Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocail. VI.

Title
Seanfhocail. VI.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hEidhin, Tomás
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANFHOCAIL.



VI.



TOMÁS Ó hEIDHIN DO BHAILIGH.



571. Tinn uaidh is tinn gan é.



572. Tairngí beodha. Deilgní.



573. Tá an bainne ag dul i n-adharcaibh
na mbó anois.



574. Tháinic sé d'aois duit.



575. Tá an oiread críona i ngach uile
choill is loiscfeadh í féin.



576. Téidheann an dlighe do na daoinibh
bochta mar théidheas an bháisteach do na
cearcaibh.



577. Tá scéal go maith go dtig an dara
scéal.



578. Tionnlacan na n-óinseach.



579. Treabhadh soir agus forsadh siar.
Tá daoine ann agus dá ndéantá mar so
dhóibh ní bheadh aon bhuidheachas aca i n-a dhiaidh
sin ort.



580. Tá sé i ngort an bhaile. Aonach nó
féile nó aon nídh mar sin bhíos i bhfogas
dúinn.



581. Troid na mbó maol.



582. Tá do bhád ar an fhairrge, go
laigheadaidh Dia an gála.



583. Turus Loch Dearg. Adéarfaidhe le
turas fada.



584. Tá an féar ag fás i n-aisce dhó.
Ráidhte go minic le haodhaire nó le duine
ar bith mar é a bhaineas a bheatha amach gan
mórán saothair.



585. Tá sé ar chlár an bhaile. Is ionann
so agus i ngort an bhaile.



586. Tinn is do ghoile agat.



587. Treabhadh mhuintir Allaigh. Is ionann
an sean-rádh so agus caisleáin san aer i
mBéarla.



588. Tiocfaidh lá fós i mbeidh gnó ag
boin dá errball.


L. 56


589. Tagann maith le cáirde is grásta
le foighde.



590. Tá fhios agam cia'n scéal é arsan
cat leis an mbainne bruithte.



591. Tá mise in mo chodladh is mo chúis
dá pléidhe. Bhí fear óg do chuaidh go
Sasana chomh rocair sásta sin gur scríobh
a-bhaile agus go ndubhairt mar atá thuas.



592. Tuigim go maith lochta dhuine eile
agus ní thuigim mo lochta dhuine eile
agus ní thuigim mo lochta féin ar chor ar
bith.



593. Tá cainnt saor.



594. Trí coiscéim na trócaire. Nuair
castar sochraid do dhuine deirtear gur
ceart dó casadh agus trí coiscéim do
shiubhal léi; is ar na trí coiscéimibh seo
tugtar trí coiscéim na trócaire.



595. Thabharfaidhe a-bhaile sibh-se le
adhastar sneachtaidh. Ag déanamh grinn fa
lucht póite d'airigheas an rádh so.



596. Teine mhóna is maidí, nó teine
mhaidí is móna, cia aca so is fearr?



597. Tagann deoch roimh scéal.



598. Tagann an cáirde acht ní maithear
na fiacha.



599. Tá stór mór i gcófra Chríost.



600. Tosach coille is deireadh móna.



601. Tuigeann fear gan léigheann leath-
fhocal.



602. Tús na breithe ag Dia orainn.



603. Tobac tar éis bídh is ar bhean tighe
bhíonn sin.



(Ní críoch)



Gluais.



572. Deilgní, thorns.



573. Ag dul i n-adharcaibh, “going into cows'
horns,” getting scarce.



575. Críona, withered branches.



576. The Law acts on the poor as the rain does on
hens.



578. Seán accompanies Peadar some distance;
Peaar then comes back part of the way with Seán.
This kept up hither and thither is called tionnlacan
or tionnlac na n-óinseach.



579. “Ploughing eastwards and harrowing west-
wards.” Dá ndéantá so dhóibh (ortha), if you were to
do this for them.



581. Fighting without arms.



582. Go laigheadaidh, May God lessen the gale.



584. Aodhaire, a herdsman. A bhaineas, who makes
his living without much work.



586. See No. 546.



587. “The ploughing of the O Halley family.” In
Munst. “treabhadh mhuinntir Murnáin” is said, though
the meaning is often restricted to people who remain
up so long o'nights talking of the morrow's work
that they spend the better part of the morning in bed.



588. Bó dhá errball, a cow with two tails.



590. “I know the news you have.” Also “Do
chonnac cheana thú, ar san cat leis an mbainne the.”



591. Mo chúis dá pléidhe, my cause being advocated.



594. “The three steps of mercy.” Gur ceart dó
casadh, that he should turn.



595. “A halter of snow would have brought you
home.” Ag déanamh grinn, joking.



597. Also, “Is túisce deoch 'ná scéal.”



598. When the respite is up, the debts have to be
paid.



600. What does this proverb refer to?



601. Usually fear léighinn.



602. “Let God have the beginning of the judg-
ment on us.”



603. Also, “Ar mhnaoi an tighe a théidheann soin”.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services