Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - XI.

Title
Seán Ó Gadhra, File - XI.
Author(s)
Ní fios, Ó Gadhra, Seán
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEÁN Ó GADHRA, FILE. —XI.



14.



Táimíd tagaithe anois go dtí leathanach
51 den leabhar so i gcnuasach Stowe
gur thairrngeamair as go dtí so. Ar
an leathanach so gheibhmíd dán do cheap
Seán ag moladh an Dochtúra Próinsias
Léa.



Cara mhaith dhon dáimh do b'eadh an
dochtúir seo, má's in-chreidthe tuairisc
Sheáin air. Rug sé bárr féile, bárr
foghlulma is bárr intleachta. Do bhíodh
scoil Ghaedhilge is Laidne ar siubhal n-a thigh,
agus ní dhearnaidh dearmad ar rinnce ná
ar cheól. Cuireann an cunntas so Sheáin i
gcuimhne dhúinn an obair a bhíonn ar siubhal
fé láthair i gcraobhchaibh de Chonnradh na
Gaedhilge. Bhíodh fir léighinn is filidhe ar
cuaird n-a thigh agus urraim aige dhóibh,
agus deir Seán linn go raibh féith na
filidheachta ann. Ní hiongnadh linn Seán
dá mholadh.



Acht bh'é a chion ar an mbocht an tréith do
b'fhearr ann dar linn. “Níor ghabh duais ó
dhuine bhocht,” adeir Seán; agus arís:
“tairbhe ní háil ón anbhfann.”



De threibh Ua gCormaic i nUíbh Máine do
shíolruigh sé, agus do b'í a bhean Caitlín,
ingheann Éamuinn de Búrc. Sin a bhfuil
d'eólus againn air.



Dán deibhidhe is eadh é seo. Is oth linn
easnamh ann, acht ní bhfuaramair dhe acht
aon chóip amháin, an ceann atá san leabhar
Stowe úd. Tá na focail Bhéarla so os
cionn an dáin san láimhscríbhinn: For Mr.
Francis Lea, D.M.; agus agá bhun “Mr.
Gadhra” féibh mar is gnáthach ag Ruaidhrí
Mac Diarmada, an fear do scríobh an
leabhar úd.





Mór mheasadh deilbh an dána
lucht eóluis na healadhna;
gach seilg bhí gártha na gar;
námhuid an céird nach gcleachtar.



Orthóir na heagna gach saoi
i nduais, i gcion, 's i gcumaoin;
féile agus costus dá gcloinn
fhosclas fréamha dá bhfoghluim.



Fíor gur fearr duine 'ná dias;
dearc, sa bpunc so, ar Phroinsias:
bráighe nach briste i n-a rún;
Ciste na dáimhe an dochtúr.


L. 116


Mac Eoghain, fa hoide caoin,
chuir ar an bhFisic cumaoin;
sénmhar an scríbhneóir gér glic;
fileóir trénmhar sa teóric.



Seasaidh a sloinneadh go teann
chlann an leagha n-a luath-pheann,
a n-ainm 's a n-eagna mar aon
do fhreagair gairm na ngeal-chraobh.



Níor chailg ó bhaithis go bonn
Galar dar chlaon an cholann;
a labhra 's a lámh nach lag
bheir bárr cabhsa na gcarad.



Níor ghabh duais ó dhuine bocht
ná ó ghaol i gClár Chonnocht;
faoidheacht gairbhe a ghráidh nach gann;
tairbhe ní háil ón anbhfann.



Flaith do gineadh ó Ghráinne,
bean de phréimh na hEaspáinnne;
den fhoirinn do thriall tar thuinn;
ó Chian mac Oilill Óluim.



Ó hEadhra 's Ó Gadhra grinn
na feadhna amhra na himchill;
file, feallsamh, is liaigh lonn,
breathamh, is cospóir comhthrom.
. . .. . ... .... ... . .. .....
An fhlaith bheir buadh ach báire;
fa suairc an sgiath scoláire.



Riaradh Ua Cormaic cleachtaidh,
bochtáin, dáimh, is dilleachtaidh,
an biatach nach leiath a lón,
triatha agus cliar ag comh-ól.



Bhí dream go saothrach ag seilg,
scoil damhsa groidhe is Gaedheilg;
ar maidin, seólta fá seach,
ar maidin, seólta cláirseach.



Tairrseach liom-sa a leannán
ar mo chuairt go Cailteannán;
sumpla séin nach bhí corrach,
an bhí thrumdha thorchorach.



Inghean Éamuinn, nár ér scol,
an Búrcach nach fiar focal;
péarla cráibhtheach, nach lag luach,
ér fáinneach na bhfíon-chuach.



Caitilín crann go dtoradh,
fá chloinn umhla foghluma;
ag céile is tláithe gach tán,
feile nach gáibhtheach greadhán.



Gheibhinn uaidh an mhuc 's an mart
's an corn mhúchadh mo mhór-thart,
do bhárr an tairbhe thruim,
a lán airgid nach adbhuim.



