Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dinnseanchus.

Title
Dinnseanchus.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Dinnseanchus.



PORTMAGEE, ETC.
13, Smythville, Conturk Park,
Tráthnóna Diardaoine.



A Laoidigh, a chara,



Seo iad na hainmneacha d'airigheas-sa i gcomhnuidhe
ar na háiteannaibh so shíos:
Portmagee, An Caladh, — Oifig an Chalaidhthe.
Chapeltown, An Caol, — Oifig an Chaoil.
Knightstown nó Valentia, An Chos, — Oifig na Coise.
Kells, Na Cealla.



Cad fé ndeara dhuit “Na Ceallaigh” do thabhairt ar
an áit seo? Níor airigheas “Port Mhig Aoidh” ná
“An Séipéal” riamh ó bhéal sean-Ghaedhil.



Seán Ó Ceallaigh.



[Go raibh maith ag “Sgeilg na Sgeol.” Beidh
na hainmneacha so thíos againn ins an dara cló de'n
leabhar. Maidir leis an bhfuirm úd “Na Ceallaig”,
fuaramar é ó Fhíonán Mhac Coluim. Ní'l ann acht
canamhnachas. Is dóigh liom gur “Na Ceallaig”
adeirtear. Tá sé mar sin aca díreach mar atá
“amhróidh” (“amhróig”) agus “sneachtaidh” (“sneacht-
aig”) mar gheinidnibh ó na fuirmeachaibh “amhródh,”
“sneachtadh” fá seach, cé ná raibh riamh ins an litridh-
eacht acht “anró,” “sneachta” i gcóir ainmnidhe agus
geinidean. — S.L.)



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services