SEAN-FHOCAIL.
II.
Do bhailigh Tomás Ó hEidhin.
132. Comhartha na Gealaighe. Bhí sean-
fhear bocht simplidhe ann fad ó a chuir a
chuid airgid i bhfolach ar aghaidh na Gealaighe.
Tamall n-a dhiaidh san nuair theastuigh an
t-airgead uaidh chuaidh sé ar a thóruigheacht,
acht ma chuaidh, níor bh'fhéidir le mo dhuine
bocht simplidhe éirim ar bith do bhaint as a
chomhartha. Fuair sé an gealach abhfad as
an áit i n-a raibh sí an oidhche do chuir sé an
t-airgead i bhfolach, agus chlis air é
dhéanamh amach. Tugtar Comhartha na
Gealaige ar chomhartha simplidhe ar bith mar
sin ó shoin.
133. Ceannacht muc i mála. Ceannacht
gan amharc ar an rud.
134. Cuairt gan fuigleach, .i. cuairt
fhada.
135. Castar na daoine le chéile, acht ní
chastar na cnuic ná na sléibhte.
136. Cuireadh amach le casadh an tsúgáin
é.
137. Chaill sé sa chasadh é.
138. Ceann mór na céille bige.
139. Ceannuigh droch-rud is béir gan
aon rud.
140. Cuairt gearr is í is fearr.
141. Codladh an Tuicín Tradhnach agat,
nó codladh an Tuicín agat i Muicín an
mhara. Is ionann an Tuicín Tradhnach agus
an fear ar tháinic Pádraig chuige le
haghaidh é iompódh chun an chreidimh fhír.
142. Comh-fada théidheas teas agus fuacht
comh-fada théidheas fuath agus grádh.
143. Comh-fada gob an géidh agus gob
an ghanndail.
144. Caipín na feirge. Chuir sé caipín
na feirge air féin.
145. Creidim ó dubairt tú é gur fíor
dhuit é.
146. Caithfidh duine fanacht nó go mbeidh
an choinneal caithte ; i. le n-a bhás.
147. Chuir mé mo náire faoi mo chosaibh.
148. Cuir do náire faoi do chosaibh
149. Cá bhfuil an sneachta mór a bhí fadó
ann. Cá'il sé ? Ó, cá bhfuil an sneachta
mór a bhí fadó ann.
150. Chonnaic sé Murchadh agus dhá lá an
tSamhraidh. Fear a bhí an-bhocht agus tá
saidhbhir anois.
151. Cuireadh scaipeadh na n-éan fionn
ortha.
152. Ceangal gan scaoile ortha.
153. Cailín óg is a teanga n-a póca go
bpósaidh sí.
154. Chomh cráidhte le cois deiridh cait.
155. Ceann san adhastar.
156. Chomh righin le gad.
157. Chomh bog le lus.
158. Chomh milis le mil.
159. Chomh searbh le domblas.
16o. Chomh tiugh le teara.
161. Chomh fírinneach leis an sagart.
162. Chomh cneasta leis an sagart.
163. Cuireann an fear láidir an fear
lag i n-íochtar.
164. Cuimhnigh ar an arán a hithibh.
165. Coingibh an droch-dhuine leat; ní
baoghal duit an duine macánta.
166. Deamhan duine bhíos go maith dhon
chomharsain nach mbíonn go maith dhó féin.
167. Dhá fhaid is mhairfeas tú 'seadh is
mó fheicfeas tú.
168. Dhá mhéad é t'aois 'seadh is mó
fheicfeas tú.
169. Déan an obair is ná bac le do
dhícheall.
170. Domhnall ar meisce is a bhean ag
ól uisce.
171. Dearbhráthair do Thadhg Domhnall.
172. Déanann ciaróg ciaróg eile amach.
173. Dhá fheabhas teach an tábhairne níl
fáilte gan díol ann.
174. Dubhairt bean liom go ndubhairt
bean léithi gur chualaidh sí bean dá rádh.
