Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Litir Aniar.

Title
Litir Aniar.
Author(s)
Ó hÉigearta, Pádraig,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

LITIR ANIAR.



Springfield, Mass.,
Lá Fhéile Pádraig, 1905.



A Fhir an “Irisleabhair,”



“Blais an biadh agus íosair é,” adeir
an sean-fhocal. Do thaitn an blas do
chuiris ar an amhrán agus an leitir comh
mór sin le cuid dar mbuidhin annso
cheapadar gur mhaith leó tuilleadh de
sholáthar na feise d'fheicsint i gcló. Agus
d'iarradar orm an dá dhán so do chur ag
triall ort féachaint an bhfuighidís ionad san
IRISLEABHAR. Do bhuadhadar araon
duais.



I dtaoibh Mhichíl Uí Shíothcháin is oth liom a
rádh go bhfuil sé “ar shlighe na fírinne,”
agus go raibh nuair do scríobhas chughat gan
a fhios agam. Ní fhéadfainn gan iarracht
ar fhreagra do thabhairt ar “Thórna”.



A Thórna 'n ghleanna is atuirseach dubhach
an scéal
Bheith orm-sa freagairt do rannaibh a chlú
na nGaedheal,
Ní raghaidh Mícheál a-bhaile mo mhairg mo
chumha mo léan
'S a shúil ní leagfa ar an gCathair go
crích an tsaoghail.


L. 37


Sínte i dtalamh i bhfad ó n-a cháirdibh gaoil
Níor caoineadh an faraire calma i mBórd
Eoghain Fhinn
Don chré ó n-ar eascair ní chasfaidh a chló
arís
'S ar an úir do ghlac é; dar m'fhalaing,
nach mór é mhaoidheamh!



Má's ar an mbaile bhíodh a aigne ag síor-
chomhnaidhe
Ní thuigfidh na tallairí crapaithe an brón
n-a chroidhe
An suaimhneas nár ceapadh ar talamh i
gcóir Mhíchíl
A Rí na nAingeal, tabhair d'anam an
deoraidhe chaoin.



Do thuit rud amach sa chathair seo indiu
nar chualathas a leithéid sa cheanntar so
riamh roimhe seo. Thug an t-Athair Mícheál
Ó Flannagáin seanmóin i nGaedhilg uaidh i
Séipéal an Chroidhe Naomhtha. Bhí a rian air
ní raibh suidheachán follamh san tséipéal
mhór soin. Ní fheadar ar thuig na sagairt
cad é a ndualgas, as an mór-bhailiughadh
daoine. Tá a fhios agam ná feaca féin
ceathramhadh cuid déag na ndoine ann aon
Lá Fhéile Pádraig le deich mbliadhna atáim
ag dul ann. Badh dhóigh liom go mbeadh
a leithéid ann gach aon lá 'Le Pádraig ar a
laighead as so amach. Ba bhríoghmhar an
tseanmóin í, & gan aon agó do chur ann,
chualaidh cuid aca an Focal dá chraobhscaoil-
eadh san aon tslighe a thuigeadar ó fhágadar
Éire. An bhfuil an creideamh ag neartughadh
i n-ár ndaoine san tír seo? Cionnus a
bheadh? Níor iarr Dia ar na hAspail an
creidheamh do chraobhscaoileadh i dteangain
nár thuig na daoine. Acht cad do b'áil liom
a rádh? Ar ndóigh, is daoine fé leith na
Gaedhla so, agus is féidir leo gach nídh do
dhéanamh ar an dtuathal.



Mise do chara,



PÁDRAIG Ó hÉIGEARTA



FREAGRA ó “THÓRNA”.



A Phádraig chalma b'atuirseach liúm do
scéal
Micheál ár gcara gur gearradh a lúth 's a
shaoghal
Tá an Ráth 's an Chathair is Taithile chumhra
ghlé
Go cráidhte cathach ag deargadh súl dá éis.



Mo chás nár casadh a-bhaile do riún roim ré
Beadh cáirde fhada aige i dtalamh mhic
Niúil na n-éacht
D'éis bháis dó rachadh go beannuighthe i n-úir
na naomh
N-a bhfuil fáidhe is sagairt is flatha de
phlúr na nGaedheal.



Tá sáir-fhir sheasaimh n-a mbeathaidh n-a
ndúthaidh féin
Gan cháirde a lascfadh go hAiceron súidhte
bréan
Cnámha gach tallaire chrapaithe chrunncaigh
chlé
Micheál 's a shamhail do mheasfadh a mbrughadh
go claon.



