Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sean-fhocail. III.

Title
Sean-fhocail. III.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Compiler/Editor
Ó Donnchadha, Tadhg
Collector
Ó hEidhin, Tomás
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEAN-FHOCAIL.



III.



DO BHAILIGH TOMÁS Ó hEIDHIN.



303. Imtheóghaidh an ghuirteamas as an
salann agus an charthannas as na daoine.



304. Is maith í teas na teineadh acht is
fearr teas na pluide.



305. Is é leigheas na póite, é ól arís.



306. Is maith í an fhoighid.



307. Is goire cabhair Dé na an doras.



308. I ndiaidh a chéile a déantar na cais-
leáin.



309. Is fearr focal sa chúirt na bonn sa
sparán.



310. Is maith an t-annlan an t-ocras.



311. Is deacair girrfhiadh a chur as an
tor nach mbíonn sé ann.



312. Is minic do chuir fear na luaithe
fear na cruaiche amach.



313. Is milis dhá ól é, 's is searbh dhá
íoc é.



314. Is minic a rug an chú mhall féin ar
a cuid.



315. Is cuma cé ólfas, is é Domhnall a
íocfas.



316. Is mairg a d'uaidh cuid an tsaluis.



317. Is mairg a raghadh a chodladh i n-a
throscadh.



318. Is maith an scéaluidhe an aimsir.



319. Is fearr dreóilín i ndorn ná corr
ar cáirde.



320. Is buaine clú ná an saoghal.



321. Imthigheann na bréaga acht fanann
an fhírinne.



322. Is deas an rud an ghnaoidheamhlacht.



323. Is deas an rud an fhoghluim. Ní
ualach ar dhuine í.



324. Is mairg a bhíos go holc is go bocht
n-a dhiaidh.


L. 6


325. Is mairg ná leanann an bealach
díreach.



326. Is mairg an té a mbíonn an droch-
rún aige.



327. Is milis dá fhagháil é 's is searbh dhá
íoc é.



328. Is geall le scéal gan aon droch-
scéal bheith ag duine.



329. Is geall le scíthe malairt oibre.



330. I gan fhios don dlighe is fearr a
bheith ann.



331. Is maith an rud cogar an pheiliúir
bheith ag duine.



332. Is mó a thoirt 'na a thairbhe.



333. Is leath ar an obair í thosughadh.



334. Is mó sin 'ná mo dhícheall.



335. Is fusa cupán a dhéanamh ná dhá
chupán.



336. Is fada cuimhne sean-pháiste.



337. Is deacair an sean-fhocal a shárughadh.
“Ní fhaca mé bean ariamh ag teacht chuig na
teineadh nach gcorróghadh sí í, agus nach
gcuirfeadh sí a cuma féin uirthi.” Sin mar
d'airigheas é seo. Is sean-fhocal é ar chuma
ar bith i dtaoibh na mban agus na teineadh.



338. Is gránda an rud do dhuine bheith ró-
mhór i n-a cheann ar clár i n-áit a mbeidh
buaidhreamh.



339. Is geall iad na ballaí a bhfad uainn.



340. Is le fear na bó an laogh.



341. Is maith é an congnamh acht ní i
láthair an bhídh é.



342. Is fearr an tsláinte ná na táinte.



343. Is gearr a bhíos an fear ag fás,
agus is gearr a bhíos an bás dá thogaint
leis.



344. Is mairg a bheadh teann.



345. Imthigheann an t-airgead agus
fanann na mná. Rádh Inide.



346. Is fearr an t-ádhtha ná éirghe moch.



347. Is fuirist fuil a bhaint as ceann
carrach.



348. Iad féin iad féin.



349. Is maith maith, agus ní maith ró-mhaith
ar uairibh.



350. Is fada ó chíos Chluain Meala é.
Adéarfaidhe le duine bheadh ag tabhairt
leith-scéal uaidh mar gheall ar fhiach beag.



351. Is maith glan agus ní maith ró-ghlan.



352. Is olc an chú nach fiú í fead a
leigean uirthi.



353. Is ceart dá chluasaibh bheith te.
Duine a mbeifidhe ag caint air.



354. Is minic a leag bualtrach bó fear
maith. B'fhéidir ná beadh sé abhfad ag
síneadh duine beadh cos-nochtaithe dá seasadh
sé air.



