Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seanfhocail.

Title
Seanfhocail.
Author(s)
Ó hEidhin, Tomás,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEANFHOCAIL.
Do bhailigh Tomás Ó hEidhin.



I.



1. An té a leigeas a leas ar cáirde ní
feáirrde é go minic é.
2. Aonach é so nach seasann abhfad :
aonach an Chláir; .i. béile.
3. An té a mbíonn airgead aige bíonn
codladh éadtrom air.
4. An té bhuailfeadh mo mhadadh bhuail-
feadh sé mé féin.
5. As a thaithighe is fearr é.
6. An gcloiseann sibh siúd a chearca?



Seo mar deireadh fear óg áirithe le haon
scéal nach dtaithneóghadh leis. Bhíodh lochta
na gcearc le n-a linn ós cionn doruis an
tighe chomhnuidhthe.



7. Ag marcaigheacht ar an scadán.
Déarfaidhe go mbeadh oileán mara nó
duine a bheadh ar an muir ag marcaigheacht
ar an scadán.



8. An té a buailtear sa chúl bíonn fait-
chíos air.



9. An ubh chirce ag teacht ag iarraidh an
ubh ghé. Bronntanas beag ag súil le nídh
do b'fhearr.



10. An té nach n-iomchuirfidh a chasóg an
lá breagh ní bheidh sí aige an droch-lá.



11. An té a mbíonn rud le díol aige
bíonn an margadh ag déanamh tinnis dó.



12. An rud théidheas abhfad téidheann sé
i bhfuaradh.



13. Ag iarraidh olann a bhaint de ghabhar.



14. An rud a sgríobhas an púca léigheann
sé féin é.



15. An té cheannóghadh i n-a hóinseach í is
fada bheadh sé ó n-a chuid airgid.

16. Ag lorg an ghadhair is gan fios a
dhath agam.



17. Ag cur a thaoibh leis an tuinn atá
sé. Sin mar d'airigheas ráidhte i dtaobh
duine do phós droch-bhean.



18. Tá a thóin idir dhá stól aige.



19. Tá sé sin féin ag leigean an uisce
isteach. Adéarfaidhe le duine bheadh ag
dul i mbreóidhteacht agus a chuirfadh suas
de bheith ag dul amach ar aontaighibh nó ar
mhargaidhibh.



20. An té a mbíonn an t-ádhtha air ar
maidin bíonn sé air, tráthnóna.



21. An rud a théidheas abhfad téidheann
sé i síneadh.



22. An té a bhfeileann an caipín é
caitheadh sé é.



23. An té a mbíonn bunóg air, caithfidh
sé an braon a leigeann as.


L. 828


24. Tá a chíos íoctha aige, agus díon ar
a thigh. Adéarfaidhe le duine bheadh go
maith as.



25. An té a mbíonn maide aige, bíonn
faithchíos roimhe.



26. An rud a d'fheilfeadh an capall
d'fheilfeadh sé an duine.



27. An rud a bhíos san bhfuil is deacair
a bhaint as an bhfeóil.



28. An té nach n-ólann acht uisce ní
bheidh sé ar meisce.



29. An rud a leigheasfadh duine mharó-
bhadh sé duine eile.



3o. An rud a h-íocthar roimh ré, rud nach
n-íoctar go [héag. D'airigheas so ráidhte
le tincéir a fuair airgead sula rinne sé
an obair.



31. An té atá thuas óltar deoch air,
An té atá thíos buailtear cos air.



32. An leigheas nach bhfaigtear 'sé
fhóireas.



33. Aon mhuinntir muinntir Árd Raithin,
acht nach i n-aon phóca amháin chuireann siad
an t-airgead. Bhí an sean-fhochal so an-
choitcheann taobh amuigh de Árd Raithin.



34. An té a mbíonn gnaoi na ndaoine
air bíonn gnaoi Dé air.



35. An té nach gcuirfidh san Earrach ní
bhainfidh sa bhfoghmhar.



36. An leaba thogh sé dhó féin luigheadh sé
innti.



37. Tá sé go díreach glan mar ubh na
circe. Teach nó nídh éigin eile bheadh geal
piocaithe.



38. An chailleach nár éirig le ráithe
d'éireóghadh sí suas aige sin. (Ceól maith.)



39. Ag iarraidh dhá éan a mharbhadh le
haon urchar amháin.



4o. Ar chlár na himirthe.



