Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Máthair Phíonam Peánam.

Title
Máthair Phíonam Peánam.
Author(s)
Ó Deasmhumhna, Conchubhar,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MÁTHAIR PHÍONAM PEÁNAM.



Fonn: “The Rakes of Mallow”.



Roimh shaoghal Mhic Maoil mhair Píonam Peánam,
'S i dTeamhair na Midhe do bhíodh a mháthair
Ag seinnim dhuanta i bhFuarma an Chruit
D'uaislibh Luirc ar chláirsigh.
Ní feas sa n-aos so 'on tsaoghal an íoghair
Do bhí ar an dtréan-bhean shéiseach bhínn;
Ní'l scríobhtha ag éinne i ndréacht ná i laoi
Ar scéimh ná ar ghnaoi na mná so.



Aréir, nuair bhíos-sa thíos cois Féile,
Do ghluais ann bruighean 'dir dhís shealltaérí
A háiteamh grinn do bhí aca seal
Ar mháthair Phíonam Peánam.
Dubhairt fear de'n dís gur ríogh-bhean bhreágh
Ghléigeal bhuidhe-fhuilt líomhtha tláth
Aobhdha aoibhinn dhíreach árd
Máthair Phíonam Peánam.



“An gcloistí, a cháirde,” a rádhann linn réithleach,
“An cúnntas breágh so tá dhíbh léighte
Ar chág bheag ghúngach ghútach dhubh
Mar mháthair Phíonam Peánam.
I dtúis a saoghail bhí a béal go ramhar,
Bhí ústa an déil 'na déid gach am,
Ó bhláth a saoghail bhí créacht 'n-a ceann,
Mar scríobh sí ann an cárda.”


L. 88


“Ná bí-sa am chrádh-sa, a bháthlaigh éithigh,
a b'í sin cáil do mháthar féinidh, —
Cág bheag shuarach uallach dhubh
Do shuaicheantais gan fáscadh;
Níor bh'é sin dáltha Mháire Ní Chuinn,
Do bhí sí grádhmhar mánla cruinn,
Bhí a cíop léi ag fás go bonn a troighe
Nuair sheinn sí i dTeamhair an chláirseach.”



“Bí do thost! — cuir cosc let bhréagaibh,
Nó bíodhgfair olc am chorp chun éirligh;
Scaoil lem mháthair — tá sí fann
Sínte ó Shamhain fén mbán nglas.
Níor bh'é a cáil sa tsráid seo thíos
Go raibh sí gránna beárrtha críon,
Ná tríd an bprás an súgha 'n-a gnaoi
Mar mháthair Phíonam Peánam.”



“Is feas gur cháil le báib is ríghthe
Bheith i láthair mháthar Phíonam, —
Fionn-bhean shéimh ba mhaéthe crobh
I dTeamhair na gCrot an tráth san;
Tuig nár chág leamh bheárrtha bhuidhe,
Ná badhb mar Chráin na sráide í
Ná faghadh aon áit sa stát chun suidhe
Acht i measc lucht mír is mála.”



Ní labhairt 'n-a dheáidh do dheárna an séithleach,
Acht fogha de bhán-chleith álainn déileach
A bhí 'n-a láimh a thabhairt fén bpus
D'Éamonn Dubh ón sáile;
Acht d'aimsigh Éamonn é fan chinn
Go cruinn le caol-chleith éille droighin, —
Do thréigeas féin go héascadh an bhruighean,
'S ní feas dam críoch a ngráscair.



Gluais.



Íoghar, f., expression, aspect, complexion.



Sealltaér, -aére, m., a dealer in, or hawker of, fish
(n.p. -aérí).



Tláth, adj., of a retiring, polite and affable disposition.



Cág, ainm a tugtar ar mhnaoi a bheadh beag, suarach,
uallach, agus seódh de rudaí gan éifeacht le rádh
aici.



Gútach, afflicted with gút (gout).



Déil, g.s. of déal, name of an insect (called also daire
déal).



Uallach; duine uallach, a hare-brained person; a
person of a fitful, fickle, and garrulous disposition.



Beárrtha, shrewish; of a sharp, cutting tongue.



Badhb, applied to a woman given to cursing.



Cráin, applied to a woman given to foul or insolent
language.



Conchubhar Ó Deasmhúmhna.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services