355. Is mairg a thabharfadh droch-mheas
don óige.



356. Is fada ón stuaim an stucaireacht.
Adéarfaidhe go minic le scéal nó le tuair-
isc do bheadh abhfad ón gceart.



357. Is sean-rádh é nach ceart crúb
dhúinte a thabhairt ar chrúib oscailte. Ní
mholfaidhe lacha do thabhairt ar chirc.



358. Is bádhmhar lucht éin-chinidh.



359. Is geall le scíthe malairt ghnó.



360. Is fearr dhúinn dul i n-olainn na
gcaorach. Is ionann so agus dul fá'n
bpluid.



361. Is fearr an té éirigheas 'ná an té
thuiteas.



362. Is fearr an mhaith atá ná an mhaith a
bhí.



363. I ndeireadh na bliadhna a rugadh thú.
Adéarfaidhe le duine thiocfadh isteach agus
an béile ionann is bheith thart.



364. Is iomdha craiceann a chuireas an
óige dhe.



365. Is láidre 'ná Dia an té a chuireas
faid siar as a thigh. Deirthear ná fuil sé


L. 7


ádhthamhail do dhuine faid do chur siar as a
thigh.



366. Is mairg a thóigfeadh ar an gcapall
a n-íosfadh sé. Adeirthear go minic nuair
cítar chomh réidh agus dhéanann sé obair nach
mbeadh ró-fhuirist le déanamh i n-éaghmuis
an bhídh.



367. Is beag an rud is buaine 'ná an
duine.



368. Is mór an chuideacht do dhuine a
dhíthcéille.



369. Is maith é Dia le haghaidh bróga a
thabhairt uaidh, acht ní faghtar iad gan
airgead.



370. Is mór an magadh é.



371. Is mór an scéal é.



372. I mBaile Átha an Ríogh bhí, i
nGaillimh atá, agus i nÁrainn bhéas.
Tairngreacht bheag i dtaoibh na Gaillimhe.



373. Lá Chonchubhair. Is ionann so agus
droch-lá fuar garbh.



374. Lámh ag dóghadh agus lámh ag
tártháil.



375. Lá idir dhá thuinn. Deirthear mar
so nuair thagann lá fliuch agus lá breagh
gréine i n-a dhiaidh go mbeadh cosamhlacht
bháistighe air.



376. Lá a mbeárrtha. 'Sé sin lá a
gcómhairimh.



377. Lámh láidir i n-uachtar, agus
muinéal lag i n-íochtar.



378. Labhair a Cháith Ní Chéirín.



379. Leagaim lámh ort nó ná leagaim
má's tú atá i ndán dam is tú bhéas agam.



380. Lá do phósta nó lá do thórraimh
'seadh aithneóghas tú do chara.



381. Leag Dia a lámh air.



382. Labhair Dia romhainn.



383. Mair a chapall agus gheobha tú féar.



384. Má mheathann ceann tiocfaidh ceann.



385. Muna mbeidh cleas agat ní bheidh
bean agat.



386. Má's cam nó díreach an ród 'sé an
bóthar mór an t-aithghiorra.



387. Maran bréag é is mór an scéal é.



388. Má's maith leat bheith buan caith
fuar agus te.



389. Mol an óige is tiocfaidh sí.



390. Mo léan is mo léan, is fada ó n-a
chéile bheas ar n-éirighe gach lá. Bean do
bhí ag smaoineamh ar an tsíoruidheacht
adubhairt mar siúd.



391. Muna mbeidh tú thuas beidh tú thíos.



392. Marbhadh an chuinín, buille sa chúl.



393. Mara bhfuair sé n-a im é fuair sé
n-a bhainne é.



394. Mór gránna nó beag deas. Rádh
Inide.



395. Muna ndéanfaidh sé lá prátaí
bhaint, déanfaidh lá cártaí imirt.



396. Má dhéin Dia dílleacht dithi dhéan
sé treóruidhe maith dhithe. Atá sí i n-ann a
cuid do sholáthar.



397. Má ghabhann sise amach fágfaidh
ceirt an phota ag an mnaoi thiocfas isteach.
Is ionann sin agus a rádh go bhfágfaidh sí
an teach lom n-a diaidh.



398. Muna mbéad ins an mbaile do bhí
béad ins an mbaile beag eile is goire dhó.
Bhí bainis bheag le bheith ann agus fiafruigh-
eadh d'fhear éigin a mbeadh sé ann.
Dubhairt seisean mar atá thuas. Bhí dúil
san ngloine aige.



