Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bearta Cruadha.

Title
Bearta Cruadha.
Author(s)
Diarmada, Seán,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

BEARTA CRUADHA.



[Seo mar adeir Seán Dhiarmada linn i dtaobh
“Marbhna Phádraig,” &rl. Tá sé i gcló cheana san
IRISL., Uimhir 143, acht is dóigh linn go bhfuil deifridh-
eacht mhór idir an chuma i n-a bhfuil sé annsúd agus an
chuma i n-a bhfuairis-se é. Scaoil chughainn é, let
thoil.]



“Seo chughat roinnt “tilsidheacht,” agus b'fhéidir go
ndéanfadh sé an gnó mar scairt sa bheárnain duit
chun go bhfaghfá a mhalairt; an “chlismirt” adeirim.
B'fhéidir gur cuireadh i gcló cheana san iomlán é —
mar níl sé go léir agam-sa; acht, má cuireadh, ní
fheaca-sa é. (Chuirfam i gcló é.)



“I dtaobh na bpaidreacha, tá cead agat do rogha
rud a dhéanamh leotha. Má's rud é ná fuilid oireamh-
nach chun a gcur i gcló san IRISLEABHAR, cuir-se
féin do mheabhair iad, agus b'fhéidir go mbeadh gábhadh
agat leotha uair éigint. Acht ná leig amudha iad, pé
scéal é. Tá an nídh is “Marbhna Phádraig” ann
agam — cuid de, ar éan-chuma — scríobhtha síos i
leabhar agam. I mBéal Átha an Ghaorthaidh 'seadh
fuaireas í i mbliadhna. Tá sé ag rith liom go bhfuil
sé i gcló cheana, acht nílim deimhnitheach dhe. Bíodh a
fhios agam san chéad uimhir eile de'n IRISLEABHAR, let
thoil. Mar seo is eadha thosnuigheann sé, tar éis ana-
chuid réamh-rádh:



“‘Saor sinn, a Thighearna! tré urlabhra na n-ain-
geal, tré urnuighthe faoisdíne, agus tré faistine na
bhfáidh. Saor sinn, a Thighearna! mar do shaorais
Peadar & Pól Naomhtha ón loing m-briste (? luing-
bhriseadh), & Eoin Naomhtha ó nimh an pheacaigh, &c.’


L. 43


“Is truagh liom ná fuil earradh níos foghanta
agam duit 'ná mar atá, acht nílim acht a' tosnughadh
fós — ‘taw may oge foce,’ & bíonn gach tosnughadh lag.
Mol mé, dá réir sin, & tiocfaidh mé chugham féin, &
chughat-sa, i dtráth.



“An ionann brigh don dá bhréithir seo — 'd'imthigh' &
'chuaidh', & an mar a chéile 'do thugaim' & 'do bheirim',
chomh fada & a théidheann an aimsir a bhaineann leis
an dá fhocal?”



SEÁN DHIARMADA.



PAIDREACHA.



Ar aireachtaint clog an Aifrinn duit, abair:



“Ó! a Thighearna,
Bog mo chosa go bog chun Aifrinn,
Bog mo bhéal chun na mbréithre mbeannuighthe,
Árduigh suas mo smaointe is m'aigne,
Is díbir uaim na gníomhartha malluighthe.”



“Molamaoid Íosa Críost,
Molamaoid Dia de shíor a's de ghnáth,
Ó! a Thighearna, go molaidh Tú sinn,
Is go ngabhaidh Tú sinn it lámhaibh;
Mar níl toradh le maoidheamh againn
Acht toradh an Ríogh d'fhuiling a' pháis.”



Mar fhreagra ar “Glóire dhon Athair,” iseadh a
deirthear an phaidir seo thuas, díreach i ndiaidh “Mar
a bhí ar dtúis,” do rádh.



Ag gabháil thar abhainn duit:



“Ar eagal an abha so bheith doimhinn,
A Rígh na Foighne, glac mo láimh;
Ar eagal an tuile bheith tréan,
A Mhuire, féach is ná fág!



SEÁN DHIARMADA.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services