41. An áit a mbeidh an diabhal caitfidh
an deamhan a bheith ann.



42. Tá sé ar cheól na braithe anois. Go
maith i n-a shláinte tar éis tinnis.



43. Ag tabhairt na gcor. Ag fagháil
bháis.



44. An áit a mbíonn an droch-rún bíonn
an droch-rádh.



45. Ar theangaidh beirtear ar na daoinibh
agus ar adharcaibh ar na buaibh.



46. An dá thráigh.



47. Bean as do bhaile féin a dhéanfadh é.
'Sé sin le rádh go mba dhual dithi é dhéanamh.



48. Bainne na bó duibhe. Uisce.



49. Buail an cholann; seachainn an
ceann.



5o. Bhíodh leath an dúil ar a thuargaint
aca. D'airigheas súd i leith daoine do
thigeadh ar cuaird ag aodhaire agus do
thugadh lán mór leó ag teacht. Thugadh an
t-aodhaire áit cholpa nó dhó nó b'fhéidir níos
mó dhóibh a gan-fhios.



51. Bíonn fios ag gach uile dhuine cá
mbíonn an tochas air féin.



52. Ba mhaith an stíobhard an lá. Bhí sé
fuair.



53. Ba é an troscadh taghdach é. Is é
sin troscadh mór fada.



54. Bhain sé lán na mbonn asam. Chuir
sé eagla orm.



55. Bronn rud do dhuine agus bíodh a
bhuidheachas agat. Is fearr sin ná leigeann
do dhuine é árdughadh leis a gan-fhios gan
buidheachas ar bith.



56. Bíonn an donus i ndiaidh na críonn-
achta is an sonus i ndiaidh na sraoilidheachta.



57. Bíonn an t-airgeadh milis.



58. Bíonn an grádh cáoch.



59. Barra faoi chac circe; adéarfaidhe
nuair chuirfidhe gléas mór iomchuir faoi
ruidín beag suarach.



60. Bí tláth léithi agus beidh sí tláth leat.


L. 829


61. Bí lághach léithi agus beidh sí lághach
leat.

62. Beir ar an rud nó béarfaidh sé ort.

63. Ba cheart do fhear na foghlach cluas
bhodhar a bheith aige. Is é sin le rádh, nár
cheart dó bheith ró-thapa ag tógaint suas na
rudaí adéarfaidhe leis.



64. Bhainfeadh sé an ceann díot agus
chuirfadh sé ort arís; adearfaidhe le duine
uailleach do chuirfeadh uaill as agus a bheadh
i n-a charaid maith i n-a dhiaidh sin.



65. Báisteach ó Dhia againn agus lá
breag 'na dhiaidh.



66. Bíonn comhairle ar dhuine ó aois go
bás.



67. Bíonn ádh ar amadán.



68. Beatha dhuine a toil, dá dtéidheadh
sé a chodladh 'na troscadh. Nó, a chomhairle
féin do mhac Anna, an chomairle is measa
a fuair sé assamh.



69. Bíonn blas ar an mbeagán.



70. Buille faoi thuairim, bualadh faoi
bhean gan spré.



71. Bíonn leacracha tighthe mór sleamhain.

72. Bean, muc, is múille, an triúr is
deacra do mhúnadh.



73. Bíonn a chiall féin ag an amadán.

74. Bhí an cioth ós a gcionn.

75. Ba leór dom féin é sin do dhéanamh.



76. B'fhearr do dhuine an madadh leis
'ná n-a aghaidh.

77. Beidh sé ar nós spunógaí Úna ar
fagháil ar ball , adéarfaidhe le rud do
bheadh ar iarraidh agus nach bhféadfaidhe
fagháil.



78. B'fhusa dhuit dul ag cainnt leis an
gcéad fhear 'ná leis. Bhí sé an-onórach.



79. Briseadh na Bóinne.



8o. Bruith birín dom agus bruithfidh mé
birín duit.



81. Buille fá thuairim.



82. Bíonn na cipíní go maith nó go
dtosuigheann an pota ag fiuchaidh.

83. Bíonn caraid i n-ifreann, deirthear
go mbíonn ar chuma ar bith.



84. Bíonn an cathughadh ann.



85. Beidh sean-bhothán le déanamh suas
fós. D'airigheas so uair a bhítheas as móin
agus a raibh maidí dá ndógadh.



86. Beidh an taobh geal dá shúilibh amach
mar sciathán phighid.



87. Beidh sí maidin Luain gan iad.



88. Bionn meas ag gach uile éan ar a
éinín beag féin.



89. Ca bhfhios dithi ná fásfadh na sméara
arís. Ní maith an nídh cos do bhualadh ar
dhuine do bhrisfidhe ins an saoghal dá mbadh
cheart a dhéanamh féin, óir is minic a
éirigheas a leithéid arís, agus a mbíonn
cumhacht aige ath-uair.



