Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caoineadh ar Mhac Finghin Duibh.

Title
Caoineadh ar Mhac Finghin Duibh.
Author(s)
Ó Súilleabháin, Finghin,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 100


Caoineadh ar Mhac Finghin Duibh.



FINGHIN O SÚILLEABHáIN CCT.



Tá lonnramh dorcha doilbhir cumhadh ar
an ngréin;
Tá an raé gan solus le buirbeacht, cúis
ár léin -
Árd-chrobhaire borb d'fhuil Eochaidh Uí
Shúileabháin.



Tá fuil Eochaidh ó Chorcaigh go Baoi gan
cheann,
Cé bhí sé aca go socair gan phuimp gan
cham;
Do b'é curadh na mbocht nár dhocht do
leighsfadh gearáin —
An soilbhfear seasmhach Captaén Ó
Súileabháin.



A bháin-mhic oinigh do hoileadh go húr ón
Spéin
De scabhard na righthe d'uil Urtain rí
Phoenicia an léighinn,
A bhláith gach bile, do thuill guirm agus
clú na cléire;
A ghrádh na mbruinneal, ó thuitis is
dubhach Éire.



Is dubhach Éire le chéile ó cailleadh an
piar
Do ghníodh féasta le féile ar na flath-
aibh do riar,
An péarla ciúin tais múinte do ghníodh
gach maith,
Is táid Gaedhil bhocht Mumhan gan fonn
ó d'éag an fhlaith.



Flaith cheannusach ba thaithneamhach i
ndáilibh tighis;
Flaith theasracach do theagaisceadh bocht-
táin mar Mhaois;
Flaith chosantach na ndoibheach, ba thréan
i gcás,
Gan toradh ar bith acht costus rith, is
léan do bhás!



It bhás thuit clú na Cúige is Gaedhil thar
beart;
Ní'l aon mar thú, mo chumha! do dhéan-
faidh ceart
Don tréad lag d'iompuigh cúrsa an
tsaoghail, is neart
Ag baeth-shliocht Liútair mhúiscil claon
n-a bheart.



Is claon an bheart d'fhúig lag ár
bprionnsa séimh,
Ár Phonénix ceart, ár bhflaith ba dhúil-
mhar scéimh;
Ár réaltan acmhuinne, ár scabal, ár
bpéarla suairc,
D'fhúig a ghaolta ag mairgne 's a bhan-
altra aosta duairc.


L. 101


Is duairc a charad, ní'l aiteas i gcríoch
Fódla;
Ní'l fuaim i gcaise, is ní spreagathar
binn-cheólta;
Is brónach Banba ón nDaingean go dís
Cléire,
Ó Chluain go Dairbhre, agus trasna go
Baoi Bhéarra.



Tá Béarra le chéile faoi bhrataibh dubh-
ghuil,
Tá Béarra dá tréan-scaradh ón aicme
chlumhail,
Tá Béarra ar díth céille, is ní easbha
cúise,
Ó tá an péarla 's a ghaolta faoi ghlas-
aibh úire.



San úir i dtaisce ó freastaladh prímh-
shliocht Eoghain,
Na faolchoin chailce, na seabhaic, na
laoich, na leoghain
Ba chruinn ar arm, ba chalma croidhe-
amhail i ngleó,
Ba líomhtha teanga, mar bharra ar an
dtrí ghabh leó:



Bárr féile ag Eochaidh, bárr cosnaimh ag
Domhnall Cam,
Eoghan Ruadh le eachaibh d'fhúig an barra
fá thrí ag an dream;
Comhaireamh ceathair tá feasta gan
bhréag agaibh,
Bárr scéithe dho lagaibh de dheascaibh
Mhic Finghín Duibh!



Is dubh an cás don bhás nár threascair
míolta,
Nó nár chuir ár ar ál na Sacsan gcríor-
dubh,
Tar cheann sláinte ár ráib, d'fhúig a
mhairg choidhche,
Ár bplannda tláth ba bhreagh, 's ár
bposta tíre!



Tá an tír gan posta dá bochtaibh i
ndlighe cúirte
So dhéanfadh pléidhe ar a gceasna ná
ghlanfadh an tslighe riumpa;
Ní'l aon do bhraithfeas a n-easbha ná a
ndíth conganta,
Ó tá an péarla i dtaisce fá ghlasaibh
na líog ndúnta.



Is dúnta an saoghal go léir, 's is truagh
an Doirín;
'S is truagh go léir an aos-bhean uasal
aoil
Thug cuan a cléibh don phéarla agus
luascadh ar chín,
Ar a thuamba ag éigheamh ar a haon-mhac
uasal chaoin.



