Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teach Sagamsa

Title
Teach Sagamsa
Author(s)
Déiseach,
Pen Name
Déiseach
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Teach Sagamsa



Tá roinnt de Cho. Phortláirge i urmhór na dúithche
ar an dtaobh thoir de shléibhtibh an Chomraigh idir Charraig
na Siúire agus Dún Garbháin, agus i n-ionad "so" agus
"seo" is é deirtear ann ná "sa" agus "sea". Cuirim
i gcás - Na daoine sea ann-sa, muinntir an tighe sea,
na buachaillí sea againne, an fear sa agamsa, Seaghán
sa agamsa, Máire sea againne, agus a leithéidí.



B'fhéidir dá gcuairdeóchaidhe go bhfuighthidhe amach
cúinne éigin de Dhún na nGall ina bhfuil an gnás
ceadna focal, agus gur ionann tar éis a bhfuil ráidhte
"teach sagamsa" agus "teach so agamsa."



Nior chualaidh mé ariamh i gCo. Phortláirge an abairt
"fear sa agamsa" ná "tigh sea agamsa" gan focal
éigin deimhnighthe ag gabháil leis pé aca é an t-airtiogal
nó focal mínighthe eile. Cuir i gcás: -



Dóghadh an tigh se aguinne aréir nó dóghadh tigh na
muinntire sea aguinne aréir.



Ní déarfainn gur ionann an dá "sa" san abairt
"teach sagamsa" mar is dóigh le "Connachtach" na
fós gur "is" atá idir teach agus agamsa mar adeir
Laigheanach; is dóigh liom gur "so" atá ann. "Teach
sa (so) agamsa."



Déiseach



p.s. Ní deirtear "teach" i gcúige Mumhan ar aon
chor acht "tigh".

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services