Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocail. VIII.

Title
Seanfhocail. VIII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó Briain, Seaghán
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926





SEANFHOCAIL — VIII.



SEAGHÁN Ó BRIAIN do sholathruigh.





1. Is fearr focal 'san chúirt 'ná bonn
'san sparán.



2. Is fada iad adharca na mbó a bhfad ó
bhaile.



3. Clann a thógas nó clann a leagas.



4. Bochtanacht a ghníos cumha.



5. Scéitheann meisce mí-rún.



6. Is minic nach dtéidheann neart le
ceart.



7. Is fearr smaoineadh fir nó mná 'ná
gnó duine eile.



8. Níor chuaidh rogha thar réidhteach.



9. An rud nach gcaitheann tú féin
caitheann do namhaid é.



10. Nuair théidheann gabhar go doras ní
stadann sé go dtéidheann sé go haltóir.



11. An té ghéibheas sáith saoghail ghéibheann
sé sáith scéil.



12. Ní bhfaigheann an gobadán an dá
thráigh a thabhairt léithi.



13. Mol an óige agus tiocfaidh sí.



14. An rud nach ngoidtear faghtar.



15. Nuair is cruaidh don chailligh caitheann
sí rith.



16. Mac an duine shona adhbhar an duine
dhona.



17. Ní gheibheann minic fáilte.



18. Ní gheibheann dorn dúnta acht lámh
iadhta.



19. Mo ghrádh thú an rud agat.



20. Bíodh rud agat féin nó bí gan é.



21. Adhbhar an mhagaidh ag déanamh an
mhagaidh.


L. 89


22. Cad do cham srón firighín (firíghle).



23. Is fearr an t-éan ar do láimh 'ná
dhá éan ar an gcraoibh.



24. I n-ionad a chéile déantar na cais-
leáin.



25. Tagann maith le cáirde agus grása
le foidhne.



26. Is mór an nídh grádh nó eagla.



27. Tar éis gach beart a thuigtear.



28. Is 'mdhó rud ós cionn an pheacaigh.



29. Is beag rud is buaine 'ná an duine.



30. Is beag an rud a ghníos ciotaighe.



31. Is lugha 'ná frigh máthair an uilc (nó
an anachain).



32. Is fearr i n-am 'ná i n-antráth.



33. Cómhrac le caisleán.



34. Is mairg nach mbíonn dearbhráthair
aige.



35. Ó's annamh leis an gcat srathar a
bheith air.



36. Ní'l aon tseana-bhróg ná geobhadh
seana-stoca.



37. An sonas ná'r shaoileadh.



38. Is mairg a labhrfadh go tréan.



39. Nuair a bhíonn Éire i bpáirt bíonn
Éire ar lár.



40. Cuid mhór duibheann ar bheagán
fearthainne.



41. Is minic a bhí cnámha móra ag droch-
mhadradh.



42. Gach dalta mar a hoiltear.



43. Is mairg a bhíos thíos den chéad
bhuille.



44. Is mairg a cailltear ar uair anfaidh.



45. Is bádhmhar iad lucht aon-chinidh (nó
aon chéirde).



46. Capall na hoibre 'seadh an biadh.



47. Mair a chapaill agus gheobhair féar.



48. Capall beag na mbonn mór, capall
mór na mbonn mbeag.



49. Ní hé lá na gaoithe lá na scolb.



50. Is 'mdhó lá ar thaoibh an teampoill
ort.



51. D'imthigh an t-ór agus d'fhan an
óinseach.



52. Taidhbhse gan tairbhe.



53. Ní'l aon tSatharn 'sa mbliadhain nach
spalpann an ghrian.



54. Tosach Aoine nó deireadh Sathairn.



55. Bíonn an Aoine bun-os-cionn leis
an tseachtmhain.



56. Uisce faoi thalamh.



57. Ciúin cionntach.



58. Dúil na bhféidh.



59. Níl sí beag deas 'ná mór gránda.



60. Triúr ar an bpingin ó lá fhéile Michíl
amach.



61. An fhaid do mhairfidh tú féin, mairfidh
do bhéas.



62. Éist le fuaim na habhann agus
gheobhaidh tú breac.



63. Sodar i ndiaidh na huaisle.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services