9o. Coir chneasta bheith bocht.



91. Cat bradach a gheobhadh brabach air.



92. Cia'n maith duine bheith bodhar muna
n-aithnighthear é.



93. Cuir an dubh ar an ngeal dóibh.

94 Cothugadh na stoirme leigean faoi
an tráthnóna.



95. Chomh giogach le bean bhocht ar aonach.



96. Cogain do chíor san áit i n-ar oibrigh tú.



97. Cat is dá errball. Dá ndéanfadh
cainnt dó é dhéanfadh sé cat is dá errball.



98. Ceanglóchaidhe fear a b'fhearr ciall
'ná é.



99. Céard do dhéanfadh mac an chait acht
luch a mharbhughadh. Ba dhual dó an droch-
bhraon bheith ann.



100. Cómhaireamh na sicíní is gan iad
amuigh.



101. Cúram Úna - cúram gan chion.
Bíonn cuid mhaith ag déanamh tinnis do
shean-dhaoinibh san gclúid agus gan mórán
cion ar a gcomrádh go minic.



102. Chuirfeadh siad cosa crainn faoi
chearcaibh. Cuirfeadh, dá ndéanfadh cainnt é.

103. Cómhar na gcomhursan An cong-


L. 830


namh agus an t-ath-chúiteamh do thugann
siad dá chéile.



104. Cur na gcnámh thríd an gcraiceann.
Ag obair go cruaidh.



105. Ceangail don droch-rud agus
ceanglóidh sé dhuit.



106. Chomh glic leis na beachaibh.



107. Chomh geal leis an fhalla (eala).



108. Comhrádh cois teineadh.



109. Comhrádh ban díomhaoineach. Is
ionann ciall don dá shean-focal so, agus
baineann siad le comhrádh simplídhe.



110. Cainnt a bhaineas cainnt.



111. Chomh geal leis an bhfiach dubh.
Deirthear gur ab é seo rádh an fhéich dhuibh.
Is é a chiall, a mhian féin don uile dhuine.



112. Chomh mór le sean bhó is coca féir.
(Mór .i. grádhach.)



113. Cuimhnigh ar na gcois tinn. Ná
caith do chuid ar fad i n-éinfheacht. Dearc
romhat.

114. Chomh cliste le Dáithí na méaracán.



115. Chomh dona leis an tóin thiar de
dhardaol. An-nimhneach.

116. Chomh buidhe leis an mbuidhe mór.



117. Chomh glas le geamhar.



118. Chomh dearg le fuil.



119. Chomh dubh le sméar.



120. Chomh árd leis an spéir.



121. Chomh doimhin le Poll Tighe Liabáin.

122. Caitheann fear an mhí-áidh féin a
bheith ann.



123. Cailín ag Mór is Mór a d'iarraidh
déirce.



124. Connachtach lághach - Muimhneach
bladarach.



125. Cuirfidh mise thú san áit nach gcuir-
fidh an mhuc an dorus isteach ort .i. san
bpríosún.



126. Chomh mór le sliabh is caisleán.
Adéarfaidhe go minic le rud d'fheicfidhe
san oidhche.



127. Cuirfidhe bréag ar dhuine is é i n-a
chodladh ar a leabaidh.



128. Cia'n mhaith bó ar bith a dhoirteas a
cuid bainne.



129. Caitheann an díth céille a chuid féin
d'fhagáil.



130. Congbhuigh do chroidhe, a dhuine, is tú
féin a chaith d'aois.



131. Cur na gcaorach thar an abhainn;
adéarfaidhe go minic le leith-scéal.
(Ní críoch.)



GLUAIS.



1. Leig ar cáirde, to put off. Ní feáirrde é, he is
not the better for it.



3. A mbíonn. This a must be distinguished from
the rel. particle a, which causes aspiration. This
form is much used instead of the dative relative "ag
a mbíonn." Go mbíonn is used in Munster.



6. Nach dtaithneóghadh leis, that would not please
him. Lochta na gcearc, the hen-loft.



9. An ubh chirce, the hen-egg. Ubh is masc, in
Munster. Ag súil le nídh do b'fhearr, expecting
something better.



11. Ag déanamh tinnis dó, troubling him.



12. Téidheann sé i bhfuaradh, it grows cold. "Téidh-
eann sé i bhfuaire," Muns.



13. "Trying to get wool off a goat." Muns., "A
d'iarraidh olann ar ghabhar nó abhrus ar phocán."
Abhrus, yarn. Engl., "blood out of a turnip."



