Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seán Ó Gadhra, File - IV.

Title
Seán Ó Gadhra, File - IV.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEÁN Ó GADHRA, FILE. IV.



V.



Sidé an freagra do chuir Ruaidhrí Ó
Flaithbheartaigh chun Sheáin Uí Ghadhra de
chionn an dáin "Mór a gcomaoin ar Chrích
Chuinn" do chuir Seán ag triall air. Níor
bhuail sé umam acht i n-éin-leabhar amháin,
.i., 23 G 4, leathanach 23 san Agadaimh.
Féibh mar adubhart an mhí seo ghaibh tharainn,
san mbliadhain 1722 is eadh scríobhadh an
leabhar 23 G 4, agus Micheál Ó Cathasaigh
éigin a scríbh é. San mbliadhain 1712 is
eadh scríbh Seán "Mór a gcomaoin."
Deich mbliadhna n-a dhiaidh-shan do scríbh an
Micheál Ó Cathasaigh úd an leabhar so, agus
is é is deallrathaghe go raibh coidreamh aige


L. 815


ar Sheán Ó Gadhra is b'éidir ar Ruaidhrí Ó
Flaithbheartaigh mar an gcéadna. Is leór
soin mar dheimhniughadh dhúinn gurab obair
dhíleas Ruaidhrí an giota so thíos.



Scoláire críochnuighthe agus Staruidhe
uasal in-chreidthe do b'eadh Ruaidhí Ó
Flaithbheartaigh. Bhí dúil aige i léigheann is
go háirithe ins na sean-rudaíbh a bhaineann
le hÉirinn. Fuair sé oileamhaint nach
cóir a cháineadh, agus tabhairt suas do réir
a aimsire féin. D'fhág sé leabhair n-a
dhiaidh, leabhair de shagas "Ogygia" agus
"Iar-Chonnachta" a chuirfidh d'fhiachaibh ar
Chlannaibh Gaedheal gan a mhór-thréithe a
dhearmhad go bráth. Mairfidh cuimhne air i
n-ár measc go deó.



Dhein sé dearmhad amháin is dóigh linn
féin. Do scríbh sé i Laidin, agus áis
do b'fhearr is ba shaoráidighe go mór
'ná í ar tarrac aige dá mb'áil leis
usáid a dhéanamh dhí, .i., a theanga
dhuthchuis féin, an Ghaedhilg. Is dócha gurab
é fé ndeara dho scríobhadh i laidin gur
theastuigh uaidh sean-dála na hÉireann, a
stair, a huaisleacht agus a hársaidheacht do
chur os comhair lucht eóluis na Roinne
Eórpa. Ba bheag an mhaith soin. Níor dhein
sé blúire thairbhthe d'Éirinn is ní deirim
gur dhein puinn tairbhthe dhó féin acht chomh
beag.



Ar an dtaobh eile dhe dá mb'áil le
Ruaidhrí leabhar tábhachtach de shaghas
"Ogygia" a scríobhadh i n-a chanamhaint
féin, cá bhfios cad do thiocfadh as; cá
bhfios cadé an brostughadh a bheadh déanta
aige um an dtaca so ar fhilidheacht is ar
lithridheacht i gConnachtaibh? Admhuighmíd
go léir gur spreag saothair Sheathrúin
Chéitinn muinntir na Mumhan chun litridh-
eachta. Cia bheadh chomh dána agus a rádh
na beadh an scéal céadna le hinnsint i
dtaobh Chúige Chonnacht indiu dá scríbhfadh
Ruaidhrí agus na sár-leóghain eile a bhí comh-
aimseardha leis ann a saothair litridheachta i
nGaedhilg?



Ní har Ruaidhrí féin, is dóigh, is ceart an
milleán a chur. B'é droch-nós na haimsire
é gach éinne go mbeadh rud le rádh aige, ar
an Laidin do chasfadh sé. Acht nach greann-
amhar an rud é, duine de threibh na Sean-
Ghaedheal mar Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh ag
scríobhadh i Laidin, agus fear eile de stoc
na Sean-Ghall, an Céitinneach, ag scríobhadh i
nGaedhilg. Is ceist ciaca aca ba Ghaedheal-
aighe.



Do dheineas-sa mo dhicheall ar an ndán
beag so a chur i nGaedhilg, acht fágaim le
huadhacht nár éirigh liom chomh maith is badh
mhaith liom i ngach áit. Deir an sean-
fhocal gur leór ó Mhór a dícheall, agus
mara bhfuil díol Ruaidhrí im shníomh-sa, ní
tré easbhaidh dhíchill é.


L. 816


Aistriughadh i nGaedhilg.



Mo dhíogrus dána 'ot dán ag freagairt
Glac-se, a Sheáin Uí Gádhra a chara,
Do chuir im dháil ag trácht n-a reathaibh
An duain so sháruigh bláth na bpailm.



Má tá de thábhacht i ráidhtibh file
Is fada an spás it dheáidh-se mise;
Caithfead dálta Aruistothail
Siubhal na mágh mo chrádh de chosaibh.



Is líomhtha it bhéal an Ghaedhilg bhlasta
Frainncis Béarla Gréigis Laidean;
Fear teangtha a léigheamh 's a dtréithe a
theagasc,
Fear ceóil do ghléas fear léighinn do
dheachtadh.



