CLODHANNA NUA.
Is minic gur maith linn ár gcion ar dhuine áirithe
a chur i n-umhail. Má's leanbh ar scoil é, nó dalta
de chraoibh éigin den Chonnradh, agus go dtaitneann
linn an chuma i n-a bhfuil sé ag foghluim agus a
dhíograisighe is oibrigheann sé, is maith linn tabharthas
beag a bhronnadh air i ndíol ar a shaothar. Ní heól
dúinn aon rud do b'fhearr chuige seo 'na leabhar
maith Gaedhealach. Is deacair le cómhaireamh na
maitheasaí a dheineann deagh-leabhar. Is fada nár
chuireadh i gcló aon leabhar ba Ghaedhealaighe, nó
b'fhóghanta 'ná “LEABHAR AITHRISEÓIREACHTA NA
nGAEDHEAL,” do chuir Muinntir Ghill amach i
gcaitheamh an mhí seo ghaibh tharainn. Tá an leabhar so
lán-tuilte d'fhíor-sprid na nGaedheal; an tseana-
sprid úd nár chlaon fós riamh is ná claonfaidh go
Luan na mBreath. Tá Éire d'éis an chulaidh bhróin, is
d'éis rian na daor-bhruide a chaitheamh dhi. Tá
sians an dóthchuis is an tógaint chroidhe n-a guth, & tá
i ndán di, i láthair Dé, dul suas is suas go sroisfidh
an barra ba léi fé réim na seann-Ghaedheal. Do
thuig “Sceilg” a nóta béil go maith, agus do bhailigh
i bhfochair a chéile dhúinn annso na giotaí is fearr
d'oirfidh don nua-shaoghal atá tagaithe orainn. Tá
giotaí i nGaedhilg ann agus giotaí i mBéarla; agus
is maith an luach leach-choróinneach an leabhar.
Molaimíd an saothar so “Sceilg na Sceól”, agus tá
súil againn gur gearr go bhféadfar an leabhar a
thabhairt amach ar scilling, ar chuma ná beidh leath-
scéal ag aon Ghaedheal toisc gan an leabhar a bheith
aige.
Tá “AN LEABHARLANN,” d'éis teacht chughainn arís.
Sidí an dara uimhir, & dá fheabhas an chéad cheann is
fearr an ceann so, dar linn. Mara mbeadh ann acht
pictiúir an Chlósaigh, do dhein a lán le n-a linn ar
son na Gaedhilge, do b'fhiú aon airgead an uimhir seo
is nílimíd gan dóthchus go bhfuighidh Cumann na
Leabharlann daltaí dá bhárr. Tá cheithre cinn d'aistibh
Gaedhilge ann an taca so, ceann ó'n gCraoibhín
Aoibhinn, ceann ó Ghruagach an Tobair, ceann a
Dhomhnall Ó Conchubhair, agus ceann ó Phádraig Mac
Piarais. Liosta ana-usáideach is eadh “A Short
Bibliography of Irish History”. Ní féidir d'áireamh
annso, gach a bhfuil de rudaíbh maithe ins an leabhar.
Faghadh gach éinne é.
Leabhar eile ón Laoideach! Seadh go deimhin, agus
leabhar go bhfuil dian-ghábhadh leis. “POST-SHEANCHAS”
is ainm do. Ná bíod leathscéal ag éinne feasta i
dtaobh gan na litreacha a chuireann uaidh do fheoladh i
nGaedhilg. Is mór an áise dhúinn an Post-sheanchas
so an Laoidigh, & ní fuláir ná go bhfuair sé a lán dá
dhuadh. Tá ana-chuid eóluis i dtosach an leabhair ar
Chúigíbh, ar Dhúithchíbh is ar Chonntaéthibh na hÉireann,
nár mhór do gach duine iad a scrúdughadh is a mheabh-
rughad go maith & usáid choitchianta a bhaint asta.
N-a bhfochair súd tá ceart-eolus ar cionnus litir a
seóladh i nGaedhilg.
Tá Muicinis ar muin muice
Measadh duithi docht a cláir
Ag an gCoin a críochaibh Cualonn
D'fhíor-fhuil toir ba nuadh-oll náir.
Suairc ár bpinn ag líomhadhlitreach
Léimfidh chugainn misneach mór
Glacam comhairle chaoin charad
Maoidh ro-ghairbhe namhad nódh.
