Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Údair éagsúla,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



29. Some idioms of amhras = (1) doubt, (2) suspicion —



(1) Gan amhras, without doubt, undoubtedly, as-
suredly, certainly, indeed.



(2) Tá amhras agam air, I have a suspicion of him,
I suspect him.



(3) Bhí mé i n-amhras fá dtaoibh de, I suspected him,
I had a suspicion of him, “I had a dubious of him.”



(4) Táim i n-amhras leis, I doubt it, I am in doubt
of it.



(5) Tá mé i n-amhras fá'n sgéal sin, I doubt that, I
am in doubt about that.



(6) Tá mé i n-amhras go bhfuil tú pósta, I suspect
that you are married.



(7) “Bhfuil amhras agad i mo bhriathraibh? Do you
doubt my word?”



(8) Bhfuil tú i n-amhras fá mo bhriathraibh? Do you
doubt my word?



(9) Ní'l mé i n-amhras nach bhfuil ann acht an rud
céadna, I doubt not but that it is the same thing, I am
sure it is the same.



(10) Ní'l amhras agam nach é an rud céadna é, I
have no doubt but that it is the same thing, I am sure
it is the same.



(11) Ní'l amhras agam nach aon rud amháin é. I have no
doubt but that it is the same (lit. one) thing, I am
sure it is the same thing.



(12) Rud amháin é, gan amhras, assuredly it is the
same (lit. one thing.)



(13) “Do ghním amhras ar a mhacántacht, I doubt of
his honestly.”



(14) “Acht an té ag a mbí amhras, but he who
wavers.”



(15) “Gan bheith amhrasach air, without wavering in
it.”



(16) “Agus do bhrígh go raibh mise amhrasach i n-a
leithid sin de cheist, and because I doubted of such
manner of question.”



(17) In catechisms apparently amhras=scepticism:
“Peacadh an amhrais.”



(18) Duine amhrasach, a suspecting, (suspicious) per-
son.



Note.



Eagla often takes the place of amhras in the sense
'suspicion': tá eagla orm gur droch-pheata é sin, “I
suspect that person.”



Baramhail also = suspicion: tá droch-bharamhail
agam de'n duine sin, I suspect that person. Cp. bain-
eadh baramhail as mo shiubhal, they suspected I was up
to something.



Dabht, (lovely Anglicism!) is very common and is
ousting amhras from use, witness the following: “I was
talking to-day to two good Gaelic speakers. I found
it very hard to get them to use the word amhras at all”;
ex. Tá dabht agam gur droch-dhuine é sin, I suspect
that person.



The numbered phrases in quotation marks are from
books.



CUAG MAC CRÍOMHTHAINN.



30. Deir Micheál Ó Maoláin ná réidhtigheann sé lem
bharamhail-se i dtaoibh “faoi thráth 's go.” “Faoi rádh
is go” a chuala sé féin i gómhnuidhe. Seadh: is minic
ná cloiseann duine (a gan fhios dhó féin) acht an rud
go mbíonn súil aige leis. Tugann Micheál éan
tsoluíd amháin á chruthughadh go bhfuil an ceart aige
féin. Sid í í: “faoi rádh is go raibh a mac 'na dhalta
d'éirigh sí i gcúthach báinidhe” (is amhlaidh atáthar thar
éis dailtín a thabhairt ar a mac). Leigim-se leis go
lán-toilteanach go bhfuil fáth agus gábhadh le rádh
annso, agus ná beadh éan rud eile 'na ceart acht é.
Is léir gur mar a chéile “faoi rádh is go” sa' chaint
seo Mhichíl agus faoi rádh go. Is ionann é & dá ndéar-
finn rud mar seo: Tháinig buile feirge uirthi mar
gheall ar go ndubhairt duine éigin gur dhailtín a bhí
ina mac. Acht do réir mo thuairime féin ní ró-mhinic
a bhíonn éan chiall den tsórt sain ag baint le “rádh”
'san abairt sin “faoi rádh 's go.” Cuiream i gcás
gur buaileadh mac, nó leanbh, na mná úd breoidhte,
i dtreó go ndéarfí: Bhí buaidhirt aighne ar an mhnaoi
bhoicht faoi rádh is go raibh tinneas nó galar éigint ar
a leanbh. Cad ba chiall do “rádh” sa' chaint seo
agam anois? Ní dubhairt éinne leis an mnaoi ná
raibh an tsláinte agá leanbh; go deimhin b'anghábhadh


L. 60


d'éinne a “rádh” léi ná raibh, — ná feaca sí féin le
n-a dá súil an galar ag teacht air? 'Sé deirim-se
go mba cheart, ina leithéid seo de chaint, “thráth” a
scríobhadh i n-ionad “rádh.”