Go mbeiridh duine eile is dias
mar tuilleadh póir do Phróinsias;
go mair go saoghlach a stór
's go raibh an caolach comh-mhór.
Mór.



Níor thóig Niall ar tós riaghuil as
screaptra na suadh,
Nár chuir an t-óg-liagh go cóir iad 'n-a
mheabhair go cruaidh;
Ór cian gach mór-thriath bhíos aige 's a
luach;
Sé Próinseas do-ghní coinsias ar charaid
gan duais.



GLUAIS



Táimíd tagaithe, we have come.
i gcnuasach Stowe, in the Stowe collection(of MSS.)
Má's in-chreidthe, if it may be believed.
Bárr féile, the palm of hospitality.
Ní dhearnaidh dearmad, he did not forget.
An cunntas so Sheáin, this account of Seán's.
Féith na filidheachta, the poetic gift.
Tréith, a good quality.
Uí Chormaic, a tribh situated in the districy of Hy
Many.
Do shíolruigh se , he sprang, descended from.
Sin a bhfuil, that is all we know concerning him.
Deilbhide, a kind of metre much used by the old bards.
For an account of it see the Preface to Keating's
Poems.


L. 117


Is oth linn, we are sorry that some of it is missing.



Line.
1. Mheasaid, they esteem. Deilbh, warp, weaving of
poetry.
2. Lucht eóluis, people of knowledge. This is nom.
to measaid in line 1.
3. Ghártha, renowned. Bíonn gach seilg sártha nó
gar is the usual collocation.
4.”The trade which is not practised is an enemy.”
Note the amus between seilg and chéird. MS.
cheird.
5. Orthóir, one who gilds, ornaments.
7. Costus, support.
10. Sa bpunc so, in connection with this.
11. Bráighe, a hostage, surety.
12. An dáimh, the poets. Sochtúr, gen. dochtúir is the
Western usage.
13. Fa hoide caoin, who was a gentle teacher.
14. Chuir comaoin ar, placed under an obligation.
An Fisic, the physician's art.
16. Fileóir, a delver in, a lover of(?). Teoric, pro-
bably for Rhetoric or Theoretic.
17. Seasaidh, seasann.
18. An leagha, gen. of liaigh, a physician.
20. Gairm na ngeal-chraobh, the fame of the chiefest.
21. Níor chailg, did not hurt, sting.
22. Galar, nom. to níor chailg. Dar chlaon, to which
the body was subject.
23. Labhra, speech.
24. Bárr cabhra, the best and most kindly help.
25. Níor ghabh, he did not accept a fee.
27. Faoidheacht, ease, relief. The correct reading may
be saidheacht. A ghráidh, probably for a ghrádh.
28. Tairbhe, “he desires not to profit by the weak.”
29. Do gineadh ó, was descended from. Gráinne,
Grainne Ni Mhaille.
31. Fhoirinn, company,.i. milesians.
34. “The distinguished septs around her” (neigh-
bouring).
35. Feallsamh, a philosopher. Lonn, able, powerful.
36. Cospóir, a defender.
38. Sciath scoláire, the scholar's shield.
39. Riaradh, guidance, direction; cleachtaidh, cleacht-
ann, he pratises.
41. Biatach, an entertainer. Liath, grey, stale.
42. Ag comh-ól, drinking in company.
43. Bí for bíonn.
45. Seólta fa seach, at separate times.
47. Tairiseach, trusty, dear.
48. Cailteannán, where Dr. Lea lived. Perhaps
some Western reader would let us know where
it is.
49. Sumpla séin, a happy example. Corrach, crooked,
unsteady. Nach bí, nach mbíonn or ná bíonn.
50. Trumdha, grave, serious. Torcharach, wealthy.
51. Nár ér scol, who refused not a company.
52. Nach fiar focol, whose word is straight. Fíor,
MS.
53. Nach lag luach, whose worth was strong.
54. Ér fáinneach, the ringletted head. Fíon-chuach, a
fair lock of hair.
55. Crann go dtoradh, a fruitful tree.
56. Fá = “with” here.
57. Is tsláithe gach tán, the gentilest of all companies.
58. Gáibhtheach, necessitous, complaining. Greadhán(?),
shouting.
62. Nach adbhuim, which I do not mention.
63. Go mbeiridh (do), may the ... reach him,
come to him.
64. Tuilleadh póir, extension of his seed.
65. Go mair, .i. go mairidh.
66. An caolach, the young sprout. This poem seems
to have been composed on the birth of one of
the doctor's children.
67. Niall, Niul, son of Fenius Farsaidh. Ar tós .i.
ar dtús, at first. Streaptra, writings. Riaghail
is accus. after thóig.
68. Nár chuir 'n-a mheabhair, that he did not learn off.
69. Ór cian, the vast treasures.
70. Cóinsias, conscience, a good turn.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services