399. Mar a chéile iad — éanacha; éin-
chleite.



400. Mise an chloch nirt. Pé duine
dhéanfas rud as an mbóthar is orm-sa
leagfar é.



401. Má chuirfidh tú, tóigfidh tú arís iad.
Sin mar adubhairt fear le n-a mhnaoi uair.
D'fhiafruigh sí dhe an gcuirfeadh sí na fataí


L. 8


síos, nó ar an teinidh, agus adubhairt
seisean mar atá thuas. Shíl sise gur ró-
luath a bhí sé; d'fhan sí tamall beag eile
agus d'fhiafruigh sí arís dé an gcuirfeadh
sí síos iad, acht dubhairt seisean mar
dubhairt sé i dtosach: “má chuireann tú
síos iad tógfaidh tú arís iad.” Bhíodar
mar sin go raibh an lá caithte agus gur
thuig an bhean faoi dheireadh gur ag déanamh
grinn a bhí an fear.



402. Muna bhfuil mé toirteamhail atá
mé poirteamhail. Seo mar adubhairt
cailín óg nach raibh ro-árd ná ró-thoirteamh-
ail.



403. Má labhrann an chuach ar chrann gan
duilleabhar, díol do bhó agus ceannuigh
arbhar. Comhartha droch-bhliadhna é seo.



404. Maith i n-aghaidh an uilc.



405. Maoidhe na mugail fallamha.



406. Meas magaidh. Mar mheas magaidh
a bhí aici seo orm.



407. Mise mé féin, acht cia hé thusa?



408. Mí na mbréag, an Inid.



409. Maran é seo é, is é siúd é.



410. Má's maith atá tú anocht go mba
seacht fearr a bhéas tú bliadhain ó anocht.



411. Muna mbeidh tú cineálta le do
bhuachaill ní bheidh sé cineálta leat.



412. Muise, b'ait léithe gach uile shórt
do chuireadh Mór i n-a póca.



413. Mair má fhéadair.



414. Mo náire thu.



415. Mo ghoirm thu.



416. Mo ghrádh go deo thu.



417. Ní bheidh sé ag báistigh a gcomhnuidhe.
Baineann so le mí-ádh.



418. Níor dheineadar pioc an chéad lá
acht sáthadh isteach mar dhéanfadh muc i
bpoll fataí. Leis na Comhairlightheóiríbh
nua dubhradh mar seo.



419. Ní thuigeann an fear sáthach an
fear leath-sáthach.



420. Ní dhéanfaidh tú níos óige choidhche é.



421. Ní hé gach uile am a mharbhuigheas
Páidín fiadh.



422. Ní fhéadfainn bheith ag feadghail is
ag ithe mine. Bean a bhí ag ithe agus gur
tairgeadh pinse snaoisín dithi adubhairt
mar seo.



423. Ní bhíonn brabhach ar bith ar urlár
lom.



424. Na trí baill de dhuine is fusa do
ghortughadh —a ghlúin, a uillinn agus a shúil.



425. Ní measa leis an rígh a mhicín ná
leis an gcat a phisín.



426. Ní'l duine ar bith gan a locht féin.



427. Ní déarfaidh dada mar dubhairt
an bhean a chuir an baile thrí na chéile.
(Ní Críoch).



GLUAIS.



303. An ghuirteamas, the saltiness, bitterness. The
abstract forms of -as, are sometimes lengthened out
to -amas, -adas. These words in -as, though given
in grammars, as masculine, are very often feminine in
speech; an ghuirteamas, an charthannas, an mhaitheas,
&c. Perhaps their near relation to derivatives in -acht
may account for this. In MSS. -acht is contracted to
-as. It is hardly necessary to mention that carthannacht
is used, perhaps more generally than carthannas.
304. Teas na pluide, the heat of the blanket.
305. leigheas, cure(for drinking).
306. An fhoighid, patience.
309. See No. 259.
312. Fear na luaithe, the man of the ashes, the
poor (saving) man; fear na cruaiche, the man of the
stack (corn, &c.), the rich man.
313. Dá íoc, to pay for it; dá dhíol in Munster.
316. D'uaidh, past tense of ithim, I eat. Cuid an
tsaluis, perhaps some Western reader will explain
this saying.
318. That is, “Time will tell.”
320. Also “Is buaine bládh 'ná saoghal.”
322. Gnaoidheamhlacht, politeness, good breeding.
326. Droch-rún, a bad thought, evil intention.
327. See No.313.
328. “It is almost as good as bringing news, not to
bring bad news.”


