Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocail. VII.

Title
Seanfhocail. VII.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hEidhin, Tomás
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANFHOCAIL.



VII.



TOMÁS Ó hEIDHIN DO BHAILIGH.



604. Támuid dall i gcúinne dhuine eile.



605. Tar éis na mionnaí is fearr na mná.



606. Tá sí seang sinnil fós. Adéar-
faidhe le mnaoi a bheadh timcheall bliadhain
go leith pósta muna mbeadh clann aici.



607. Tuile ádhtha air nó ar dhuine ar bith
nach raghadh a-bhaile i n-am.



608. Tá iasc sa bhfairrge chomh maith
agus gabhadh ariamh.



609. Tá sé chomh te le Púirín Átha.



610. Táir chomh bréagach leis an bhfear
adubhairt go gcualaidh sé an féar ag fás.



611. Thríd síos agus thríd suas.



612. Tá an lá ar a luach aige. Bhí an lá
go breagh agus rinne sé obair mhaith.



613. Thug sé a hinneacha leis. An cat
ag rith.



614. Thógfadh mórán tuilleadh.



615. Tá fabhar i nIfreann.



616. Ualach ghiolla na leisce.



617. Fiacail con nó crúb capaill nó
focal duine uasail — trí nídh nach féidir
aon mhuinighin a bhaint asta.



618. An rud nár chaith tú féin caithfidh
duine eicínt eile é.


L. 70


619. An dá thráigh.



620. Chuirfeadh sé dhá thóin i mbaraille.



621. A mhian féin ag an uile dhuine.



622. Ar mhaithe leat féin.



623. Is fearr bréan-mhóin 'ná bheith gan
aon-mhóin. Ní'l fhios agam nach “bréag”
do chuireadh isteach annso i n-ionad
“bréan.”



624. An rud do-gheibhtear go holc im-
thigheann go holc.



625. Chomh bodhar le cloich.



626. Dá dhonacht é is fearr é 'ná bheith
gan é.



627. Bhí gealadh aca ar a chéile.



628. Ceannuidhe cluaise.



629. Dhá fheabhas an áit amuigh caithfear
triall ar an mbaile.



630. D'órduigh Dia an cioth do leigean
thart.



631. An té a dtagann an caipín dó
caitheadh sé é.



632. Chomh geal leis an eala.



633. An t-aonmhadh aithne déag — tabhair
aire dhuit féin.



634. B'fhiú iad deoch a bhogadh dhóibh.
Bhíodar go maith.



635. Dá fheabhas iad na bróga is fearr
greim feóla.



636. Go dtuga Dia cabhair na glóire
dhúinn.



637. Go réighidh Dia dhúinn; nó go
réitighidh Dia dhúinn.



638. Ní ualach é 's is deas an chéird é.
(Lásaí).



639. Beidh ball dobhráin air.



640. Go deo thú!



641. Fuair sí amach aghaidh na cabhartha.



642. Bíodh a mhúnadh ar dhuine eicínt eile.



643. Ar an mhoill a bhíos an bhreis.



644. Pé maith olc leó é is mar is toil le
Dia bhéas an lá.



645. Pléidheadh siad le chéile é.



646. An té théidheas i mbannaí íocfaidh
sé fiacha.



647. An té a mbeidh an cioth os a chionn,
beidh faitchíos air.



648. An té bhíos amuigh fuaruigheann a
chuid.



649. Tá am le thí gach uile shórt.



650. Ar muin na muice.



651. An rud ná goidthar faightar.



652. An té chuireas síos ní hé thóigeas.



653. An rud nach fiú é iarraidh ní fiú é
fhágháil.



(A crioch san).



Gluais.



605. Also, “D'éis na mionn, &c.”



607. Perhaps for “tuilldeadh ádhtha.”



609. Will some reader explain púirín átha.



612. Ar a luach, at its value.



613. Na hinneacha, the bowels, entrails.



614. “Much would take more.”



619. Refers to the proverb “Ní thagann an dá
thráigh leis an ngobadán.”



623. Bréan-mhóin, bad turf, ill-smelling turf.



624. “What is got badly goes badly.”



626. Also “Dá dhonacht é Séamus, is fearr é 'ná
bheith in' éaghmuis.



627. Gealadh, fondness.



630. An cioth do leigean thart, to let the shower
pass.



634. Deoch a bhogadh dhóibh, to offer them a drink.



637. “May God smoothen (things) for us.”



639. Ball dobhrain, a mole.



641. Aghaidh na cabhartha, “the features of help,”
a helper.



645. “Let them argue it out amongst themselves.”



646. An té théidheas i mbannaí, he who goes security.



648. Fuaruigheann a chuid, his portion grows cold;
also “fuarann a chuid.”



649. “There is a time for everything.”



651. An rud ná goidthar, what is not stolen.



652. A chuireas síos, who puts down, plants.



653. “What is not worth asking is not worth
getting.”



We have received the following list of corrections
from Tomás Ó hEidhin to the first portion of above
collection, and would be glad to receive other lists,
variants, &c.:—



10. An té nach n-iomcuirfidh a chasóg an lá breagh
ní bheidh sí aige an droch lá. An té nach n-iompró'
a d'airigheas-sa i gcomhnuidhe.



17. Ag cur a thaoibh leis an tuinn, putting his side
to the wave — putting his side to the storm, or
shouldering it.



23. Bunóg, a drop on the sole of the foot.



33. Aon mhuinntir “amháin” muinntir Árd Raithin.
Cuirtear “amhánn” annso.



83. Caraid. Ní'l an focal so i n-áireamh an iolra.
Friend nó support is eadh é.



84. Cathughadh, temptation. Chuir sí cathughadh orm,
she tempted me.



94. Leigean faoi, letting under, calming down.



95. Gíogach, restless, busy.



107. Chomh geal leis an eala. Níor airigheas éinne
ariamh ag tabhairt “falla” ar “bhalla” san áit seo.
Eala atá annso ar chuma ar bith. Na healaí geala'
the white swans. (Tá sé ar an dá nós agat, a
Thomáis, feach uimhir 632 thuas).



134. Fuighleach, tá an t—“l” caol san áit so.



14. Tuicín; bhí an “t” leathan ag an bhfear a
bhfuaireas an seanfhocal so uaidh. Isé an mhíniughadh
féin a chuireas síos air.



152. Sgaoile, sgaoileadh an litriughadh ceart, is
dóigh.



177. D'airigheas “paidir shasmán” go minic.



218. Fuair tú amach an dóigh (dóth) object.



Tomás Ó hEidhin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services