'Árd-mhic Athar na bhflaitheas ó's tú thug
saor
Clann Ádhaimh trét pheannaidibh, glac-se go
dlúth chughat féin
It árus almsach anam an úir-fhir fhéil
'S a Phádraig chalma b'atuirseach liúm do
scéal.



Gluais.



Blais an biadh agus íosair é, “taste food and you
will eat it,” an old proverb. The future of ithim, I
eat, is íosad -sair, &c.; and the conditional d'íosainn,
-sthá, &c. This is a remnant of the old s-future. It
would not be correct to write íosfad, d'íosfainn, &c.



Do thaitn an blas … le cuid dár mbuidhin,
the taste pleased … some of our company
(people).



Cheapadar, they thought, decided.



Soláthar na feise, gathering, products of the feis.


L. 38


Do chur ag triall ort, to send you.



Féachaint an bhfuighidís, to try if they would get.



For d'fhéachaint, to try, though the f is unaspirated.
The future of gabhaim, I get, is gheóbhad, ní bhfuighead.
The latter is pronounced as if spelled ní bhfaighead.
The spelling fuigh—should be adopted in the future and
conditional, and that of faigh—in the imperfect.



Do bhuadhadar araon duais, each won a prize, they
both won prizes.



Is oth liom a rádh, I am sorry to say.



Ní fhéadfainn gan, I could not but try, I had to try.



Iarracht ar fhreagra, an attempt to give an answer.



Bheith orm-sa freagairt, that it has fallen on me to
answer.



Mo mhairg, &rl., “alas.”



Ní leagfa, ní leagfaidh, he will not cast his eye.



An Chathair, .i. Caherciveen.



A cháirde gaoil, his relatives, his kith and kin;
gaoil is gen. of gaol, relationship.



Faraire, a brave man, from faire + personal ter-
mination aire.



Bórd Eoghain Fhinn, the northern shore of Kenmare
Bay, including Sneem, Caherdaniel and Derrynane.



Ó n-ar eascair, ór eascair, from which he sprang.



Ní chasfaidh a chló, his body (form) will not return.



'S ar an úir, “and for the soil which received him,
by my cloak, what a great reason to be proud.”



Bhíodh a aigne, his mind constantly dwelt.



Tallairí crapaithe, bent up or weazened creatures.



Suaimhneas nar ceapadh, rest that was not his lot.



I gcóir Michil, for Michael.



Deóruidhe, exile.



Do thuig rud amach, something happened.



Nár chualathas a leithéid, of which the like has not
been heard. Chualathas, past auton. ; also cualadh,
pron. cualag.



Seanmóin i nGaedhilg, a sermon in Irish. Seanmóin
is the form used in Leath Mogha, seanmóir in Leath
Chuinn.



Séipéal an Chroidhe Naomhtha, Church of the Sacred
Heart.



Suidheachán follamh, a seat empty.



Cadé a ndualgas, what is their duty.



Mór-bhailiughadh daoine, a great collection of people.



Ná feaca féin, that I have not seen.



Ceathramhadh cuid déag na ndaoine, 1-14th of the
people.



Badh dhóigh liom, I should suppose, imagine.



Ar a laighead, at least.



Gan aon agó a chur ann, not to put a word untrue
into it.



San aon tslighe a thuigeadar, in the only way they
understood.



Ag neartughadh, growing stronger.



Cionnus a bheadh, how could it be?



Do chraobhscaoileadh, to propagate.



Cad do b'áil liom a rádh! What do I wish to say,
what am I saying?



Daoine fé leith, exceptional people.



Ar an dtuathal, the wrong way.



Liúm, metric for liom.



Gearradh, was cut, lopped off.



Ag deargadh súl, “a-reddening of eyes” from
weeping.



Mo chás, alas.



Nár casadh abhaile do riún, that your friend had
not returned home.



Cáirde fhada, a long respite.



Talamh mhic Niúil .i. Éire. Éacht, a wonderful
action.



D'éis bháis dó, after his death.



Úr na naomh, soil of the saints, the sainted soil.



Fáidhe, prophets.



Flatha, &rl., princes of the flower of the Gael.



Sáir-fhir sheasaimh, brave sturdy men.



Lascfadh, would beat, scourge.



Cnámha, bones; pron. cná (nasal).



Crunncach, bent, decrepit.



Micheál 's a shamhail, for “do mheasfadh M. 's a
shamhaila bhrughadh go claon,” who would wantonly ill-
treat M. and his like.



Ó's tú thug saor, “since it is you who have brought
free, saved.”



Peannaide, torments, punishments.



Glac chughat fein, accept, take unto yourself,



Árus almsach, alms-giving mansion.



An úir-fhir fhéil, of the generous great man.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services