L. 9


329. “Change of work is as good as a rest.”
330. It is bad to have anything to do with the Law.
331. Dá íoc, to pay for it; dá dhíol in Munster.
332. Toirt, size, bulk.
334. “That will give him more than enough to do.”
337. Do shárughadh, to excel, beat. Nach gcorróghadh,
but she would stir it, and fix it according to her own
way. I dtaobh na mban, about women, and the fire.
338. I n-a cheann ar clár, one who presides at a
feast. “It is an ugly thing to be too ostentatious
where there is trouble.”
339. Also, “Is glas iad na cnuic abhfad uainn.”
341. I láthair an bhídh, in the presence of food.
342. Táinte, flocks, herds. Also, “Is fearr an
tsláinte 'ná táinte ar chnoc.”
343. Dá thógaint leis, taking him off.
344. Teann, obstinate.
345. Rádh Inide, a Shrove-tide saying, an advice to
look to personal beauty.
346. “Good luck is better than getting up early.”
347. Carrach, scabbed.
348. They are “all one.” They know what they
are about, and do it.
349. “It is good to do a thing well, but it is not
good to do a thing too well sometimes.”
350. Ag tabhairt leath-sgéil, “making an excuse
about some small debt.”
351. See No. 349.
352. Nach fiú, “that is not worth whistling to call.”
354. bualtrach, a cow's droppings.
355. A thabharfadh droch-mheas, “would not esteem
at its proper value.”
356. “Rudeness is far from cleverness.”
357. Crúb dúinte, a shut fist, denoting enmity.
Crúb oscailte, an open hand, friendship.
358. Bádhmhar, loving.
360. Fá'n bpluid, under the blanket, to bed.
363. “At the end of the year your were born.”
Ionann is, almost over.
364. That is, “there are many changes during
youth.”
365. Faid siar, to build an addition at the back.
Ná fuil sé adhthamhail, that it is not lucky.
366. A thóigfeadh ar, that would grudge the horse
what it eats. I n-éaghmuis an bhídh, without the food.
367. Is buaine, that is more lasting.
368. “One's nonsense makes great company for
one.” “Is mór an óige ar dhuine bheith gan chiall
tamaill.”
369. Le haghaidh bróga, bor bestowing shoes. Ní
fhaghtar, they are not got.
372. “In Athenry (it) was, in Galway (it) is, and in
Aran (it) will be.” Tairngreacht, a prophecy.”
374.”One hand burning and the other saving.”
375. Dhá thuinn, two waves. Cosamhlacht bháistighe,
a likelihood of rain.
a likelihood of rain.
376. A mbeárrtha, of their sheering (sheep).
377. I n-uachtar, uppermost; i n-íochtar, under-
neath.
379. Leagaim, whether I place my hand on you or
not; first sing. imper. I ndán dam, in store for me.
380. La do thórrraimh, the day of your wake.
384. Má mheathann ceann, if one decays.
386. An t-aithghiorra, the short cut.
387. Maran (murar) bréag é, it it be not an
untruth.
390. Mo léan, my sorrow, alas. Is fada ó n-a
chéile, far from each other. This is a line of the old
and very popular folk-song “Is aoibhinn do na
heinínibh.” Ag smaoineamh, meditating on eternity.
392. The way in which a rabbit is killed.
395. “If it be not a day for digging potatoes, it will
be a day for playing cards.”
396. “If God made an orphan of her.” Treóruidhe,
a guide, director. Do sholáthar, to provide.
397. Gabhann amach, goes out. Ceirt an phota, the
pot-cloth.
398. Dúil san ngloine, mind for the “glass.”
400. An chloch nirt, a stone for “casting.” Orm-sa
leagfar é, I shall be blamed.
401. “If you do you will lift them off again.” An
gcuirfadh sí na fataí síos, nó ar an teinidh, “would
she put the down potatoes, i.e. on the fire.” ag déan-
amh grinn, joking.
402. Toireamhail, big, bulky. Poirteamhail, portly,
tidy.
405. Will some reader explain this.
406. Meas magaidh, wish to poke fun at.
408. “Month of lies; Shrove.” Perhaps well-
deserved.
409. Maran (murab) é seo é, if this be not him.
410. Or “seacht bhfearr,” seven times better.
411. Cineálta, kind, gentle.
412. B'ait léithi, badh mhaith léi, she liked.
417. “It will not be always raining.” This refers
to misfortune (ill-luck).
418. Sáthadh isteach, driving or thrusting in. Na
comhairlightheóirí nua, the new Councillors (Local
Government).
419. Sáthach, full, satisfied. Also, “Ní thuigeann an
sáthach an seang.”
422. Bheith ag feadghail, to be whistling. Tairgeadh
pinse snaoisín dithi, a pinch of snuff was offered to her.
423. Brabach, an advantage.
424. Is fusa, which are most easily hurt. Uilinn,
the elbow.
425. A mhicín, his son. Pisín (puisín and
piscín), a young cat.
427. “He will say nothing,” as the woman said who
upset the whole town.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services