Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocail. X.

Title
Sean-fhocail. X.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-FHOCAIL. — X.



SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholáthruigh.



97. Is milis dá ól é acht is searbh dá
dhíol é.



98. Is cuma cia ólas sé Domhnall a
íocas (a dhíolas).



99. Deireadh fir suan, deireadh mná dá
faire féin.



100. Is minic a dhein Dia leas duine dá
indeóin.



101. Is minic a bhain duine slat chum é
féin a bhualadh.



102. Ní chuireann an bhreaghthacht an chor-
cán ag beirbhiughadh.



103. Tá sásamh seilbh.



104. Nuair is mó an deabhadh 'seadh is
mó an mhoill.



105. Ní hionann dul go dtí an baile-
mór agus teacht as.



106. Ní féidir girrfhiadh a chur as an tor
nach bhfuil sé ann.



107. Ag lorg an mhadra agus gan fios
a dhaith agat.



108. Clocha ceangailte agus madraidhe
scaoilte.



109. Dá fhaid é an lá tagann an oidhche.



110. Ní dubhairt galar fada bréag.



111. Cainnt leis an gcapall agus an
capall 'na chodladh.


L. 121


112. Sé an gnó ó Shamhain go Bealtaine
é.



113. Na trí peataí is measa: peata
Sagairt, peata bacaigh nó peata muice.



114. Is cosmhail le gach moch a ghnó.



115. Is mairg nár thóg a laogh féin nó a
leanbh.



116. Is mairg a bhíos go holc agus go
bocht 'n-a dhiaidh.



117. Is mairg a bhíos thíos ar an gcéad
leagadh.



118. Is mairg a fuair bás ar uair
anfhaidh.



119. An rud a théidheas i bhfad, téidheann
sé i bhfuaire.



120. An rud a bhíonn, bíonn sé.



121. An rud a scríobhann an púca
léigheann sé féin é.



122. An té a bhíonn thíos luightear cos
air, an té bhíonn thuas óltar deoch air.



123. An rud a fuightear go bog
imthigheann sé go holc.



124. I n-ionad a chéile déantar an
saothar.



125. Ní raibh grádh mór riamh nár tháinig
fuath 'na dhiaidh.



126. Sean-fhéar, sean-ór.



127. Mo leanbh bán ag gol agus an
gliobach i dtigh na cómharsan.



128. Beidh lá eile ag an bPaorach.



129. Ní fearr biadh 'ná ciall.



130. Is maith an cáirde lá fada Samh-
raidh.



131. Is geall le scíth malarith gnótha.



132. Moladh gach aon 'ne an t-áth mar
a gheóbhaidh.



133. Briseann an dúthchas trí shúilibh an
chait.



134. Ní mall an mhaith aon uair.



135. Beatha dhuine a thoil.



136. Adhastar sneachta a choingheóbhadh
as é.



137. Dá ghiorra dhuit do chóta is giorra
'ná sin duit do léine.



138. Caithfidh duine géilleadh dá bhacaigh-
eacht.



139. Ní leat a bhfuil agat.



140. Cúla ghníos claidhe.



141. Fód as an díg, dhá fhód ar an
gclaidhe.



142. Éirigheann Carúgh cheal a athrughadh.



143. An té a bhíonn amuigh fuarann a
chuid.



144. Crom do cheann agus tógfaidh Dia é.



145. Tóg do cheann agus leagfaidh Dia é.



146. As an obair a gheibhtear an fhoghluim.



147. Dearbhráthair do Thadhg Domhnall.



148. Bíonn taobh den chlaidhe níos sonaidhe
'ná chéile.



149. Márta scuabach, gaothmhar, agus
Aibreán bog braonach.



150. Geimhreadh ceodhadh agus Earrach
reodhach.



151. Is fuar gach fliuch.



152. Ní moill faobhar acht is moill mhór
a bheith gan é.



153. An rud is annamh is iongantach.



154. Is fearr réal indiu 'ná scilling
i mbárach.



155. Geárr an gad is giorra don
scórnach.



156. Aithnigheann na haingil a chéile.



157. Giolla leisce an t-ualach do
thabhairt leis agus d'fhágaint 'n-a dhiaidh.



158. Ag borradh agus ag at mar a bheadh
cat i mála.



159. Teach i mbaile nó baile i bparáiste.



160. Is feárr féachaint rómhat 'ná dhá
fhéachaint it dhiaidh.



161. Ón deamhan go dtí an diabhal.



162. Ní bhíonn ar aon rud ann acht seal.


L. 122


163. An chailleach is sine, sí is mine.



164. Ní sheasaigheann rith don each a
gcómhnuidhe.



165. Bíonn an sonas i ndiaidh na sraoile;
is i n-a diaidh a bhíonn sé agus ní i n-a
fochair.



166. Cad do dhéanfadh mac an chait acht
luch d'ithe.



167. Níor chuaidh stuirm thar Domhnach.



168. Níor chuaidh fear an eadargáin as.



169. Na trí reatha is mó: ruith uisce;
ruith teineadh; nó ruith éithigh.



170. Ní fiú trúmpa gan teanga é 'ná
cnaipe gan chois.



171. Teacht an tseagail ort.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services