Ba chaoin a theanga, ba phearsanta
cúmtha séimh;
Bhí gnúis an aingil go seasamhach dlúth
na scéimh;
Mar Mhaois i ngradam, mar Sholamh
mac Dháith Rí i réim;
'S, a Rí na nAingeal, cuir-se a shearc
it áitreabh féin.



It áitreabh féin cuir-se é fá chriostal
coróinneach
Go hómrach péarlach réilteach aoibhinn
órdha,
Fá bhinn scéithe ag séideadh do chaoin-
ghlóire —
'S, a Thríonóid naomhtha, éist lem chaoidh-
ghlórtha.


L. 102


Glóire dhon Athair, do mhachtnaimh gan
túis i n-aon;
Glóire dhon Phearsain do cheannaigh ár
gcúis i bpéin;
Glóire dhon Alla-Spirid Bheannuighthe,
is plúrach méinn:
Sin an Triúr i bpearsain do chuir
scamaill is cumha ar an ngréin.



GLUAIS.
1. lonnramh dorcha doilbhir, a dark melancholy haze.
3. Míshochma, uneasy, troubled.
4. Árd-chrobhaire, a notable warrior.
5. Fuil Eochaidh, the race of Eochaidh, i.e., the
O Suillivans.
7. Do leighsfadh gearráin, who would cure comp-
plaints, set them right.
9. Oinigh, generous; gen. of oineach, generosity. Spéin
for Spáinn, Spain.
10. Scabhard, a scabbard, here means tribe or family.
11. Guirm, for gairm, fame or repute.
12. O thuitis, since you have fallen, died.
13. An piar, the peer, chieftain.
14. Péasta … do riar, to give feasts.
16. Gan fonn, joyless, “in the blues.”
18. Flaith theascracach, a protecting prince. In our
literature flaith is always fem., though masc. in
modern spoken usage.
19. Na ndoilbheach, gen. pl., of the afflicted.
20. Ach costus rith, so in MS., but the context is not
very clear. Perhaps rith = who lived.
21. Thar beart, beyond telling.
23. D'iompuigh, whom the ways (troubles) of the
world have overcome.
24. Baeth-shliocht, vain tribe; mhúiscil claon, who
initiated error.
26. Ba dhúilmhar scéimh, of prepossessing appearance.
27. Ár réaltán, our star of might, our protector
(armour).
28. Ag mairgne, condoling, lamenting; a mairn in
MS. A bhanaltra, his nurse, mother.
29. A charaid, his friends. This is the most ancient
form of the nom. pl., and is still so used. The
form cáirde was accus. pl. See Strachan: “Old-
Irish Paradigms.” p.13.
30. Caise, a stream.
31. Daingean, Dingle. Go dí Cléire, so in MS.;
probably for go dtí Cléire, Cape Clear Island.
32. Cluain, Cloyne, Dairbhe, Valentia Island; dara
in MS.
33. Dubh-ghol, mourning; dubh is intensive.
34. Dá tréan-scaradh, being deprived of.
36. Úire, clay, in the grave.
37. Freastaladh, were placed, “stowed away,” buried.
38. Cailce, gen. of cailc, chalk; used in this manner,
it means “bright, fair.”
40. Mar bharra, along with the three (attributes)
which belonged to them. The sense is con-
tinued to the next stanza.
41. Barr féile, the palm of hospitality. The refer-
ence is to well-known legend connected
with the family of the O'Sullivans.
43. Comhaireamh ceathair, you have a fourth to count.
44. Sciath do lagaibh protection of the weak. De
dheascaibh, through the instrumentality of.
45. Míolta, beasta; milltaibh in MS.
47. D'fhúig, whose loss will be ever felt.
48. Posta, support.
50. Riumpa, reompa, rompa.
51. Dith conganta, need of help.
53. Doirín, W. of kenmare, the residence of Ma
Finghín Duibh.
54. An aos-bhean uasal, the aged lady. Aoil, bright
pleasant; it is gen. of aol. Aoin in MS.
55. Cuan an chléibh, heart, affection. Cín, breast.
56. Ag éigheamh, lamenting her only son.
60. Cuir-se a shearc, place his love; tuirse a tharca
in MS.


L. 103


61. Criostal cor., a crown diadem.
63. Do mhachtnaimh, who existed one without a begin-
ing. Machtnamh has this meaning often.
68. An triúr, the Tree in One.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services