Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - X.

Title
Seán Ó Gadhra, File - X.
Author(s)
Ní fios, Ó Gadhra, Seán
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926





SEÁN Ó GADHRA, FILE. — X.



12.



Do bhuail umam san leabhar 23. O. 35,
san Agadamh Ríoghamhail, an giota so thíos
ar bhás an Chonnsoléir Mac Donnchadha.
Mheasas nár mhiste dham é chur i gcló i
dteannta an mharbhna do cheap Seán Ó
Gadhra. Tá so mar roimhrádh leis san
láimhscríbhinn thuas: “Scríbhinn leice
Thoirdhealbhaigh chaoi(n) mhic Dhonnchadha, dá
ngoirthí Rí na hÉigse, fear réidhtigh gan
racan, agus Counsellor MacDonogh, i
mBéarla dhe. Agus do fuair bás an
bhliadhain d'Aois ar dTighearna, 1713.”
Sidé é:



Siúd é an flaith nár spailp aríomh an
t-é'ach,
Siúd é an flaith do scap a mhaoin 's a
spré,
Siúd é an flaith ar bh'fhairsing a dhlighe i
gcéill
Fó líg i bhfeart, mo chreach gan caoineadh
é.



Siúd é an flaith do scapadh fíon go
réidh,
Siúd é an flaith thug searc a chroidhe
don chléir,
Siúd é an flaith do chreach go daor an
Éigs,
Sínte i bhfeart, 's gan aca dho rígh acht é.



Siúd é an flaith ba bhlasta líomhtha scéal,
Siúd é an flaith ba mhaith n-a thíoghlach
féin
Go daor faoi ghlas, ní creach gan
caoineadh é.





Is é an chéad earra eile atá i leabhar
Ruaidhrí Mhich Dhiarmada na giota beag ar
imtheacht Bhaintighearna Diolmhúin go Sasana.
Tá sé annsúd i measc amhrán do cheap
Seán Ó Gadhra, acht ní féidir a bheith deimh-
nitheach dhe gur bh'é Seán a cheap é. Níl a
ainm fá n-a bhun, mar atá fá na hamhrán-
aibh eile. N-a dhiaidh sin is uile, cheapas nár
bh'éin-díoghbháil é chur i i gcló agus é áireamh
ar chuid Sheáin. B'théidis go bhfáadfam
tuilleadh eóluis d'fhágháil mar gheall air.
Sé tiodal atá ag Ruaidhrí air ná “Don
Bhaintighearna Diolmhúin, cc.” Tá an tagra
roimh gach bhéarsa aige díreach mar tá
againn-na thíos.





L. 72


An Bhaintighearna ag imtheacht go Sacsaibh; adhbhar
an chéad rainn:



Is Gartha an buille do thugais ar Éire
shlad,
A ghrádh na cruinne na fuirisi (?) féin abhfad;
Tá fios agam go deimhin 's ag Connacht go
léir ar fad
Lán do luinge go dtugais den fhéile leat.



An file do-bhuidheach:



Ní nár dam go deimhin bheith briste 's don
Éigse ar fad,
A bhaintreabhach mhilis Loch Glinne den
réimh-fhuil ceart,
Lán do luinge má thugais den fhéile leat,
O, ané a báthadh rinnis, nó god do rinne tú
léithi, a bhean?



An file buidheach sásta:



Is gartha an cheist sin do chuirfeas ar
chraéibh na mban,
A ghrádh gach duine 's a bhuime na dtréan
's na lag,
Tá fhios agam go deimhin 's ag Éirea ar fad
Gur i lár do bhrollaigh do rinne an fhéile
nead.



Ní fuláir ná gur thug sí tabharthas éigin
don bhfile tráth 's gur atharruigh sé a phort
ar an gcuma so. Tá an chainnt seo i
dtaobh nead na féile bheith i mbrollach
duine coitcheannta go leór ag na bhfilidhibh.
Cainnt dheas agus cainnt thaiticeach is eadh
é. Níor bh'iongnadh linn dá mb'é Seán a
cheap na ranna so, acht mar adubhart
cheana, níl an t-ughdarás againn.



Gluais.



Do bhuail umam, I met, came across.



I dteannta an mharbhna, along with the elegy.



Mar roimhrádh, as a preface.



Leice, gen. of leac, a tombstone.



Dá ngoirtí, who was called.



Fear réidhtigh gach racan (? racáin), the conciliator in
every disturbance.



Nár spailp aríomh an t-é'ach (éitheach), who never
spoke recklessly a falsehood. Note that in Con-
nacht ariamh is pron. aríomh.



Ar bh'fhairsing, wide was his interpretation of the law.
A raibh fairsnigh a dhligh acceil in MS.



Fó líg, under a flagstone, (tomb).



Do chreach go daor, who (by his death) has utterly
ruined the poets.



'S gan aca dho rígh, seeing that they had nobody else
as king.



N-a thíoghlach (theaghlach) féin, in his own house.



Ní creach gan caoineadh é, as a loss has he been
lamented.



An chéad earra eile, the next item.



Baintighearna Diolmhúin, Lady Dillon. I have kept
Ruaidhrí's spelling of the name.



Ní féidir a bheith deimhnitheach dhe, it is not possible to
make certain.



N-a dhiaidh-san is uile, notwithstanding that.
É áireamh ar, to reckon it as.



Tiodal, title.



Adhbhar an chéad rann, the reason for the first stanza.
Gartha, fine, choice.



Buille, blow, attempt.



Ar Éire slad, to overthrow Eire.



Lán do luinge den fhéile, the full of your ship of
generosity.



Do-bhuidheach, dissatisfied.



Ní nár dom … is don Éigse, both I and the
poetic fraternity.



Loch Glinne, Lough Glynn, Co. Roscommon.



Ó, ané a báthadh, Oh! have you drowned it? —or,
What have you done with it, woman?



Gartha, both here and in the first line of this giota
seems to mean “imprudent.”



Chraéibh (so spelled in MS.), branch, flower, choice.
Buime, mother, nurse.



Gur i lár, that hospitality has made its home in your
breast.



Tabharthas, a gift.



Taithiceach, strong, powerful.



Ughdarás, authority.



Freagair na bochtáin friotháil ortha an biadh,
Abair na liodáin, cuir gáir salm n-a ndiaidh;
Oscail an sporán, bain mám trasna ar a chliabh;
sé a chaitheamh a choimeád, bean lá dealbh san tsliabh.



SÉAMUS MAC COITIR CCT. d'Ostóir éigin:
Gach aicme dubhach gan púnt ná iomad fagháltuis
Má thagann chughaibh le dúil chun rith i gcáirde,
Tá os bhur gcionn ar luth 's ar crochadh i n-áirde:
“Glan an chúis ar dtúis is tarr i mbáireach.”

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services