lom ná léan, is fearr bothán agus bainne
gabhair 'ná teach ar domhan dá mhéid.



259. Is mairg atá ar dtaobh leis an aon
gheall.



260. Is fearr an troid 'ná an t-uaigneas.



261. Tiocfaidh na liatha luath, tiocfaidh
na cruacha cátha, beidh na sagairt gan
chreideamh agus beidh na mná óga gan náire.



262. Is deacair fuil a bhaint as turnap.



263. Ceannuigh an droch-dhuine agus beidh
agat an duine macánta.



264. Ní fhéadann tú an croiceann agus
a luach a bheith agat.



265. Tabhair a rogha do'n bhodach agus
tógfaidh sé a dhiú (a dhiogha).






19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services