175. Dearmad a chlog sa chléir ort.
176. Deireadh ceatha ceó agus tosach
cata gleó.
177. Dhéanfadh sé paidir seachtmaine dhé.
178. Dhá thrian galar na hoidhche. Bíonn
duine tinn faoi dhó níos tinne san oidhche
ná san ló.
179. Déan mar déarfaidh siad acht ná
déan mar dhéanfaidh siad. (Na sagairt).
18o. Dhá fhaid é an t-ól is tart a dheir-
eadh.
181. Dá ghoire dhuit do chomhursa is goire
dhuit do léine.
182. D'órduigh Dia congnamh leis.
183. Deirtear gur ar an teine atá túis
agus deireadh an duine.
184. Deamhan a mbeidh sa deireadh aca
acht suip is sean-mhaidí. Bhíodar i ndlighe
le chéile.
185. D'íosadh muc chiúin féin triosc.
186. D'imthigh a chuid airgid ar nós Lus
Bhaile Uí Lighe. Is é sin le rádh, gur imthigh
sé go dona.
187. D'imthigh sé mar chubhar na habhann.
188. Dhá fhaid is théidheas an rógaire
beirtear air sa deireadh ar nós an tsion-
aigh
189. Deirtear go bhfuil tóir ar an rud a
béarfaidhe Lá Bealtaine.
19o. Dhá rud nach ceart do tabhairt fa
ndeara : Bainne bó agus an rud d'itheas fear
Ní mar a chéile bhíos an bainne ag an uile
bhuin. B'fhéidir muna mbeadh sé tairbheach
ar thaobh go mbeadh sé tairbheach ar an taobh
eile. Agus ní mar a chéile shaothruigheas
an uile fhear an biadh d'itheas sé.
191. Duine i n-aghaidh an tsaoghail. Duine
do dhéanfadh rud san nós ná déanfadh
duine ar bith eile é.
192. Duine le Dia.
193. Déanann Dia an ceart.
194. Dhéanfadh (duine) an té a mbeadh
teanga aige amach Baile Átha Cliath.
195. D'éireóghadh sé do dhuine mhór
chríonna. Dá ndéanfadh páiste aon nídh do
dhortadh nó do bhriseadh, nó aon phioc eile
mar sin, acht gan neart do bheith aige air,
adéarfaidhe leis go n-éireóghadh sé do
dhuine mhór chríonna. Dá mbuailfeadh sé a
ordóg i gcoinne cloiche b'féidir go
ndéarfaidhe an rud céadna leis. Deir-
tear é go minic ar an nós chéadna le
sean-daoinibh ag déanamh grinn fútha.
196. De'n chuan an caladh.
197. Dóigh an mhagaidh ag déanamh an
mhagaidh.
198 Deirtear nár dhóigh sean-chab é féin.
Fear do bhí ag ól bainne bruithte adubhairt
mar sin.
199. Deirtear gur maith an nídh bheith ag
cuimilt do phócaíbh dhaoine uaisle.
200. Dheamhan duine bhíos ag magadh nach
mbíonn a leath faoi féin.
201. D'fhás a fhiacla faoi dhó. Badh
cheart dó bheith níos cliste ná mar atá sé.
202. Dá dhonacht Maol is dona Mullóg.
203 Éanachaí (éanlaith) éin-chleite coingh-
ibheann siad i n-éinfheacht.
204. Éist leis an Muimhneach acht na bac
leis.
205. Eidir an cupán is an balla. Ag ól.
206. Eidir chás agus neamh-chás
207. Eidir dhá chomhairle.
208. Eatortha bíodh.
209. Fhaid is bhéas an ball dubh ar an
bhfeadóig.
210. Fhaid is raghas téidheadh.
211. Fhaid is mhairfeas maireadh.
212. Focal na faire.
213. Fear fuar lá te
214. Fál leis an ngáirdín tar éis na
foghlach. Ag cur fál leis an ngarrdha
nuair beadh an t-arbhar ithte.
