IASACHT FOCAL SAN nGAEDHILG.
Táim déidheanach is dócha mar nár thána trasna ar
an IRISLEABHAR i n-am. Is fada cúramach an leitir
a láithrigh ó Phádraig Ó Duinnín — an tAthair Pádraig
taidhrightear dam — ag trácht ar iasacht focal, ró-
fhada chum aon scarta cheart a thabhairt uirthe san
leitir bhig ghearra-sa. Aon nídh amháin, ámhthach, is
mian liom cheistiughadh: an focal “traen” mar
Ghaedhilg ar an mBeurla “train.” Ní féidir a rádh
gur Gaedhilg é acht go háirighthe. Cad é an rud é?
N'fheadar-sa; acht tá 'fhios an méid seo agam nach
féidir é a bhaiste go bráth i seunadh na Gaedhilge.
Anois, i dtosach, badh mhian liom a chur i n-úmhail
díbh, a léightheóiridhe, nách le fonn miosgaire a dhiúl-
tuighim an focal so a ghlacadh (táim ag labhairt ar
son dhá mhíle pearsa anois) 'n-ár dteangain; ní
headh i n-éan-chor acht trí chol nách focal é go bhfuil
bun, bárr ná leath-imeall leis, agus ná sáróghaidh sé
na daoine go bráth mar fhocal Ghaedhilge. Taidhsigh-
eann sé an-olc ar fad do theangain chómh seanda le
n-ár dteangain mar féidir léithi focal ealadhnta i
n-éaghmuis “traen.” Acht is measa ná san a
thaidhsigheann dúinne (na Gaedhilgeóirí) ná cuireann
le chéile agus focal a sholáthar. Ní fuláir nú ní'l
brígh na teangan ar fad cuachta fós; má tá, ná
moltar feasda í. Ní gádh dul i bhfad ar thóir an
fhocail mar ní foluighthe i bhforaois do i n-éan-chor.
Tá ag damhas do féin ar na bántaibh agus is olc na
fiadhaidhthe sinn ná tagann suas leis. Sid é é “scuain.”
Mar thuigim-se an focal “train,” ní'l ann acht nídh
nú nídhthe a leanann a chéile i n-ordughadh. Cad atá
san “train” a ritheann ar an mbóthar iarainn acht
caráistidhe (seo focal fíor-Ghaedhilge leis, agus raghad
fé n-a ghlaineacht) a leanann a chéile i n-ordughadh.
Cad is scuain ann? — sid í an cheist. Scuain seadh
aon nídh nú nidhthe a leanann a chéile i n-aon rian
amháin — daoine, lachain, &c.
“Cár láithrigh scuain i n-ao' chor?”
“Tá lachain as géanna 'na scuain ar línn.”
“A leinbh, má chaitheann tú an chloch san id' láimh ar
na lachanaibh, brisfhir an scuain.”
Tugaim iad-so mar sholuidíbh coitcheanna. Agus
ní haon díoghbháil dom a rádh go dtagann an focal
scuaine (procession) ó scuain leis.
“Feuch air seo?”
Feuch ar seo, mhaise. Seo focal atá i mbéalaibh
na ndaoine san iarthar fós.
“An rabhais ar an bhFeis indé?”
“Bhíos.”
“An raibh mórán daoine ann?”
“Ná bí 'cainnt, a dhuine. Ba gheall le scuaine
isteach 's amach ar feadh an lae iad.”
An bhfuil so dóthanach?
“SEAGHÁN ÓG”
Táthar ró-dhian ar fad ar an Athair Pádraig. Ní
bheadh aon “deighleáil” ag an nGobán Saor le
hiasacht le heagla gur “domáiste” a bheidh aige de
bhárr a dheighleála. Ní maith leis “searbhfhoghanta,”
agus chun na fírinne d'innsint níl cuid de sna
searbhfhoghantuidhe ró-mhaith, agus b'fhearra dho gan
aon deighleáil a bheith aige leo.
Is dócha go gceapann “An Gobán Saor” gur ó
Deal a thagann “deighleáil,” acht ní headh, acht ó
“dheighil.” Féach ar seo as “Aonach Bhéarnan na
Gaoithe”:—
“Plucaireacht chainnte aca le saint
Ag clainne do dheighilt ó'n árd-bhruidhin.”
Tá searbhfhoghanta i mBíobla Bhedel, agus tá
“diomaiste” mar Ghaedhilg ar “damage” i bhfoclóir
Uí Fhoghludha.
BEIRT FHEAR.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11