Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nua-Litridheacht.

Title
Nua-Litridheacht.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUA-LITRIDHEACHT.



--



A chara,-



Ní fheicim focal i nIRISLEABhAR na
Bealtaine ar an gceist seo. Is mór an
truagh san. Níl aon cheist níos oireamh-
naighe 'ná í chun a bheith curtha tré na chéile
i nIRISLEABHAR NA GAEDHILGE.



Ní thuigim-se i gceart cad tá i gceann
Ruadhraí na Ruacán. Is baoghlach gur fear
dall mise. Ní thuigim a leath-fhocal-san
féin. Iarracht eile, a Ruadhraí!



I dtaobh "Thomáis na dTuras," cuireann
sé i gcuimhne dham cailín beag a bhí 'sa bhaile
i n-aice linn-ne. Bhí na sean-phrátaí aca fós,
agus is dócha go raibh sean-bhlas ortha. Bhuail
sí isteach lá i dtigh comarsan. Bhíodar-san
ag ithe an aráin bhuidhe. "Ochón! mo léir-
ghoin," ars' an cailín, "for I'm choked
from Prétus." "Mhaise," arsa bean a'
tighe, "Is truagh gan an galar céadna ar
dhaoine eile." Nách mór an náire do dhuine
creideamhnach mar Thomás é thabhairt mar
asachán do Mhicheál Thaidhg gur thug sé
"clocha i n-ionad prátaidhe" do Stiabhna.
Níor dhein sé a leithéid, acht chaith sé isteach
i dtóin an chléibh dorn cloch mar dhúthracht
nuair ná raibh Stiabhna chomh maith le
n'fhocal. Agus cé thógfadh air é cleas
dh'imirt ar an lúbaire úd? Badh dhóigh le
duine agus an chainnt atá ag Tómas nár
ghoid sé riamh bosca cipíní ó n'athair ná ó
na shean-athair, ná goidfeadh é sean-stoca
ó na mháthair chun liathróide a dhéanamh, agus
nuair do bhíodh sé a' teacht ó'n sgoil le
cois



Sgoiláirthí na sgoile,
Gobadórithe na gorta,
Go n-íosfaidís na clocha
Dá bhféadfaidís iad a chogaint,



bheadh eagla nó náire air dul isteach tar
teórainn chún tornap nó caréad a sgiobadh
leis as pháirc an mhinistir. Mo chreach is
mo chrádh! níor mhar sin dúinn-ne, agus tá a
rian orainn indiu, foraoir! ní féidir linn
rud a sgrí' acht an rud a chuireann sgann-
radh ar chlainn "Tomáis na dTuras" agus
ceann-fé air fhéin.



Tá an ceart ar fad ag "Giolla Brighde
Ó Catháin," agus má is maith le héinne deimhn-
iughadh ar an sgéal so níl aige acht féach-
aint tríd na haistrighthe atá againn anois.
Níl ceann aca gan a bheag nó a mhór de
bhlás an Bhéarla air acht amháin "Searc-
Leanamhain Críost" agus leabhair an Athar
Peadar. Agus ca' na thaobh é sin? Mar
is i mBéarla do sníomh na smaointe ar
dtúis, agus ní fhéadfadh draoi na Múmhan
féinig casadh tuathail an Bhéarla do bhaint
as na corraidhe cainnte. An méid ais-
trighthe atá déanta ag an Athair Peadar ní
hó'n Bhéarla é acht ó theangthachaibh eile.



Is fiú duine in Éirinn go bhfuil an Ghaedh-
ilig aige chómh blasta bhríoghmhar agus tá sí
ag Méarthóg Guill, agus féach in aindeoin sin
is uile n'fhéadfadh sé "Beatha Aodha Uí
Néill" a chur le na chéile gan snas agus blas
an Bhéarla bheith anso agus ansúd ar a chuid
Gaedhilge.



S'nuachar maith dhuit-se, a Mháighréad Ní
Áilgheasa. Is maith a sás tú chun lín-éad-
aigh a dhéanamh. "Cleith" a bhíodh againn-ne
mar "shlat mhaide." "Ar bogadh" bhí
againn ar bhádhadh an lín; "ar maois" nó
"ar muíghís" atá aca sa chúige seo. Tag-
ann "bogging" i mBéarla ó "bogadh."
Níor chuala-sa riamh "ag portughadh." "A'
tarrac lín" atá againn i gCiarraidhe ar
"tlúgháil," acht níl aon amhras nách ó
"tlugháil" a thagann "cloving" i mBéarla.
Bhíodh "sgoth" mar ainim againn ar na
táithíní ceangailte le chéile. "Sliseog"


L. 813


atá ar tháithín i gCúige Uladh. "Hulls" atá
mar Bhéarla ar cholg; ní "tow" an colg in
ao' chor.



BEIRT FHEAR.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services