215. Faitchíos na fála thuas.
216. Fan le brógaibh an tseanduine, agus
b'fhéidir go gcaithfeadh sé féin iad
217. Féach romhat.
218 Fuair tú amach an dóigh.
219. Fágamuid súd mar atá sé.
22o. Faghann na ba bás faid is bhíos an
féar ag fás
221. Féadann cat féachaint ar rígh.
222. Fonn a ghabhas fonn.
223. Fear na héan-bhó fear gan aon bhó.
224. Fhaid is bhíonn an cat amuigh bíonn
an luch istigh.
225. Fáilte na saighdiúr. Níl fhios agam
cia'n sórt fáilte é seo, acht is droch-fháilte
é ar chuma ar bith. Fáilte cum troda,
b'fhéidir.
226. Fear gan áird.
227. Gach dalta mar tóigtar.
228 Go dtéidh grian go grinneall ní
raghaidh fial go hIfreann.
229. Gníomh a chruthuigheas.
23o. Gach líne ag dul i mine agus i
mbréige.
231. Gach fóghmhar ag dul ag deireadh
agus ag léighe.
232. Gan tú i bPoll Tighe Liabáin agus
cloch ar do phíobán.
233. Glac a bhfuighidh tú acht buillí.
234. Ghníonn tart tart.
235. Gheobhaidh tú i n-aoileach na Beal-
taine é. Adéarfaidhe go minic i dtaobh
nídh bheadh ar seachrán san tigh.
236. Gearradh gan smearadh. Deara
gan smearadh d'airigheas annso. B'fhéidir
gur b'é an ceart é.
237. Go mba túisce balbh thú ná bréagach.
Adéarfaidhe le duine go mbíonn scéal
maith aige.
238. Go méaduighidh Dia an mhaith, go
laghduighidh Sé an t-olc.
239. Go sábhálaidh Dia a máithreacha agus
na daoine slán. Déarfaidhe tar éis deoch
bhainne d'fhagháil agus d'ól.
240. Go méaduighidh Dia máithreacha an
bhainne agat.
241. Go neartuigidh Dia libh.
242. Go saoghaluighidh Dia sibh.
243. Go méaduighidh Dia im agus bainne
agat.
244. Go ndéanaidh tú arís in do shláinte
é.
245. Go mbeirimíd beó ar an am so arís.
246. Go mairidh tú is go gcaithfidh tú é.
247. Gach uile bhainbhín ag tochailt dó
féin.
248. Oineach Uí Bhriain is a dhá shúil n-a
dhiaidh.
249. Is fearr coigilt ar dtús 'ná ar
deireadh.
250. Is dona thú ná Poll Ó Lidín.
251. I n-antráth thuigtear a leas don
Éireannach.
252. Is fearr an mhaith a déantar 'ná an
mhaith ná déantar.
253. Is fearr an mhaith atá 'ná an mhaith a
bhí.
254. Is mairg a bhíos ag cainnt leis na
cosaibh fhaid is tá an ceann le fágháil.
255. Is í is goire dhon choróin.
256. Is mó a thoirt 'ná a thairbhe.
257. Is binn béal n-a thost.
258. Is ballaí fuara dhéanas bean tighe
shuarach. Teach fuar folamh déanann sé
droch-bhean tighe.
259. Is fearr cara sa chuirt ná bonn sa
sparán.
260. Is fearr breathnughadh romhat ná
dhá bhreathnughadh 'do dhiaidh. .
261. Is fearr greim de choinín ná dhá
ghreim de chat.
262. Is glas iad na cnuic abhfad uainn.
263. Is léir don dall a bhéal.
264. Is fearr suidhe gearr 'ná seasamh
fada. Suidh síos má tá deifir féin ort.
265. Is goire cabhair Dé 'ná an doras.
266. Is fearr stuaim 'ná neart.
267. Is fearr mac le imirt 'ná mac le
ól.
