Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

CLODHANNA NUA.



Tá leabhair ag baint le múinteóireacht na Gaedh-
ilge dá dtabhairt amach go tiugh le déidheannaighe. Is
maith an rud é sin, mar theastuigh ó n-ár mhúinteoiríbh
feabhas a chur ar a slightibh múinteóireachta. Ní
féidir le n-a bhfurmhór an feabhas úd do fhoghluim
gan chongnamh éigin. D'oirfadh dhon uile dhuine aca
tamall a thabhairt i gceann de sna colláistíbh Gaedh-
ilge. Acht, fóríor! is iomdhó duine a bhíonn ag múin-
eadh is ná fuil breith aige ar dhul i n-aon colláiste,
ná ar mhúintóir chliste d'fheicsint ag obair. Mol-
aimíd dá leithéidíbh siúd CAINNT Sheagháin Uí Chatháin.


L. 80


Múinteóir cliste is eadh Seaghán, is ní hiongnadh
linn soin, mar go bhfuil taithighe fhada aige ar an
gcéird. Leabhairín ana-adhsáideachis eadh “Cainnt.”
Deallruigheann sé gur toghadh go cúramach an
t-adhbhar, is gur socruigheadh i n-eagar a chéile é ar
an gcuma is fearr i gcóir múinteóireachta. Níor
mhiste dhon mhúinteóir comhairle Sheagháin a léigheamh
is rud a dhéanamh air. Tá ceannach fada ar an
leabhairín seo; sid é an trímhad cur amach. Thuill-
each dhe chughat, a Sheagháin, is go mairir do “Chainnt”.



Badh mhaith linn a mholadh do léightheóiríbh an IRIS-
LEABHAIR leabhar ar Stair na hÉireann atá ar n-a
chur amach age sna Bráithribh Críostamhla. Tá an
scéal go léir ann ó aimsir Phárthalóin anuas go dtí
Connradh na Gaedhilge féin. Is taithneamhach le léigh-
eamh na ceachta beaga solusmhara so ar stair ár
dtíre féin; agus oirfid go maith don aos óg go
háirithe. Is dóibh do ceapadh is do scríobhadh iad.
IRISH HISTORY READER, by the Christian
Brothers, ainm an leabhair, agus féadtar é fagháil ó
Mhuinntir Ghill i mBaile Átha Cliath ar scilling is
leath-réal. Tá sé roinnte n-a dhá leath ar dhá thuis-
tiún an ceann. Ar an gcuma so is eadh déanfar
usáid de i scoileannaibh. Ar shon gur leabhar i gcóir
scoláirí scoile é seo d'fhéadadh daoine fásta a lán
d'fhoghluim as. Tá súil againn go ndéanfar usáid
choitcheanta dhe.



Tá an ceathramhadh cuid de AMHRÁIN DIADHA
CHÚIGE CHONNACHT ar fagháil anois, agus go deimhin
is fiú é go maith an scilling atáthar á éileamh air.
Dar linn gurab é an ceann is fearr aca fós é. Is
é an ceann is taithneamhaighe linn féin pé scéal é.
Is dócha gurab é fáth atá leis sin, an caitheamh i
ndiaidh sean-rudaí a bheith go láidir ionnainn; agus
ta sean-rudaí go flúirseach ins an leabhar so. Obair
náisiúnta is eadh leabhair den tsórd so a chur amach,
is molaimíid Muinntir Ghill i dtaobh an obair a
ghlacadh ar láimh. Tuillid congnamh d'fhagháil, go
háirithe ó muinnitir Chúige Chonnacht.



Ní'l aon teóra le n-a bhfuil de ghreann age Énrí
Ó Muirgheasa. Sidé againn an cúigmhadh cuid de
GHREANN NA GAEDHILGE, agus é go piocaithe snasta
san gcanamhaint Olltaigh. Ní baoghal go bhfuil Énrí
tráighte fós, agus tá thuilleadh den nGreann san
nGaedhilg. Ag dul i bhfeabhas atá sé i gcomhnuidhe, is
tá súil againn go leanfaidh sé air. Tá an leabhairín
seo socruighthe aige ar nós na gceann eile, sé sin,
roinnt de scéaltaibh beaga greannmhara ann, agus
tagra i gcóir gach scéil díobh. “Pinginn an ceann —
sin a bhfuil ortha,” mar adéarfadh Seaghán na Scuab.



Tháinig amach uimhir an-fhóghanta dhen DEO-GHRÉINE
i gcóir na Nodlag. Tá's ag ár léightheóiríbh gurab é
seo ainm an pháipéir atá fé chúram Chumain Gaidheal-
aigh na hAlban. Tagann sé amach uair sa mí, is bíonn
Gaedhilg is Béarla ann. Tá a lán d'aistíbh fóghanta
i n-uimhir na Nodlag, maille le roinnt de portaibh
deasa ceoil. Tá muinntir na hAlban ag faire go
géar ar an obair atá gá dhéanamh againn-na annso
ná bíonn trácht air thall aca. Molaimíd dár leigh-
theóiríbh fios a chur ar an “nDeo-Ghréine.” Féadtar é
fhagháil ó Eneas Mackay, 43 Murray Place, Stirling, i
nAlbain, agus ceithre scillinge i n-aghaidh na bliadhna a
fhiacha.



CLÓDHANNA AR LÁIMH.



Féilire na Gaedhilge, 1906. An Buachaillín Buidhe
do scríobh.



Aistidhe Gaedhilge —II. Leis an Athair Pádraig
Ua Duinnín.



An Chroch Gheal. An tAth-chló. Seosamh Laoide do
chuir i n-eagar.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services