16. Ag lorg an ghadhair, looking for the hound.



17. Ag cur a thaobh le, putting his dependence on (?).
Compare "Dob' aithnid dam féin tu ag taobh le
caidhp bheag," I know you when you had only, or were
depending on, a little cap, C. an Mh Oidhche.



19. A chuirfadh suas de, who would give up.



20. An t-ádhtha, good fortune, a form of an t-ádh.



22. A bhfeileann an caipín é, whom the cap fits.
Muns., "go n-oireann an caipín dó." Comp. also
feileamhnach = Mus., oireamhnach.



23. Bunóg, a drip (?)



24. Muns., "Tá a chíos díolta." Bheadh go maith as,
who would be well off.



26. D'fheilfeadh, would suit. Muns., d'oirdadh dho.



30. Íocthar roimh ré, is paid (for) before hand.



32. Muns., "An luibh ná fachtar, fóireann."



33. Muinntir Ard Raithin, the people of Ardrahan,
Co. Galway. Aon mhuinntir, one family.



34. Gnaoi na ndaoine, the good-will of the people.



35. Nach gcuirfidh, who will not sow.



36. Luigheadh, let him lie. Imper. 3rd sing.



37. Go piocaithe, tidy, spruce.



40. Na himirthe (himeartha), of the play.



44. "Where the bad thought is, there is the bad
speech.


L. 831


45. Beirtear ar, are caught.



46. This probably has reference to the sean-fhocal:
"ní thagann an dá thráigh leis an ngobadán."



47. Ba dhual dithi, "'twas kind for her."



52. An stíobhard, steward. One had to work in
order to keep oneself warm.



53. Ar dhuine, is used in Leath Mhogha.



56. I ndiaidh na críonnachta, following thriftiness.
Sraoilidheacht, untidiness.



60-61. Tláth, soft, easy. Lághach, courteous, friendly.



63. Fear na foghlach, the thief. Toghlach is gen. of
foghail.



64. Duine uailleach, a loud-voiced person.



66. "One may accept advice even until the day of
one's death."



68. Da dtéidheadh sé, if he were to go; past subj.
N-a throscadh, fasting.



72. Múille, a mule. Irish is particularly rich in
triads such as this. We shoudl be glad to get hold of
them. Will some readers send us lists of them?



77. Spunógaí, spiúnóga, Muns., spoons. Do bheadh
ar iarraidh, that one would be looking for.



78. An-onórach, very haughty.



79. The battle of the Boyne. Any great calamity.



81. Applied to guess-work, shot in the dark.



83. Caraid for cáirde, friends.



84. Cathughadh, danger, sorrow.



86. Sciathán phighid, a magpie's wing.



87. Maidin Luain - i.e., some day.



89. "How does she know but that the blackberries
may grow again. Cos do bhualadh ar, to trample on.
Ath-uair, again, a second time.



90. Coir chneasta, an honest crime.



91. A gheobhadh brabach air, that would get the
advantage of him, get the better of him.



92. Muna n-aithnighthear é, if it be not known.



94. Leigean faoi, to rain (?)



95. Giocach, talkative (?)



96. "Chew your cud where you have worked."
Keep the advantage you have gained.



97. Applied to one who boasts of what he could do.



99. An droch-bhraon, the bad drop; the evil nature.



101. Mórán cion ar a gcomhrádh, much pity for
their complaining.



102. Cosa crainn, wooden feet. Cuirfeadh, yes, if
talk would do it. See no. 97.




103. Comhar na gcomhursan, the help which
neighbours give each other. We have heard it used
in connection with the Spring work in one-horse
farms.



109. Ban díomhaoineach, of idle women.



110. "Talk brings on talk."



111. Rádh an fhéich dhuibh, what the raven said. Is é a
chiall, it means, let each have according to his desire.
"Is geal leis an bhfiach dubh a gearrcach fhéin," the
raven loves it own young is said.



113. "Think of the sore feet." Look before you.



114. Dáithí na Méaracán, Daithi of the thimbles.
Can any reader say who or what he was.



115. Dardaol, a black beetle. Nimhneach, venomous,
peevish.



122. Fear an mhí-áidh, the unfortunate man.



124. Bladarach, flattering. "Connachtahc lághach,
Muimhneach bádhach," atá san Mhumhain. Bíodh a rogha
ag an léightheóir.



125. Nach gcuirfidh, where the pig will not drive in
the door on you.



127. Cuirfidhe bréag ar, would be belied.



129. Díth céille, nonsense, foolishness.



130. Is tú féín a chaith d'aois, it is yourself who
have spent your age. Do not worry.



131. "Sending the sheep across the river."



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services