268. Ithtear iasc taréis na Cásca.
269. Is fearr éan in do láimh 'ná dhá éan
ar an gcraoibh.
270. Is fearr suidhe n-a bhun 'ná suidhe i
n-a áit. .
271. Is furust fuine i n-aice na mine.
272. Is fearr an troid 'ná an t-uaig-
neas.
273. Is iomdha lá san gcill orainn.
Duine eile. Nach mbeidh gach aon darna lá
againn air.
274. Is mall 's is díreach díoghaltas Dé.
275. Is maith an marcach an fear bhíos ar
an talamh.
276. Is maith an t-iománaidhe an fear
a bhíos ar an gclaidhe.
277. Is minic a dhéin duine a leas dá
ndeóin.
278. Imthigheann an bhréag; fanann an
fhírinne.
279. Is minic a bhí gránda geanamhail
agus dathamhail dona.
28o. Is mairg a cailltear le uair anamh.
(anfhaithe). Adéarfaidhe mar seo le fear
d'oibreóghadh lá fliuch nuair bheadh an lá n-a
dhiaidh go breágh.
281. Is fearr marcaigheacht ar ghabhar 'ná
coisidheacht dá fheabhas.
282. Is milis fíon; is searbh a íoc.
283. Is fearr é 'ná a luach.
284. Is minic d'ól mé coróin leat
Is bonn mo bhróige briste;
Acht ní ólfainn-se níos mó leat
Dá mbeinn ag ól an uisce.
285. Is luachmhar an t-anam mar adubh-
airt an táiliúir agus é ag rith ón ngann-
dal.
286. Is maith é do ghnó go Sasana (ag
magadh).
287. Is olc é do ghnó go Sasana.
288. Is dearbhráthair don mbás fios a
chur ar an dochtúir.
289. Is cosmhail leat féin tu.
290. Is mairg atá faoi pheacadh.
291. Is maith an rud súil a bheith leis.
292. Is iomdha sórt ceóil a bhíos ann
d'uireasbhaidh píobaireacht.
293. Is beag an dealg a dhéanfadh braon.
294. Is beag í máthair an uilc.
295. Is maith an nídh an fhoighid.
296. Is fada ó chéile an áit éirigheas an
lá.
297. Is mór é ceannacht an réightigh.
298. Is iomdha caoi le cat a thachtadh
seachas é thachtadh le him.
299. Is maith a cheannuigheas an druim an
bolg.
300. Is beag an bóthar ná bíonn ionntódh
air.
301. I láthair an chirt. I láthair an
bhreithimh.
302. I ndeireadh na cúise.
[Ní críoch.]
GLUAIS.
132. Do chlis air, do theip air, it failed him.
133. Ceannacht, verbal noun of ceannuigh. Ceannach
is the Munster form; comp. ciall cheannaigh.
134. Fuighleach, remnant, leavings. The l is broad
in Munster. Would it not be be better to spell
fuighlach?
136. By the twisting of the rope; by some under-
hand means. The reference is to the well-known
story of "The Twisting of the Rope."
141. The phrase "Codladh an Traghna ort" is
used in Munster for wishing a person a restless sleep.
The traghna or corncrake is supposed never to sleep.
Perhaps an tuicín tradhnach might be more properly
spelled an tsicín traghnach. Though muir is now
generally fem., still it is often met with as masc.
That it was an old neuter form may be inferred from
the name Muir nIcht.
143. Also "Ní fuide gob an ghéidh ná gob an
ganndail."
144. Fanacht. This form of verbal noun, with
stress on 2nd syl, is used in Desmond as well as
the form fanamhaint.
152. Scaoile. Should this be scaoileadh?
153. Go bpósaidh sí, till she gets married. Pres.
subj.
154. In Munster the gen. sing. and nom. pl. of cat
is usually, cuit.