Tá an dá Scótia an Mór 's an Beag so,
Curtha faoi chomaoin agat-sa;
Do b'ionann dáibh tráth dá raibh ann
Teanga béasa féach is bunadh.



Is tusa a léigheann éachta is startha
Ar Chómhghall is ar bhrógán ghreanta,
Cainnt na bpár atá i nÁrd Macha,
'S gach rún i gcill na hÍle measaim.



Scrúdair primh-leabhair Inse Chathaigh,
Is Chluana chóir-mhic Nóis na n-aspol,
Meamraim aosta naomtha Charthaigh,
Le díogrus fíor le dícheall deachtaidh.



Gach seód-chuimhne scríobh an seabhac
Cormac líomhtha rí geal Chaisil,
Is dual díbh a mbrígh do bhlaiseadh
Go soiléir gan toibhéim eachtrainn.



Áireamh bliadhain ón dtriaith-fhear Salómh
Dom bhuidhean-sa, i réimeas tSéamuis
tSacsan:
Seacht gcéad cruinn is míle fairis
Is míle fós an cómhaireamh cneasta.



B'iúd tráth do shaothruigh saor-Scuit ghasta
Treascair treón ar shlógh Dé Danann,
Is de neart a gclaidheamh i madhmaibh catha
Gur bhuadhadar réim i nÉire 's ceannus.



Gluais.



Níor bhuail sé umam, I have not met it.
Féibh mar adubhart, as I said.
Is é is deallrathaighe, it is most likely.
Coidreamh, acquaintance, intercourse.
Is leór soin, that is sufficient proof for us.
Staruidhe, a historian.
Oileamhaint, up-bringing.
Tabhairt suas, education.
A mhór-thréithe, his great accomplishments.
Áis do b'fhearr, a better means, convenience.
Ba shaoráidighe, easier, more useful.
Fé ndeara dhó, what caused him to write in Latin.
Sean-dála na hÉireann, the ancient state, customs,
agusc., of Ireland.
Lucht eóluis, the learned of Europe.
Blúire tairbhthe, with neg., the least use.
Brostughadh, incitement.
Um an dtaca so, by now.
Admhuighmíd, we acknowledge.
Chomh dána, so bold.
Sár-leoghain, here great intellects.
Comh-aimseardha, contemporary.
Ar an Laidin, he would turn to Latin.
Díol Ruaidhrí, as R. deserves.
Im shníomh-sa, in my spinning (of verses).
Ardmachae Chartas, cairte Árd Macha.
Iliensis, .i. Íle, Islay.
Iniscathia, Inis Cathaigh, Scattery Island.
Kierani archiva, Cluain Mhic Nóis, Clonmacnoise.
Mochudae Scrinia, leabhair Mochuda .i. Carthach leasa
Móire.
Casiliae rex, .i. Cormac Mac Cuileannáin, Rí Chaisil.


L. 817


Scotigena, .i. Cineadh Scuit.
Dananni, .i. Tuatha Dé Danann.
Juverna, .i. Éire.
Mo dhíogrus dána, a friendly poem. Dána is gen.
Dálta Áruistothail, just as Aristotle.
A dtréithe a theagasc, to teach their good qualities.
Fear léighinn do dheachtadh, lit. to teach learning, a
teacher.
Scótia Mhór agus Scótia Bheag, Ireland and Scotland.
Curtha faoi chomaoin, under obligation.
Bunadh, muinntir, inhabitants.
Éachta is startha, wonderful stories and tales.
Primh-leabhair, principal books.
Meamram, vellum.
Seód-chuimhne, a memorial, monument.
Toibhéim eachtrann, a foreigner's fault, mistake.
Triaith-fhear, a chief.
Dom bhuidhean-sa, to my dear (John).
Míle fairis, one thousand along with it.
B'iúd tráth, b'é siúd an tráth.
Treascairt treón, the overthrow of warriors.
Madhm catha, rout of battle.
Bhuadhadar, they won.
I nÉire, for i nÉirinn, in Ireland.



--



Ceist



Ó's é ár n-athair Ádam
'S gurab í ár máthair Ébha,
Créad fá ná fuil a dtáinig uatha
Chomh uasal le n-a chéile?



An Freagra:



Ní athair fós ná máthair
Do-ghní go hárd an fine,
Acht beatha beart is béasa
D'árduigheas céim an duine.



--



Ceist:



Cloch éabhair réidh an t-ainm sin dóibh;
Crom i nGaedhilg is Béarla ar thobar n-a dheóidh,
Ainm an tréatúir ba thréine dá raibh beó
D'fhág sinne is fir Éireann i n-éinfheacht fá thuile
dubhróin.



--



Ceist:



Cathair an Phápa bun os cionn
Ar na scríobhadh liom gan locht,
'S an litir is grian don dán
Ainm na mná do chráidh mo chorp.



--



A lucht chleachtas an phóit go mór is feóil Aoine
Is gach iomloid spóirt ó bhórd go leabadh aoibhinn,
Flaitheas na glóire má's dóith gur gealladh díbh-se
Mealladh go mór Órd na gCaipisíneach.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services