Dealg i mbeó gach amhuis uallaigh
Aiste dhuthchuis chuis chuandaigh cháidh
Is a triall tar bántaibh Banba
Tré bhárcaibh ba gharga gáir.
Fáilte dhuit a leabhair léir
i bhFódla na gclas gcomh-réidh,
Ceilfir n-ár measc an mheath-mhuc
Teichfidh feast' ó “Phost-sheanchus”.
Chuir Muinntir Ghill ag triall orainn “An English-
Irish Dictionary and Phrase-book. Is é seo an dara
cur amach de leabhar Edmund E. Fournier d'Albe.
Gach a raibh ar ár gcumus a rádh i dtaobh an leabhair,
dubhramair cheana é. Do cuireadh beagán leis, acht
d'fhágadh a lán ann ná raibh ceart ó thúis. Mara
mbeadh roinnt mhaith eóluis age duine ar an nGaedhilg
b'éidir go mb'fhearra dhó déanamh i n-éaghmuis leabhair
den tsórd so; acht is maith an rúd a leithéid a bheith
ann. Tiocfaidh sé crosta ar dhuine anois is arís
cuimhneamh ar an bhfocal ceart i n-áit áirithe, agus
is minic gur mhaith leis leabhar mar é seo a lorg
chuige. Acht loiteann a leithéidí seo daoine ná fuil
oilte ar an nGaedhilg. Múineann dóibh gur mar a
chéile an focal Béarla & an focal Gaedhilge, agus is
annamh riamh gurab eadh. Is féidir an leabhar so
d'fhagháil anois ar leath-choróinn.
Tá an t-aistriughadh a dhein an tAthair Tomás Ó
Ceallaigh ar “Chaitlín Ní Uallacháin” tar éis teacht
amach i n-a leabhairín beag taidhseach. Deir a lán dá
bhfeacaidh gá léiriughadh le linn an Oireachtais i
mbliadhna é gur beag nár sháruigh an t-aistriughadh
ar an mBéarla mbunadhsach. Bíodh soin mar atá, is
deas a chuir an tAthair Tomás Ó Ceallaigh le chéile é.
Tá gluais len áis. Réal, a fhiacha.
Tá an tríomhadh cuid de “A Handbook of Modern
Irish” i gcló anois. Tháinig sé seo i gcló san
“gClaidheamh Soluis” ar dtúis & ní fuláir nó beidh
fáilte age macaibh léighinn roimhe ar a chur amach i
leabhar. Tá timcheall fiche ceacht ann, ag cur síos ar
na hUimhreachaibh, ar an Modh gCoinghiollach, ar Fhuirm
Ghaolmhair an Bhriathair, ar Inscnibh Ainmneach, is ar a
lán de phuintíbh eile. Níl de locht againn air acht an
ró-shuim a cuirtear i gcoraibh beaga suaracha cainnte.
Tá cleachtaidhe ann i gcóir aistriughadh is foclóirí
usáideacha. Tá an t-ughdar, Dochtúir Mac Énrí ag
obair ar an gceathramhadh cuid. Cuirfar i gcló ar
dtúis san “gClaidheamh Soluis” é. Naoi bpingne
fiacha an leabhair seo. Muinntir Ghill atá gá chur
amach.
Tá an Dochtúir Seaghán Mac Énrí d'éis aiste bheag
stardha ar “Bhás Ghofradha Uí Dhomhnaill do thabhairt
amach, leis. Bhí an aiste seo i gcló ar dtúis i
“nInis Fáil.” Chuir sé gluais leis, agus thug amach n-a
leabhairín pingne é. Déanfaidh adhbhar léightheóireachta
dhon mhuinntir atá ag obair ar an “Handbook.”
SMUAINTE AR ÁRAINN,
I n-a dtugtar cúnntas i nGadhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c.,
do bhí 'san Inis, maille le fiche íomhaigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.
Fá páipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá éadach, 1/-; tríd an bpost, 1/2
Fá leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.
AODH Ó NÉILL. DRÁMA ÚR-NUA.
DO SGRÍOBH "CONÁN MAOL."
An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Chlaidhimh Soluis."
Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
Agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne.
Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.
Clódhanna Nua, agus rl.
2d. Tríd an bPost - 2½d.]
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11