160. Teara, tara, tar:
162. Chomh cneasta, as honest.
164. A hithibh for d'itheadh (?) past auton. Also,
"badh cheart duit cuimhneamh ar an arán d'ithis."
165. "Keep the bad man on your side."
166. Dheamhan (pron. dhiún), not a man.
172. Also "Aithnigheann ciaróg ciaróg eile."
174. Applied to rumours, silly stories and such like.
Also "Dubhairt bean liom go ndubhairt bean léi, go
rug Seán Dhomhnaill ubh indé." A strong way of
expressing one's disbelief in a story.
175. Also "Dearmhad an chléirigh ar a chlog."
177. The phrase "Paidir shamian" is also used for
"paidir sheactmhaine." Perhaps some reader could
throw further light on it.
178. Dá dtrian is the more correct from. Bíonn
duine tinn, "a sick person is twice as sick during the
night as he is in the day."
180. "However long the drink, thirst is the end of
it." Also, tart, deireadh an óil."
181. Also "Dá ghoire dhuit do chóta."
183. Also, tosach is deireadh an duine, chun na
teine triallann."
185. "Even a quiet pig would eat (brewer's) grains.
Also, "Ná muca ciúine iseadh itheann an triosc."
187. Cubhar na habhann, the froth of the irver.
189. A béarfaidhe Lá Bealtaine, that would be born
on May-day.
197. Also "Dóth an mhagaidh a dheineann magadh,"
Dóth an mhagaidh, a likely subject for ridicule. Num-
ber 199 might well be taken along with this.
202. There is none so bad that somebody worse
may not be found.
203. Éanachaí, a usual Western double plural
form.
206. "Between regard and indifference," between
two minds.
213. A good-for nothing.
215. Fáladh, displeasure, (Dinneen).
218. An dóigh, the correct, likely, manner.
222. Fonn, desire pleasure, humour.
226. A man not worth speaking of, a worthless
person.
228. Grinneall, the bottom of the sea.
229. "It is action that tells."
230. "Every line (generation) getting smaller and
more prone to untruth."
231. Every Autumn getting later and less reliable."
These two proverbs are useful as being a Western
version of the couplet generally attributed to the
"prophet" Mac Amhlaoibh:
Gach bliadhain dá dtiocfaidh ag dul i bhfliche is i
ndéidheannaighe
'S gach dream dá dtiocfhaidh ag dul i mine is i
mbréagaighe.
235. That is, when the manure is being cleared out.
236. A clean cutting. D and G often interchange.
Comp. dreas and greas.
248. Tabharthus Uí Bhriain, in Muns. Oineach,
generosity.
250. Perhaps Pól Ó Lidín. Any variants?
251. I n-antrath, too late. A very true and trite
sayng.
256. A thoirt, Its bulk, size.
263. Also, "aimsigheann an dall a bhéal."
267. That is: "Better be a gambler than a
drunkard."
270. Also, "Is fearr suidhe i n-aice rud 'ná suidhe
in' ionad."
271. "It is easy kneading, beside the meal," that is
where meal is plenty.
273 Gach aon darna lá, every second day. Gach ré
lá.
277. Da indeóin, in spite of himself.
279. Gránda, an ugly person. Dathamhail, a hand-
some person. Adjectives used as nouns.
280. Comp. "Is mairg a bháidhtar i n-am an
anfhaithe, mar tagann an ghrian i ndiaidh na fear-
thainne."
281. Gabhar here means a horse.
282. Fios a chur ar, to send for.
291. Súil a bheith leis, to be expecting it.
292. D'uiresbhaidh píobaireacht, besides pipe-music
Pro. guireasa in the West. Same as seachus.
293. "It is a small thorn that would make a drop."
294. Also, "Ní lugha froigh 'na máthair an uilc."
297. Ceannacht an réidhtigh, the buying of (praying
for) peace.
299. The drum is supposed to do work, the bolg
takes the enjoyment.
300. Ionntódh, a turn; also ionntáil. Comp. iom-
pódh and iompáil.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11