Rud eile dhe. Bíodh gur rádh (nó “rá”) atá dá
chleachtadh riamh age Micheál féin, tá “an-chaoimse”
Connachtach ná fuil ar an mbealach céadna leis sa'
méid sin, — a ndéarfadh sé féin. Tá daoine thíos i
gContae Mhuigheó agus i gContae Shligigh go bhfuil
“ráit” 'na mbéal aca gach lá den tseachtmhain.
Agus an ndéarfidh éinne liom go n-abrann siad so
“faoi ráit is go” sa' chás go ndeirim-se gur cheart
“thráth” a bheith ann?



Fé fhearaibh an Iarthair fhágaim réidhteach na ceiste
seo, mar is aca-san is fearr atá an t-eolas chuige agus
is leo-san is mó bhaineann sí. Acht ná measadh éan
duine aca gur leór dóibh mar fhreagra a rádh go mba
cheart dóibh “muinighin a bheith acab astab féin i
gcaint.” Ní bhaineann “muinighin” leis an scéal.
'Sé an cheist atá dá plé eadrainn: Cé aca an ceart,
do réir bhunadhais, thráth nó rád, 'san abairt úd,
nó nach ceart?



TUIREANN.





32. Nár mhór an dearmhad é gan cúpla solaoide a
thabhairt dúinn sa leabhar so thuas ar cionnus mar
badh cheart litreacha ceannaigheachta a sheoladh tré
Ghaedhilg. Is maith gan amhras an leabhar é, & is maith
mar dhein an Laoideach a chuid oibre, acht táim ag
ceapadh gur b'shin dearmhad agus dearmhad mór. Má's
mian linn an Ghaedhilg a chur ar aghaidh, caithfimíd é a
sháthadh isteach i gceannaigeacht na tíre. Caithfimíd
ár gcuid litreacha a sgríobhadh i nGaedhilg, & a
sheoladh tré Ghaedhilg. Cionnus mar badh cheart litir
go dtí “O'Mahony Bros.” a sheoladh? An ceart
“na dearbhráithreach Ó Mathghamhna” nó “Muinntir
Mhathghamhna” a sgríobh? Agus abair gur mian liom
litir a chur ag triall ar “Bolands Ltd.” cia an
leagan is fearr? Ceist eile oraibh, a cháirde, an
ceart “na daoine uaisle” nó tiodal de'n tsaghas
sin a chur i n-ionad “Messieurs” ar ár gcuid litreacha,
nó iad a fhágáil gan aon tiodal: mar seo “Aodh Ua
Dubhthaigh & a chuideachta.” Badh mhaith liom-sa beagán
eolais d'fhághail ar na rudaí seo. B'fhéidir go
gcabhróchadh an Laoideach féin liom?



AN SIONNACH.



33. Ag tagairt do cheist Sheáin Dhiarmuda, is dóigh
liom féin gurab ionann brígh dho “tugann” is “do-
bheirim.” Tá deifridheacht eatortha, ámh, sa chuma n-a
ndeintar úsáid díbh. Féadtar “tugaim duit é” nó
“bheirim duit é” a rádh; acht “ní thugaim,” “go
dtugaim,” &rl., is ceart. Níor chóir, cur i gcás, “ní
bheirim” a rádh.



I dtaobh “d'imthigh” agus “chuaidh”, is amhla mar
thuigim-se eatortha gurab ionann “chuaidh” agus “he
went”; agus “d'imthigh” is “he went away, he went
off”. Seo soluidí eile:



(a) Chuadhas ar an aonach.



(b) Raghaidh sé go dtí an gcathair.



(c) Tá sé ag dul a-bhaile.



(d) D'imthigh sé go Sasana Nua.



(e) Imtheóghaidh sé leis.



(f) An bhfuilir ag imtheacht?



LOG SOCAIR.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services